|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Ceadúnais Tiomána.) |
AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1961
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Forálacha Ginearálta maidir le Feithiclí. | |
[EN] |
Rialacháin maidir le feithiclí a úsáid in áiteanna poiblí. |
11. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le feithiclí a úsáid in áiteanna poiblí. |
[EN] | (2) Féadfar, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, foráil a chur i rialacháin faoin Acht seo i dtaobh gach ábhair nó aon ábhair acu seo a leanas: | |
[EN] | (a) déanamh feithiclí; | |
[EN] | (b) trealamh feithiclí; | |
[EN] | (c) úsáid agus mí-úsáid feithiclí agus trealaimh feithiclí; | |
[EN] | (d) na coinníollacha faoina bhféadfar feithiclí agus trealamh feithiclí a úsáid; | |
[EN] | (e) dualgais tiománaithe feithiclí agus paisnéirí i bhfeithiclí; | |
[EN] | (f) trealamh na dtiománaithe agus na bpaisnéirí sin; | |
[EN] | (g) callairí (lena n-áirítear aon trealamh nó goiris a úsáidtear i ndáil leo) a úsáid i bhfeithiclí nó orthu; | |
[EN] | (h) sonraí a dhaingneofar d'fheithiclí nó a phéinteálfar orthu. | |
[EN] | (3) Féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh faoin alt seo— | |
[EN] | (a) i dtaobh aicmí éagsúla feithiclí, | |
[EN] | (b) le haghaidh cúinsí éagsúla agus limistéir éagsúla. | |
[EN] | (4) Ní úsáidfidh aon duine in áit phoiblí feithicil nach mbeidh de réir rialacháin faoin alt seo a mbeidh feidhm aige maidir leis an bhfeithicil. | |
[EN] | (5) (a) Aon duine a sháróidh fo-alt (4) den alt seo nó rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus, nuair is ar an bhfo-alt sin (4) a dhéanfar an sárú agus nach é an duine sin úinéir na feithicle, beidh an t-úinéir sin freisin, i cibé cásanna a fhorórdófar, ciontach i gcion. | |
[EN] | (b) I gcás nach é an duine a sháróidh fo-alt (4) den alt seo úinéir na feithicle agus go gcúiseófar úinéir na feithicle i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh don úinéir sin a shuíomh gur gan údarás a úsáideadh an fheithicil ar an ócáid sin. | |
[EN] | (6) San alt seo folaíonn “trealamh feithicle” an trealamh, na goiris agus na huirlisí go léir a bheidh feistithe ar fheithicil nó ar iompar uirthi, agus, gan dochar do ghinearáltacht na méide sin roimhe seo, soilse, frithchaiteoirí agus gléasra tarraingte. | |
[EN] |
Meáchain uasta. |
12. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun aon críche nó gach críche acu seo a leanas: |
[EN] | (a) meáchan neamhualaithe uasta feithiclí inneallghluaiste, meáchan neamhualaithe uasta feithiclí a bheidh á dtarraingt acu sin agus meáchan neamhualaithe uasta cónasc feithiclí a shonrú; | |
[EN] | (b) meáchan ualaithe uasta feithiclí inneallghluaiste, meáchan ualaithe uasta feithiclí a bheidh á dtarraingt acu sin agus meáchan ualaithe uasta cónasc feithiclí a shonrú; | |
[EN] | (c) an meáchan uasta a shonrú a dhéanfaidh aon chuid d'fheithicil inneallghluaiste nó d'fheithicil a bheidh á tarraingt aici a tharchur chun na talún nó chun aon achair shonraithe den talamh; | |
[EN] | (d) an tslí a shonrú ina ndéanfar agus na coinníollacha a shonrú faoina ndéanfar aon mheáchain áirithe (seachas meáchain neamhualaithe) a fhorordófar leis na rialacháin a chinneadh. | |
[EN] | (2) Féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh faoin alt seo— | |
[EN] | (a) i dtaobh aicmí éagsúla d'fheithiclí nó de chónaisc feithiclí, | |
[EN] | (b) le haghaidh cúinsí éagsúla. | |
[EN] | (3) Ní úsáidfidh duine ar bith ar bhóthar poiblí— | |
[EN] | (a) feithicil nó cónasc feithiclí ar mó a meáchan nó a mheáchan neamhualaithe ná an meáchan uasta a bheidh sonraithe le rialachán faoin alt seo agus ag a mbeidh feidhm maidir leis an bhfeithicil nó leis an gcónasc, | |
[EN] | (b) feithicil ualaithe nó cónasc feithiclí ualaithe ar mó a meáchan nó a mheáchan mar a bheidh sí nó sé ualaithe an tráth sin ná an meáchan ualaithe uasta a bheidh sonraithe le rialachán faoin alt seo agus ag a mbeidh feidhm maidir leis an bhfeithicil nó leis an gcónasc, ná | |
[EN] | (c) feithicil a dtarchuireann aon chuid di chun na talún meáchan is mó ná an meáchan uasta a bheidh sonraithe i leith an tarchurtha sin le rialachán faoin alt seo ag a mbeidh feidhm maidir leis an bhfeithicil. | |
[EN] | (4) Má sháraíonn duine fo-alt (3) den alt seo beidh sé féin agus, murab é féin úinéir na feithicle nó an chónaisc feithiclí, an t-úinéir sin, iad araon, ciontach i gcion. | |
[EN] | (5) I gcás inarb é an duine a chúiseofar i gcion faoin alt seo úinéir na feithicle nó an chónaisc feithiclí, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh dó a shuíomh gur duine eile a bhí ag úsáid na feithicle nó an chónaisc ar an ócáid sin agus nár údaraíodh an úsáid sin. | |
[EN] |
