|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) | Ar Aghaidh (CUID III An Chúirt Chuarda) |
ACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA), 1961
[EN] | ||
[EN] |
CUID II An Chúirt Uachtarach, an Ard-Chúirt, an Príomh-Bhreitheamh, Uachtarán na hArd-Chúirte, an Phríomh-Chúirt Choiriúil agus an Chúirt Achomhairc Choiriúil | |
An Chúirt Uachtarach agus an Ard-Chúirt | ||
[EN] |
Líon na ngnáthbhreithiúna sa Chúirt Uachtarach agus san Ard-Chúirt. |
4. —(1) Ceathrar an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh sa Chúirt Uachtarach. |
[EN] | (2) Seisear ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh san Ard-Chúirt. | |
[EN] |
Cáilíochtaí breithiúna na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte. |
5. —(1) (a) Beidh an Príomh-Bhreitheamh do láthair cáilithe lena cheapadh ina Phríomh-Bhreitheamh agus, má bhíonn sé toilteanach oifig a ghlacadh, ní bheidh duine ar bith eile cáilithe lena cheapadh ina Phríomh-Bhreitheamh. |
[EN] | (b) Beidh Uachtarán na hArd-Chúirte do láthair cáilithe lena cheapadh mar Uachtarán na hArd-Chúirte agus, má bhíonn sé toilteanach oifig a ghlacadh, ní bheidh duine ar bith eile cáilithe lena cheapadh mar Uachtarán na hArd-Chúirte. | |
[EN] | (c) Beidh gach duine de na daoine is gnáth-bhreithiúna den Chúirt Uachtarach do láthair díreach roimh an dáta feidhme cáilithe lena cheapadh ina ghnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach agus, má bhíonn agus fad a bheidh duine nó níos mó de na daoine sin ann atá toilteanach oifig a ghlacadh agus gan a bheith ceaptha, ní bheidh duine ar bith eile cáilithe lena cheapadh ina ghnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach. | |
[EN] | (d) Beidh gach duine de na daoine is gnáth-bhreithiúna den Ard-Chúirt do láthair díreach roimh an dáta feidhme cáilithe lena cheapadh ina ghnáthbhreitheamh den Ard-Chúirt agus, má bhíonn agus fad a bheidh duine nó níos mó de na daoine sin ann atá toilteanach oifig a ghlacadh agus gan a bheith ceaptha, ní bheidh duine ar bith eile cáilithe lena cheapadh ina ghnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt. | |
[EN] | (e) Ní bhaineann míreanna (a), (b), (c) agus (d) den fho-alt seo ach amháin le cáilíocht na gcéadbhreithiúna den Chúirt Uachtarach agus den Ard-Chúirt lena gceapadh. | |
[EN] | (f) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2), (3), (4) agus (5) den alt seo faoi réir na míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo. | |
[EN] | (2) (a) Beidh duine atá de thuras na huaire ina abhcóide cleachtach agus seasamh dhá bhliain déag ar a laghad ag an mBarra aige cáilithe lena cheapadh ina bhreitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt. | |
[EN] | (b) Chun críocha mhír (a) den fho-alt seo, measfar gur cleachtadh ag an mBarra seirbhís mar bhreitheamh den Chúirt Chuarda do láthair nó den Chúirt Chuarda. | |
[EN] | (3) Beidh gnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach cáilithe lena cheapadh mar Uachtarán na hArd-Chúirte nó ina Phríomh-Bhreitheamh. | |
[EN] | (4) Beidh Uachtarán na hArd-Chúirte cáilithe lena cheapadh ina ghnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach nó ina Phríomh-Bhreitheamh. | |
[EN] | (5) Beidh gnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt cáilithe lena cheapadh ina ghnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach nó mar Uachtarán na hArd-Chúirte nó ina Phríomh-Bhreitheamh. | |
