An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII. Trácht a Rialáil.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear.)

24 1961

AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1961

CUID IX.

Ilghnéitheach.

Píonós ginearálta.

102. —I gcás ina mbeidh duine ciontach i gcion faoi aon alt nó aon fho-alt d'alt atá san Acht seo agus, i leith ón alt seo agus ar neamhaird le haon dícháiliúchán is féidir a fhorchur, nach bhforáiltear aon phionós don chion, dlífear maidir leis an duine sin ar a chiontú go hachomair—

(a) i gcás an chéad chiona faoin alt nó faoin bhfo-alt sin— fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air,

(b) i gcás an dara cion faoin alt nó faoin bhfo-alt sin, nó i gcás an tríú cion nó cion ina dhiaidh sin den sórt sin seachas cion dá dtagraítear sa chéad mhír eile— fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air, agus

(c) i gcás an tríú cion nó cion ina dhiaidh sin faoin alt nó faoin bhfo-alt sin arb é an tríú cion nó cion ina dhiaidh sin é in aon tréimhse dhá mhí dhéag chomhleanúnacha—fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

Foráil speisialta ag a bhfuil feidhm i gcás ina líomhnaítear go ndearnadh cionta áirithe.

103. —(1) Baineann an t-alt seo le cibé cionta faoin Acht seo a ndearbhóidh an tAire le rialacháin gur cionta lena mbaineann an t-alt seo iad.

(2) I gcás go bhfaighidh comhalta den Gharda Síochána duine agus go mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil cion lena mbaineann an t-alt seo á dhéanamh nó déanta ag an duine sin, féadfaidh an comhalta fógra san fhoirm fhorordaithe a sheachadadh don duine sin á rá—

(a) go líomhnaítear go ndearna an duine sin an cion sin,

(b) go bhféadfaidh an duine sin, laistigh de thréimhse lá is fiche dar tosach dáta an fhógra, suim fhorordaithe a mbeidh an fógra ina teannta a íoc le comhalta den Gharda Síochána i stáisiún Garda Síochána sonraithe,

(c) nach dtionscnófar ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe i rith na tréimhse a shonrófar san fhógra ná ar aon chor má dhéantar an íocaíocht a shonrófar san fhógra i rith na tréimhse sin.

(3) I gcás ina bhfaighidh comhalta den Gharda Síochána feithicil inneallghluaiste agus go mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil cion lena mbaineann an t-alt seo agus úsáid feithicle i gceist ina dhéanamh á dhéanamh nó déanta, féadfaidh an comhalta fógra san fhoirm fhorordaithe a ghreamú den fheithicil á rá—

(a) go líomhnaítear go ndearnadh an cion sin,

(b) go bhféadfaidh duine a dhlífear a ionchúiseamh i leith an chiona, i rith tréimhse lá is fiche dar tosach lá an fhógra, suim fhorordaithe a mbeidh an fógra ina teannta a íoc le comhalta den Gharda Síochána i stáisiún Garda Síochána sonraithe,

(c) nach dtionscnófar ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe i rith na tréimhse a shonrófar san fhógra ná ar aon chor má dhéantar an íocaíocht a shonrófar san fhógra i rith na tréimhse sin.

(4) I gcás ina ndéanfar fógra a sheachadadh faoi fho-alt (2) nó a ghreamú faoi fho-alt (3) den alt seo—

(a) féadfaidh duine lena mbainfidh an fógra, i rith na tréimhse a shonrófar san fhógra, an íocaíocht a shonrófar san fhógra agus a mbeidh an fógra ina teannta a dhéanamh le comhalta den Gharda Síochána sa stáisiún Garda Síochána a shonrófar san fhógra,

(b) féadfaidh an comhalta an íocaíocht a ghlacadh, admháil uirthi a thabhairt uaidh, agus í a choinneáil chun go ndéanfar í a dhiúscairt de réir an Achta seo agus ní bheidh aon íocaíocht a ghlacfar amhlaidh inghnóthaithe in aon chúinse ag an duine a d'íoc í,

(c) ní thionscnófar ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe i rith na tréimhse a shonrófar san fhógra ná ar aon chor má dhéantar an íocaíocht a shonrófar san fhógra i rith na tréimhse sin.

(5) In ionchúiseamh i leith ciona lena mbainfidh an t-alt seo is é an cosantóir a dhlífidh a shuíomh go ndearnadh íocaíocht de bhun fógra faoin alt seo.

(6) Ní dhéanfaidh aon duine, ach duine lena mbainfidh an fógra, fógra a ghreamófar d'fheithicil faoi fho-alt (3) den alt seo a bhaint anuas ná ní bhainfidh le fógra den sórt sin.

(7) Aon duine a sháróidh fo-alt (6) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Fógra i dtaobh ciona.

