An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Ranníoc idir éagóiritheoirí comhthráthacha) Ar Aghaidh (Caibidil IV Ginearálta)

41 1961

AN tACHT UM DHLITEANAS SIBHIALTA, 1961

Caibidil III

Faillí rannpháirteach

Dliteanas a chionroinnt i gcás faillí rannpháirteach.

34. —(1) Más rud é, in aon chaingean a thionscnóidh duine amháin maidir le héagóir a rinne aon duine eile, go gcruthófar go ndearnadh an damáiste a d'fhulaing an gearánaí go páirteach trí fhaillí nó easpa cúraim an ghearánaí nó dhuine a bhfuil an gearánaí freagrach ina ghníomhartha (dá ngairtear faillí rannpháirteach sa Chuid seo) agus go páirteach trí éagóir an chosantóra, déanfar na damáistí is inghnóthaithe i leith na héagóra sin a laghdú an méid a mheasfaidh an chúirt a bheith cóir cothromasach ag féachaint do chéimsí lochta an ghearánaí agus an chosantóra: ar choinníoll—

(a) go ndéanfar an dliteanas a chionroinnt go cothrom más rud é, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, nach féidir céimsí éagsúla lochta a shuíomh;

(b) nach n-oibreoidh an fo-alt seo chun go gcloífidh sé aon chosaint a éireoidh faoi chonradh ná an chosaint gur chomhaontaigh an gearánaí, roimh an ngníomh a gearánadh, a chearta dlíthiúla ina leith a tharscaoileadh, cibé acu ar luach-chomaoin é nó nach ea; ach, faoi réir mar a dúradh, beidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo d'ainneoin go bhféadfadh go mbeadh ag an gcosantóir, ar leith ón bhfo-alt seo, an chosaint gur glacadh an fiontar go saorálach;

(c) i gcás aon chonradh nó achtachán lena ndéantar foráil ag teorannú dliteanais a bheith infheidhmithe maidir leis an éileamh, nach rachaidh an méid damáistí a dhámhfar don ghearánaí de bhua an fho-ailt seo thar an teorainn uasta is infheidhmithe amhlaidh.

(2) Chun críche fho-alt (1) den alt seo—

(a) féadfar a áireamh ar dhamáiste a d'fhulaing gearánaí damáistí a d'íoc an gearánaí le tríú duine a d'fhulaing damáiste mar gheall ar éagóracha comhthráthacha an ghearánaí agus an chosantóra, agus is ionann an tréimhse chinnteachta chun na damáistí sin a éileamh agus an tréimhse chinnteachta afhoráiltear le halt 31 do chaingne ag iarraidh ranníocaí;

(b) measfar loiceadh faillíoch nó míchúramach ar dhamáiste a mhaolú a bheith ina fhaillí rannpháirteach maidir leis an méid ar mó an damáiste sin ná an damáiste a tharlódh mura mbeadh an loiceadh sin;

(c) ní bheidh loiceadh an ghearánaí ar chúram réasúnach a ghlacadh chun é féin a chosaint in ionannas le faillí rannpháirteach maidir le damáiste murar tharla an damáiste sin de dheasca an fhiontair áirithe ar chuir a iompar ina bhealach é, agus ní bheidh sárú a dhualgais reachtúil ag an ngearánaí in ionannas le faillí rannpháirteach murab é a bheidh sa damáiste a ghearánfaidh sé damáiste ar ceapadh an reacht chun é a chosc;

(d) má loiceann an gearánaí cúram réasúnach a ghlacadh ag cosaint a mhaoine féin ní mheasfar, ach amháin sa mhéid gur saibhríodh an cosantóir go neamhchóir, é sin a bheith ina fhaillí rannpháirteach i gcaingean le haghaidh comhshó na maoine;

