13 1962


Uimhir 13 de 1962.


AN tACHT UM BAILIÚCHÁIN SRÁIDE AGUS Ó THEACH GO TEACH, 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH RIALÚ AGUS STIÚRADH AR BHAILIÚ AIRGID ÓN bPOBAL TRÍ BHAILIÚCHÁIN AR NA SRÁIDEANNA POIBLÍ AGUS IN ÁITEANNA EILE AGUS TRÍ BHAILIÚCHÁIN I gCÚRSA CUAIRTEANNA Ó THEACH GO TEACH AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [25 Meitheamh, 1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Mínithe.

1926, Uimh. 15 .

1956, Uimh. 2 .

1. —San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Ard-Cheannfort” Ard-Cheannfort de thuras na huaire ar an nGarda Síochána agus folaíonn sé oifigeach den Gharda Síochána ag gníomhú mar Ard-Cheannfort;

ciallaíonn “bailiúchán” bailiúchán airgid ón bpobal in aon áit nó áiteanna poiblí nó trí chuairteanna ó theach go teach nó san áit nó sna háiteanna sin agus trí na cuairteanna sin, i dteannta a chéile, chun tairbhe (iarbhír, líomhnaithe nó intuigthe) do chuspóir áirithe, cibé acu cuspóir carthanúil é nó nach ea, agus cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar aon suaitheantas, feathal nó comhartha eile a thabhairt nó a thairiscint mar mhalairt ar airgead a bhaileofar amhlaidh, ach ní fholaíonn sé trádáil sráide de réir bhrí an Achta Trádála Sráide, 1926 , bailiú airgid le haghaidh crannchuir (lena n-áirítear scuabgheall) a ndearbhaítear leis an Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 , nach crannchur neamhdhleathach é nó nach mbaineann an tAcht sin leis, ná bailiú airgid i ngnáthchúrsa trádála nó gnó, ná iarraidh déirce ná glacadh déirce, agus folaíonn tagairtí do bhailiúchán tagairtí d'iarracht ar airgead a bhailiú; agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “cead bailiúcháin” cead arna dheonú faoin Acht seo á údarú do dhuine bailiúchán a sheoladh;

ciallaíonn “údarás bailitheora” údarás arna dheonú faoi alt 14 den Acht seo;

folaíonn “seoladh”, maidir le bailiúchán, eagrú agus cur chun cinn; agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

folaíonn “teach” aon fhoirgneamh a áitítear chun cónaithe nó chun críocha gnó agus folaíonn sé freisin cuid d'fhoirgneamh a áitítear amhlaidh;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin faoi alt 28 den Acht seo;

ciallaíonn “áit phoiblí” áit ar bith a bhféadfaidh an pobal dul isteach ann ó cheart nó faoi chead agus cibé acu ar tháille a íoc nó saor ó tháille é ach ní fholaíonn sé eaglais ná foirgneamh a úsáidtear le haghaidh adhradh poiblí ná fearann eaglaise nó foirgnimh den sórt sin;

tá le “bailiúchán neamhúdaraithe” an bhrí a shonraítear in alt 3 den Acht seo.

Feidhm an Achta maidir le bailiúcháin ó theach go teach.

2. —(1) Ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le bailiúcháin i gcúrsa cuairteanna ó theach go teach mura ndéanfaidh ná go dtí go ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo á dhearbhú go mbeidh feidhm aige maidir leis na bailiúcháin sin.

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, féadfaidh ordú faoin alt seo a dhearbhú go mbeidh feidhm ag an Acht seo maidir le bailiúcháin i gcúrsa cuairteanna ó theach go teach go ginearálta nó maidir le bailiúcháin den sórt sin in aon cheantar nó limistéar a shonrófar san ordú, agus, ar ordú a bheith déanta, beidh feidhm ag an Acht seo, ach amháin mar a fhoráiltear le fo-alt (3) den alt seo, maidir leis na bailiúcháin sin i gcoitinne nó maidir le bailiúcháin sa cheantar nó sa limistéar a bheidh sonraithe san ordú, de réir mar a bheidh, amhail ar an lá agus ón lá a bheidh ceaptha chuige sin leis an ordú.

(3) Féadfaidh ordú faoin alt seo aon bhailiúchán áirithe, i gcúrsa cuairteanna ó theach go teach, a shonrófar san ordú, nó aon chineál bailiúcháin den sórt sin a shonrófar amhlaidh, a dhíolmhú ó fheidhm an ordaithe, agus ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le bailiúchán nó cineál bailiúcháin den sórt sin, de réir mar a bheidh, le linn tréimhse na díolúine.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.

(5) Ní bheidh feidhm ag ordú faoin alt seo maidir le bailiúchán arb éard é bailiúchán—

(a) chun tairbhe do chuspóir atá carthanúil agus atá faoi urláimh chóras creidimh atá admhaithe ag an Stát faoi Airteagal 44 den Bhunreacht, agus

(b) a sheolfar de réir dlíthe, canónacha agus deasghnátha an chóras creidimh lena mbaineann.