104. —I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoi alt 47, 52 nó 53 den Acht seo, ní chiontófar sa chion é, mura rud é—

(a) gur tugadh rabhadh dó an t-am a líomhnaítear a rinneadh an cion, nó laistigh de cheithre huaire is fiche a chloig ina dhiaidh sin, go mbreithneofaí a ndéanfaí é a ionchúiseamh i leith ciona faoi cheann éigin de na hailt sin, nó

(b) go ndearnadh toghairm mar gheall ar an gcion a sheirbheáil air laistigh de cheithre lá dhéag ón tráth a rinneadh an cion, nó

(c) go ndearnadh, laistigh den cheithre lá dhéag sin fógra i scríbhinn ag insint an ama agus na háite a líomhnaítear a rinneadh an cion agus ag insint, go hachomair, an ghnímh nó na ngníomhartha a líomh naítear gurb é an cion é nó gurb iad an cion iad agus ag insint go bhfuiltear ar intinn é a ionchúiseamh ann a sheirbheáil air go pearsanta nó leis an bpost cláraithe nó (i gcás feithicil inneallghluaiste) ar úinéir cláraithe na feithicle ar maidir léi a líomhnaítear a rinneadh an cion:

Ar choinníoll—

(i) nach urchosc ar chiontú neamhchomhlíonadh an cheanglais seo i gcás inar deimhin leis an gcúirt—

(I) gur chuidigh an cúisí, trína iompar féin, le neamhchomhlíonadh an cheanglais seo, nó

(II) i gcás inar cion maidir le feithicil inneallghluaiste an cion a líomhnaítear a rinneadh, nárbh fhéidir, le dúracht réasúnach, ainm agus seoladh an chúisí nó ainm agus seoladh úinéir chláraithe na feithicle a fháil amach in am le toghairm a sheirbheáil nó fógra a sheirbheáil mar a dúradh, nó

(III) i gcás nach cion maidir le feithicil inneallghluaiste an cion a líomhnaítear a rinneadh, nárbh fhéidir, le dúracht réasúnach, ainm agus seoladh an chúisí a fháil amach in am le toghairm a sheirbheáil nó le fógra a chur amach mar a dúradh, agus

(ii) toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, gur comhlíonadh ceanglas an ailt seo.

Fianaise ar luas.

105. —I gcás inar cuid den chruthú go ndearnadh cion faoin alt seo cruthú ar an luas ar a raibh duine (cibé acu an cúisí nó duine eile) ag tiomáint—

(a) ní ghlacfar, mar chruthú ar an luas sin, le fianaise gan chomhthacaíocht ó fhinné amháin ag tabhairt a thuairime faoin luas sin,

(b) féadfar an dualgas chun an luas sin a chruthú prima facie a chomhlíonadh trí ionchoisc a chur i bhfianaise ar féidir an luas sin a bhaint mar thát astu agus a thug uaireadóir nó gléas leictreonach nó gléas eile, agus ní gá a chruthú go raibh an t-uaireadóir nó an gléas leictreonach nó an gléas eile cruinn nó in ordú maith oibre.

Dualgais nuair a tharlóidh tionóisc.

1920, c. 72.

106. —(1) I gcás ina ndéanfar díobháil don phearsa nó do mhaoin in áit phoiblí agus go mbeidh baint ag feithicil leis an díobháil tarlú (cibé acu gurbh é nó nárbh é úsáid na feithicle ba chúis leis an díobháil), beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) mura mbeidh an fheithicil ina stad tar éis an teagmhas sin tarlú, stopfaidh tiománaí na feithicle an fheithicil;

(b) coimeádfaidh an tiománaí nó duine eile a bheidh i bhfeighil na feithicle an fheithicil san áit nó in aice na háite inar tharla an teagmhas ar feadh tréimhse a bheidh réasúnach ag féachaint do chúinsí uile an cháis agus d'fhorálacha an ailt seo;

(c) déanfaidh tiománaí na feithicle nó, má mharaítear nó má éagumasaítear é, an duine a bheidh i bhfeighil na feithicle an uair sin an t-eolas iomchuí a thabhairt, ar é a éileamh air, do chomhalta den Gharda Síochána nó, mura mbeidh comhalta den sórt sin i láthair, do dhuine amháin ag a mbeidh teideal faoin alt seo an t-eolas sin a éileamh;

(d) mura mbeidh comhalta den Gharda Síochána i láthair nuair a tharlóidh an teagmhas agus—

(i) nach mbeidh aon duine ag a mbeidh teideal faoin alt seo an t-eolas a éileamh, nó

(ii) gur cás é a mbeidh sé réasúnta soiléir, maidir leis an aon duine amháin a mbeidh teideal aige faoin alt seo an t-eolas iomchuí a éileamh nó gach duine de na daoine ag a mbeidh an teideal sin, nach bhféadfaí súil le héileamh uaidh mar gheall ar dhíobháil, breoiteacht, aois nó míchumas eile,

déanfaidh tiománaí na feithicle nó, má mharaítear nó má éagumasaítear é, an duine a bheidh i bhfeighil na feithicle an uair sin tuairisc i dtaobh an teagmhais a thabhairt, a luaithe is féidir, do chomhalta den Gharda Síochána agus, más gá, rachaidh sé chun na críche sin go dtí an stáisiún Garda Síochána is gaire chaothúla agus tabharfaidh sé freisin an t-eolas iomchuí don chomhalta ar an gcomhalta á éileamh sin air.

(2) I gcás—

(a) ina mbeidh cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána chun a chreidiúint go ndearnadh díobháil don phearsa nó do mhaoin in áit phoiblí agus go raibh baint ag feithicil leis an díobháil tarlú (cibé acu gurbh é nó nárbh é úsáid na feithicle ba chúis leis an díobháil), agus

(b) nach mbeidh a fhios ag an gcomhalta cá bhfuil an fheithicil á coimeád,

féadfaidh an comhalta a cheangal ar úinéir na feithicle a chur in iúl don chomhalta cá bhfuil an fheithicil á coimeád agus déanfaidh an t-úinéir de réir an cheanglais sin.

