26 1961


Uimhir 26 de 1961.


ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ, 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA bhFORÁLACHA D'ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ, 1951 , A BHAINEANN LEIS AN TAITHI IS GÁ LE hAGHAIDH LÁN-CHLÁRÚ I gCLÁR NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ D'ÉIRINN. [3 Lúnasa, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Leasú ar alt 2 d'Acht na Lia-Chleachtóirí, 1951 .

1951, Uimh. 29 .

1. —Déantar leis seo alt 2 d'Acht na Lia-Chleachtóirí, 1951 , a leasú tríd an méid seo a leanas a chur isteach i mír (b) i ndiaidh “san alt sin”: “nó gur deimhin leis an gComhairle—

(i) go bhfuil sé, i dteannta a bheith i seilbh an dioplóma cháiliúcháin nó na ndioplómanna cáiliúcháin réamhráite, i seilbh céime nó dioplóma a deonaíodh lasmuigh den Stát agus den Ríocht Aontaithe agus a thugann, i dtuairim na Comhairle, leor-ráthaíocht go bhfuil aige an t-eolas agus an oilteacht is gá chun an mhíochaine, an mháinliacht agus an asaoideacht a chleachtadh go héifeachtúil agus gur ghnóthaigh sé an scrúdú iomchuí chun an chéim nó an dioplóma a deonaíodh mar a dúradh a fháil, agus

(ii) gur thug sé, ó fuair sé an chéim nó an dioplóma a deonaíodh mar a dúradh, seirbhís shásúil i gceapachán nó i gceapacháin de shórt a thugann, nó a thugann i dteannta a chéile, i dtuairim na Comhairle, taithí ar chleachtadh na míochaine agus na máinliachta, nó na míochaine, na máinliachta agus na hasaoideachta, nach lú réim ná mar is gá le haghaidh deimhniú faoi alt 3 den Acht seo nó go bhfuil taithí den sórt a dúradh faighte ar shlí eile aige.”

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht na Lia-Chleachtóirí, 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na Lia-Chleachtóirí, 1927 go 1961, a ghairm d'Achtanna na Lia-Chleachtóirí, 1927 go 1955, agus den Acht seo le chéile.