An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Leasú ar an Acht um Aer-Loingseoireacht Agus Aer-Iompar, 1936) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear)

41 1961

AN tACHT UM DHLITEANAS SIBHIALTA, 1961

CUID VII

Ilghnéitheach

An riail faoin gcaoi dheireanach a chur ar neamhní.

56. —Chun críocha fho-alt (1) d'alt 34 agus fho-alt (1) d'alt 46, más rud é i gcás duine ar bith—

(a) go raibh caoi aige iarmairtí gnímh aon duine eile a sheachaint ach, le faillí nó míchúram, nach ndearna sé é sin, nó

(b) go bhféadfadh sé na hiarmairtí sin a sheachaint trí chúram a ghlacadh, nó

(c) go bhféadfadh sé na hiarmairtí sin a sheachaint mura mbeadh faillí agus easpa cúraim dá chuid roimh ré,

ní bheidh sin, ann féin, ina fhoras lena chinneadh nach é gníomh an duine eile sin ba chúis leis an damáiste.

Deireadh le cosaintí.

57. —(1) Ní cosaint é i gcaingean toirt a shuíomh go bhfuil sárú ar an dlí sibhialta nó ar an dlí coiriúil déanta ag an ngearánaí agus é sin amháin a shuíomh.

(2) Ní cosaint i gcaingean mar gheall ar shárú dualgais reachtúil a shuíomh go ndearna an cosantóir comhlíonadh an dualgais a tharmligean chun an ghearánaí agus é sin amháin a shuíomh.

Eagóracha ar leanbh neamhshaolaithe.

58. —D'fhonn amhras a sheachaint dearbhaítear leis seo go mbeidh feidhm ag an dlí a bhaineann le héagóracha i gcás linbh neamhshaolaithe chun an leanbh sin a chosaint ionann is dá mbeadh an leanbh saolaithe, ar choinníoll go saolófar an leanbh ina bheatha ina dhiaidh sin.

Dliteanas an Aire Airgeadais mar gheall ar fheithicil inneallghluaiste a úsáid go faillíoch.

59. —(1) I gcás éagóir a dhéanamh trí úsáid feithicle inneallghluaiste leis an Stát, beidh an tAire Airgeadais faoi dhliteanas i leith caingne mar gheall ar dhamáistí de dheasca damáiste a tháinig den éagóir ionann is dá mba é an tAire Airgeadais úinéir na feithicle agus, chun críocha an dliteanais sin, measfar an duine a d'úsáid an fheithicil a bheith ina sheirbhíseach ag an Aire Airgeadais sa mhéid go raibh an duine sin ag gníomhú i gcúrsa a dhualgais nó a fhostaíochta.

(2) Féadfar imeachtaí a thionscnamh i gcoinne an Aire Airgeadais de bhua an ailt seo gan fiat an Ard-Aighne a fháil.

(3) Ní oibreoidh aon ní n alt seo chun aon duine a shaoradh ó dhliteanas i leith damáis a thiocfaidh dá éagóir féin.

(4) Chun críocha an ailt seo, measfar maidir le feithicil inneallghluaiste nach leis an Stát, gur feithicil inneallghluaiste leis an Stát í—

(a) le linn a húsáidte agus í faoi urghabháil ag duine i seirbhís an Stáit i gcúrsa a dhualgais nó a fhostaíochta, nó

(b) le linn a húsáidte ag comhalta den Gharda Síochána nó ag oifigeach d'aon Aire chun an fheithicil a thástáil, a aistriú nó a lonnú de bhun an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , nó aon rialacháin faoin Acht sin.

(5) San alt seo—

ciallaíonn “feithicil inneallghluaiste” feithicil atá beartaithe nó oiriúnaithe chun a gluaiste le córacha meicniúla, lena n-áirítear—

(a) rothar nó trírothach, le gabhálas chun é a ghluaiseacht le cumhacht mheicniúil, cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar an gabhálas a úsáid,

(b) feithicil a ghluaistear le córacha leictreacha nó le córacha idir leictreach agus mheicniúil;

folaíonn “úsáid” coinneáil ina seasamh nó fágáil ina seasamh.

Dliteanas ar údarás bóithre toisc gan bóthar poiblí a chothabháil.

60. —(1) Beidh údarás bóithre faoi dhliteanas mar gheall ar dhamáiste a tharlóidh toisc nach ndearna siad bóthar poiblí a chothabháil go leordhóthanach.

(2) In imeachtaí faoin alt seo, is cosaint don údarás bóithre a chruthú—

(a) gur thug siad leor-rabhadh go raibh an bóthar ina chontúirt do thrácht, nó

(b) gur ghlac siad cúram réasúnach chun a áirithiú nach mbeadh an bóthar ina chontúirt do thrácht, nó

(c) nach raibh caoi réasúnach acu an rabhadh sin a thabhairt nó an cúram sin a ghlacadh, nó

(d) gur de dheasca éagóra a rinne aon duine eile seachas an t-údarás bóithre a tharla an damáiste.