(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair—

(a) i gcás ina ndéanfar díobháil don phearsa, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, agus

(b) in aon chás eile, fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(4) San alt seo ciallaíonn “eolas iomchuí” ainm agus seoladh an duine ar a gceanglaítear leis an alt seo an t-eolas sin a thabhairt, ainm agus seoladh úinéir na feithicle a mbeidh an duine sin á tiomáint nó ina feighil, marc aitheantais na feithicle sin faoin Roads Act, 1920, nó faoi aon achtachán eile, agus sonraí árachais nó ráthaíochta na feithicle de bhun an Achta seo.

(5) Is iad na daoine seo a leanas na daoine a bhfuil teideal acu faoin alt seo an t-eolas iomchuí a éileamh—

(a) i gcás díobháil do dhuine, an duine sin nó, má mharaítear nó má éagumasaítear an duine sin, aon duine amháin eile a bheidh i bhfeighil an duine a bheidh díobháilte amhlaidh mar gheall ar chóngas gaoil, gur seirbhíseach duine acu don duine eile nó mar gheall ar aon ní eile,

(b) i gcás díobháil do mhaoin, úinéir na maoine nó, má mharaítear nó má éagumasaítear úinéir na maoine nó mura mbeidh sé i láthair, aon duine amháin a bheidh i bhfeighil na maoine,

(c) i gcás nach mbeidh teideal ag duine ar bith faoi cibé mír acu sin roimhe seo a bhainfidh le hábhar, aon duine amháin a bhí i láthair nuair a rinneadh an díobháil agus nach é fostóir an duine ar a gceanglaítear an t-eolas a thabhairt é nó nach bhfuil ina fhostaíocht nó ina chuideachta.

(6) (a) I gcás—

(i) ina mbeidh cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána chun a chreidiúint gur tharla díobháil don phearsa nó do mhaoin in áit phoiblí agus go raibh baint ag feithicil leis an díobháil tarlú (cibé acu gurbh é nó nárbh é úsáid na feithicle ba chúis leis an díobháil), agus

(ii) go mbeidh cúis réasúnach ag an gcomhalta, de dhroim ráiteas a rinneadh de bhun fho-alt (2) den alt seo nó i slí eile, chun a chreidiúint go bhfuil an fheithicil á coimeád in aon áitreabh,

féadfaidh an comhalta, ar fhaisnéis faoi mhionn, barántas a iarraidh faoin bhfo-alt seo ar aon Bhreitheamh den Chúirt Dúiche nó ar aon Fheidhmeannach Síochána.

(b) Ar iarratas a bheith déanta faoin mír sin roimhe seo, féadfaidh an Breitheamh den Chúirt Dúiche nó an Feidhmeannach Síochána chun a ndéanfar an t-iarratas, más iomchuí leis, le barántas—

(i) a údarú d'aon chomhalta nó comhaltaí sonraithe den Gharda Síochána dul isteach san áitreabh lena mbainfidh an t-iarratas, agus neart a úsáid chuige sin más gá, laistigh de sheachtain amháin ó dháta an bharántais, agus

(ii) a údarú d'aon duine nó daoine a rachaidh isteach san áitreabh faoin mbarántas an t-áitreabh a chuardach agus scrúdú a dhéanamh, agus seilbh a ghlacadh chun críocha scrúdaithe, ar aon fheithicil a gheofar le linn an chuardaigh,

agus oibreoidh aon bharántas den sórt sin de réir a théarmaí.

Dualgas eolas a thabhairt ar chomhalta den Gharda Síochána á éileamh.

1920, c. 72.

107. —(1) I gcás ina líomhnóidh comhalta den Gharda Síochána le duine a bheidh ag úsáid feithicle inneallghluaiste go bhfuil an comhalta in amhras go ndearna an duine sin cion sonraithe faoin Acht seo, féadfaidh an comhalta a ainm agus a sheoladh a éileamh ar an duine sin agus féadfaidh sé, má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine sin a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó má thugann sé ainm nó seoladh a mbeidh cúis réasúnach ag an gcomhalta a chreidiúint é a bheith bréagach nó míthreorach, an duine sin a ghabháil gan barántas.

(2) I gcás ina mbeidh cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána chun a chreidiúint go ndearnadh cion faoin Acht seo agus nach bhfuil a marc aitheantais faoin Roads Act, 1920, nó faoi aon achtachán eile ar an bhfeithicil ar maidir léi a rinneadh an cion, féadfaidh an comhalta an duine a ghabháil gan barántas a mbeidh cúis réasúnach aige a chreidiúint go raibh sé ag úsáid na feithicle an uair a chreidfear amhlaidh a rinneadh an cion.

(3) Más rud é, nuair a éileofar a ainm agus a sheoladh ar dhuine faoin alt seo, go ndiúltóidh nó go mainneoidh sé a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó go dtabharfaidh sé ainm nó seoladh a bheidh bréagach nó míthreorach, beidh an duine sin ciontach i gcion.