Toirmeasc ar bhailiúcháin neamhúdaraithe.

3. —(1) Ní sheolfaidh duine bailiúchán ná ní bheidh baint aige le seoladh bailiúcháin (dá ngairtear bailiúchán neamhúdaraithe san Acht seo) nach mbeidh aon chead bailiúcháin i bhfeidhm ina leith, nó a sheolfar ar shlí seachas de réir cead bailiúcháin a deonaíodh ina leith, nó a mbeidh aon sárú (trí ghníomh nó neamhghníomh) déanta ina leith ar aon choinníoll a cuireadh leis an gcead bailiúcháin a deonaíodh ina leith.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) In aon imeachtaí faoin alt seo maidir le bailiúchán beidh deimhniú a airbheartóidh a bheith sínithe ag Ard-Cheannfort agus a bheith á dheimhniú i dtaobh duine a bheidh ainmnithe ann gur duine é nach raibh, ar lá nó laethanta a bheidh sonraithe sa deimhniú, ina shealbhóir ar chead bailiúcháin á údarú dó an bailiúchán sin a sheoladh an lá nó na laethanta sin nó (de réir mar a bheidh) le linn ama shonraithe nó amanna sonraithe an lá nó na laethanta sin, gan cruthúnas ar shíniú an duine a n-airbheartóidh an deimhniú sin é a bheith sínithe aige ná cruthúnas gurbh Ard-Cheannfort é, ina fhianaise go dtí go gcruthófar a mhalairt ar na nithe a bheidh deimhnithe sa deimhniú agus leis an deimhniú.

Toirmeasc ar úinéirí áiteanna poiblí áirithe do cheadú bailiúchán neamhúdaraithe iontu.

4. —(1) Ní cheadóidh úinéir aon áite poiblí ina mbeidh ócáid ar siúl agus a bhféadfaidh an pobal dul isteach ann ar íocaíocht a dhéanamh as, ná ní cheadóidh tionscnóir na hócáide, go feasach, bailiúchán neamhúdaraithe a dhéanamh san áit sin le linn an ócáid a bheith ar siúl nó i ndáil leis an ócáid.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) Má chúisítear duine i gcion faoin alt seo maidir le haon áit, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh é ag an duine sin a thaispeáint gur ghlac sé cúram réasúnach sna himthosca chun cosc a chur le bailiúchán neamhúdaraithe a dhéanamh san áit sin nó nárbh eol dó nó nach raibh amhras aige agus nach bhféadfadh sé go réasúnach eolas ná amhras a bheith aige go ndéanfaí nó gur dhóigh go ndéanfaí an bailiúchán neamhúdaraithe lena mbaineann an cúiseamh.

Iarratas ar cheadanna bailiúcháin.

5. —(1) Féadfaidh an tArd-Cheannfort d'aon líomatáiste ar iarratas ó dhuine ar bith a bheartóidh bailiúchán a sheoladh sa líomatáiste sin cead bailiúcháin a dheonú don duine sin á údarú dó bailiúchán a sheoladh sa líomatáiste sin.

(2) Is i scríbhinn san fhoirm fhorordaithe a dhéanfar iarratas ar chead bailiúcháin faoin alt seo agus tabharfar san iarratas cibé sonraí a iarrfar san fhoirm fhorordaithe.

(3) Faoi réir fo-alt (4) den alt seo, déanfar iarratas ar chead bailiúcháin faoin alt seo—

(a) sé mhí ar a mhéid, agus

(b) ceithre lá dhéag ar a laghad,

roimh an lá, nó roimh an gcéad lá de na laethanta, a bheartófar an bailiúchán lena mbaineann an t-iarratas a sheoladh.

(4) Más rud é, dar le Coimisinéir an Gharda Síochána, go dtugann imthosca an cháis gur ceart é, féadfar géilleadh d'iarratas faoin alt seo ar chead bailiúcháin a dhéanfar níos déanaí ná ceithre lá dhéag roimh an lá nó roimh an gcéad lá de na laethanta, a bheartófar an bailiúchán lena mbaineann an t-iarratas a sheoladh.

Ceadanna bailiúcháin a dheonú.

6. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, deonóidh Ard-Cheannfort cead bailiúcháin do gach duine a bheidh tar éis a iarraidh air go cuí faoin Acht seo cead a dheonú dó.

(2) I gcás ina ndéanfar iarratais á iarraidh ceadanna bailiúcháin a dheonú i leith níos mó ná bailiúchán amháin a bheartófa a sheoladh an lá céanna agus go hiomlán nó go páirteach sa líomatáiste céanna, déanfaidh an tArd-Cheannfort ar a ndéanfar na hiarratais—

(a) cead a dheonú i leith aon iarratais amháin, nó

(b) más rud é—

(i) go dtoileoidh na hiarratasóirí uile nach mbeidh a n-iarratais le diúltú faoi aon alt eile den Acht seo, agus

(ii) go mbeidh an tArd-Cheannfort sásta nach dtiocfadh de na bailiúcháin a sheoladh go ndéanfaí sirtheoireacht iomarcach ar an bpobal,

cead a dheonú i leith gach iarratais nach mbeidh le diúltú faoi aon alt eile den Acht seo.