Ceadanna speisialta d'fheithiclí áirithe. |
13. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas: |
[EN] | (a) ceadanna speisialta a eisiúint á údarú feithiclí áirithe nó cónaisc áirithe feithiclí a sháraíonn rialachán amháin nó níos mó faoi alt 11 nó 12 den Acht seo a úsáid d'ainneoin an tsáraithe sin; | |
[EN] | (b) na teorainneacha, na sriantachtaí agus na coinníollacha a shonrú a bheidh le cur, nó a fhéadfar a chur, sna ceadanna speisialta, lena n-áirítear coinníollacha maidir le cúiteamh, nó maidir lena urrú trí éarlais go n-íocfar cúiteamh, i ndamáiste do bhóithre poiblí de bharr na feithiclí nó na cónaisc feithiclí lena mbainfidh na ceadanna speisialta á n-úsáid; | |
[EN] | (c) na daoine a shonrú a fhéadfaidh na ceadanna speisialta a eisiúint; | |
[EN] | (d) an tslí a shonrú ina ndéanfar iarratais ar cheadanna speisialta. | |
[EN] | (2) D'ainneoin aon ní atá sa Chuid seo den Acht seo, ní cion faoi alt 11 nó 12 (de réir mar a bheidh) den Acht seo feithicil nó cónasc feithiclí a úsáid ar gach slí faoi réim agus de réir cheada speisialta arna eisiúint i leith na feichicle nó an chónaisc faoi rialacháin faoin alt seo. | |
[EN] |
Meáchan neamhualaithe. |
14. —(1) Chun críocha an Achta seo, measfar gurb é meáchan neamhualaithe feithicle nó cónaisc feithiclí meáchan na feithicle nó an chónaisc agus na mbreiseanna uile, ach gan meáchan uisce, breosla ná cnuasairí (seachas coirí) a úsáidtear chun tiomána ná uirlisí scaoilte ná fearais scaoilte a áireamh. |
[EN] | (2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo— | |
[EN] | (a) is breis, maidir le feithicil nó cónasc feithiclí, gach ní acu seo a leanas: | |
[EN] | (i) cabhail, | |
[EN] | (ii) páirt, | |
[EN] | (iii) feisteas, | |
[EN] | (iv) gabhadán, | |
[EN] | (b) i gcás nach mbeidh ach aon bhreis amháin ann, forléireofar mar thagairt don bhreis sin an tagairt do na breiseanna uile, | |
[EN] | (c) i gcás ina mbeidh dhá bhreis (agus ní níos mó) ann, agus nach n-úsáidtear an dá cheann acu ar ócáid ar bith, déanfar an tagairt do na breiseanna uile a fhorléiriú mar thagairt don cheann is troime de na breiseanna nó, más comhmheáchan iad, do cheann aonair acu, | |
[EN] | (d) i gcás ina mbeidh trí bhreis nó níos mó ann agus nach n-úsáidtear iad go léir ar ócáid ar bith, déanfar an tagairt do na breiseanna uile a fhorléiriú mar thagairt don chónasc is troime de na breiseanna a úsáidtear ar aon ócáid. | |
[EN] | (3) I gcás a thagann faoi réim mhír (d) d'fho-alt (2) den alt seo agus nach n-úsáidtear ach ceann amháin de na breiseanna ar ócáid áirithe, measfar, maidir leis an ócáid sin, gur tagairt don bhreis sin an cónasc a luaitear sa mhír sin. | |
[EN] | (4) (a) Faoi réir na chéad mhíre eile, is gabhadán chun críocha na bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo aon ní a bheidh leagtha ar fheithicil nó ar chónasc feithiclí chun earraí nó ualach d'aon saghas eile a iompar. | |
[EN] | (b) Aon ní a bheidh leagtha amhlaidh beidh sé eiscthe ón mír sin roimhe seo más rud é nach ndéanfar, maidir le haon turas, earraí ná ualach d'aon saghas eile a luchtú isteach ann agus a dhíluchtú amach as gan é a bhaint den fheithicil nó den chónasc. | |
[EN] | (5) In ionchúiseamh faoin Acht seo, is ar an gcosantóir a bheidh de dhualgas a chruthú go mbaineann an eisceacht a shonraítear i bhfo-alt (4) den alt seo le haon ní áirithe. | |
[EN] |
Droichid mheáchain. |
15. —(1) (a) Féadfaidh údarás bóithre a dhearbhú gur droichead ceaptha chun críocha an Achta seo aon droichead meáchain (cibé acu is droichead é a chothabhálann siad féin nó nach ea agus cibé acu ina limistéar feidhmiúcháin nó lasmuigh de atá sé agus cibé acu is droichead meáchain bótharthráchta é nó nach ea), agus gach droichead meáchain a dhearbhófar amhlaidh is é thabharfar air, agus is é a ghairtear de san Acht seo, droichead meáchain ceaptha. |
[EN] | (b) Féadfar aon dearbhú den sórt sin a chúlghairm le dearbhú ina dhiaidh sin ón údarás bóithre céanna. | |
[EN] | (c) I gcás ina ndéanfaidh údarás bóithre dearbhú faoin bhfo-alt seo, tabharfaidh siad an fógra forordaithe don phobal i dtaobh an dearbhú a dhéanamh. | |
[EN] | (2) Féadfaidh údarás bóithre (agus déanfaidh siad má cheanglaíonn an tAire orthu é) droichead meáchain de cibé méid, cumhacht, deara agus déanamh a cheadóidh an tAire a sholáthar ar aon bhóthar poiblí faoina gcúram nó in aice leis. | |
[EN] | (3) Déanfaidh gach údarás bóithre ar leo droichead meáchain a rinneadh faoi achtachán a aisghaireadh leis an Acht aisghairthe, faoin Acht aisghairthe nó faoin alt seo an droichead meáchain a chothabháil ar staid mhaith agus i ndeá-riocht agus cuirfidh siad an droichead meáchain ar fáil le feithiclí agus na hualaí orthu a mheá gach tráth réasúnach. | |