(4) I gcás ina mbeidh cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána chun a chreidiúint gur tharla cion faoin Acht seo lenar bhain úsáid feithicle inneallghluaiste—

(a) inseoidh úinéir na feithicle, má cheanglaíonn an comhalta air é, cé acu a bhí nó nach raibh sé ag úsáid na feithicle iarbhír an tráth ábhartha agus, má mhainníonn sé sin a insint, beidh sé ciontach i gcion,

(b) má insíonn úinéir na feithicle nach raibh sé féin ag úsáid na feithicle iarbhír an tráth ábhartha, tabharfaidh sé cibé eolas uaidh a cheanglóidh an comhalta air a thabhairt i dtaobh cérbh é an duine a bhí á húsáid iarbhír san am sin agus, má mhainníonn sé sin a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion, mura suífidh sé chun sástachta na cúirte nach raibh a fhios aige agus nach bhféadfadh sé, le dúracht réasúnach, a fháil amach cérbh é an duine sin,

(c) tabharfaidh aon duine, seachas úinéir na feithicle, má cheanglaíonn an comhalta air é, aon eolas a bheidh ar a chumas a thabhairt agus a chuideoidh chun an duine a bhí ag úsáid na feithicle an tráth ábhartha a aithint agus, má mhainníonn sé sin a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion.

(5) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

Ceart chun ainm agus seoladh rothaí cos a éileamh.

108. —Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a éileamh ar dhuine a bheidh i bhfeighil rothar cos agus a mbeidh an comhalta in amhras go ndearna sé aon choir nó cion nó go raibh baint nó páirt aige le hiombualadh nó teagmhas eile in áit phoiblí dá dtáinig díobháil don phearsa nó do mhaoin a ainm agus a sheoladh a thabhairt agus, má dhiúltaíonn nó má mhainníonn duine den sórt sin a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó má thugann sé ainm nó seoladh a mbeidh cúis réasúnach ag an gcomhalta chun a chreidiúint é a bheith bréagach nó míthreorach, féadfaidh an comhalta an rothar a thógáil, le neart más gá, agus é a choimeád go dtí gur deimhin leis cé hé an duine sin.

É bheith d'oibleagáid stad.

109. —(1) Stadfaidh duine a bheidh ag tiomáint feithicle in áit phoiblí an fheithicil ar chomhalta den Gharda Síochána á cheangal sin air.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Feithicil a lonnú ar an duine a bheidh ina feighil a ghabháil.

110. —I gcás ina ndéanfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a bheidh i bhfeighil feithicle inneallghluaiste a ghabháil faoin Acht seo gan barántas, féadfaidh an comhalta, más gá sin, cibé nithe a dhéanamh is dóigh leis is cuí chun an fheithicil a lonnú go sealadach.

Comhalta den Gharda Síochána a aithint.

111. —I gcás ina ndéanfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána i bhfeidhmiú aon chumhachta nó i gcomhlíonadh aon dualgais a bhronntar nó a fhorchuirtear air leis an Acht seo nó faoi aon ní a iarraidh, a cheangal nó a éileamh ar aon duine nó a ordú dó, in áit phoiblí, ní bheidh de cheangal ar an duine déanamh de réir an iarraidh, an cheanglais, an éilimh nó an ordaithe—

(a) mura mbeidh an comhalta in éide, nó

(b) mura ndéanfaidh an comhalta cárta aitheantais oifigiúil nó cibé fianaise eile aitheantais a bheidh forordaithe a thabhairt ar aird má iarrann an duine sin é.

Duine do thabhairt feithicil leis gan údarás.

112. —(1) Ní úsáidfidh aon duine feithicil inneallghluaiste, ná ní ghlacfaidh aon duine seilbh ar fheithicil inneallghluaiste, gan toiliú a húinéara nó údarás dleathach eile.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(3) Ní úsáidfidh aon duine rothar cos, ná ní ghlacfaidh aon duine seilbh ar rothar cos, gan toiliú a úinéara nó údarás dleathach eile.

(4) Aon duine a sháróidh fo-alt (3) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(5) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh dó a shuíomh gur chreid sé, agus go raibh cúis réasúnach aige chun a creidiúint, nuair a rinne sé an gníomh a líomhnaítear gurb é an cion é, go raibh údarás dleathach aige chun an gníomh sin a dhéanamh.

(6) I gcás ina mbeidh cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána chun a chreidiúint go bhfuil cion faoin Acht seo á dhéanamh ag duine, féadfaidh sé an duine a ghabháil gan barántas.

(7) Más rud é, nuair a bheidh duine á thriail ar dhíotáil nó go hachomair i ngoid feithicle, gurb é tuairim an ghiúire, nó, i gcás trialach achoimre, tuairim na Cúirte Dúiche, nach raibh sé ciontach i ngoid na feithicle ach go raibh sé ciontach i gcion faoin alt seo maidir leis an bhfeithicil, féadfaidh an giúiré nó an chúirt é a chinneadh go bhfuil sé ciontach sa chion sin agus féadfar pianbhreith a chur air dá réir sin.

Cur isteach neamhúdaraithe ar mheicníocht feithicle.