(3) I gcás—

(a) ina ndéanfar iarratais á iarraidh ceadanna bailiúcháin a dheonú i leith níos mó ná aon bhailiúchán amháin a bheartófar a sheoladh an lá céanna agus go hiomlán nó go páirteach sa líomatáiste céanna,

(b) nach mbeidh aon chead bailiúcháin arna dheonú i leith bailiúcháin a bheidh le seoladh an lá, agus go hiomlán nó go páirteach sa líomatáiste lena mbaineann na hiarratais, agus

(c) nach mbeartófar ach aon chead amháin a dheonú,

deonófar an cead—

(i) i leith an chuspóra a mbeidh iarratas maidir leis faighte ag an Ard-Cheannfort don líomatáiste ar lá roimh an lá a gheofar aon iarratas eile, nó

(ii) má bhítear tar éis dhá iarratas nó níos mó a fháil an lá céanna, agus gur lá é roimh an lá a gheofar aon iarratas eile, i leith an chuspóra a roghnófar trí chrannchur as na cinn a bhfuarthas iarratais ina leith an lá céanna agus gur lá é roimh an lá a gheofar aon iarratas eile,

agus má bheartaítear, de bhun an fho-ailt seo, cinneadh a dhéanamh trí chrannchur, cuirfear in iúl do na hiarratasóirí lena mbaineann an t-am agus an áit a ndéanfar an cinneadh agus tabharfar caoi dóibh bheith i láthair ag an gcinneadh:

Ar choinníoll, i gcás iarratais—

(I) thar ceann cuspóra nár seoladh bailiúchán ina leith sa bhliain díreach roimhe sin ar an lá a fhreagraíonn don lá lena mbaineann na hiarratais, agus

(II) a bheidh faighte ag an Ard-Cheannfort an lá, nó lá roimh an lá, a gheobhaidh an tArd-Cheannfort iarratas thar ceann cuspóra ar seoladh bailiúchán ina leith amhlaidh agus nach mbeidh le diúltú faoi aon alt eile den Acht seo,

go measfar, chun críocha an fho-ailt seo, nach iarratas é sin a bheidh faighte ag an Ard-Cheannfort.

(4) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh cead bailiúcháin agus beidh sé sainráite ann go n-údaraíonn sé, agus oibreoidh sé chun a údarú, don duine (a bheidh ainmnithe ann) dá ndeonófar é bailiúchán a sheoladh chun tairbhe do chuspóir sonraithe i líomatáiste sonraithe nó in áiteanna poiblí de shórt sonraithe i roinn an Ard-Cheannfoirt i rith ama shonraithe nó amanna sonraithe ar lá nó laethanta a bheidh ainmnithe (arb iad na laethanta uile iad a sonraíodh san iarratas ar an gcead nó cibé lá nó laethanta díobh sin a mheasfaidh an tArd-Cheannfort is réasúnach sna himthosca uile), ach sin faoi réir forálacha ar Achta seo agus na gcoinníollacha (más ann) a cuireadh leis ar gcead agus a bheidh leagtha amach ann.

(5) Ní foláir cead bailiúcháin a bheith sínithe ag an Ard Cheannfort a dheonaigh é.

(6) An tArd-Cheannfort a ndéanfar iarratas (dá ngairtear an t-iarratas iomchuí san fho-alt seo) ar chead bailiúcháin chuige tráth nach déanaí ná trí mhí roimh an lá, nó roimh an gcéad lá de na laethanta, a bheartófar an bailiúchán lena mbaineann an t-iarratas iomchuí a sheoladh, tabharfaidh sé, tráth nach déana ná seacht lá tar éis an dáta a gheobhaidh sé an t-iarratas iomchuí fógra go bhfuair sé an t-iarratas sin do sheoltóir aon bhailiúcháin—

(a) a seoladh an bhliain díreach roimhe sin ar an lá a fhreagraíonn do lá lena mbaineann an t-iarratas iomchuí,

(b) ba bhailiúchán i leith cuspóra seachas an cuspóir lena mbaineann an t-iarratas iomchuí,

(c) nár cuireadh in iúl faoin bhfo-alt seo dá sheoltóir go bhfuarthas aon iarratas eile maidir le lá lena mbaineann an t-iarratas iomchuí, agus

(d) nach mbeidh iarratas faighte ag an Ard-Cheannfort ar chead bailiúcháin i leith bailiúcháin a bheidh le seoladh ar lá lena mbaineann an t-iarratas iomchuí.