(e) féadfar a chinneadh gurbh é éagóir an chosantóra ba chúis le damáiste d'ainneoin aon riail dlí lena ndéantar réim dualgais an chosantóra a theorannú chun nach mbainfeadh sé ach le cásanna nach raibh an gearánaí ciontach i bhfaillí rannpháirteach iontu: ach ní chuirfidh an mhír seo an cosantóir faoi dhliteanas mar gheall ar aon damáiste nach raibh seisean nó duine a bhfuil sé freagrach ina ghníomhartha míchúramach iarbhír maidir leis;

(f) i gcás ina dtionscnófar caingean mar gheall ar fhaillí maidir le ní ba chúis le damáiste má ba rud é, agus go raibh sé de réir réasúin, go bhféadfadh sé go ndéanfaí nó gur dócha go ndéanfaí scrúdú ar an ní tar éis é a bheith curtha as a láimh ag an gcosantóir, ní dhéanfaidh sé, ann féin, dualgas an chosantóra a eisiamh ach féadfar glacadh leis mar fhianaise nach raibh sé sna himthosca faillíoch agus é ag scaradh leis an ní ina riocht contúirteach.

(3) Beidh éifeacht faoi réir fhorálacha na Coda seo ag Airteagal 21 de Choinbhinsiún Vársá (a thugann cumhacht do chúirt carraeir a shaoradh go hiomlán nó go páirteach má chruthaíonn sé gurbh é faillí an duine dhíobháilte ba chúis, nó gur rannchuidigh sé, leis an damáiste).

Céannú.

35. —(1) Chun faillí rannpháirteach a chinneadh—

(a) beidh gearánaí freagrach i ngníomhartha duine a bhfuil sé, sna himthosca áirithe, faoi dhliteanas go hionadach ina leith;

(b) measfar gearánaí i gcaingean a thionscnófar chun tairbhe do chleithiúnaithe duine a bheidh tar éis bháis faoi Chuid IV (cibé acu ionadaí pearsanta an éagaigh nó cleithiúnaí air an gearánaí sin) a bheith freagrach i ngníomhartha an éagaigh;

(c) measfar gearánaí a bheidh ag agairt mar ionadaí pearsanta an duine a d'fhulaing an damáiste a bheith freagrach i ngníomhartha an duine sin;

(d) measfar gearánaí a bheidh ag agairt thar ceann duine eile (dá ngairtear gearánaí ainmniúil san alt seo) a bheith freagrach i ngníomhartha an duine eile sin (dá ngairtear an tairbhí san alt seo) agus, go sonrach, measfar duine a bheidh ag agairt mar ionadaí pearsanta duine a bheidh tar éis bháis a bheith freagrach i ngníomhartha na ndaoine a thairbheodh dá n-éireodh leis an gcaingean, lena n-áirítear cleithiúnaithe an éagaigh i gcás an chaingean a thionscnamh faoi Chuid IV: ar choinníoll—

(i) i gcás ina mbeidh gearánaí ainmniúil ag agairt thar ceann níos mó ná aon tairbhí amháin agus go raibh tairbhí amháin ciontach i bhfaillí rannpháirteach agus nach raibh tairbhí eile, nach mbeidh feidhm ag forálacha fho-alt (1) d'alt 34 ach amháin maidir le cion an tairbhí a bhí ciontach i bhfaillí rannpháirteach; agus go mbeidh feidhm ag forálacha alt 21 i bhfabhar an chosantóra agus i gcoinne an tairbhí a bhí ciontach amhlaidh i bhfaillí rannpháirteach, maidir leis an tsuim is iníoctha ag an gcosantóir chun tairbhe don tairbhí nach raibh ciontach i bhfaillí rannpháirteach;

(ii) má fhaigheann an chúirt go mbeidh sé níos caothúla, go bhféadfaidh an chúirt a cheadú do ghearánaí ainmniúil gnóthú go hiomlán d'ainneoin faillí rannpháirteach thairbhí, agus beidh feidhm ansin ag forálacha alt 21 i bhfabhar an chosantóra agus i gcoinne an tairbhí a bhí ciontach amhlaidh i bhfaillí rannpháirteach;

(e) measfar gearánaí a bheidh ag agairt mar shannaí duine eile, cibé acu le hoibriú dlí nó ar shlí eile é, a bheith freagrach i ngníomhartha an duine eile sin;