113. —(1) Ní bhainfidh aon duine ná ní thabharfaidh iarracht ar bhaint le meicníocht feithicle inneallghluaiste agus í ina stad in áit phoiblí ná ní thabharfaidh iarracht ar dhul san fheithicil ná uirthi agus í ina stad amhlaidh, gan údarás dleathach nó cúis réasúnach.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) I gcás ina mbeidh cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána chun a chreidiúint go bhfuil cion faoin Acht seo á dhéanamh ag duine, féadfaidh sé an duine a ghabháil gan barántas.

(4) Ní bhainfidh an t-alt seo le duine a dhéanfaidh, maidir le feithicil inneallghluaiste a bheidh ina bac ar é do dhul go dleathach isteach in aon áit nó amach as, cibé beart is gá de réir réasúin chun an fheithicil a aistriú le neart coirp chun deireadh a chur leis an mbac.

(5) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin alt seo is cosaint mhaith ar an gcúiseamh dó a shuíomh gur chreid sé, agus go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, nuair a rinne sé an gníomh a líomhnaítear gurb é an cion é, go raibh údarás dleathach aige chun an gníomh sin a dhéanamh.

Teorainn le tréimhsí tiomána leanúnaí.

114. —(1) Is tréimhse rófhada chun críocha an ailt seo gach ceann de na tréimhsí tiomána nó de na sraitheanna de tréimhsí tiomána seo a leanas:

(a) aon tréimhse leanúnach tiomána is faide ná cúig uaire go leith a chloig;

(b) aon sraith de thréimhsí leanúnacha tiomána is faide le chéile ná aon uair déag a chloig in aon tréimhse de cheithre huaire is fiche a chloig a thosóidh dhá uair a chloig tar éis meán oíche;

(c) aon tréimhse tiomána nó sraith de thréimhsí tiomána a bheidh socraithe i slí nach mbeidh deich n-uaire a chloig leanúnacha ag an tiománaí chun scíthe gach tréimhse cheithre huaire is fiche a chloig dar tosach tús aon tréimhse tiomána.

(2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo—

(a) má bhíonn naoi n-uaire a chloig leanúnacha ar a laghad ag tiománaí chun scíthe i dtréimhse cheithre huaire is fiche a chloig dar tosach tús tréimhse tiomána, áireofar an tréimhse naoi n-uaire a chloig leanúnacha ar a laghad mar thréimhse deich n-uaire a chloig leanúnacha má bhíonn dhá uair déag a chloig leanúnacha ar a laghad ag an tiománaí chun scíthe sna ceithre huaire is fiche a chloig díreach tar éis deireadh bheith leis an tréimhse cheithre huaire is fiche a chloig a luaitear thuas;

(b) measfar gur aon tréimhse leanúnach amháin aon dá thréimhse leanúnacha tiomána mura mbeidh eatramh leathuaire a chloig ar a laghad eatarthu a bhféadfaidh an tiománaí scíth agus úrúchán a ghlacadh;

(c) déanfar aon am a chaithfidh tiománaí feithicle ag obair (seachas tiomáint) maidir leis an bhfeithicil nó leis an ualach a bheidh á iompar uirthi agus fós, i gcás feithicil seirbhíse poiblí, aon am a chaithfidh sé in aon fheidhmeannas (seachas mar thiománaí nó mar phaisinéir) ar an bhfeithicil ar turas di mar am a caitheadh ag tiomáint;

(d) i gcás feithicil a bheidh á húsáid le haghaidh nó i gcúrsa aon oibríochta talmhaíochta nó foraoiseachta, ní dhéanfar am a chaithfear ag tiomáint na feithicle sin nó ag obair uirthi nó i ndáil léi an fhad nach mbeidh sí ar bhóthar poiblí a áireamh mar am a caitheadh ag tiomáint.

(3) Ní thiomáinfidh duine, ná ní chuirfidh faoi deara ná ní cheadóidh go dtiomáinfidh duine ar bith a bheidh ar fostú aige nó faoina orduithe, ar feadh tréimhse rófhada feithicil inneallghluaiste is feithicil mhór seirbhíse poiblí nó a bheidh ceaptha nó oiriúnaithe d'aontoisc chun feithicil eile a tharraingt nó a bheidh feiste le cabhail a bheidh ceaptha nó oiriúnaithe d'aontoisc chun earraí a iompar, nó dhá fheithicil nó níos mó den sórt sin i ndiaidh a chéile.

(4) (a) Féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála rialacháin a dhéanamh chun go mbeidh éifeacht ag an alt seo.

(b) Féadfar go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht na méide sin roimhe seo, foráil a chur maidir le gach ábhar nó aon ábhar acu seo a leanas i rialacháin faoin bhfo-alt seo:

(i) taifid a choimeád i leith daoine a bheidh ag tiomáint feithiclí lena mbaineann an t-alt seo;

(ii) foirm na dtaifead;

(iii) na daoine a choimeádfaidh na taifid;

(iv) na taifid a thabhairt ar aird do chomhaltaí den Gharda Síochána agus d'oifigigh shonraithe don Aire Tionscail agus Tráchtála;

(v) fógraí sonraithe a thaispeáint i bhfeithiclí lena mbaineann an t-alt seo.

(5) I gcás ina sáróidh duine fo-alt (3) den alt seo nó rialachán faoi fho-alt (4) den alt seo a ndéarfar gur pianrialachán é beidh sé ciontach i gcion.

