An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Locht Comhthráthach) Ar Aghaidh (Caibidil III Faillí rannpháirteach)

41 1961

AN tACHT UM DHLITEANAS SIBHIALTA, 1961

Caibidil II

Ranníoc idir éagóiritheoirí comhthráthacha

Ranníoc i leith damáistí.

21. —(1) Faoi réir fhorálacha na Coda seo, féadfaidh éagóiritheoir comhthráthach (dá ngairtear an t-éilitheoir chun na críche seo) ranníoc a ghnóthú ó aon éagóiritheoir eile atá, nó a bheadh dá n-agrófaí é tráth na héagóra, faoi dhliteanas i leith an damáiste chéanna (dá ngairtear an ranníocóir chun na críche seo), sa tslí, áfach, nach mbeidh aon duine i dteideal ranníoc a ghnóthú faoin gCuid seo ó aon duine a bheidh i dteideal a shlánaithe aige i leith an dliteanas a mbeidh an ranníoc á lorg ina leith.

(2) In aon imeachtaí le haghaidh ranníoca faoin gCuid seo, is é a bheidh sa ranníoc is inghnóthaithe ó aon ranníocóir cibé suim a chinnfidh an chúirt a bheith cóir cothromasach ag féachaint do chéimse éagóra an ranníocóra sin, agus beidh de chumhacht ag an gcúirt duine ar bith a dhíolmhadh ó dhliteanas chun ranníoc a dhéanamh nó a ordú gurb ionann agus slánaíocht iomlán an ranníoc a bheidh le gnóthú ó aon ranníocóir.

Ranníoc a éileoidh tortóir a rinne socraíocht.

22. —(1) I gcás ina ndearna an t-éilitheoir socraíocht leis an duine díobháilte ar chuma gur urchoisceadh éileamh an duine dhíobháilte i gcoinne na n-éagóiritheoirí comhthráthacha eile, féadfaidh an t-éilitheoir ranníoc a ghnóthú sa tslí chéanna ina ndéanfadh dá mba rud é gur tugadh breithiúnas i leith damáistí ina choinne, má shásaíonn sé an chúirt go raibh méid na socraíochta réasúnach; agus, má chinneann an chúirt go raibh méid na socraíochta iomarcach, féadfaidh sí a shocrú cad é an méid ar ar chóir an t-éileamh a shocrú.

(2) Má rinne an t-éilitheoir socraíocht leis an duine díobháilte gan urchosc a chur ar éileamh an duine dhíobháilte i gcoinne na n-éagóiritheoirí comhthráthacha eile nó má d'íoc sé leis an duine díobháilte suim mar gheall ar a dhamáistí, beidh ag an éilitheoir an ceart céanna ranníoca a dúradh, agus chun na críche sin déanfar íoc comaoine réasúnaí i leith scaoileadh nó comhaontú a áireamh mar íoc damáistí a mbeidh an t-éilitheoir faoi dhliteanas ina leith ag an duine díobháilte: ach beidh de cheart ag an ranníocóir aisíoc na suime uile nó cuid den tsuim a bheidh íoctha amhlaidh a éileamh má chuirtear iallach ina dhiaidh sin ar an ranníocóir sin suim a íoc mar shocraíocht ar a dhliteanas féin i leith an duine dhíobháilte agus go dtabharfaidh na himthosca go mbeidh sé cóir cothromasach aisíoc a dhéanamh.

Breithiú na ranníoca a chur i bhfeidhm.

23. —(1) I gcás ina ndéanfar, de réir fhorálacha na Coda seo, breithiúnas ranníoca a thabhairt i leith damáistí a bhfuil nó a raibh an t-éilitheoir faoi dhliteanas ina leith ag an duine díobháilte, ní eiseofar forghníomhú ar an mbreithiúnas sin go dtí go mbeidh an t-éilitheoir ar ina fhabhar a tugadh é tar éis sásamh a thabhairt roimh an mbreithiúnas sin nó ina dhiaidh sna damáistí go léir nó i gcuid de na damáistí a mbeidh sé faoi dhliteanas ina leith ag an duine díobháilte, agus ansin ní eiseoidh an forghníomhú ach amháin i leith an mhéid a bheidh sa tsuim a d'íoc sé de bhreis ar a chionúireacht chóir den méid áirithe sin, mar a chinnfidh an chúirt an chionúireacht sin de réir na Coda seo.