(f) i gcás inar bheirt daoine nó níos mó ba chúis le damáiste an ghearánaí agus go mbeadh na daoine sin ina n-éagóiritheoirí comhthráthacha mura mbeadh conradh ag an ngearánaí le duine acu sul ar tharla an damáiste ag díolmhú an duine sin ó dhliteanas, measfar an gearánaí a bheith freagrach i ngníomhartha an duine sin;

(g) más rud é gur éagóiritheoirí comhthráthacha ba chúis le damáiste an ghearánaí agus sular tharla an damáiste go ndearnadh dliteanas duine de na héagóiritheoirí sin trí chonradh leis an ngearánaí a chur faoi theorainn suime ba lú ná ceart-chion dliteanais an éagóiritheora sin idir é féin agus an t-éagóiritheoir eile mar a chinnfear sin faoi alt 21 ar leithligh ón gconradh sin, measfar an gearánaí a bheith freagrach i ngníomhartha an éagóiritheora sin;

(h) más rud é gur éagóiritheoirí comhthráthacha ba chúis le damáiste an ghearánaí agus tar éis an damáiste tarlú gur urscaoileadh dliteanas duine de na héagóiritheoirí sin trí scaoileadh nó comhaontú arna dhéanamh leis ag an ngearánaí, agus gur fhan dliteanas na n-éagóiritheoirí eile, measfar an gearánaí a bheith freagrach i ngníomhartha an éagóiritheora ar urscaoileadh a dhliteanas amhlaidh;

(i) más rud é gur éagóiritheoirí comhthráthacha ba chúis le damáiste an ghearánaí agus go mbeidh éileamh an ghearánaí i gcoinne éagóiritheora amháin faoi urchosc ag Reacht na dTréimhsí nó ag aon achtachán cinnteachta eile, measfar an gearánaí a bheith freagrach i ngníomhartha an éagóiritheora sin;

(j) más rud é gur éagóiritheoirí comhthráthacha ba chúis le damáiste an ghearánaí agus, i gcaingean i gcoinne duine de na héagóiritheoirí sin, go dtabharfar breithiúnas i bhfabhar an chosantóra agus go dtionscnóidh an gearánaí caingean ansin i gcoinne duine eile de na héagóiritheoirí sin, measfar an gearánaí a bheith freagrach i ngníomhartha an chosantóra ar éirigh leis más feidir leis an gcosantóir a agraítear anois a chruthú gurbh éagóiritheoirí comhthráthacha iarbhír é féin agus an cosantóir ar éirigh leis;

(k) gearánaí atá freagrach i ngníomhartha duine eile faoi mhíreanna (a) go (j) den fho-alt seo beidh sé freagrach freisin i ngníomhartha aon daoine eile a mbeadh an duine eile sin freagrach ina ngníomhartha faoi na míreanna sin dá mba ghearánaí é sa chaingean.

(2) Chun críche fho-alt (1) d'alt 34, ní dhéanfaidh—

(a) faillí rannpháirteach ghearánaí ainmniúil, ná

(b) (i gcás an chaingean a thionscnamh mar gheall ar consortium nó seirbhísí banchéile a chailleadh nó mar gheall ar sheirbhísí linbh nó seirbhísigh a chailleadh) faillí rannpháirteach bhanchéile, linbh nó sheirbhísigh,

urchosc ar ghnóthú ná laghdú ar na damáistí a dhámhfar; ach beidh feidhm ag forálacha alt 21 i bhfabhar an chosantóra agus i gcoinne an ghearánaí ainmniúil, an bhanchéile, an linbh nó an tseirbhísigh sin, de réir mar a bheidh.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo difir do chearta an ghearánaí i gcoinne duine, ná ní thabharfaidh sé go mbeidh an gearánaí faoi dhliteanas i leith damáistí mar gheall ar ghníomhartha duine, más duine é a mheasfar leis an bhfo-alt sin an gearánaí a bheith freagrach ina ghníomhartha.