(6) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin alt seo arb é a bheidh ann tiomáint, nó a chur faoi deara nó a cheadú tiomáint, ar feadh tréimhse rófhada, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh dó a shuíomh gur mhoill do bhaint leis an turas a chríochnú ba chúis leis an ngníomh a líomhnaítear gurb é an cion é agus gur mhoill dhosheachanta í agus gur chúinsí nach bhféadfaidh sé de réir réasúin coinne a bheith aige leo ba chúis léi.

(7) (a) Féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála le rialacháin aon tréimhse rófhada a athrú nó a fhionraí in aon slí.

(b) Ní dhéanfar rialacháin faoin bhfo-alt seo ach amháin—

(i) i gcás inar deimhin leis an Aire Tionscail agus Tráchtála go bhfuil comhlachtaí atá ionadaitheach do na fostóirí agus do na fostaithe i bhfabhar an athraithe a dhéanfaidh na rialacháin, agus

(ii) tar éis don Aire sin dul i gcomhairle leis an Aire.

(c) Féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh faoin bhfo-alt seo—

(i) i leith aicmí éagsúla feithiclí,

(ii) le haghaidh cúinsí éagsúla.

(8) D'ainneoin aon ní contrártha dó in aon alt eile den Acht seo, ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le feithiclí, ná i leith feithiclí, ar leis an Stát iad agus a bheidh á n-úsáid chun críocha míleata nó poilíneachta ná maidir le daoine, ná i leith daoine, i seirbhís phoiblí an Stáit ag tiomáint feithiclí ar leis an Stát iad agus a bheidh á n-úsáid amhlaidh.

Pionós mar gheall ar dhearbhú bréagach a dhéanamh, etc.

1851, c. 93.

115. —(1) I gcás ina mbeidh de cheanglas ar dhuine faoin Acht seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi sonraí a thabhairt i ndáil le hiarratas ar cheadúnas nó deimhniú a dheonú nó a eisiúint nó i slí eile i ndáil le ceadúnas, deimhniú nó feithicil, ní thabharfaidh sé, de bhun an cheanglais, aon sonraí is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) I gcás ina ndéanfar, in ionchúiseamh i leith ciona faoi fho-alt (2) den alt seo i leith sonraí i ndáil le hiarratas ar cheadúnas nó deimhniú a dheonú nó a eisiúint, a chruthú go ndearnadh an deonú nó an eisiúint sin agus gur iarradh an céanna, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, gurb é an duine dár deonaíodh nó chun ar eisíodh an ceadúnas nó an deimhniú a rinne an t-iarratas.

(4) Ní dhéanfaidh duine aon cheadúnas, pláta, suaitheantas ná deimhniú a eisíodh faoin Acht seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi a bhrionnú ná a athrú ná a úsáid go calaoiseach ná a thabhairt ar iasacht go calaoiseach d'aon duine eile ná a cheadú d'aon duine eile é a úsáid.

(5) Aon duine a sháróidh fo-alt (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(6) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó ar fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(7) D'ainneoin fo-alt (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (2) den alt seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chiona.

Dliteanas an Aire Airgeadais maidir le feithicil inneallghluaiste a úsáid go faillíoch.

1956, Uimh. 3 .

116. —(1) Má tharlaíonn díobháil don phearsa nó do mhaoin—

(a) trí fheithicil inneallghluaiste leis an Stát a úsáid go faillíoch, nó

(b) trí fheithicil inneallghluaiste nach leis an Stát a úsáid go faillíoch i gcás—

(i) an fheithicil a bheith á húsáid agus í faoi ghabháil ag duine i seirbhís an Stáit i gcúrsa a dhualgais, nó

(ii) an fheithicil a bheith á húsáid ag comhalta den Gharda Síochána nó ag oifigeach d'aon Aire chun an fheithicil a thástáil, a aistriú nó a lonnú de bhun an Achta seo nó aon rialacháin faoi,

beidh feidhm ag fo-alt (2) nó ag fo-alt (3) (cibé acu is iomchuí) den alt seo.

(2) I gcás inar díobháil don phearsa is cúis bháis an díobháil, dlífear caingean i leith damáistí faoin Acht Díobhála Marfacha, 1956 , ar mhaithe le cleithiúnaithe (de réir bhrí an Achta sin) an éagaigh, a thionscnamh i gcoinne an Aire Airgeadais.

(3) I gcás nach díobháil don phearsa is cúis bháis an díobháil, beidh an tAire Airgeadais faoi dhliteanas sibhialta damáistí a íoc i leith na díobhála.

(4) D'ainneoin aon ní atá in aon achtachán eile, féadfar imeachtaí a thionscnamh i gcoinne an Aire Airgeadais de bhua an ailt seo gan fiat an Ard-Aighne a fháil.

(5) In imeachtaí a thionscnófar i gcoinne an Aire Airgeadais de bhua an ailt seo, ní bheidh comhfhostaíocht inúsáidte ag an Aire sin mar chosaint, ach, cé is moite den eisceacht sin, beidh gach pléadáil i gcosaint ab inúsáidte ag máistir faoi agairt le haghaidh damáistí mar gheall ar fhaillí a sheirbhísigh (lena n-áirítear faillí rannpháirteach mar phléadáil agus freisin pléadáil sa chéill nach i gcúrsa a fhostaíochta a bhí an duine ag gníomhú ar mar gheall ar a fhaillí a bheifear ag éileamh na ndamáistí) inúsáidte ag an Aire Airgeadais agus, má chruthaítear é, is cosaint mhaith é an oiread is dá mb'é an tAire sin máistir an duine sin iarbhír.