(2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo, féadfar forghníomhú a eisiúint ar an mbreithiúnas sin mar a dúradh tar éis don éilitheoir ar ina fhabhar a tugadh é sásamh a thabhairt ina chionúireacht chóir de na damáistí a mbeidh sé faoi dhliteanas ina leith ag an duine díobháilte, ar choinníoll sa chás sin go ndéanfaidh an chúirt foráil, trí ghealltanas pearsanta a fháil ó aturnae an éilitheora nó ar shlí eile, chun an tsuim a gheofar faoin mbreithiúnas sin a chur chun feidhme le haghaidh sásaimh sna damáistí a bheidh dlite don duine díobháilte.

(3) San alt seo ciallaíonn “damáistí a mbeidh sé faoi dhliteanas ina leith ag an duine díobháilte” damáistí a mbeidh an t-éilitheoir faoi dhliteanas ina leith an tráth a thabharfar sásamh don duine díobháilte nó dá ionadaithe nó dá shannaithe dleathacha.

(4) Má thugann an t-éilitheoir íocaíocht i leith damáistí tráth a bheidh cúis chaingne an duine dhíobháilte i gcoinne an éilitheora faoi urchosc ag Reacht na dTréimhsí nó ag aon achtachán cinnteachta eile, ní bhunóidh sé sin éileamh chun forghníomhú a thobhach faoi bhreithiúnas ranníoca: ach bunóidh íocaíocht den sórt sin éileamh den sórt sin más rud é, tráth a déanta, nach raibh cúis chaingne an duine dhíobháilte i gcoinne an ranníocóra faoi urchosc.

Ranníoc i leith costas.

24. —Féadfar breithiúnas ranníoca a thabhairt i leith costas is iníoctha leis an duine díobháilte nó costas faoina ndeachaigh an t-éilitheoir: ach, i gcás inar agair an duine díobháilte an t-éilitheoir agus an ranníocóir i dteannta a chéile agus gur ghnóthaigh sé breithiúnas costas ina gcoinne araon, beidh feidhm ag forálacha alt 23, ach an focal “costais” a chur in ionad an fhocail “damáistí” gach áit a bhfuil sé san alt sin.

Eagóiritheoir amháin a bheith gan áireamh san éileamh ar ranníoc; ranníoc i leith ranníoca.

25. —Más rud é, as tríúr éagóiritheoirí comhthráthacha nó níos mó, go bhfágfar duine acu gan áireamh san éileamh ar ranníoc, dámhfar ranníoc don éilitheoir ar an bhforas go mbeidh freagracht sa damáiste le bheith ar an éilitheoir agus ar an ranníocóir nó na ranníocóirí gan aird a thabhairt ar fhreagracht an éagóiritheora a fágadh gan áireamh, agus, i gcás den sórt sin, féadfaidh éilitheoir a méadófar an glan-dliteanas a bheidh fágtha air, nó féadfaidh ranníocóir a méadófar a ranníoc de bhrí nár tugadh breithiúnas i gcoinne an éagóiritheora a fágadh gan áireamh, ranníoc a éileamh ar an éagóiritheoir sin a fágadh gan áireamh de réir fhorálacha na Coda seo: ach, i gcás ina ndéanfaidh ranníocóir an t-éileamh sin is déanaí a luaitear i leith a dhliteanais féin chun ranníoc a dhéanamh agus go dtabharfar breithiúnas i bhfabhar an ranníocóra sin, ní eiseofar forghníomhú ar an mbreithiúnas sin—

(a) ach amháin de réir fhorálacha alt 23, agus “ranníoc” a chur in ionad “damáistí” agus “éilitheoir bunaidh ar ranníoc” in ionad “duine díobháilte” gach áit a bhfuil siad sin san alt sin agus é a bheith le tuiscint go gciallaíonn “cionúireacht chóir” san alt sin, chun na críche sin, cionúireacht chóir amhail idir an ranníocóir arb ina fhabhar a thugtar breithiúnas ranníoca anois agus an t-éagóiritheoir ar ina choinne a thugtar an breithiúnas sin, agus in aon chás

(b) le haghaidh méid is mó ná an tsuim a bheidh, ar í a chur leis an méid (más ann) a bheidh dlite fós don duine díobháilte, comhionann le cionúireacht chóir na ndamáistí is iníoctha ag an éagóiritheoir ar ina choinne a thabharfar an breithiúnas sin.