[EN] |
Pinsin bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte. |
6. —(1) Bainfidh na forálacha atá leagtha amach i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le pinsin bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte. |
[EN] | (2) Má chuirtear breitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt as oifig toisc é a bheith ar míthreoir, measfar chun críche pinsin go bhfuil scartha aige lena oifig mar gheall ar easláinte bhuan. | |
[EN] |
Dlínse ghinearálta na Cúirte Uachtaraí. |
7. —(1) Is uaschúirt taifid an Chúirt Uachtarach agus beidh dlínse achomhairc agus dlínse eile aici mar a ordaítear leis an mBunreacht. |
[EN] | (2) Beidh ag an gCúirt Uachtarach— | |
[EN] | (a) an dlínse uile a bhí, díreach roimh thosach feidhme Chuid I d'Acht 1924, dílsithe don Chúirt Achomhairc a bhí tráth i nDeisceart Éireann nó d'aon bhreitheamh nó bhreithiúna den Chúirt sin nó inoibrithe ag an gCúirt sin nó ag aon bhreitheamh nó breithiúna di agus a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, dílsithe don Chúirt Uachtarach do láthair nó inoibrithe aici, | |
[EN] | (b) an dlínse uile a bhí, de bhua aon achtacháin a chuirtear chun feidhme le halt 48 den Acht seo, dílsithe don Chúirt Uachtarach do láthair nó inoibrithe aici, díreach roimh an dáta feidhme. | |
[EN] | (3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, déanfar achomharc nó ábhar eile is intriailte ag an gCúirt Uachtarach a éisteacht agus a chinneadh ag cúigear breitheamh den Chúirt Uachtarach, ar a n-áirítear breithiúna is breithiúna breise den Chúirt Uachtarach de bhua fho-alt (3) nó (4) d'alt 1 den Phríomh-Acht. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh nó, má bhíonn sé as láthair, an gnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach is sínsearaí dá mbeidh ar fáil de thuras na huaire a chinneadh go mbeidh achomharc chun na Cúirte Uachtaraí nó ábhar eile is intriailte aici, nach ábhar is intriailte amhlaidh faoi Airteagal 12 nó Airteagal 26 den Bhunreacht ná ceist i dtaobh bail a bheith nó gan bheith ar aon dlí áirithe ag féachaint d'fhorálacha an Bhunreachta, le héisteacht agus le cinneadh ag triúr breitheamh agus, má chinntear amhlaidh, déanfar an t-achomharc nó an t-ábhar lena mbaineann an cinneadh a éisteacht agus a chinneadh ag triúr breitheamh den Chúirt Uachtarach, ar a n-áirítear breithiúna is breithiúna breise den Chúirt Uachtarach de bhua fho-alt (3) nó (4) d'alt 1 den Phríomh-Acht. | |
[EN] |
Dlínse ghinearálta na hArd-Chúirte. |
8. —(1) Is uaschúirt taifid an Chúirt Uachtarach agus beidh dlínse achomhairc agus dlínse eile aici mar a ordaítear leis an mBunreacht. |
[EN] | (2) Beidh ag an Ard-Chúirt— | |
[EN] | (a) an dlínse uile a bhí, díreach roimh thosach feidhme Chuid I d'Acht 1924, dílsithe don Chúirt Achomhairc a bhí tráth i nDeisceart Éireann nó d'aon roinn nó breitheamh den Chúirt sin nó inoibrithe ag an gCúirt sin nó ag aon roinn nó breitheamh di agus a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, dílsithe don Ard-Chúirt do láthair nó inoibrithe aici, díreach roimh an dáta feidhme. | |
[EN] | (b) an dlínse uile a bhí, de bhua aon achtachán a chuirtear chun feidhme le halt 48 den Acht seo, dílsithe don Ard-Chúirt do láthair nó inoibrithe aici, díreach roimh an dáta feidhme. | |