(4) I gcásina gcinnfear go bhfuil gearánaí freagrach i ngníomhartha duine eile faoin alt seo agus go laghdófar a dhamáistí dá réir sin faoi fho-alt (1) d'alt 34, ní bheidh an cosantóir i dteideal ranníoca faoi alt 21 ón duine a bhfuil an gearánaí freagrach ina ghníomhartha.

Eilimh a fhritháireamh.

1857, c. 60.

36. —(1) I gcás ina dtabharfar breithiúnas i bhfabhar an ghearánaí ar éileamh agus i bhfabhar an chosantóra ar fhrithéileamh faoi fho-alt (1) d'alt 34, déanfar breithiúnas amháin acu a fhritháireamh i gcoinne an bhreithiúnais eile agus ní bheidh inghnóthaithe ach an t-iarmhéid a gheofar a bheith dlite.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo d'ainneoin páirtí amháin a bheith ina fhéimheach nó (i gcás ionadaí pearsanta a bheith ina pháirtí i gcaingean) an t-eastát atá á riaradh aige a bheith dócmhainneach.

(3) Ní oibreoidh an t-alt seo, ná alt 251 den Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857, sa mhéid go mbaineann sé le fritháireamh fiacha breithiúnais a bheidh dlite ó fhéimheach agus dó, ach amháin maidir le fiacha a shásamh, agus, chun gach críche (agus forléiriú polasaithe árachais a áireamh) seachas an chríoch a dúradh, áireofar breithiúnas mar ní a bhunaíonn fiach, dualgas, oibleagáid agus dliteanas i leith méid iomlán an bhreithiúnais ionann is dá mba rud é nach raibh aon fhritháireamh ann, agus chun na gcríocha eile sin measfar fiach (cibé acu trí bhreithiúnas nó eile é) a bheith íoctha ag an bhféichiúnaí breithiúnais sa mhéid go mbeidh fiach á fhritháireamh ina choinne.

(4) D'ainneoin aon ní in alt 62, i gcás ina ndéanfar éilefmh i gcoinne duine a bheidh faoi árachas i leith dliteanais a líomhnaíodh san éileamh sin agus go n-íocfaidh an t-árachóir an t-éileamh ar asbhaint a dhéanamh i leith suime a bheidh dlite don duine árachaithe ón duine a rinne an t-éileamh sin, beidh an duine árachaithe nó aon duine a bheidh ag feidhmiú ar a shon nó a ghabhann teideal faoi i dteideal méid na hasbhainte sin a ghnóthú ó na hárachóirí.

Urbhac i gcás faillí rannpháirteach.

37. —(1) I gcás ina laghdófar a dhamáiste ar ghearánaí faoi fho-alt (1) d'alt 34 mar gheall ar fhaillí rannpháirteach agus go dtionscnóidh an cosantóir caingean ina dhiaidh sin i gcoinne an ghearánaí i leith damáiste a tháinig de na fíorais chéanna, beidh cinneadh an dliteanais agus cionroinnt na héagóra sa chéad chaingean ina gceangal idir na páirtithe sa dara caingean.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo idir dhá pháirtí d'ainneoin ceann amháin acu a bheith ina pháirtí sa dá chaingean i gcáileanna éagsúla.

Dliteanas éagóiritheoirí comhthráthacha i gcás an gearánaí a bheith ciontach i bhfaillí rannpháirteach.

38. —(1) I gcás ina dtionscnófar caingean i gcoinne duine amháin nó níos mó de líon éagóiritheóirí comhthráthacha ag duine díobháilte a gheofar sa chaingean sin a bheith ciontach i bhfaillí rannpháirteach agus go gcinnfear é a bheith cóir cothromasach damáistí an ghearánaí a laghdú faoi fho-alt (1) d'alt 34 ag féachaint dá fhaillí rannpháirteach, ní bheidh an breithiúnas i gcoinne éagóiritheora amháin ina bhreithiúnas le haghaidh iomlán na ndamáistí is inghnóthaithe ag an ngearánaí ach cinnfidh an chúirt céimsí lochta, faoi seach, an ghearánaí agus na gcosantóirí uile in éileamh an ghearánaí tráth an bhreithiúnais agus fágfaidh as an áireamh céimsí lochta daoine nach cosantóirí den sórt sin agus tabharfaidh sí don ghearánaí breithiúnas leithleach i gcoinne gach cosantóra le haghaidh cibé cuid chionroinnte dá dhamáistí iomlána a mheasfaidh an chúirt a bheith cóir cothromasach ag féachaint do chéimsí lochta an chosantóra sin arna gcinneadh mar a dúradh.

