25 1961


Uimhir 25 de 1961.


AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1936 GO 1959. [3 Lúnasa, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1936, Uimh. 40 .

1. San Acht seo—

ciallaíonn “an Chuideachta” Aer Rianta, Teoranta, is é sin, an Chuideachta a bunaíodh de bhun alt 68 den Acht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta.

Caipiteal na Cuideachta a mhéadú.

1946, Uimh. 23 .

1959, Uimh. 29 .

2. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 21 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1946 , a leasú trí “£13,000,000 (trí mhilliún déag punt) arna roinnt ina thrí mhilliún déag scaireanna de phunt an ceann” a chur in ionad “£10,000,000 (deich milliún punt) arna roinnt ina dheich milliún scaireanna de phunt an ceann” (a cuireadh isteach leis an Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Uimh. 2), 1959 ), agus déanfar aon tagairt i gCuid IV den Acht sin don alt sin 21 a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don alt sin arna leasú leis an alt seo.

Airleacain don Chuideachta as an bPríomh-Chiste.

3. —(1) Chun an chumasú don Chuideachta a feidhmeanna a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, cibé suimeanna (nach mó ná milliún punt san iomlán) a iarrfaidh an Chuideachta ó am go ham a thabhairt ar airleacan ó am go ham don Chuideachta as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

(2) Na suimeanna a airleacfar faoin alt seo is chun feidhmeanna na Cuideachta agus chucu sin amháin a chaithfidh an Chuideachta iad.

(3) Beidh na suimeanna a airleacfar faoin alt seo inaisíoctha maille le hús de réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Acht seo.

Airgead a sholáthar chun airleacain a thabhairt don Chuideachta as an bPríomh-Chiste.

4. —(1) Chun soláthar a dhéanamh le haghaidh suimeanna a airleacan as an bPríomh-Chiste faoi alt 3 den Acht seo, féadfaidh an tAire Airgeadais cibé suimeanna is gá chun na críche sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus féadfaidh an tAire Airgeadais, chun críocha na hiasachta sin, urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin alt seo agus muirear agus íoc an chaiteachais faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis a eisiúint.

Us a íoc ar airleacain inaisíoctha.

5. —(1) Íocfaidh an Chuideachta leis an Aire Airgeadais ar gach suim a airleacfar chun na Cuideachta as an bPríomh-Chiste faoi alt 3 den Acht seo ús ó dháta na suime a airleacan go dtí go mbeidh an tsuim aisíoctha de réir cibé ráta a cheapfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham i leith na suime, agus íocfar an t-ús ina íocaíochtaí leathbhliantúla cibé leathanta gach bliain a cheapfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham.

(2) Má mhainníonn an Chuideachta aon ús is iníoctha aici faoin alt seo a íoc leis an Aire Airgeadais an tráth a bheidh ceaptha chuige sin faoin alt seo, íocfaidh an Chuideachta leis an Aire Airgeadais ús, de réir an ráta a cheapfaidh an tAire sin, ar an ús a bheidh gan íoc amhlaidh ón tráth a cheapfar mar a dúradh go dtí go mbeidh an t-ús a bheidh gan íoc íoctha.

(3) An t-ús go léir a íocfaidh an Chuideachta leis an Aire Airgeadais faoin alt seo íocfar isteach sa Státchiste é nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste é i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Airleacain inaisíoctha a aisíoc.

6. —(1) Chun soláthar a dhéanamh le haghaidh na Cuideachta d'aisíoc na n-airleacan a bheidh tugtha di as an bPríomh-Chiste faoi alt 3 den Acht seo, íocfaidh an Chuideachta leis an Aire Airgeadais íocaíochtaí leathbhliantúla a thosóidh cibé dáta, agus a leanfaidh cibé uimhir blianta, agus a mbeidh cibé méideanna iontu, agus a bheidh iníoctha cibé tráthanna a cheapfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, agus féadfar dátaí, uimhreacha blianta, suimeanna agus tráthanna éagsúla a cheapadh amhlaidh i leith codanna éagsúla de na hairleacain.

(2) Déanfaidh an tAire Airgeadais na híocaíochtaí leathbhliantúla uile agus faoi seach a bheidh le híoc ag an gCuideachta leis an Aire sin faoin alt seo a chur chun críche mar chistí fiachmhúchta chun na codanna uile agus faoi seach de na hairleacain a aisíoc arb ina leith a íocfar na híocaíochtaí leathbhliantúla agus, nuair a bheidh an uimhir iomlán íocaíochtaí leathbhliantúla a ceapadh faoin alt seo i leith aon chuid de na hairleacain (maraon le haon ús a bheidh tagtha chun bheith iníoctha faoin alt seo i leith aon cheann nó cinn de na híocaíochtaí leathbhliantúla) íoctha ag an gCuideachta leis an Aire sin, measfar an chuid sin de na hairleacain a bheith aisíoctha go hiomlán ag an gCuideachta, gan dochar do dhliteanas na Cuideachta maidir le haon ús a bheidh gan íoc an tráth sin i leith na coda sin de na hairleacain.

(3) Má mhainníonn an Chuideachta aon íocaíocht leathbhliantúil nó cuid d'íocaíocht leathbhliantúil is iníoctha aici leis an Aire Airgeadais faoin alt seo a íoc leis an Aire sin an tráth a bheidh ceaptha chuige sin faoin alt seo, íocfaidh an Chuideachta leis an Aire sin ar an íocaíocht leathbhliantúil nó ar an gcuid d'íocaíocht leathbhliantúil ús de réir cibé ráta a cheapfaidh an tAire sin ó am go ham ina leith sin ón tráth a bheidh ceaptha mar a dúradh go dtí go mbeidh an íocaíocht nó an chuid íoctha.

(4) Déanfar an t-airgead go léir a íocfaidh an Chuideachta leis an Aire Airgeadais faoin alt seo mar aisíoc ar airleacain a íoc isteach sa Státchiste.

(5) Déanfar na suimeanna go léir a íocfaidh an Chuideachta leis an Aire Airgeadais faoin alt seo ar scór úis a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Gearrtheideal agus comhlua.

7. —(1) Féadfar an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1961, a ghairm de na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1959, agus den Acht seo le chéile.