(6) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun aon duine a shaoradh ó dhliteanas mar gheall ar dhíobháil don phearsa nó do mhaoin arbh í a fhaillí féin ba chúis leis.

Leathnú ar an dliteanas pearsanta mar gheall ar fheithicil inneallghluaiste a úsáid go faillíoch.

117. —(1) An dliteanas a bheidh ar dhuine ar bith mar gheall ar dhíobháil don phearsa nó do mhaoin (seachas díobháil don phearsa is cúis bháis) a tharlóidh de dheasca feithicil inneallghluaiste a úsáid go faillíoch ní leis féin amháin a bhainfidh sí ná ní fhoirceannfaidh a bhás í ach leanfaidh sí uirthi tar éis a bháis agus beidh sí ina dliteanas ar a eastát réadach agus pearsanta sa tslí chéanna agus an tosaíocht chéanna aici mar a bhíonn i gcás féich nó eile dliteanais eile faoi chonradh simplí, agus féadfar imeachtaí a thionscnamh i gcoinne a ionadaí phearsanta ina leith.

(2) Ní rachaidh imeachtaí a thionscnófar i gcoinne aon duine ag lorg damáistí mar gheall ar dhíobháil don phearsa nó do mhaoin (seachas díobháil don phearsa is cúis bháis) a tháinig d'fheithicil inneallghluaiste a úsáid go faillíoch i laghad ar é d'fháil bháis ach féadfar leanúint díobh i gcoinne a ionadaí phearsanta.

Dliteanas maidir le duine d'úsáid feithicle inneallghluaiste gan toiliú an úinéara.

118. —I gcás ina n-úsáidfidh duine (dá ngairtear an t-úsáidire san alt seo) feithicil inneallghluaiste le toiliú úinéir na feithicle, ansin, chun dliteanas nó neamhdhliteanas an úinéara maidir le díobháil mar gheall ar an úsáidire d'úsáid na feithicle go faillíoch, agus chun dliteanas nó neamhdhliteanas aon duine eile maidir le díobháil don fheithicil nó do dhaoine nó do mhaoin inti mar gheall ar fhaillí tarlú le linn an fheithicil a bheith á húsáid ag an úsáidire, a chinneadh, measfar é d'úsáid na feithicle mar sheirbhíseach don úinéir, ach sin amháin a mhéid a ghníomhóidh an t-úsáidire de réir téarmaí an toilithe sin.

Cúiteamh le hospidéil.

1947, Uimh. 28 .

119. (1) I gcás—

(a) díobháil a dhéanamh do dhuine (dá ngairtear an duine díobháilte san alt seo) mar gheall ar fheithicil inneallghluaiste a úsáid go faillíoch in áit phoiblí,

(b) gur fulaingíodh an díobháil i gcúinsí a fhágann go bhfuil teideal ag an duine díobháilte, nó (má fuair sé bás) go raibh teideal aige an uair a mhair sé, chun damáistí a ghnóthú i leith na díobhála ó dhuine éigin eile,

(c) go bhfuair an duine díobháilte cóireáil in ospidéal (seachas foras sláinte de réir bhrí an Achta Sláinte, 1947 ) i ndáil leis an díobháil,

íocfaidh an duine eile sin le comhlacht ceannais an ospidéil méid (faoi réir na dteorainneacha forordaithe) chostas na cóireála agus aon choinneála a rinneadh ar an duine díobháilte san ospidéal, lúide aon suimeanna a bheidh íoctha leo ag an duine díobháilte nó thar a cheann i leith na cóireála nó na coinneála sin.

(2) Aon suim a bheidh le híoc de bhun an ailt seo, féadfar, mura n-íocfar í, í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(3) I gcás ina bhfaighidh nó ina ngnóthóidh comhlacht ceannais aon suim a bheidh le híoc faoin alt seo, ní bheidh teideal acu chun aon airgead a fháil ná a ghnóthú ón duine díobháilte maidir lena dhíobháil seachas aon suimeanna a bheidh íoctha ag an duine díobháilte nó thar a cheann agus a mbeifear tar éis iad a áireamh le linn méid na suime céadluaite sin a bheith á chinneadh.

(4) Chun críocha Chuid VI den Acht seo agus aon pholasaí árachais formheasta nó ráthaíochta formheasta, measfar gur dliteanas chun damáistí a íoc mar gheall ar dhíobháil do dhuine de dhroim an fheithicil inneallghluaiste a bheidh i gceist a úsáid go faillíoch dliteanas duine chun íocaíocht a dhéanamh faoin alt seo.

(5) San alt seo, ciallaíonn “comhlacht ceannais”, maidir le hospidéal, an duine nó na daoine, corpraithe nó neamhchorpraithe, ag a bhfuil teideal agairt a dhéanamh agus is inagartha i leith an ospidéil mar dhílseánach nó mar bhainisteoir an ospidéil nó i slí eile.

Cur le sábháltacht ar bhóithre.