Ranníoc i gcás ina dtabharfar maoin ar ais dá búinéir.

26. —Chun críche éilimh ar ranníoc—

(a) measfar duine a thabharfaidh maoin ar ais dá fíor-úinéir a bheith ina éagóiritheoir comhthráthach i dteannta éagóiritheora trínar éiligh sé an mhaoin ar dtús agus ba éagóiritheoir maidir léi i leith an fhíor-úinéara, agus

(b) i gcás maoin a thabhairt ar ais amhlaidh, measfar, amhail i gcoinne an éagóiritheora sin, gurb ionann é agus damáistí a íoc sa mhéid is fiú an mhaoin.

An nós imeachta chun ranníoc a éileamh

27. —(1) Aon éagóiritheoir comhthráthach a agrófar le haghaidh damáistí nó ranníoca agus ar mian leis éileamh a dhéanamh ar ranníoc faoin gCuid seo—

(a) ní bheidh sé, más páirtí sa chaingean cheana féin an duine a bhfuil sé chun an ranníoc a éileamh air, i dteideal ranníoc a éileamh ach amháin trí éileamh sa chaingean sin cibé acu roimh an mbreithiúnas sa chaingean nó dá éis sin é; agus

(b) déanfaidh sé, mura páirtí sa chaingean cheana féin an duine sin, fógra tríú páirtí a sheirbheáil ar an duine sin a luaithe is féidir de réir réasúin agus, tar éis an fógra sin a sheirbheáil, ní bheidh sé i dteideal ranníoc a éileamh ach amháin faoi nós imeachta an tríú páirtí. Mura seirbheálfar an fógra tríú páirtí sin mar a dúradh, féadfaidh an chúirt dá rogha féin diúltú ordú ranníoca a dhéanamh i gcoinne an duine a mbeidh an ranníoc á éileamh air.

(2) Ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (1) den alt seo maidir le haon éileamh ar ranníoc i gcás na páirtithe san éileamh a bheith coiscthe trí chomhaontú nó eile ó dhíospóid a dhéanamh faoi aon chinneadh roimhe sin ag cúirt ar mhéid damáistí an duine dhíobháilte agus ar an gcionúireacht inar chóir ranníoc a dhéanamh.

(3) I gcás ina n-iarrfar fógra tríú páirtí a sheirbheáil ag éileamh ranníoca nó ag éileamh damáistí i leith éagóra a rinneadh ar ghearánaí an tríú páirtí, agus an t-éileamh sin ar dhamáistí a bheith tar éis teacht go hiomlán nó go páirteach de na fíorais chéanna dár tháinig éileamh an phríomh-ghearánaí, ní dhiúltófar cead chun fógra tríú páirtí a sheirbheáil ar an aon-chúis go mbainfidh crua-cheist dlí leis an tsaincheist idir gearánaí an tríú páirtí agus an tríú páirtí.

(4) I gcás ina ndéanfaidh éagóiritheoir comhthráthach íocaíocht leis an duine díobháilte gan chaingean mar shocraíocht ar éileamh an duine dhíobháilte ina choinne féin agus ina dhiaidh sin go n-éileoidh sé ranníoc de réir alt 22, beidh de cheart ag an ranníocóir an duine díobháilte a uamadh mar chomhchosantóir chun é a chur faoi cheangal ag an gcinneadh ar na cionúireachtaí ranníoca mura rud é gur comhghearánaí sa chaingean an duine díobháilte nó gur chomhaontaigh an duine díobháilte go héifeachtúil bheith faoi cheangal ag an gcinneadh sin nó nach bhfuil aon éileamh ag an duine díobháilte i gcoinne an ranníocóra nó go bhfuil an duine díobháilte tar éis an ranníocóir a agairt go feadh breithiúnais cheana féin.

Caillteanas a roinnt i gcás nach bhfaighfear sásamh.

28. —Más rud é, as triúr éagóiritheoirí comhthráthacha nó níos mó, go dtabharfar breithiúnas ranníoca i bhfabhar duine acu agus i gcoinne beirt nó níos mó, ansin tráth ar bith laistigh den tréimhse a cheaptar le dlí chun breithiúnais a chur i bhfeidhm agus ar a chruthú gur theip air, tar éis bearta réasúnacha a dhéanamh, sásamh aon bhreithiúnais a fháil go hiomlán nó go páirteach, beidh cead ag an éilitheoir breithiúnais thánaisteacha a iarraidh a mbeidh d'éifeacht leo an t-easnamh a roinnt ar na cosantóirí eile i cibé cionúireachtaí a bheidh cóir cothromasach.