[EN] | (4) Aon droichead meáchain a bheidh á chothabháil faoi fho-alt (3) den alt seo is é a thabharfar air, agus a ghairtear de san Acht seo, droichead meáchain bóthar-thráchta. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an t-údarás bóithre a chothabhálann droichead meáchain bóthar-thráchta cibé táillí a shocróidh siad ó am go ham a bhaint amach as rudaí a mheá ar an droichead meáchain (seachas rudaí a mheá ar ordú faoin Acht seo ó chomhalta den Gharda Síochána nó ó oifigeach d'údarás bóithre). | |
[EN] | (6) Féadfaidh údarás bóithre ranníoc a dhéanamh, ar cibé coinníollacha is oiriúnach leo, i leith an chostais a bhainfidh le droichead meáchain ceaptha, seachas droichead meáchain bótharthráchta a sholáthraigh siad féin, a sholáthar, a chothabháil nó a oibriú. | |
[EN] | (7) (a) Féadfaidh údarás bóithre droichead meáchain iniompair a fháil agus é a chur ar fáil lena úsáid ag comhaltaí den Gharda Síochána. | |
[EN] | (b) Na tagairtí atá san Acht seo do dhroichead meáchain soghluaiste is tagairtí iad do dhroichead meáchain faoin bhfo-alt seo. | |
[EN] |
Ceanglais maidir le mcá. |
16. —(1) I gcás ina dtabharfaidh oifigeach údaraithe faoi deara feithicil nó cónasc feithiclí ar aon ócáid ar bhóthar poiblí agus go mbeidh sé in amhras go bhfuil meáchan ualaithe na feithicle nó an chónaisc nó an meáchan a tharchuireann aon chuid den fheithicil nó den chónasc chun na talún chomh mór sin gur cion faoin Acht seo an fheithicil nó an cónasc a úsáid— |
[EN] | (a) má bhíonn droichead meáchain soghluaiste ag gabháil leis an oifigeach, féadfaidh an t-oifigeach a cheangal ar an duine a bheidh i bhfeighil na feithicle nó an chónaisc— | |
[EN] | (i) a cheadú don oifigeach a fháil amach leis an droichead meáchain soghluaiste an meáchan a tharchuireann aon chuid den fheithicil nó den chónasc agus an t-ualach nó na hualaí a bheidh uirthi nó air (má bhíonn) chun na talún; agus | |
[EN] | (ii) gach ní a dhéanamh a déarfaidh an t-oifigeach agus is gá, le réasún, chun a urasú dó sin a fháil amach; | |
[EN] | (b) in aon chás eile, féadfaidh an t-oifigeach a cheangal ar an duine a bheidh i bhfeighil na feithicle nó an chónaisc gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh: | |
[EN] | (i) an fheithicil nó an cónasc maraon leis an ualach nó na hualaí a bheidh uirthi nó air (má bhíonn) a thabhairt láithreach go dtí aon droichead meáchain ceaptha a ainmneoidh an t-oifigeach agus nach mó ná cúig mhíle, an bealach is giorra, ón áit a gcuirfear an ceanglas; | |
[EN] | (ii) an t-oifigeach a iompar go dtí an droichead meáchain san fheithicil nó sa chónasc; | |
[EN] | (iii) a chur faoi deara an fheithicil (nó aon chuid di) nó an cónasc (nó aon chuid de) maraon leis an ualach nó na hualaí a bheidh uirthi nó air (má bhíonn) a mheá ar an droichead meáchain i bhfianaise an oifigigh. | |
[EN] | (2) I gcás— | |
[EN] | (a) ina dtabharfaidh oifigeach údaraithe faoi deara feithicil nó cónasc feithiclí ar bhóthar poiblí ar aon ócáid, | |
[EN] | (b) go mbeidh an t-oifigeach in amhras go bhfuil meáchan neamhualaithe na feithicle nó an chónaisc chomh mór sin gur cion faoin Acht seo an fheithicil nó an cónasc a úsáid, agus | |
[EN] | (c) nach mbeidh aon ualach ar an bhfeithicil nó ar an gcónasc nó go mbeidh ualach nó ualaí uirthi nó air is féidir a dhíluchtú gan ró-cheataí, | |
[EN] | féadfaidh an t-oifigeach a cheangal ar an duine a bheidh i bhfeighil na feithicle nó an chónaisc gach ní nó aon ní aon seo a leanas a dhéanamh: | |
[EN] | (i) an fheithicil nó an cónasc maraon leis na breiseanna uile a bheidh ag gabháil léi nó leis ar an ócáid sin a thabhairt láithreach go dtí aon droichead meáchain ceaptha a ainmneoidh an t-oifigeach agus nach mó ná cúig mhíle, an bealach is giorra, ón áit a gcuirfear an ceanglas; | |
[EN] | (ii) an t-oifigeach a iompar go dtí an droichead meáchain san fheithicil nó sa chónasc; | |
[EN] | (iii) an fheithicil nó an cónasc a dhíluchtú má bhíonn ualach nó ualaí uirthi nó air; | |
[EN] | (iv) a chur faoi deara an fheithicil nó an cónasc maraon leis na breiseanna uile a bheidh ag gabháil léi nó leis ar an ócáid sin a mheá ar an droichead meáchain i bhfianaise an oifigigh. | |
[EN] | (3) Chun críocha fho-alt (2) den alt seo— | |
[EN] | (a) is breis, maidir le feithicil nó cónasc feithiclí, gach ní acu seo a leanas: | |
[EN] | (i) cabhail, | |
[EN] | (ii) páirt, | |
[EN] | (iii) feisteas, | |
[EN] | (iv) gabhadán, | |
[EN] | (b) i gcás nach mbeidh ach aon bhreis amháin ann, forléireofar mar thagairt don bhreis sin aon tagairt do na breiseanna uile. | |
[EN] | (4) Is gabhadán chun críocha fho-ailt (2) agus (3) den alt seo aon ní a bheidh leagtha ar fheitlhicil nó ar chónasc feithiclí chun earraí nó ualach d'aon saghas eile a iompar. | |
[EN] | (5) Aon duine a sháróidh ceanglas faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion. | |