(3) Nuair a bheifear á chinneadh an raibh bóthar á chothabháil go leordhóthanach, tabharfar aird shonrach ar na nithe seo a leanas—

(a) déanamh an bhóthair agus an caighdeán cothabhála ab iomchuí do bhóthar den déanamh sin,

(b) an trácht a bhíonn ar an mbóthar,

(c) an riocht a mbeadh súil ag duine réasúnach a bheith ar an mbóthar sin.

(4) Nuair a bheifear á chinneadh an raibh caoi réasúnach ag údarás bóithre rabhadh a thabhairt go raibh an bóthar ina chontúirt do thrácht nó ar ghlac siad cúram réasúnach chun a áirithiú nach raibh bóthar ina chontúirt do thrácht, tabharfar aird ar an gcaighdeán maoirseachta ba réasúnach do bhóthar dá leithéid.

(5) San alt seo—

ciallaíonn “údarás bóithre” comhairle contae, bardas contaebhuirge nó buirge eile agus comhairle cheantair uirbigh;

ciallaíonn “bóthar poiblí” bóthar ar údarás bóithre atá freagrach ina chothabháil agus folaíonn sé aon droichead, píopa, áirse, lintéar, cosán, pábháil, fál, ráille nó balla is cuid den bhóthar sin agus arb é an t-údarás bóithre atá freagrach ina chothabháil.

(6) Ní bhainfidh an t-alt seo le damáiste de dheasca teagmhas a tharla roimh dháta an ailt seo a theacht i ngníomh.

(7) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá, nach luaithe ná an 1ú lá d'Aibreán, 1967, a shocrófar chuige sin le hordú ón Rialtas.

Eilimh ar dhamáistí nó ar ranníoc i bhféimheacht a chruthú.

61. —(1) D'ainneoin aon achtachán eile nó aon riail dlí, beidh éileamh ar dhamáistí nó ar ranníoc mar gheall ar éagóir inchruthaithe i bhféimheacht más rud é gur roimh thráth na féimheachta a rinneadh an éagóir as ar tháinig an dliteanas i leith damáistí nó an ceart chun ranníoca.

(2) I gcás nach ndearnadh agus nach bhféadfar na damáistí nó an ranníoc a leachtú nó a chinntiú ar aon bhealach eile, féadfaidh an chúirt cibé ordú is cuí léi a dhéanamh chun na damáistí nó an ranníoc a mheasúnú, agus beidh an tsuim arna measúnú amhlaidh inchruthaithe ionann is dá mba fhiach í a bhí dlite tráth na féimheachta.

(3) I gcás éileamh ar ranníoc nó i leith fiach breithiúnais le haghaidh ranníoca a bheith inchruthaithe i bhféimheacht, ní ghlacfar le haon chruthúnas den sórt sin ach amháin sa mhéid gur íoc an t-éilitheoir fiach nó damáistí an duine dhíobháilte, mura rud é nach dtugann an duine díobháilte cruthú maidir leis an éagóir nó leis an bhfiach.

Usáid airgid is iníoctha faoi pholasaithe árachais áirithe.

62. —I gcás duine (dá ngairtear an duine árachaithe anseo feasta) a bhain amach polasaí árachais i leith dliteanais mar gheall ar éagóir, más duine aonair é, a theacht chun bheith ina fhéimheach nó d'fháil bháis nó, más comhlacht corpraithe é, a fhoirceannadh nó, más comhpháirtíocht nó comhlachas neamhchorpraithe eile é, a dhíscaoileadh, ní bheidh airgead is iníoctha leis an duine árachaithe faoin bpolasaí inúsáidte ach amháin ag glanadh go hiomlán gach éilimh bhailí i gcoinne an duine árachaithe a bhfuil an t-airgead sin iníoctha ina leith, agus ní sócmhainní leis an duine árachaithe aon chuid den airgead sin ná ní bheidh sé inúsáidte ag íoc fiacha an duine árachaithe (seachas na héilimh sin) san fhéimheacht nó i riaradh eastáit an duine árachaithe nó san fhoirceannadh nó sa díscaoileadh, agus ní bheidh aon éileamh den sórt sin inchruthaithe san fhéimheacht, sa riaracháin, san fhoirceannadh ná sa díscaoileadh.

Costais i gcaingne áirithe inar naí an gearánaí.

63. —(1) I gcás ina ndearna an cosantóir suim airgid a thaisceadh sa chúirt i gcaingean mar gheall ar éagóir inar naí an gearánaí, féadfaidh an gearánaí iarratas a dhéanamh chun an bhreithimh á iarraidh air a chinneadh ar chóir ghlacadh leis an tsuim airgid sin nó ar chóir an chaingean a dhul chun trialach agus—

(a) más rud é, ar aon iarratas den sórt sin, go gcinnfidh an breitheamh gur cóir an chaingean a dhul chun trialach, agus

(b) go ndámhfar suim mar dhamáistí don ghearánaí nach mó ná an tsuim a taisceadh amhlaidh,

ansin, d'ainneoin aon riail chúirte nó aon chleachtais dá mhalairt, beidh na costais sa chaingean faoi rogha an bhreithimh.

(2) Beidh ábhar achomhairc ann i gcoinne ordú an bhreithimh maidir leis na costais sa chaingean sin.