(7) (a) An tArd-Cheannfort a ndéanfar iarratas ar chead bailiúcháin chuige, déanfaidh sé, a luaithe is féidir i rith na tréimhse iomchuí, an t-iarratas a dheonú agus an cead bailiúcháin a chur chun an iarratasóra nó an t-iarratas a dhiúltú agus an diúltú agus an chúis a bhí leis a chur in iúl i scríbhinn don iarratasóir.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “an tréimhse iomchuí”—

(i) maidir le hiarratas ar gá de réir fho-alt (6) den alt seo fógra go bhfuarthas é a thabhairt do dhuine ar bith nó maidir le hiarratas ó aon duine den sórt sin, an tréimhse dar tosach an ceathrú lá déag agus dar críoch an ceathrú lá fichead tar éis an lae a gheobhaidh an tArd-Cheannfort an t-iarratas céadluaite, agus

(ii) maidir le haon iarratas eile, an tréimhse ceithre lá dhéag díreach i ndiaidh an lá a gheobhaidh an tArd-Cheannfort an t-iarratas.

(8) I bhfo-ailt (2), (3) agus (6) den alt seo ní fholaíonn “bailiúchán” bailiúchán in áit phoiblí ar sealbhóir ar údarás bailitheora úinéir nó áititheoir na háite.

Ainmnithigh dó shealbhú ceadanna bailiúcháin.

7. —I gcás an duine dá ndeonófar cead bailiúcháin a bheith tar éis an cead a iarraidh mar ainmnitheach do chomhlacht (cibé acu comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine é) a ainmníodh san iarratas—

(a) tabharfar ainmnitheach an chomhlachta de thuairisc air sa chead a dheonófar dó, agus,

(b) féadfar, tráth ar bith sula mbeidh an bailiúchán lena mbaineann an cead ar siúl, ar iarratas ón gcomhlacht a dúradh chun an Ard-Cheannfoirt a dheonaigh é, an cead a aistriú chun ainmnitheach eile don chomhlacht má bhíonn an tArd-Cheannfort sásta go dtugann na himthosca gur ceart é, agus, ar an gcead a aistriú, measfar chun gach críche gurb é an t-ainmnitheach chun ar aistríodh é an duine dar deonaíodh an cead.

Coinníollacha a chur le ceadanna bailiúcháin.

8. —(1) Féadfaidh Ard-Cheannfort cibé coinníollacha a chur le cead bailiúcháin a dheonóidh sé, maidir le stiúradh an bhailiúcháin a bheidh údaraithe leis an gcead, ar dóigh leis gur coinníollacha iad is gá nó is inmhianaithe chun an t-ord poiblí a choimeád agus an pobal (lena n-áirítear áititheoirí tithe ar a dtabharfaidh bailitheoirí cuairt) a chosaint ar chiapadh agus go háirithe gach coinníoll nó aon choinníoll nó coinníollacha acu seo a leanas—

(a) coinníoll á thoirmeasc an bailiúchán a sheoladh i limistéir áirithe sa líomatáiste a n-údaraítear leis an gcead bailiúcháin an bailiúchán a sheoladh ann nó le linn amanna áirithe,

(b) coinníoll ag cur teorainn leis an méid bailitheoirí a fhéadfar a chur ag bailiú,

(c) coinníoll á thoirmeasc bréag-éadach, mascanna nó bréagriochta a bheith á gcaitheamh ag na bailitheoirí a bheidh ag gabháil don bhailiúchán,

(d) coinníoll á thoirmeasc an bailiúchán a bheith á dhéanamh ag bailitheoirí i bhfeithiclí.

(2) Gach coinníoll a chuirfear faoin alt seo le cead bailiúcháin, beidh sé leagtha amach go hiomlán sa chead.

Ceadanna bailiúcháin a dhiúltú i leith bailiúchán áirithe.

9. —Ní dheonóidh Ard-Cheannfort cead bailiúcháin le haghaidh aon bhailiúcháin ar dóigh leis ina leith—

(a) go rachaidh sé chun dochair do choimeád an oird phoiblí an bailiúchán a sheoladh,

(b) go mbeadh na fáltais as aon bhailiúchán nó aon chuid díobh ag dul chun tairbhe do chuspóir atá neamhdhleathach nó atá contrártha don mhoráltacht phoiblí nó chun tairbhe d'eagraíocht a bhfuil sé neamhdhleathach ag duine bheith ina chomhalta di,

(c) go n-úsáidfí na fáltais as an mbailiúchán nó aon chuid díobh i slí a spreagfadh, go díreach nó go neamhdhíreach, gníomh neamhdhleathach,

(d) nach n-úsáidfí na fáltais as an mbailiúchán nó nach gcuirfí chun críche iad ar mhaithe le cuspóir nó cuspóirí airbheartaithe an bhailiúcháin,

(e) go mbeadh brabús pearsanta le fáil as fáltais an bhailiúcháin ag iarratasóir an cheada nó, más ainmnitheach do chomhlacht (cibé acu comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine é) an t-iarratasóir, ag comhaltaí an chomhlachta, nó

(f) go mbeadh brabús pearsanta, seachas coimisiún réasúnach i leith a seirbhísí, le fáil ag na bailitheoirí, as fáltais an bhailiúcháin.

Ceadanna bailiúcháin a dhiúltú do dhaoine a ciontaíodh i gcionta áirithe.