[EN] | (3) Folóidh na dlínsí a dhílsítear don Ard-Chuirt gach cumhacht, dualgas agus údarás a ghabhann le haon chuid agus le gach cuid de na dlínsí a dhílsítear amhlaidh. | |
[EN] |
Dlínse na nArd-Chúirte maidir le hábhair ghealtachta agus le hábhair i ndáil le mionaoisigh. 1871, c. 22. 1871, c. 22. |
9. —(1) Beidh ag an Ard-Chúirt an dlínse maidir le gealtacht agus le hábhair i ndáil le mionaoisigh— |
[EN] | (a) a bhí á hoibriú tráth ag Tiarna Seansailéara na hÉireann, | |
[EN] | (b) a bhí, ar dháta Acht 1924 a rith, á hoibriú ag Tiarna Príomh-Ghiúistís na hÉireann, agus | |
[EN] | (c) a bhí, de bhua fho-alt (1) d'alt 19 d'Acht 1924 agus fho-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1936, dílsithe, díreach roimh an dáta feidhme, don Ard-Chúirt do láthair. | |
[EN] | (2) Beidh an dlínse a dhílsítear don Ard-Chúirt le fo-alt (1) den alt seo inoibrithe ag Uachtarán na hArd-Chúirte nó, má ordaíonn Uachtarán na hArd-Chúirte amhlaidh, ag gnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt a bheidh sannta de thuras na huaire chuige sin ag Uachtarán na hArd-Chúirte. | |
[EN] | (3) Déanfar tagairtí san Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871, agus sna rialacha agus sna horduithe a rinneadh faoin Acht sin do “the Lord Chancellor entrusted as aforesaid” a fhorléiriú mar thagairtí don bhreitheamh den Ard-Chúirt a bheidh de thuras na huaire ag oibriú na dlínse a dhílsítear don Ard-Chúirt le fo-alt (1) den alt seo. | |
[EN] | (4) (a) Féadfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte nó cibé Breitheamh eile den Ard-Chúirt a bheidh sannta aige faoi fho-alt (2) den alt seo leasú a dhéanamh ó am go ham, le hordú arna dhéanamh faoi alt 118 den Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871, ar aon fhoirm a ordaíodh leis an Acht sin nó faoi lena húsáid maidir leis an dlínse in ábhair ghealtachta a dhílsítear don Ard-Chúirt le fo-alt (1) den alt seo tríd an abairt “ward of court” nó cibé abairt eile dá samhail is dóigh leis is ceart a chur in ionad an fhocail “lunatic” agus na habairte “person of unsound mind” faoi seach agus trí cibé leasuithe iarmartacha eile a dhéanamh san fhoirm sin is dóigh leis is gá agus is cuí. | |
[EN] | (b) Aon ordú a rinneadh faoi alt 4 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 , arna leasú le mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 9 d'Acht 1936, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, leanfaidh sé i bhfeidhm agus measfar gur faoi mhír (a) den fho-alt seo a rinneadh é. | |
[EN] | (5) Na haturnaetha, na dochtúirí, na fiosraitheoirí agus na daoine eile sin a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, faoi áirithiú nó ainmnithe maidir le hoibriú aon dlínse a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, dílsithe don Ard-Chúirt do láthair, de bhua fho-alt (1) d'alt 19 d'Acht 1924 agus fho-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1936, áiritheoidh nó ainmneoidh Uachtarán na hArd-Chúirte iad agus beidh alt 59 d'Acht 1926, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, gan feidhm maidir leo. | |
[EN] | An Príomh-Bhreitheamh agus Uachtarán na hArd-Chúirte | |
[EN] |
Dlínse an Phríomh-Bhreithimh agus Uachtarán na hArd-Chúirte. |