[EN] | (6) I gcás ina ndéanfar meá, de dhroim ordú faoin alt seo, ar dhroichead meáchain ceaptha nach údarás bóithre a cho thabhálann é, déanfar an táille i leith an meá a dhéanamh a chúiteamh leis an duine a d'íoc í— | |
[EN] | (a) i gcás gur aon údarás bóithre amháin a dhearbhaigh gur droichead meáchain ceaptha an droichead meáchain—ag an údarás sin, agus | |
[EN] | (b) in aon chás eile—ag cibé ceann de na húdaráis bóithre a dhearbhaigh gur droichead meáchain ceaptha an droichead meáchain agus ar a gcomhaontóidh na húdaráis sin eatarthu nó, cheal comhaontaithe, ag cibé ceann acu a chinnfidh an tAire. | |
[EN] | (7) (a) San alt seo ciallaíonn “oifigeach údaraithe”— | |
[EN] | (i) comhalta den Gharda Síochána, nó | |
[EN] | (ii) oifigeach don údarás bóithre ar a mbeidh cúram cothabhála an bhóthair phoiblí ar a dtabharfar faoi deara an fheithicil nó an cónasc feithiclí, a bheidh údaraithe ag an údarás sin mar oifigeach údaraithe chun críocha an ailt seo. | |
[EN] | (b) I gcás ina gcuirfidh duine a bheidh ceaptha chun bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha an ailt seo ceanglas faoin alt seo, déanfaidh sé, má dhéanann an duine chun a ndíreofar an ceanglas é a iarraidh air, a údarás mar oifigeach den sórt sin a thabhairt ar aird lena scrúdú ag an duine sin. | |
[EN] |
Caiteachais tráchta neamhghnáigh. 1933. Uimh. 8. |
17. —(1) I gcás ina bhfeicfear don údarás bóithre ar a mbeidh cúram cothabhála bóthair phoiblí go ndeachthas nó go rachfar, ag féachaint don ghnáthchaiteachas a bhaineann leis an mbóthar sin a dheisiú, faoi chaiteachais neamhghnácha ag deisiú an bhóthair mar gheall ar an damáiste de dhroim meáchan iomarcach dul an bóthar nó de dhroim tráchta neamhghnáigh eile air, déanfaidh an duine a sheol, nó ar de dhroim ordú uaidh a seoladh, an meáchan nó an trácht sin méid na gcaiteachas neamhghnách a íoc leis an údarás bóithre agus, mura n-íocfar an méid sin amhlaidh, féadfar é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla. |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas: | |
[EN] | (a) aon duine a bheidh faoi cheangal ag an bhfo-alt caiteachais neamhghnácha a íoc féadfaidh sé comhaontú a dhéanamh le húdarás bóithre chun airgead imshocraíochta a íoc leo i leith an mheáchain nó an tráchta iomchuí agus, ar an airgead imshocraíochta a bheith íoctha aige, ní bheidh dliteanas air faoin bhfo-alt; | |
[EN] | (b) forléireofar an fo-alt mar fho-alt nach mbaineann le damáiste de dhroim— | |
[EN] | (i) Córas Iompair Éireann do sheoladh bótharsheirbhíse do phaisinéirí, | |
[EN] | (ii) duine do sheoladh bóthar-sheirbhíse do phaishnéirí faoi cheadúnas arna dheonú faoin Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 , nó | |
[EN] | (iii) duine do sheoladh gnó a bheidh údaraithe le ceadúnas marsantais arna dheonú faoin Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 ; | |
[EN] | (c) tionscnófar imeachtaí faoin bhfo-alt laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an ama a rinneadh an damáiste, nó, más damáiste é de dhroim aon chonradh foirgníochta nó obair áirithe thar tréimhse fhada, tionscnófar na himeachtaí sin tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an conradh nó an obair a chríochnú; | |
[EN] | (d) in aon imeachtaí den sórt sin is é an méid a bhféadfar breithiúnas a thabhairt ina leith méid na gcaiteachas a suífear chun sástachta na Cúirte go ndeachaigh an t-údarás bóithre fúthu nó gur dóigh dóibh dul fúthu de dhroim damáiste de bharr an tráchta neamhghnáigh. | |
[EN] |
Tástálacha ar fheithiclí inneallghluaiste. |
18. —(1) Ní úsáidfidh aon duine in áit phoiblí feithicil inneallghluaiste lena mbaineann an t-alt seo mura mbeidh deimhniú tástála i bhfeidhm an tráth sin i leith na feithicle. |
[EN] | (2) Má sháraíonn duine fo-alt (1) den alt seo, beidh sé féin, agus, murab é féin úinéir na feithicle, an t-úinéir sin, iad araon, ciontach i gcion agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. | |
[EN] | (3) Más rud é, in ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo, go suífear i gcás éileamh a bheith déanta faoi alt 19 den Acht seo— | |
[EN] | (a) gur dhiúltaigh nó gur mhainnigh an duine a ndearnadh an t-éileamh air deimhniú tástála a thabhairt ar aird san áit sin agus san am sin, nó | |
[EN] | (b) gur dhiúltaigh nó gur mhainnigh an duine sin, tar éis deimhniú tástála a thabhairt ar aird go cuí de dhroim an éilimh, cead a thabhairt don chomhalta den Gharda Síochána ar tugadh an deimhniú sin ar aird dó é a léamh agus a scrúdú, | |
[EN] | toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, go raibh an fheithicil á húsáid contrártha don alt seo. | |