(2) Tráth ar bith laistigh den tréimhse a cheaptar le dlí chun breithiúnais a chur i bhfeidhm agus ar an ngearánaí a chruthú gur theip air, tar éis bearta réasúnacha a dhéanamh, sásamh aon bhreithiúnais a fháil go hiomlán nó go páirteach, beidh de chead ag an ngearánaí breithiúnais thánaisteacha a iarraidh a mbeidh d'éifeacht leo an t-easnamh a roinnt ar na cosantóirí eile i cibé cionúireachtaí a bheidh cóir cothromasach.

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás duine amháin de na héagóiritheoirí atá ina gcosantóirí a bheith freagrach i ngníomhartha duine eile díobh; beidh éagóiritheoirí den chineál sin, faoi réir fho-alt (1) d'alt 34, faoi dhliteanas ag an ngearánaí i leith rannchoda amháin dá dhamáistí.

(4) Tar éis breithiúnas a bheith tugtha de réir fho-alt (1) den alt seo, ní bheidh an gearánaí i dteideal an dara caingean ná caingean ina dhiaidh sin a thionscnamh i gcoinne éagóiritheora chomhthráthaigh nár tugadh breithiúnas ina choinne, mura sásóidh sé an chúirt sa chaingean sin nach bhféadfaidh sé go réasúnach uamadh leis an éagóiritheoir sin mar chomhchosantóir sa chéad chaingean.

(5) Nuair a bheidh an dara caingean sin nó an caingean sin ina dhiaidh sin á tosú ag an ngearánaí beidh dualgas air i leith na n-éagóiritheoirí ar éirigh le hagairt ina gcoinne cheana, agus a mbeidh ceart ranníoca acu i gcoinne an éagóiritheora atá anois á agairt nó le hagairt, bearta réasúnacha a dhéanamh chun fógra i dtaobh an dara caingean sin nó na caingne sin ina dhiaidh sin a thabhairt dóibh ceithre lá dhéag ar a laghad sula dtionscnófar imeachtaí sa chaingean sin nó a luaithe is féidir go réasúnach tar éis tosach na tréimhse sin.

(6) Beidh de cheart ag éagóiritheoir a gheobhaidh an fógra sin bheith ina chomhghearánaí sa chaingean más rud é nach mbeifear tar éis na himeachtaí a thionscnamh agus in aon chás eile cead a iarraidh ar an gcúirt é a uamadh mar chomhghearánaí nó caingne a chomhdhlúthú; agus aon éagóiritheoir a loicfidh go míréasúnach in aon cheann de na bearta a dúradh a dhéanamh beidh sé faoi urchosc óna cheart ranníoca.

(7) Má éiríonn leis an ngearánaí sa dara caingean sin nó sa chaingean sin ina dhiaidh sin, beidh teideal aige chun na difríochta idir iomlán na ndamáistí a dámhadh dó sa bhreithiúnas nó sna breithiúnais roimhe sin agus iomlán na ndamáistí is dóigh leis an gcúirt a dhámhfaí dá mbeadh an t-éagóiritheoir sin uamtha leis an gcosantóir nó leis na cosantóirí roimhe sin mar chomhchosantóir sa chaingean nó sna caingne roimhe sin; agus beidh sé ina theannta sin i dteideal na forála a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo: ar choinníoll—