10. —Ní dheonóidh Ard-Cheannfort cead bailiúcháin d'iarratasóir ar dóigh leis an Ard-Cheannfort nach duine ceart oiriúnach é chun an cead sin a shealbhú toisc gur ciontaíodh an t-iarratasóir—

(a) i gcion ar dóigh leis an Ard-Cheannfort go léiríonn ciontú an iarratasóra ann gur ghníomhaigh sé go calaoiseach nó go mímhacánta,

(b) i gcion faoin Acht seo, nó

(c) i gcion de shórt ar dóigh go n-urasófaí a dhéanamh trí chead bailiúcháin a dheonú don iarratasóir.

Ceadanna bailiúcháin a dhiúltú in imthosca áirithe do dhaoine a bhí ina sealbhóirí orthu roimhe sin.

11. —Ní dheonóidh Ard-Cheannfort cead bailiúcháin d'iarratasóir más dóigh leis an Ard-Cheannfort gur loic an t-iarratasóir, tráth ar bith le linn dó bheith ina shealbhóir ar chead bailiúcháin i leith bailiúcháin roimhe sin, nuair a bhí an bailiúchán roimhe sin á sheoladh aige, dícheall cuí a dhéanamh—

(a) chun a áirithiú go raibh na daoine ar údaraigh sé dóibh gníomhú mar bhailitheoirí ina ndaoine cearta oiriúnacha chuige sin,

(b) chun a áirithiú go gcomhlíonfadh na bailitheoirí forálacha an Achta seo nó forálacha aon rialachán faoi, nó

(c) chun nach bhfaigheadh aon daoine údaráis bhailitheoirí ach amháin daoine ar údaraigh sé dóibh bheith ina mbailitheoirí.

Ceadanna bailiúcháin a chúlghairm.

12. —(1) Féadfaidh an tArd-Cheannfort d'aon líomatáiste cead bailiúcháin a deonaíodh i leith bailiúcháin sa líomatáiste sin a chúlghairm más dóigh leis go bhfuil cúis ar bith ann—

(a) maidir leis an mbailiúchán féin, nó

(b) maidir leis an duine dar deonaíodh an cead bailiúcháin ina leith,

a thabharfadh, de bhun alt 9, 10 nó 11 den Acht seo, gur ghá don Ard-Cheannfort, dá mbeadh an chúis sin ar eolas aige an tráth a iarradh an cead, diúltú an cead a dheonú i leith an bhailiúcháin.

(2) Is i scríbhinn san fhoirm fhorordaithe a dhéanfar cúlghairm ar chead bailiúcháin faoin alt seo agus tabharfar inti na sonraí forordaithe, lena n-áirítear na cúiseanna gur cúlghaireadh an cead.

Achomhairc chun na Cúirte Dúiche.

13. —(1) Aon uair a dhiúltóidh Ard-Cheannfort iarratas ar chead bailiúcháin, féadfaidh iarratasóir an cheada achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche i gcoinne an diúltaithe agus más rud é, ar an achomharc a éisteacht, go mbeidh an Chúirt sásta, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, nár chóir an t-iarratas a dhiúltú, féadfaidh an Chúirt a ordú don Ard-Cheannfort cead bailiúcháin de réir an iarratais a dheonú don iarratasóir, agus féadfaidh an Chúirt a ordú freisin don Ard-Cheannfort coinníollacha (más ann) a chur leis an gcead, ar coinníollacha iad a údaraítear leis an Acht seo, mar a fheicfear don Chúirt a bheith inmhianaithe ar mhaithe leis an leas poiblí.

(2) Aon uair a chuirfidh Ard-Cheannfort coinníoll le cead bailiúcháin a dheonóidh sé, féadfaidh an duine dá ndeonófar an cead achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche i gcoinne an coinníoll sin a chur leis an gcead agus féadfaidh an Chúirt, más cuí léi é, an cead bailiúcháin a leasú tríd an gcoinníoll a mhodhnú nó a scriosadh nó trí cibé coinníoll a chur ina ionad, ar coinníoll é a údaraítear leis an Acht seo, a fheicfear don Chúirt a bheith inmhianaithe ar mhaithe leis an leas poiblí.

(3) Aon uair a chúlghairfidh Ard-Cheannfort cead bailiúcháin, féadfaidh sealbhóir an cheada tráth na cúlghairme, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche i gcoinne na cúlghairme, agus má bhíonn an Chúirt sásta, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, nach raibh foras réasúnach le tuairim an Ard-Cheannfoirt ar ar bunaíodh an chúlghairm féadfaidh an Chúirt an chúlghairm a neamhniú.

(4) Gan dochar do dhlínse na Cúirte Dúiche chun achomharc faoin alt seo a cheadú ar fhorais eile, déanfar achomharc faoin alt seo a cheadú más rud é, ar é a éisteacht, go ndéarfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Cigire, faoi mhionn, go bhfuil cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go ndéanfaí na fáltais nó aon chuid de na fáltais as an mbailiúchán lena mbaineann an cead bailiúcháin is ábhar don achomharc sin a úsáid—

(a) chun tairbhe do chuspóir atá neamhdhleathach nó contrártha don mhoráltacht phoiblí nó chun tairbhe d'eagraíocht a bhfuil sé neamhdhleathach ag duine bheith ina chomhalta di, nó

(b) i slí a spreagfadh, go díreach nó go neamhdhíreach, gníomh neamhdhleathach.