[EN] | (4) I gcás inarb é an duine a chúiseofar i gcion faoin alt seo úinéir na feithicle, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh don duine a shuíomh gur gan a thoiliú a bhí an fheithicil á húsáid agus go raibh gach cúram réasúnach glactha aige chun nach n-úsáidfí í nó gur sheirbhíseach dó agus é ag gníomhú contrártha dá orduithe a bhí á húsáid. | |
[EN] | (5) I gcás gur sheirbhíseach d'úinéir na feithicle duine a chúiseofar i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh don duine a shuíomh gur ar orduithe sainráite ón úinéir a bhí an fheithicil á húsáid aige. | |
[EN] | (6) San alt seo ciallaíonn “an t-údarás eisiúna” an duine arb é an t-údarás eisiúna é sa chás a bheidh i gceist agus de réir na rialachán faoin alt seo. | |
[EN] | (7) Féadfaidh úinéir feithicle inneallghluaiste lena mbainfidh an t-alt seo deimhniú tástála i leith na feithicle a iarraidh ar an údarás eisiúna. | |
[EN] | (8) I gcás ina ndéanfar iarratas go cuí faoi fho-alt (7) den alt seo agus go n-íocfar an táille iomchuí— | |
[EN] | (a) tástálfaidh an t-údarás eisiúna, nó cuirfidh sé faoi deara go dtástálfar, an fheithicil de réir na rialachán faoin alt seo, | |
[EN] | (b) i gcás an t-údarás eisiúna, a bheith deimhnitheach, de bharr na tástála, go gcomhlíonann an fheithicil na ceanglais forordaithe, eiseoidh sé deimhniú (dá ngairtear deimhniú tástála san Acht seo) ag deimhniú an chomhlíonaidh sin, | |
[EN] | (c) i gcás gan an t-údarás eisiúna a bheith deimhnitheach amhlaidh— | |
[EN] | (i) diúltóidh an t-údarás eisiúna deimhniú tástála a eisiúint agus déanfaidh sé ráiteas ag insint na gcúiseanna leis an diúltú a eisiúint chun an iarratasóra, | |
[EN] | (ii) más éagóir leis an iarratasóir an diúltú nó na forais leis, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun an Bhreithimh den Chúirt Dúiche ag a mbeidh dlínse san áit ina gcoimeádtar an fheithicil de ghnáth agus féadfaidh an Breitheamh diúltú don achomharc nó a ordú go ndéanfar tástáil nua ar an bhfeithicil. | |
[EN] | (9) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo. | |
[EN] | (10) Féadfar, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (9) den alt seo, foráil a chur i rialacháin faoin alt seo i dtaobh gach ábhair nó aon ábhair acu seo a leanas: | |
[EN] | (a) na haicmí feithiclí inneallghluaiste lena mbainfidh an t-alt seo; | |
[EN] | (b) úsáid feithiclí chun críocha sonraithe nó in imthoscaí sonraithe a dhíolmhadh ó fho-alt (1) den alt seo; | |
[EN] | (c) na daoine a shonrú a bheidh ina n-údaráis eisiúna chun críocha an ailt seo; | |
[EN] | (d) na daoine a shonrú a bhféadfaidh údaráis eisiúna a chur faoi deara tástálacha chun críocha an ailt seo a dhéanamh acu; | |
[EN] | (e) na daoine a shonrú a dhéanfaidh tástálacha nua a ordófar de bhun fhomhír (ii) de mhír (c) d'fho-alt (8) den alt seo; | |
[EN] | (f) iarratais a dhéanamh ag iarraidh deimhnithe tástála agus na coinníollacha a shonrú ar faoina réir a fhéadfar iarratais den sórt sin a dhéanamh; | |
[EN] | (g) na táillí a íocfaidh iarrthóirí as deimhnithe tástála agus na táillí sin a dhiúscairt; | |
[EN] | (h) na ceanglais a mbeidh tástálacha le déanamh ina leith; | |
[EN] | (i) an saghas tástálacha a dhéanfar; | |
[EN] | (j) an modh a ndéanfar, na coinníollacha faoina ndéanfar agus an goireas lena ndéanfar tástálacha; | |
[EN] | (k) cothabháil goiris a úsáidtear chun tástálacha a dhéanamh; | |
[EN] | (l) cumhachtaí chun áitribh agus goiris a iniúchadh a úsáidtear chun feithiclí inneallghluaiste a thástáil; | |
[EN] | (m) daoine sonraithe do choimeád taifead; | |
[EN] | (n) foirm deimhnithe tástála agus a dtréimhse bailíochta; | |
[EN] | (o) údaráis eisiúna do thairmligean feidhmeanna na n-údarás sin faoi mhíreanna (b) agus (c) d'fho-alt (8) den alt seo chun daoine sonraithe. | |
[EN] | (11) Féadfar forálacha éagsúla d'aicmí éagsúla cásanna a thagann faoi réim an ábhair chéanna a chur i rialacháin faoin alt seo. | |
[EN] | (12) Aon duine a sháróidh rialachán faoin alt seo a ndeirtear gur pianrialachán é beidh sé ciontach i gcion. | |
[EN] | (13) Ní dhéanfaidh sé difear d'aon ionchúiseamh i leith ciona faoi aon alt eile den Acht seo deimhniú tástála a bheith ann. | |
[EN] |
Deimhniú tástála a thabhairt ar aird ar éileamh. |
19. —(1) (a) Má bhíonn cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána chun a chreidiúint go ndearnadh feithicil inneallghluaiste lena mbaineann alt 18 den Acht seo a úsáid in áit phoiblí ar ócáid áirithe (lena n-áirítear cás inar thug an comhalta féin faoi deara an úsáid) agus gur duine áirithe a bhí ag úsáid na feithicle iarbhír ar an ócáid sin, féadfaidh an comhalta, am ar bith nach déanaí ná mí tar éis na hócáide, a éileamh ar an duine deimhniú tástála a thabhairt ar aird i leith na feithicle a bhí i bhfeidhm ar an ócáid agus, má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine aon deimhniú den sórt sin a thabhairt ar aird san am sin agus san áit sin, beidh sé ciontach i gcion, mura ndéanfaidh sé, laistigh de dheich lá tar éis an lae a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird, an deimhniú sin a thabhairt ar aird go pearsanta do chomhalta den Gharda Síochána i stáisiún Garda Síochána a d'ainmnigh an duine an t-am a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird. |