(a) nach dtabharfaidh aon ní san fho-alt seo teideal do ghearánaí níos mó a ghnóthú ón éagóiritheoir sin ná mar a d'fhéadfadh sé a ghnóthú dá mba nár thionscain sé an chaingean nó na caingne sin roimhe sin;

(b) nach gcoiscfidh aon ní san fho-alt seo an t-éagóiritheoir sin ó aon saincheist a dhíospóid a mbeidh teideal aige in aon slí eile chun í a dhíospóid agus, má chinntear gur lú damáistí an ghearánaí ná mar a mheas an chúirt sa chaingean nó sna caingne roimhe sin, nach mbeidh an t-éagóiritheoir sin faoi dhliteanas i leith níos mó ná a cheart-chionúireacht amhail idir é féin an gearánaí agus an cosantóir nó na cosantóirí roimhe sin de na damáistí a chinnfear amhlaidh;

(c) go bhféadfaidh an t-éagóiritheoir sin dá rogha féin lea a bhaint as aon ábhar a cinneadh i gcoinne an ghearána sa chaingean nó sna caingne sin roimhe sin ionann agus dá mba res judicata eatarthu an t-ábhar sin.

(8) I gcás ina ndámhfar dámáistí i gcoinne éagóiritheora de réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh an t-éagóiritheoir sin ranníoc a ghnóthú ó aon éagóiritheoir eile nár agraíodh san am céanna i gcás an gnóthú sin a bheith cóir cothromasach faoi réir fhorálacha Chaibidil II den Chuid seo.

(9) Ar é a bheith ag tosú na caingne sin mar gheall ar ranníoc beidh de dhualgas ar éagóiritheoir i leith an duine dhíobháilte a bhfuil ceart caingne aige i gcoinne an ranníocóra, agus i leith na n-éagóiritheoirí eile ar éirigh cheana féin leis an duine díobháilte ina agra ina gcoinne agus a bhfuil ceart ranníoca acu i gcoinne an ranníocóra, bearta réasúnacha a dhéanamh chun fógra a thabhairt dóibh i dtaobh na caingne sin mar gheall ar ranníoc ceithre lá dhéag ar a laghad sula dtionscnófar imeachtaí sa chaingean sin nó a luaithe is féidir go réasúnach tar éis tosach na tréimhse sin.

(10) Beidh na cearta a shonraítear i bhfo-alt (6) den alt seo ag an duine díobháilte nó ag éagóiritheoir a gheobhaidh fógra den sórt sin agus má fhaillíonn sé go míréasúnach leas a bhaint as a chearta beidh sé urchoiscthe óna cheart caingne mar gheall ar dhamáistí nó mar gheall ar ranníoca de réir mar a bheidh.

(11) I gcás ina dtionscnóidh an duine díobháilte an dara caingean nó caingean ina dhiaidh sin de réir fhorálacha an ailt seo, agus i gcás ina dtionscnóidh éagóiritheoir caingean ag iarraidh ranníoca mar a fhoráiltear i bhfo-alt (8) den alt seo, beidh na páirtithe sa chaingean faoi cheangal ag an gcionroinnt lochta a rinneadh sa chaingean nó sna caingne roimhe sin: ach ní bheidh an cosantóir faoi cheangal ag an gcionroinnt sin i gcás socrú a bheith le déanamh chun aon easnamh a roinnt más é is cúis leis an easnamh sin nach bhfuarthas sásamh aon bhreithiúnais go hiomlán nó go páirteach ó dhuine de na héagóiritheoirí a agraíodh cheana.

(12) I gcás—

(a) ina n-agróidh an gearánaí éagóiritheoir amháin agus mar gheall ar é d'fháil breithiúnais mhainneachtana nó mar gheall ar an gcúirt d'obadh d'fhaillí rannpháirteach, go ngnóthóidh an gearánaí breithiúnas le haghaidh iomlán a dhamáistí i gcoinne an éagóiritheora sin, agus

(b) go n-agróidh an gearánaí ina dhiaidh sin éagóiritheoir eile a chinnfear a bheith ina éagóiritheoir comhthráthach i dteannta an chéad éagóiritheora, agus go gcinnfear go raibh an gearánaí freisin ciontach i bhfaillí rannpháirteach maidir leis an mbeirt éagóiritheoirí,

beidh an dara cosantóir a agrófar i dteideal creidiúnais i leith cionúireachta den tsuim a fuarthas ón gcéad chosantóir a agraíodh is ionann agus an chionúireacht den damáiste a breithníodh a bheith le híoc ag an ngearánaí amhail idir é féin agus an dara cosantóir a agrófar agus i gcás ró-íocaíochta beidh sé i dteideal aisíocaíochta.