(5) Déanfar achomharc faoin alt seo a éisteacht agus a thriail ag breitheamh den Chúirt Dúiche ag a mbeidh dlínse in aon chuid den líomatáiste a mbeartaítear an bailiúchán lena mbaineann an cead bailiúcháin is ábhar don achomharc a sheoladh ann.

(6) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1961, beidh cinneadh na Cúirte Dúiche ar achomharc faoin alt seo ina chinneadh críochnaitheach neamh-inachomhairc.

(7) Duine a bheidh ag déanamh achomhairc chun na Cúirte Dúiche faoin alt seo, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná seacht lá roimh dháta an achomhairc a éisteacht, fógra ina thaobh a thabhairt don Ard-Cheannfort.

Údaráis bhailitheoirí a dheonú.

14. —(1) Ní ghníomhóidh duine mar bhailitheoir i mbailiúchán mura mbeidh ina sheilbh údarás i scríbhinn (dá ngairtear údarás bailitheora san Acht seo) a bhaineann leis an mbailiúchán agus a dheonaigh sealbhóir an cheada bailiúcháin a bhaineann leis an mbailiúchán dó de réir forálacha an ailt seo.

(2) Beidh údarás bailitheora san fhoirm fhorordaithe agus, i dteannta cibé sonraí eile (más ann) a bheidh forordaithe, beidh na sonraí seo a leanas ann, eadhon, ainm, seoladh agus aois an bhailitheora agus an cuspóir ar chun tairbhe dó atá an bailiúchán lena mbaineann sé á sheoladh, agus an lá nó na laethanta, agus an t-am nó na hamanna, a bheidh sé á sheoladh:

Ar choinníoll go measfar ráiteas go bhfuil an bailitheoir dar deonaíodh an t-údarás os cionn bliain is fiche d'aois a bheith ina ráiteas ar a aois.

(3) Ní foláir údarás bailitheora a bheith sínithe ag sealbhóir an cheada bailiúcháin a dheonaigh é nó ag duine a bhí ag gníomhú thar a cheann nó, i gcás sealbhóir an cheada a bheith inachomhalta de chomhlacht (is comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine) ag oifigeach don chomhlacht sin.

(4) Aon duine a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(5) I gcás ionchúisimh i leith ciona faoin alt seo toimhdeofar, go dtí go geruthófar a mhalairt, nach raibh ag an gcosantóir, an tráth a ghníomhaigh sé mar bhailitheoir sa bhailiúchán, údarás bailitheora arna dheonú dó ag sealbhóir an cheada bailiúcháin a bhain leis an mbailiúchán.

Toirmeasc ar bhailitheoirí faoi bhun ceithre bliana déag d'aois.

15. —(1) Duine nach bhfuil ceithre bliana déag d'aois slán aige ní ghníomhóidh sé mar bhailitheoir i mbailiúchán.

(2) I gcás ina ngníomhóidh duine mar bhailitheoir i mbailiúchán contrártha don alt seo, beidh éifeacht ag cibé forálacha acu seo a leanas is infheidhmithe, is é sin le rá:

(a) má shealbhaíonn an bailitheoir údarás bailitheora, beidh an duine a dheonaigh an t-údarás ciontach i gcion,

(b) mura sealbhaíonn an bailitheoir údarás bailitheora agus gur faoi chead bailiúcháin a sheoltar an bailiúchán, beidh sealbhóir an cheada ciontach i gcion,

(c) in aon chás eile, beidh an duine a bheidh ag seoladh an bhailiúcháin, mura rud é gurb eisean an bailitheoir freisin, ciontach i gcion.

(3) Má chúisítear duine i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh é ag an duine sin a thaispeáint—

(a) i gcás é a chúiseamh mar an duine a dheonaigh an t-údarás bailitheora don bhailitheoir, nach raibh a fhios aige agus nach raibh aon chúis go mbeadh amhras aige, an tráth a dheonaigh sé an t-údarás sin, nach raibh ceithre bliana déag d'aois slán ag an mbailitheoir, nó

(b) in aon chás eile, nach raibh a fhios aige agus nach bhféadfadh sé go réasúnach a fhios a bheith aige go raibh an bailitheoir ag gníomhú mar bhailitheoir sa bhailiúchán ar maidir leis a bheidh an cúiseamh á dhéanamh.

(4) I gcás ionchúiseamh maidir le duine a líomhnófar gur ghníomhaigh sé mar bhailitheoir i mbailiúchán contrártha don alt seo, toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nach bhfuil ceithre bliana déag d'aois slán ag an duine sin.

Toirmeasc ar ghníomhú mar bhailitheoir i mbailiúchán neamhúdaraithe.