[EN] | (b) In ionchúiseamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, nach ndearna sé, laistigh de dheich lá tar éis an lae a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird, an deimhniú a thabhairt ar aird go pearsanta do chomhalta den Gharda Síochána i stáisiún Garda Síochána a d'ainmnigh an cosantóir an t-am a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird. | |
[EN] | (c) Is cosaint mhaith é in ionchúiseamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo má shuíonn an cosantóir,— maidir leis an ócáid a bheidh i gceist— | |
[EN] | (i) nár úsáid sé an fheithicil, nó | |
[EN] | (ii) gur sheirbhíseach d'úinéir na feithicle é agus go raibh an fheithicil á húsáid aige de réir sainorduithe ón úinéir. | |
[EN] | (2) (a) Má bhíonn cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána chun a chreidiúint go ndearnadh feithicil inneallghluaiste lena mbaineann alt 18 den Acht seo a úsáid in áit phoiblí ar ócáid áirithe (lena n-áirítear cás inar thug an comhalta féin faoi deara an úsáid), féadfaidh an comhalta, am ar bith nach déanaí ná mí tar éis na hócáide, a éileamh ar úinéir na feithicle deimhniú tástála a thabhairt ar aird i leith na feithicle a bhí i bhfeidhm ar an ócáid agus, má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an t-úinéir aon deimhniú den sórt sin a thabhairt ar aird san am sin agus san áit sin, beidh sé ciontach i gcion, mura ndéanfaidh sé, laistigh de dheich lá tar éis an lae a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird, an deimhniú sin a thabhairt ar aird go pearsanta do chomhalta den Gharda Síochána i stáisiún Garda Síochána a d'ainmnigh an t-úinéir an t-am a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird. | |
[EN] | (b) In ionchúiseamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo, toimhdeofar go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, nach ndearna sé, laistigh de dheich lá tar éis an lae a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird, an deimhniú sin a thabhairt ar aird go pearsanta do chomhalta den Gharda Síochána i stáisiún Garda Síochána a d'ainmnigh an cosantóir an tráth a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird. | |
[EN] | (c) Is cosaint mhaith é in ionchúiseamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo má shuíonn an cosantóir— | |
[EN] | (i) nár úsáideadh an fheithicil ar an ócáid a bheidh i gceist, nó | |
[EN] | (ii) gur duine seachas é féin a d'úsáid an fheithicil ar an ócáid a bheidh i gceist, gur gan a thoiliú a úsáideadh amhlaidh í agus go raibh gach cúram réasúnach glactha aige chun nach n-úsáidfí amhlaidh í nó gur sheirbhíseach dó ag gníomhú contrártha dá orduithe an duine a bhí á húsáid amhlaidh. | |
[EN] | (3) I gcás ina dtabharfaidh duine deimhniú ar aird do chomhalta den Gharda Síochána de bhun an ailt seo ach go ndiúltóidh sé nó go mainneoidh sé a cheadú don chomhalta é a léamh agus a scrúdú, beidh sé ciontach i gcion agus féadfaidh an comhalta a ainm agus a sheoladh a éileamh air. | |
[EN] | (4) I gcás ina ndiúltóidh nó ina mainneoidh duine a n-éileofar a ainm agus a sheoladh air faoi fho-alt (3) den alt seo a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó ina dtabharfaidh sé ainm nó seoladh a bheidh bréagach nó míthreorach beidh sé ciontach i gcion. | |
[EN] | (5) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a ghabháil gan barántas— | |
[EN] | (a) a thabharfaidh deimhniú ar aird de bhun an ailt seo ach a dhiúltóidh nó a mhainneoidh a cheadú don chomhalta é a léamh agus a scrúdú, nó | |
[EN] | (b) nuair a éileoidh an comhalta a ainm agus a sheoladh faoin alt seo, a dhiúltóidh nó a mhainneoidh a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó a thabharfaidh ainm agus seoladh a mbeidh cúis réasúnach ag an gcomhalta chun a chreidiúint é a bheith bréagach nó míthreorach. | |
[EN] |
Cumhachtaí chun scrúdú, iniúchadh agus tástáil a dhéanamh go hócáideach. |
20. —(1) I gcás a dtabharfaidh comhalta den Gharda Síochána faoi deara feithicil inneallghluaiste nó cónasc feithiclí in áit phoiblí agus go mbeidh amhras air go bhfuil locht ar an bhfeithicil nó ar an gcónasc a fhágann gur dainséar don phobal í nó é nuair a bhíonn sí nó sé in úsáid nó, i gcás feithicil seirbhíse poiblí, go bhfuil locht uirthi a fhágann gur contúirt don phobal í nó go bhfuil sí neamhoiriúnach chun paisnéirí a iompar, féadfaidh sé an fheithicil nó an cónasc a iniúchadh agus a scrúdú agus, chun an t-iniúchadh agus an scrúdú a dhéanamh, féadfaidh sé gach ní a dhéanamh agus gach ceanglas a chur maidir leis is gá le réasún. |