10. —(1) Beidh inoibrithe ag an bPríomh-Bhreitheamh— |
[EN] | (a) an dlínse maidir le haturnaetha a bhí, de bhua fho-alt (2) d'alt 19 d'Acht 1924, agus fho-alt (3) d'alt 14 den Acht Aturnaetha, 1954, dílsithe, díreach roimh an dáta feidhme, don Phríomh-Bhreitheamh do láthair nó inoibrithe aige, | |
[EN] | (b) cumhacht cheaptha nótairí poiblí agus coimisinéirí chun daoine a chur faoi mhionn, | |
[EN] | (c) an dlínse uile a bhí, de bhua aon achtacháin a chuirtear chun feidhme le halt 48 den Acht seo, dílsithe don Phríomh-Bhreitheamh do láthair nó inoibrithe aige, díreach roimh an dáta feidhme. | |
[EN] | (2) Aon uair nach mbeidh ar chumas an Phríomh-Bhreithimh de dheasca breoiteachta nó ar chúis ar bith eile gnó a oifige a dhéanamh, is é Uachtarán na hArd-Chúirte a oibreoidh nó a chomhlíonfaidh na dlínsí, na cumhachtaí, na húdaráis agus na feidhmeanna uile a bheidh dílsithe don Phríomh-Bhreitheamh de thuras na huaire de bhua a oifige nó, i gcás nach mbeidh ar chumas Uachtarán na hArd-Chúirte de dheasca breoiteachta nó ar chúis ar bith eile na dlínsí, na cumhachtaí, na húdaráis agus na feidhmeanna sin a oibriú nó a chomhlíonadh, is é an gnáthbhreitheamh den Chúirt Uachtarach is sinsearaí dá mbeidh ar fáil de thuras na huaire a oibreoidh agus a chomhlíonfaidh iad. | |
[EN] | (3) Is é feidhm Uachtarán na hArd-Chúirte é nó, mura mbíonn sé ar fáil, an bhreithimh den Ard-Chúirt is sinsearaí dá mbeidh ar fáil de thuras na huaire, gnó na hArd-Chúirte a roinnt agus a dháileadh. | |
[EN] | (4) Más é tuairim an Phríomh-Bhreithimh go ndearna breitheamh den Chúirt Dúiche é féin a iompar ar chuma a tharraingeodh míchliú ar riaradh an cheartais, féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh an breitheamh a agallamh go príobháideach agus an tuairim sin a chur in iúl dó. | |
[EN] | (5) Beidh inoibrithe ag Uachtarán na hArd-Chúirte an dlínse uile a bhí, de bhua aon achtacháin a chuirtear chun feidhme le halt 48 den Acht seo, dílsithe d'Uachtarán na hArd-Chúirte do láthair nó inoibrithe aige, díreach roimh an dáta feidhme. | |
An Phríomh-Chúirt Choiriúil | ||
[EN] |
An Príomh-Chúirt Choiriúil. |
11. —(1) An Phríomh-Chúirt Choiriúil (The Central Criminal Court) a ghairfear den Ard-Chúirt agus í ag oibriú na dlínse coiriúla a dhílsítear di agus san Acht seo tugtar an Phríomh-Chúirt Choiriúil uirthi. |
[EN] | (2) (a) Is ag breitheamh nó breithiúna den Ard-Chúirt (lena n-áirítear Uachtarán na hArd-Chúirte) a ainmneoidh Uachtarán na hArd-Chúirte ó am go ham is inoibrithe an dlínse is inoibrithe ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil. | |
[EN] | (b) Beidh dlínse na Cúirte inoibrithe ag gach breitheamh a bheidh ainmnithe amhlaidh de thuras na huaire ach, má ordaíonn Uachtarán na hArd-Chúirte go suífidh beirt bhreitheamh nó níos mó den sórt sin le chéile chun críocha cáis áirithe, is ag na breithiúna sin ina suí le chéile a oibreofar dlínse na Cúirte chun na críche sin. | |
[EN] | (3) Gach duine a thabharfar go dleathach i láthair na Príomh-Chúirte Coiriúla féadfar é a dhíotáil i láthair na Cúirte sin agus féadfaidh an Chúirt sin é a thriail agus pianbhreith a chur air, cibé áit a mbeidh sí ina suí, ar gach bealach ionann is dá mba sa chontae nó sa chontae-bhuirg ina mbeidh an Chúirt sin ina suí a rinneadh an cion ina gcúisítear an duine sin. | |
