An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CÚIGIÚ SCEIDEAL Oiriúnuithe (maidir leis an gCúirt Chuarda agus a breithiúna) ar reachtanna Briotanacha áirithe a bhaineann le Cúirteanna Contae, Cúirteanna Seisiún Ceathrún agus breithiúna de na cúirteanna sin a bhí ann tráth) Ar Aghaidh (AN SEACHTÚ SCEIDEAL Cúirteanna do láthair agus cúirteanna comhréire a bunaíodh leis an bPríomh-Acht, agus breithiúna cúirteanna do láthair agus breithiúna comhréire cúirteanna a bunaíodh leis an bPríomh-Acht)

39 1961

ACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA), 1961

AN SÉÚ SCEIDEAL

Sannadh breithiúna den Chúirt Dúiche do dhúichí cúirte dúiche

Alt 32 (3).

Mínithe.

1. Sa Sceideal seo—

ciallaíonn “dúiche” dúiche chúirte dúiche;

ciallaíonn “breitheamh dúiche” breitheamh den Chúirt Dúiche, ach ní fholaíonn sé breitheamh dúiche sealadach;

ciallaíonn “breitheamh dúiche sealadach” duine arna cheapadh faoi alt 51 d'Acht 1936, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, chun gníomhú mar bhreitheamh dúiche.

Breithiúna dúiche a bhuansannadh do dhúichí.

2. (1) (a) Nuair a cheapfar duine ina bhreitheamh dúiche, ansin, faoi réir chlásal (b) den fhomhír seo, féadfaidh an Rialtas más cuí leo é, ar é a cheapadh amhlaidh, é a bhuansannadh do dhúiche áirithe.

(b) Más rud é, an tráth a cheapfar duine ina bhreitheamh dúiche, go mbeidh ceathrar breitheamh dúiche ann nach bhfuil buansannta do dhúichí áirithe, déanfaidh an Rialtas an duine sin a bhuansannadh do dhúiche áirithe.

(2) Mura ndéantar breitheamh dúiche a bhuansannadh do dhúiche áirithe ar é a cheapadh, féadfaidh an Rialtas tráth ar bith é a bhuansannadh do dhúiche áirithe.

(3) Aon bhreitheamh dúiche a bheidh buansannta do dhúiche áirithe féadfaidh an tAire, le toiliú an bhreithimh sin, é a aistriú chun dúiche eile agus, má aistrítear amhlaidh é, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé ar é a aistriú amhlaidh, buansannta don dúiche eile sin in ionad a bheith buansannta don dúiche chéadluaite sin.

(4) (a) Nuair a bheidh breitheamh dúiche buansannta do dhúiche áirithe, féadfaidh an Rialtas, ar é dá iarraidh sin, buansannadh an bhreithimh sin don dúiche sin a fhoirceannadh más cuí leo é.

(b) I gcás buansannadh breithimh dúiche a fhoirceannadh faoi chlásal (a) den fhomhír seo, féadfaidh an Rialtas tráth ar bith ina dhiaidh sin é a bhuansannadh do dhúiche áirithe.

Breithiúna dúiche agus breithiúna dúiche sealadacha a shannadh go sealadach do dhúichí.

3. (1) Aon bhreitheamh dúiche a bheidh buansannta do dhúiche áirithe, féadfaidh an tAire, le toiliú an bhreithimh sin, é a shannadh go sealadach ó am go ham do dhúiche eile, ach beidh an sannadh sealadach sin gan dochar d'é d'fheidhmiú agus do chomhlíonadh na bpribhléidí, na gcumhachtaí agus na ndualgas sin a bheidh bronnta nó curtha air le dlí de thuras na huaire maidir leis an dúiche a bhfuil sé buansannta di.

(2) Aon bhreitheamh dúiche nach mbeidh de thuras na huaire buansannta do dhúiche féadfaidh an tAire é a shannadh ó am go ham do dhúiche ar bith.

(3) Féadfaidh an tAire breitheamh dúiche sealadach a shannadh go sealadach ó am go ham do dhúiche ar bith.