120. —(1) Féadfaidh comhairle contae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile, comhairle ceantair uirbigh nó coimisinéirí baile dul faoi chaiteachas chun trácht ar bhóithre a dhéanamh níos sábháilte, agus féadfaidh íocaíochtaí chun na críche sin a dhéanfar le haon údarás eile nó duine eile a bheith ar an gcaiteachas.

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontais a thabhairt as an Ród-Chirste—

(a) faoi chomhair caiteachais aon chomhlachais nó comhlachta, i gcás inar ceann de phríomh-chuspóirí an chomhlachais nó an chomhlachta cur le sabháltacht ar bhóithre, agus

(b) faoi chomhair caiteachais aon chomhairle, bardais nó coimisinéirí faoi fho-alt (1) den alt seo.

Cóiriocht do phaisinéirí i bhfeithiclí inneallghluaiste a ríomh.

121. —Féadfaidh an tAire le rialacháin an modh a fhorordú ina ríomhfar chun críocha an Achta seo an chóiríocht do phaisinéirí i bhfeithiclí inneallghluaiste nó in aon aicme feithiclí den sórt sin agus féadfaidh na rialacháin sin idirdhealú a dhéanamh idir cóiríocht suite do phaisinéirí agus cóiríocht seasaimh do phaisinéirí.

Peitriliam a choimeád agus a úsáid.

122. —(1) Beidh coimeád agus úsáid pheitriliaim nó aon leachta nó breosla solasta eile le haghaidh feithiclí inneallghluaiste leis an duine a bheidh ag coimeád an leachta nó an bhreosla faoi réir rialacháin a dhéanfaidh an tAire, agus beidh éifeacht ag rialacháin a dhéanfar amhlaidh d'ainneoin aon ní atá sna Petroleum Acts, 1871 to 1881.

(2) Aon duine a sháróidh rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Cumhachtaí méadaithe chun rialacháin a dhéanamh maidir le hiarratas ar cheadúnas faoin Acht Airgeadais (Dleachta Máil), (Feithiclí), 1952.

1920, c. 72.

1952, Uimh. 24 .

123. —Folóidh an chumhacht chun rialacháin a dhéanamh a thugtar le halt 12 den Roads Act, 1920—

(a) cumhacht chun rialacháin a dhéanamh á cheangal ar dhuine a bheidh ag iarraidh ceadúnais faoi alt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , i leith feithicle inneallghluaiste—

(i) cibé dearbhú a dhéanamh agus cibé fianaise a thabhairt ar aird is gá chun a shuíomh cé acu is feithicil inneallghluaiste lena mbaineann Cuid VI de Acht seo nó nach ea an fheithicil,

(ii) i gcás inar feithicil den sórt sin í, fianaise nó fianaise shonraithe a thabhairt ar aird á shuíomh gur duine eiscthe é nó, nuair a thiocfaidh an ceadúnas i ngníomh, go mbeidh polasaí árachais formheasta nó ráthaíocht formheasta i bhfeidhm ag cumhdach úsáid na feithicle aige féin nó ag daoine eile lena thoiliú,

(b) cumhacht chun rialacháin a dhéanamh á cheangal ar dhuine a bheidh ag iarraidh ceadúnais faoin alt sin 1 i leith feithicle inneallghluaiste—

(i) cibé dearbhú a dhéanamh agus cibé fianaise a thabhairt ar aird is gá chun a shuíomh cé acu is feithicil inneallghluaiste lena mbaineann alt 18 den Acht seo nó nach ea an fheithicil,

(ii) i gcás inar feithicil den sórt sin í, deimhniú tástála a thabhairt ar aird a bheidh i bhfeidhm i leith na feithicle nuair a thiocfaidh an ceadúnas i ngníomh.

Srian le halt 23 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 .

1951, Uimh. 2 .

124. —Ní fhéadfar dícháilíocht faoin Acht seo chun ceadúnas tiomána a shealbhú a loghadh faoi alt 23 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 .

Cosaint maidir le díotáil mar gheall ar núis.

125. —Ní údaróidh aon ní san Acht seo d'aon duine feithicil a úsáid in áit phoiblí a bheidh deartha nó a úsáidfear i slí a dhéanfaidh núis phoiblí nó phríobháideach, agus aon duine a úsáidfidh an fheithicil sin amhlaidh dlífear, d'ainneoin aon ní atá san Acht seo, é a dhíotáil nó caingean a bhunú ina choinne de réir mar a bheidh, mar gheall ar an úsáid sin, nuair a d'fhéadfaí, mura mbeadh gur ritheadh an tAcht aisghairthe agus an tAcht seo, an díotáil nó an caingean sin a chothú.

Cosaint do chumhacht ghinearálta an Choimisinéara.

126. —Ní dhocharóidh ná ní laghdóidh aon ní san Acht seo cumhacht ghinearálta agus dualgas ginearálta an Choimisinéara agus chomhaltaí eile an Gharda Síochána ord a choimeád in áiteanna poiblí agus an trácht sna háiteanna sin a rialáil agus a rialú.

Modhnú ar an Motor Car (International Circulation) Act, 1909.

1909, c. 37.

1903, c. 36.

127. —Beidh éifeacht ag an méid sin den Motor Car (International Circulation) Act, 1909, a bhaineann le tiománaithe a cheadúnú ionann agus dá gcuirfí tagairtí do Chuid III den Acht seo in ionad na dtagairtí atá ann don Motor Car Act, 1903.