Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL.)

10 1962


Uimhir 10 de 1962.


AN tACHT d'FHORCHUR DLEACHTANNA (ORDUITHE A DHAINGNIÚ), 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHAINGNIÚ ORDUITHE ÁIRITHE A RINNEADH FAOIN ACHT D'FHORCHUR DLEACHT, 1957 . [17 Aibreán, 1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :—

Orduithe a dhaingniú.

1957, Uimh. 7 .

1. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe ar leithligh a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus a rinneadh faoin Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 .

(2) Na sonraí a luaitear sa chéad cholún agus sa tríú colún, faoi seach, den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir leis na hOrduithe a luaitear sa dara colún den Sceideal sin is chuige amháin a cuireadh isteach sa Sceideal sin iad chun go mb'usaide tagairt do na hOrduithe sin agus iad a aithint, agus, dá réir sin, ní dhéanfaidh aon ní sa chéad cholún sin ná sa tríú colún sin difir d'fhorléiriú, ná teorainniú ná rialú ar oibriú an ailt seo agus an dara colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht d'Fhorchur Dleachtanna (Orduithe a Dhaingniú), 1962 , a ghairm den Acht seo.