Féimheacht éagóiritheora amháin.

39. —I gcás ina léireofar don Chúirt—

(a) gur féimheach éagóiritheoir amháin a mbeidh breithiúnas tugtha ina fhabhar nó gur dóigh go dtiocfaidh dó bheith ina fhéimheach, nó

(b) gurb eastát dócmhainneach, nó go bhféadfadh sé gurb ea, eastát éagóiritheora amháin a mbeidh breithiúnas tugtha chun tairbhe dó,

déanfar socrú chun a áirithiú nach bhféadfaidh an t-éagóiritheoir céadluaite sin nó an t-eastát sin, de réir mar a bheidh, gnóthú sa mhéid go mbeidh an t-éagóiritheoir nó an t-eastát faoi dhliteanas ag páirtí eile nó go comhiomlán ag páirtithe eile mar gheall ar an tionóisc, an teagmhas nó an idirbheart céanna; agus chuige sin déanfar, nuair is gá sin, breithiúnas i bhfabhar an éagóiritheora nó chun tairbhe don eastát a astú go hiomlán nó go páirteach chun tairbhe do pháirtí eile a mbeidh breithiúnas tugtha ina fhabhar.

Cinntí speisialta.

40. —(1) I gcás ina ndámhfar damáistí do dhuine ar bith de bhua fho-alt (1) d'alt 34, déanfaidh an giúiré nó mura mbeidh aon ghiúiré ann déanfaidh an breitheamh nó an t-eadránaí na nithe seo a leanas a chinneadh agus a thaifeadadh—

(a) iomlán na ndamáistí a dhámhfaí dá mba nach raibh faillí rannpháirteach ann;

(b) i gcás ina laghdófar damáistí an ghearánaí faoin bhfo-alt sin, an chionúireacht de na damáistí sin nach ndámhfar don ghearánaí agus an chionúireacht is iníoctha ag an gcosantóir, nó na cionúireachtaí faoi seach is iníoctha ag gach duine de na cosantóirí má bhíonn níos mó ná cosantóir amháin ann arna lua i ngach cás mar chéatadán de locht iomlán an ghearánaí agus an chosantóra nó na gcosantóirí;

(c) cé hé gach duine ar rannchuidigh a fhaillí, a easpa cúraim nó aireachais, nó a éagóir le damáiste agus cé dó a tharla an damáiste agus cad é an damáiste é, agus cad iad na dóigheanna inar tharla sé.

(2) Beidh de dhualgas ar an mbreitheamh nó ar an eadránaí na ríomhaireachtaí is gá a dhéanamh tar éis na nithe sin a chinneadh.

Cúirteanna dlínse teoranta.

41. —I gcás ina dtionscnófar caingean i gcúirt dlínse teoranta, féadfaidh an chúirt damáistí a dhámhadh suas go teorainn a dlínse, fiú má laghdaíodh na damáistí sin roimh ré faoi fho-alt (1) d'alt 34 mar gheall ar fhaillí rannpháirteach an ghearánaí.

Costais i gcásanna faillí rannpháirteach.

42. —Mar phrionsabal ginearálta, ach gan sin a bheith ag cur teorann leis an mbreitheamh agus é ag déanamh a rogha nuair a dhámhfar damáistí ar éileamh agus ar fhrithéileamh atá i ngach cás faoi réir laghdú mar gheall ar fhaillí rannpháirteach faoi fho-alt (1) d'alt 34, dámhfar costais sna cionúireachtaí céanna le damáistí.