(4) Nuair a dhéanfar duine a shannadh go sealadach do dhúiche faoi fhomhír (1), (2) nó (3) den mhír seo—

(a) i gcás breitheamh dúiche a bheith buansannta de thuras na huaire don dúiche sin—beidh ag an duine sin maidir leis an dúiche sin, fad a bheidh sé sannta go sealadach amhlaidh, agus i gcomhréim leis an mbreitheamh dúiche sin, na pribhléidí, na cumhachtaí agus na dualgais a bheidh de thuras na huaire bronnta nó curtha le dlí ar an mbreitheamh dúiche sin,

(b) in aon chás eile—beidh ag an duine sin maidir leis an dúiche sin, fad a bheidh sé sannta go sealadach amhlaidh, na pribhléidí, na cumhachtaí agus na dualgais uile a bheadh de thuras na huaire bronnta nó curtha air le dlí dá mba bhreitheamh dúiche é a buansannadh don dúiche sin.

(5) Féadfaidh an tAire tráth ar bith sannadh sealadach faoin mír seo a fhoirceannadh.

Breitheamh dúiche ag gníomhú i gcásanna áirithe do bhreitheamh dúiche eile atá buansannta do dhúiche.

4. (1) Aon uair a fheicfear d'Uachtarán na Cúirte Dúiche, ar bhreitheamh den Chúirt Dúiche atá buansannta do dhúiche áirithe do léiriú cáis dó, nach féidir leis an mbreitheamh sin déileáil go cuí le haon ábhar atá os a chomhair de bhrí go bhfuil leas pearsanta aige ann nó eolas pearsanta aige ar na fíorais nó ar na páirtithe de shaghas a d'fhéadfadh a bheith docharach do thriail an ábhair, féadfaidh Uachtarán na Cúirte Dúiche breitheamh eile den Chúirt Dúiche, a thoileoidh chuige sin, a ainmniú chun an t-ábhar sin a éisteacht agus a chinneadh sa dúiche sin agus, má dhéanann an tUachtarán amhlaidh, ansin féadfar an t-ábhar sin a éisteacht agus a chinneadh dá réir sin

(2) I gcás an breitheamh dúiche a bheidh buansannta do dhúiche (dá ngairtear an chéad bhreitheamh san fhomhír seo) a bheith breoite nó as láthair, féadfaidh breitheamh eile, le toiliú an Aire (i dteannta na pribhléidí, na cumhachtaí agus na dualgais a bheidh tugtha le dlí maidir leis an dúiche a bhfuil sé buansannta di a fheidhmiú agus a chomhlíonadh, má tá sé buansannta do dhúiche eile), na pribhléidí, na cumhachtaí agus na dualgais a bheidh de thuras na huaire bronnta nó curtha le dlí ar an gcéad bhreitheamh maidir leis an dúiche a mbeidh an chéad bhreitheamh buansannta di a fheidhmiú agus a chomhlíonadh le linn an chéad bhreitheamh sin a bheith breoite nó as láthair.

(3) Má iarrann breitheamh dúiche a bheidh buansannta do dhúiche áirithe (dá ngairtear an chéad bhreitheamh san fhomhír seo) ar bhreitheamh dúiche eile (dá ngairtear an dara breitheamh san fhomhír seo) gníomhú dó ar feadh tréimhse sonraithe (nach faide ná seacht lá), féadfaidh an dara breitheamh (i dteannta na pribhléidí, na cumhachtaí agus na dualgais a bheidh tugtha le dlí maidir leis an dúiche a bhfuil sé buansannta di a fheidhmiú agus a chomhlíonadh, má tá sé buansannta do dhúiche eile), na pribhléidí, na cumhachtaí agus na dualgais a bheidh de thuras na huaire bronnta nó curtha le dlí ar an gcéad bhreitheamh maidir leis an dúiche a mbeidh an chéad breitheamh buansannta di a fheidhmiú agus a chomhlíonadh ar feadh na tréimhse sin.