Urbhac nuair a éileofar ranníoc.

29. —(1) In aon imeacht ag iarraidh ranníoca, ní bheidh an ranníocóir i dteideal cur i gcoinne an éilimh ar an bhforas nach raibh an t-éilitheoir a rinne íocaíocht leis an duine díobháilte faoi dhliteanas i leith an duine sin; ach, faoi réir an ailt seo agus an dlí ghinearálta i dtaobh urbhacadh, féadfaidh sé cur i gcoinne an éilimh ar an bhforas nach bhfuil sé féin faoi dhliteanas i leith an duine sin agus, chuige sin, féadfaidh sé aon cheist dlí nó fíorais a dhíospóid fiú má éiríonn an cheist sin freisin i dtaobh dliteanas an éilitheora i leith an duine dhíobháilte; agus féadfaidh an ranníocóir sa tslí chéanna méid an damáiste a d'fhulaing an duine díobháilte a dhíospóid.

(2) I gcás ina ndéanfar éileamh ar ranníoc trí fhógra tríú páirtí i gcaingean an duine dhíobháilte agus go dtabharfar cead don tríú páirtí an phríomh-chaingean a chosaint, beidh sé faoi cheangal ag cinneadh na cúirte ar na ceisteanna a cheadófar dó a chosaint.

(3) I gcás ina raibh eolas ag an ranníocóir ar chaingean a thug an duine díobháilte i gcoinne an éilitheora, agus gur fhailligh sé go míréasúnach tairiscint a dhéanamh chun cabhrú leis an éilitheoir ag cosaint na caingne, agus go bhfuair an duine díobháilte breithiúnas i gcoinne an éilitheora, beidh urbhac ar an ranníocóir, in aon imeacht a thabharfaidh an t-éilitheoir ina choinne, díospóid a dhéanamh faoi chuibheas nó faoi mhéid an bhreithiúnais a fuair an duine díobháilte nó faoi aon cheist dlí nó fíorais a mbeidh comhbhaint aici le dliteanas an éilitheora i leith an duine dhíobháilte agus le dliteanas an ranníocóra i leith an duine dhíobháilte: ach ní bheidh urbhac amhlaidh ar an ranníocóir i gcás inar ghéill an t-éilitheoir do bhreithiúnas de chalaois ar an ranníocóir.

(4) In aon imeacht ag iarraidh ranníoca beidh an t-éilitheoir faoi cheangal ag aon chinneadh dlí nó fíorais i gcaingean an duine dhíobháilte ina choinne ba ghá chun a dhliteanas i leith an duine dhíobháilte a shuíomh.

(5) I gcás inar agair an duine díobháilte an t-éilitheoir agus an ranníocóir i dteannta a chéile agus gur theip air i gcoinne au ranníocóra, beidh an t-éilitheoir faoi cheangal, in aon imeacht ag iarraidh ranníoca, ag aon chinneadh dlí nó fíorais ba ghá chun obadh do dhliteanas an ranníocóra i leith an duine dhíobháilte: ar choinníoll—

(a) nach mbeidh an t-éilitheoir faoi cheangal amhlaidh i gcás inar ghéill an duine díobháilte do bhreithiúnas de chalaois ar an éilitheoir;

(b) ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo más i gcúirt lasmuigh den Stát a tionscnaíodh caingean an duine dhíobháilte, mura rud é go raibh caoi de réir dlí na cúirte ag an éilitheoir chun fianaise a thabhairt ar aird i gcoinne an ranníocóra, chun achomharc a dhéanamh i gcoinne breithiúnais ina fhabhar agus chun achomharc uaidh sin a chonspóid.

(6) (a) Beidh cinneadh ar an gcionúireacht éagóra idir éilitheoir agus ranníocóir i gcás éileamh ag iarraidh ranníoca ina cheangal ar na daoine céanna in éileamh ina dhiaidh sin i leith damáiste a d'fhulaing duine acu nó iad araon agus a tháinig de na fíorais chéanna, agus, i gcor dá mhalairt, beidh cinneadh den sórt sin in éileamh i leith an damáiste sin ina cheangal ar na daoine céanna in éileamh ina dhiaidh sin ar ranníoc.