[EN] | (2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo agus gan dochar do ghinearáltacht na gcumhachtaí a thugtar leis, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána— | |
[EN] | (a) a cheangal ar an duine a bheidh i bhfeighil feithicle inneallghluaiste nó cónaisc feithiclí an fheithicil nó an cónasc a thabhairt go dtí áit áisiúil a luafaidh an comhalta a bheidh oiriúnach chun iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh uirthi nó air faoin alt seo agus nach mó ná cúig mhíle, an bealach is giorra, ón áit a gcuirfear an ceanglas, agus an comhalta a iompar san fheithicil nó sa chónasc, | |
[EN] | (b) feithicil inneallghluaiste nó cónasc feithiclí a thiomáint am agus fad réasúnach, | |
[EN] | (c) a cheangal ar an duine a bheidh i bhfeighil feithicle inneallghluaiste nó cónaisc feithiclí an fheithicil nó an cónasc a thiomáint, nó a chur faoi deara sin a dhéanamh, am agus fad réasúnach cibé treo agus i cibé slí agus ar cibé luas a ordóidh an comhalta sin, agus an comhalta a iompar inti nó ann agus í á tiomáint nó é á thiomáint amhlaidh, | |
[EN] | (d) cibé tástálacha a mheasfaidh an comhalta a bheith réasúnach a dhéanamh nó a chur faoi deara iad a dhéanamh. | |
[EN] | (3) I gcás ina mbeidh cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána, de bharr iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh faoin alt seo ar fheithicil inneallghluaiste, chun a chreidiúint go bhfuil locht uirthi a fhágann gur contúirt don phobal í nuair a úsáidtear í, féadfaidh sé— | |
[EN] | (a) a chur in úil don duine a bheidh ina feighil nach cead í a thiomáint in áit phoiblí go dtí go leigheasfar an locht, | |
[EN] | (b) a cheangal ar an duine a bheidh ina feighil nó ar an úinéir í a chur faoi athscrúdú agus atástáil am agus in áit a shonrófar. | |
[EN] | (4) I gcás ina mbeidh cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána, de bharr iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh faoin alt seo ar fheithicil seirbhíse poiblí, chun a chreidiúint go bhfuil locht (seachas locht dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo) uirthi a fhágann neamhoiriúnach í chun paisnéirí a iompar, féadfaidh sé— | |
[EN] | (a) a chur in iúl don duine a bheidh ina feighil nach cead an fheithicil a úsáid chun paisnéirí a iompar ar luaíocht go dtí go leigheasfar an locht, | |
[EN] | (b) a cheangal ar an duine a bheidh ina feighil nó ar an úinéir í a chur faoi athscrúdú agus atástáil am agus in áit a shonrófar. | |
[EN] | (5) I gcás ina mbeidh cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána, de bharr iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh faoin alt seo ar fheithicil a bheidh á tarraingt ag feithicil inneallghluaiste, chun a chreidiúint go bhfuil locht uirthi a fhágann gur contúirt don phobal í nuair a úsáidtear í, féadfaidh sé— | |
[EN] | (a) a chur in iúl don duine a bheidh ina feighil nach cead an a tharraingt in áit phoiblí ag feithicil inneallghluaiste go dtí go leigheasfar an locht, | |
[EN] | (b) a cheangal ar an duine a bheidh ina feighil nó ar an úinéir í a chur faoi athscrúdú agus atástáil am agus in áit a shonrófar. | |
[EN] | (6) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána aon rothar cos a thástáil agus, chun an tástáil a dhéanamh, féadfaidh sé gach ní a dhéanamh agus gach ceanglas a chur maidir leis an rothar is gá le réasún. | |
[EN] | (7) Chun críocha fho-alt (6) den alt seo agus gan dochar do ghinearáltacht na gcumhachtaí a thugtar leis, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána— | |
[EN] | (a) aon rothar cos a thiomáint am agus fad réasúnach, | |
[EN] | (b) a cheangal ar aon duine a bheidh i bhfeighil rothair chos é a thiomáint nó a chur faoi deara é a thiomáint am agus fad réasúnach cibé treo a ordóidh an comhalta. | |
[EN] | (8) I gcás ina mbeidh cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána, de bharr tástáil a dhéanamh ar rothar cos faoin alt seo, chun a chreidiúint go bhfuil locht contúirteach air, féadfaidh sé— | |
[EN] | (a) a chur in iúl don duine a bheidh i bhfeighil an rothair nach cead é a thiomáint in áit phoiblí go dtí go leigheasfar an locht, | |
[EN] | (b) a cheangal ar an duine sin an rothar a chur faoi atástáil am agus in áit a shonrófar. | |
[EN] | (9) Aon duine a dhéanfaidh, i gcás ceanglas a bheith curtha air faoi fho-alt (1), (2), (6), nó (7) den alt seo, an ceanglas a shárú beidh sé ciontach i gcion. | |