[EN] | (4) Déanfar tagairtí in aon achtachán eile (cibé acu roimh an Acht seo a ritheadh nó dá éis sin a rithfear é) don Phríomh-Chúirt Choiriúil a fhorléiriú mar thagairtí don Ard-Chúirt agus í ag oibriú na dlínse coiriúla a dhílsítear di. | |
An Chúirt Achomhairc Choiriúil | ||
[EN] |
Dlínse na Cúirte Achomhairc Choiriúil. |
12. —(1) Is uaschúirt taifid an Chúirt Achomhairc Choiriúil agus, chun críocha an Achta seo agus faoi réir na n-achtachán a chuirtear chun feidhme le halt 48 den Acht seo, beidh cumhacht iomlán aici aon cheisteanna a chinneadh is gá a chinneadh chun ceartas a dhéanamh sa chás a bheidh ina láthair. |
[EN] | (2) Beidh ag an gCúirt Achomhairc Choiriúil an dlínse uile a bhí, de bhua aon achtacháin a chuirtear chun feidhme le halt 48 den Acht seo, dílsithe don Chúirt Achomhairc Choiriúil do láthair nó inoibrithe aici, díreach roimh an dáta feidhme. | |
[EN] | (3) I bhfo-alt (2) d'alt 44 den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939 , déanfar an tagairt d'alt 30 d'Acht 1924 a fhorléiriú mar thagairt d'fho-alt (1) den alt seo. | |
[EN] | Cuarda na hArd-Chúirte | |
[EN] |
Cuarda na hArd-Chúirte. |
13. —Leanfaidh grúpáil na gcontaetha agus na gcontae-bhuirgí éagsúla (seachas contae Bhaile Átha Cliath agus contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath) sa Stát ina gCuarda Ard-Chúirte faoi fho-alt (1) (a aisghairtear leis an Acht seo) d'alt 33 d'Acht 1936 d'éifeacht a bheith aige, faoi réir aon ordaithe a dhéanfar faoi fho-alt (2) den alt sin 33, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, agus forléireofar dá réir sin aon tagairtí in aon achtachán do Chuarda Ard-Chúirte. |
Oibriú Dlínse | ||
[EN] |
Dlínse a bheith le hoibriú de bhun rialacha cúirte (an Chúirt Uachtarach, an Ard-Chúirt, an Príomh-Bhreitheamh, Uachtarán na hArd-Chúirte, an Phríomh-Chúirt Choiriúil agus an Chúirt Achomhairc Choiriúil). |
14. —(1) San alt seo ciallaíonn “rialacha cúirte” rialacha arna ndéanamh faoi alt 36 d'Acht 1924, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo. |
[EN] | (2) An dlínse a dhílsítear don Chúirt Uachtarach, don Ard-Chúirt, don Phríomh-Bhreitheamh, d'Uachtarán na hArd-Chúirte, don Phríomh-Chúirt Choiriúil agus don Chúirt Achomhairc Choiriúil faoi seach, nó is inoibrithe acu sin faoi seach, de bhua an Achta seo, oibreofar í, chomh fada agus a bhaineann le pléadáil, cleachtas agus nós imeachta i gcoitinne, lena n-áirítear dliteanas i leith costas, sa tslí a fhoráiltear le rialacha cúirte agus, mura bhfuil aon fhoráil sna rialacha sin agus fad nach mbeidh aon riail ann ina thaobh, oibreofar í chomh dlúth agus is féidir é leis an modh ina bhféadfaí í a oibriú ag na cúirteanna nó na breithiúna do láthair faoi seach a raibh an dlínse sin inoibrithe acu faoi seach díreach roimh an dáta feidhme. | |
[EN] | (3) Féadfaidh rialacha cúirte, maidir le himeachtaí agus ábhair (nach imeachtaí ná ábhair choiriúla ná ábhair a bhaineann le saoirse an duine) san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Uachtarach a údarú do Mháistir na hArd-Chúirte agus do phríomh-oifigigh eile, de réir bhrí na nAchtanna Oifigeach Cúirte, 1926 go 1951, feidhmeanna, cumhachtaí agus dlínse a oibriú i gcásanna neamhchonspóidithe agus cuntais a ghlacadh, fiosrúcháin a dhéanamh agus orduithe de chineál idirbhreitheach a dhéanamh. |