(b) Beidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo idir dhá pháirtí d'ainneoin ceann acu a bheith ina pháirtí sa dá chaingean i gcáileanna éagsúla.

(7) Eagóiritheoir comhthráthach a dhéanfaidh íocaíocht leis an duine díobháilte gan chaingean mar shocraíocht ar éileamh an duine dhíobháilte ina choinne féin agus a éileoidh ranníoc ina dhiaidh sin faoi alt 22, beidh sé, má d'agair an duine díobháilte an ranníocóir, faoi cheangal ag an gcionroinnt a rinne an chúirt i gcaingean an duine dhíobháilte de réir mhír (h) d'fho-alt (1) d'alt 35.

(8) Ní cosaint é ar éileamh ar ranníoc a shuíomh gur theip ar an duine díobháilte i gcaingean i gcoinne an ranníocóra nach raibh an t-éilitheoir ina pháirtí inti agus gan a shuíomh ach an ní sin.

Leanúntais dhlíthiúla as éileamh ar ranníoc.

30. —Measfar an ceart chun a iarraidh ar an gcúirt ranníoc a dhámhadh a bheith ina chineál de cheart samhail-chonarthach a aistreoidh chun ionadaithe pearsanta an éilitheora chun tairbhe dá eastát, agus beidh éifeacht leis i gcoinne ionadaithe pearsanta an ranníocóra; agus measfar an ceart chun ranníoca a bheith ina chúis caingne de réir alt 9.

Tréimhse chinnteacha i gcás caingne ag iarraidh ranníoca.

31. —Féadfar caingean ag iarraidh ranníoca a thionscnamh laistigh den tréimhse chéanna a cheadaítear le dlí don duine díobháilte chun caingean a thionscnamh i gcoinne an ranníocóra, nó laistigh den tréimhse dhá bhliain tar éis dliteanas an éilitheora a fhionnadh nó tar éis damáistí an duine dhíobháilte a íoc, cibé tréimhse acu is faide.

Fianaise agus achomhairc.

32. —(1) I gcás ina dtionscnófar caingean i gcoinne beirt daoine nó níos mó mar éagóiritheoirí comhthráthacha, beidh de cheart ag gach cosantóir ar leith fianaise a thabhairt ar aird i gcoinne an duine nó na ndaoine eile.

(2) I gcás ina dtionscnófar caingean i gcoinne beirt daoine nó níos mó mar éagóiritheoirí comhthráthacha agus go bhfaighidh an gearánaí breithiúnas agus go sásóidh duine de na héagóiritheoirí sin an breithiúnas, féadfaidh duine eile de na héagóiritheoirí sin achomharc a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais d'ainneoin gur sásaíodh an breithiúnas.

(3) I gcás ina dtionscnófar caingean i gcoinne beirt daoine nó níos mó mar éagóiritheoirí comhthráthacha agus go bhfaighidh an gearánaí breithiúnas agus go ndéanfaidh cosantóir amháin achomharc i gcoinne an bhreithiúnais, féadfaidh cosantóir eile, ar cibé fógra a thabhairt is gá de réir rialacha cúirte, an t-achomharc a chonspóid mar fhreagróir.

(4) I gcás ina dtionscnófar caingean i gcoinne beirt daoine nó níos mó mar éagóiritheoirí comhthráthacha agus go n-éireoidh leis an ngearánaí i gcoinne duine acu agus go dteipfidh air i gcoinne duine eile, féadfaidh an cosantóir nach n-éireoidh leis achomharc a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais i bhfabhar an chosantóra ar éirigh leis.

Ranníoc a áireamh mar dhamáistí.

33. —(1) Chun críche conartha ag árachú in aghaidh dliteanas i leith éagóra nó in aghaidh dliteanas chun damáistí a íoc, dliteanas éagóiritheora chun ranníoc a dhéanamh faoin gCuid seo le héagóiritheoir comhthráthach measfar é a bheith ina dhliteanas chun damáistí a íoc mar gheall ar éagóir, mura léir a mhalairt d'intinn ón gconradh.

(2) I gcás éileamh ar ranníoc idir éagóiritheoirí a dhéanamh faoi chonradh le haghaidh ranníoc eatarthu, beidh feidhm ag forálacha fho alt (1) den alt seo sa mhéid go bhféadfaí an t-éileamh a dhéanamh faoi fhorálacha na Coda seo in ionad é a dhéanamh faoin gconradh le haghaidh ranníoca.