[EN] | (10) (a) Aon duine a dhéanfaidh, i gcás a mbeidh sé curtha in iúl faoi fho-alt (3) den alt seo nach cead feithicil a thiomáint in áit phoiblí go dtí go leigheasfar locht nó ar feasach dó a leithéid sin a bheith curtha in iúl í a thiomáint amhlaidh, nó a chur faoi deara nó a cheadú í a thiomáint amhlaidh sula leigheasfar an locht, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach mó ná caoga punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. | |
[EN] | (b) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo, is cosaint mhaith dó a shuíomh nach raibh, an tráth a cuireadh an ní sin in iúl, locht ar an bhfeithicil a d'fhág gur chontúirt don phobal an fheithicil nuair a bheadh sí á húsáid. | |
[EN] | (11) (a) Aon duine a dhéanfaidh, i gcás ceanglas faoi fho-alt (3) den alt seo a bheith curtha air, an ceanglas a shárú, beidh sé ciontach i gcion. | |
[EN] | (b) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo, is cosaint mhaith dó a shuíomh nach raibh, an t-am a cuireadh an ceanglas, locht ar an bhfeithicil a d'fhág gur chontúirt don phobal an fheithicil nuair a bheadh sí á húsáid. | |
[EN] | (12) (a) Aon duine a dhéanfaidh, i gcás a mbeidh sé curtha in iúl faoi fho-alt (4) den alt seo nach cead feithicil a úsáid chun paisnéirí a iompar go dtí go leigheasfar locht nó ar feasach dó a leithéid sin a bheith curtha in iúl, í a úsáid amhlaidh, nó a chur faoi deara nó a cheadú í a úsáid amhlaidh, sula leigheasfar an locht, beidh sé ciontach i gcion. | |
[EN] | (b) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo, is cosaint mhaith dó a shuíomh nach raibh, an t-am a cuireadh an ní sin in iúl, locht ar an bhfeithicil a d'fhág an fheithicil neamhoiriúnach chun paisnéirí a iompar. | |
[EN] | (13) (a) Aon duine a dhéanfaidh, i gcás ceanglas faoi fho-alt (4) den alt seo a bheith curtha air, an ceanglas a shárú, beidh sé ciontach i gcion. | |
[EN] | (b) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo, is cosaint mhaith dó a shuíomh nach raibh, an t-am a cuireadh an ceanglas, locht ar an bhfeithicil a d'fhág an fheithicil neamhoiriúnach chun paisnéirí a iompar. | |
[EN] | (14) (a) Aon duine a dhéanfaidh, i gcás a mbeidh sé curtha in iúl faoi fho-alt (5) den alt seo nach cead feithicil a tharraingítear le feithicil inneallghluaiste a tharraingt amhlaidh in áit phoiblí go dtí go leigheasfar locht nó ar feasach dó a leithéid sin a bheith curtha in iúl, i a tharraingt amhlaidh í, nó a chur faoi deara nó a cheadú í a tharraingt amhlaidh, sula leigheasfar an locht, beidh sé ciontach i gcion. | |
[EN] | (b) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo, is cosaint mhaith dó a shuíomh nach raibh, an t-am a cuireadh an ní sin in iúl, locht ar an bhfeithicil a d'fhág gur chontúirt don phobal an fheithicil nuair a bheadh sí á húsáid. | |
[EN] | (15) (a) Aon duine a dhéanfaidh, i gcás ceanglas faoi fho-alt (5) den alt seo a bheith curtha air, an ceanglas a shárú beidh sé ciontach i gcion. | |
[EN] | (b) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo, is cosaint mhaith dó a shuíomh nach raibh, an t-am a cuireadh an ceanglas, locht ar an bhfeithicil a d'fhág gur chontúirt don phobal an fheithicil nuair a bheadh sí á húsáid. | |
[EN] | (16) (a) Aon duine a dhéanfaidh, i gcás a mbeidh sé curtha in iúl faoi fho-alt (8) den alt seo nach cead rothar a thiomáint in áit phoiblí go dtí go leigheasfar locht nó ar feasach dó a leithéid sin a bheith curtha in iúl, é a thiomáint amhlaidh, nó a chur faoi deara nó a cheadú é a thiomáint amhlaidh, sula leigheasfar an locht, beidh sé ciontach i gcion. | |
[EN] | (b) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo is cosaint mhaith dó a shuíomh nach raibh, an t-am a cuireadh an ní sin in iúl, locht contúirteach ar an rothar. | |
[EN] | (17) (a) An duine a dhéanfaidh, i gcás ceanglas faoi fho-alt (8) den alt seo a bheith curtha air, an ceanglas a shárú beidh sé ciontach i gcion. | |
[EN] | (b) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo is cosaint mhaith dó a shuíomh nach raibh, an tráth a cuireadh an ceanglas, locht contúirteach ar an rothar. | |
[EN] | (18) I gcás ina gcuirfear ceanglas faoi fho-alt (3), (4), (5) nó (8) den alt seo— | |
[EN] | (a) beidh de cheart ag an duine a mbeidh an ceanglas curtha air a bheith i láthair ag an scrúdú agus, má fheidhmíonn sé an ceart sin— | |
[EN] | (i) tabharfar deis dó breathnú ar an scrúdú, | |
[EN] | (ii) beidh de cheart aige ina theannta sin duine eile dá rogha féin a thabhairt go dtí an scrúdú agus, má fheidhmíonn sé an ceart sin, tabharfar deis freisin don duine a bheidh ina theannta breathnú ar an scrúdú, | |
[EN] | (b) mura bhfeidhmeoidh sé a cheart chun bheith i láthair ag an scrúdú, beidh de cheart aige duine eile dá rogha féin a bheith mar ionadaí uaidh ag an scrúdú agus, má fheidhmíonn sé an ceart sin, tabharfar deis don duine is ionadaí dó breathnú ar an scrúdú. | |
[EN] | San fho-alt seo folaíonn “scrúdú” “tástáil”. |