16. —(1) Ní ghníomhóidh duine mar bhailitheoir i mbailiúchán neamhúdaraithe.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) Má chúisítear duine i gcion faoin alt seo maidir le bailiúcháin neamhúdaraithe is cosaint mhaith ar an gcúiseamh é ag an duine sin a thaispeáint nach raibh a fhios aige agus nach bhféadfadh sé go réasúnach a fhios a bheith aige ná amhras a bheith aige gur bhailiúchán neamhúdaraithe an bailiúchán ar maidir leis a bheidh an cúiseamh á dhéanamh.

É a bheith d'oibleagáid ar bhailitheoirí údaráis a iompar agus a thabhairt ar aird.

17. —(1) Ní foláir do dhuine a bheidh ag gníomhú mar bhailitheoir i mbailiúchán an t-údarás bailitheora a deonaíodh dó maidir leis an mbailiúchán sin a bheith á iompar ar a phearsa aige agus é ag gníomhú amhlaidh.

(2) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a éileamh ar dhuine ar bith a fheicfidh sé ag gníomhú mar bhailitheoir i mbailiúchán go dtabharfadh an duine sin ar aird a údarás baili theora maidir leis an mbailiúchán agus, má dhiúltaíonn nó má loiceann an duine sin a údarás a thabhairt ar aird nó, ar é a thabhairt ar aird, má dhiúltaíonn nó má loiceann sé a cheadú don chomhalta an t-údarás a léamh san am agus san áit sin, beidh an duine sin ciontach i gcion.

(3) Duine ar bith a n-éileofar air go dleathach faoin alt seo a údarás bailitheora a thabhairt ar aird agus nach dtabharfaidh an t-údarás sin ar aird nuair a éileofar é toisc nach sealbhóir ar údarás é, measfar gur dhiúltaigh nó gur loic sé a údarás a thabhairt ar aird de réir bhrí an ailt seo.

Boscaí bailiúcháin a mharcáil.

18. —(1) Ní úsáidfidh bailitheoir i mbailiúchán, agus chun críocha bailiúcháin, bosca bailiúcháin ná coimeádán eile chun airgead a bhailiú sa bhailiúchán mura mbeidh ar taispeáint go feiceálach soléite air ainm an chuspóra ar chun tairbhe dó atá an bailiúchán á sheoladh.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

É a bheith d'oibleagáid ar bhailitheoirí a n-ainm agus a seoladh a thabhairt.

19. —Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a ainm agus a sheoladh a éileamh ar dhuine a bheidh ag gníomhú mar bhailitheoir i mbailiúchán, agus má dhiúltaíonn nó má loiceann an duine sin a ainm agus a sheoladh a thabhairt don chomhalta nó má thugann sé ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion.

Airgead agus boscaí bailiúcháin a urghabháil in imthosca áirithe.

20. —(1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána, le forneart más gá sin, an t-airgead go léir ina sheilbh a bheidh bailithe aige sa bhailiúchán a bhaint de dhuine a bheidh ag gníomhú mar bhailitheoir i mbailiúchán, maraon leis an mbosca bailiúcháin nó an coimeádán eile (más ann) ina mbeidh an t-airgead agus gach suaitheantas, feathal agus comhartha eile a bheidh á n-úsáid sa bhailiúchán nó i ndáil leis an mbailiúchán agus a bheidh i seilbh an duine sin, más rud é—

(a) nár deonaíodh cead bailiúcháin i leith seoladh an bhailiúcháin,

(b) ar an gcomhalta dá éileamh go cuí ar an duine sin i gcúrsa an bhailiúcháin a údarás bailitheora a thabhairt ar aird, go ndiúltóidh nó go loicfidh sé déanamh amhlaidh nó go ndiúltóidh nó go loicfidh sé, ar an údarás a thabhairt ar aird, a cheadú don chomhalta é a léamh, nó

(c) ar an gcomhalta dá éileamh go cuí ar an duine sin i gcúrsa an bhailiúcháin a ainm agus a sheoladh a thabhairt, go ndiúltóidh nó go loicfidh sé déanamh amhlaidh nó go dtabharfaidh sé ainm nó seoladh is eol don chomhalta, nó a chreideann sé de réir réasuin, a bheith bréagach nó míthreorach.

(2) Forghéillfear don Aire earraí agus airgead a bhainfear de bhailitheoir faoin alt seo agus, faoi réir forálacha fho-alt (3) den alt seo, féadfaidh an tAire iad a dhiúscairt mar is cuí leis.

(3) Aon airgead a bhainfear de bhailitheoir féadfar, de rogha an Aire, é a thabhairt ar ais—

(a) don bhailitheoir, nó

(b) i gcás bailiúcháin ar deonaíodh cead bailiúcháin ina leith, do shealbhóir an cheada,

ach, mura dtabharfar ar ais amhlaidh é, íocfar isteach sa Státchiste é nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste é i cibé slí a threoróidh an tAire Airgeadais.

Cur isteach neamhdhleathach ar shealbhóirí ceadanna bailiúcháin nó údarás.

21. —Duine a dhéanfaidh go héagórach agus gan údarás dleathach cur isteach, trí fhoréigean nó imeaglú nó ar shlí eile—

(a) ar shealbhóir ceada bailiúcháin agus é ag seoladh bailiúcháin ar deonaíodh an cead ina leith, nó

(b) ar shealbhóir údarás bailitheora agus é ag gníomhú i mbailiúchán ar deonaíodh an t-údarás ina leith,

beidh sé ciontach i gcion.

É a bheith d'oibleagáid ar shealbhóirí ceadanna bailiúcháin dualgais a chomhlíonadh.

22. —(1) Duine dar deonaíodh cead bailiúcháin agus i gcúrsa an bhailiúcháin lena mbaineann an cead nó i ndáil leis—

(a) a loicfidh aon dualgas a chomhlíonadh a chuirtear ar shealbhóir ceada bailiúcháin leis an Acht seo, nó

(b) a cheadóidh, nó nach gcoiscfidh, aon sárú ar aon fhorálacha dá bhfuil san Acht seo nó in aon rialacháin faoin Acht seo nó ar aon choinníoll a bheidh ag gabháil leis an gcead,

beidh sé ciontach i gcion.

(2) I gcás ionchúisimh i leith ciona faoin alt seo is cosaint mhaith é ag an duine a chúiseofar a thaispeáint go ndearna sé bearta réasúnacha chun an dualgas a chomhlíonadh nó gur ghlac sé cúram réasúnach chun an sárú a gcúiseofar é ina leith a chosc (cibé acu ba ghá sa chás).

Eolas i dtaobh fáltais as bailiúcháin.

23. —(1) Ar iarratas chun na Cúirte Dúiche ón Ard-Cheannfort do líomatáiste inar seoladh bailiúchán de bhun ceada bailiúcháin, déanfaidh an Chúirt, más rud é—

(a) gur deimhin leis an gCúirt gurb é leas an phobail é, nó

(b) go ndéarfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Cigire, faoi mhionn, go bhfuil cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go raibh nó go bhfuil nó go mbeidh na fáltais nó aon chuid de na fáltais á n-úsáid—

(i) chun tairbhe do chuspóir atá neamhdhleathach nó contrártha don mhoráltacht phoiblí nó chun tairbhe d'eagraíocht a bhfuil sé neamhdhleathach ag duine bheith ina chomhalta di, nó

(ii) i slí a spreagfadh, go díreach nó go neamhdhíreach, gníomh neamhdhleathach,

ordú á ordú don duine dar deonaíodh an cead—

(I) ráiteas i scríbhinn a thabhairt don Ard-Cheannfort tráth nach déanaí ná mí tar éis an lae a dhéanfar an t-ordú, á thaispeáint cé mhéid ar fad a bailíodh de bharr an bhailiúcháin agus conas a úsáideadh agus a cuireadh chun críche an t-airgead a bailíodh amhlaidh,

(II) a cheadú don Ard-Cheannfort, nó d'aon chomhalta nó comhaltaí den Gharda Síochána a ainmneoidh sé, scrúdú a dhéanamh ar aon chuntais a choimeád an duine sin agus ar aon admhálacha nó deimhnithe eile a bhaineann leis an mbailiúchán.

(2) Ní dhéanfaidh an Chúirt Dúiche ordú faoin alt seo mura rud é—

(a) go ndéanfar an t-iarratas á lorg laistigh de shé mhí tar éis an lae, nó tar éis an lae dheiridh de na laethanta, a seoladh an bailiúchán lena mbaineann sé, agus

(b) tráth nach déanaí ná ocht n-uaire is daichead a chloig roimh éisteacht an iarratais, go dtabharfaidh an tArd-Cheannfort a bheidh ag déanamh an iarratais fógra don duine dar deonaíodh an cead bailiúcháin ar dá bhun a seoladh an bailiúchán i dtaobh é a bheith ar intinn aige an t-iarratas a dhéanamh.

(3) Duine a dhiúltóidh nó a loicfidh téarmaí ordaithe faoi fho-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion.

(4) Chun críocha scrúdaithe faoin alt seo, féadfaidh Ard-Cheannfort nó aon chomhalta nó comhaltaí den Gharda Síochána a bheidh ainmnithe aige dul isteach agus saorchead isteach a bheith aige, tráth ar bith, in aon áitreabh ina gcoimeádtar aon chuntais, admhálacha nó deimhnithe lena mbainfidh an scrúdú agus féadfaidh cóipeanna a dhéanamh de na cuntais, na hadmhálacha agus na deimhnithe sin agus sleachta a bhaint astu.

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le bailiúchán arb éard é bailiúchán—

(a) chun tairbhe do chuspóir atá carthanúil agus atá faoi urláimih chóras creidimh atá admhaithe ag an Stát faoi Airteagal 44 den Bhunreacht, agus

(b) a sheolfar de réir dlíthe, canónacha agus deasghnátha an chóras creidimh lena mbaineann.

Cumhachtaí an Gharda Síochána.

24. —(1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána, gach tráth réasúnach, dul isteach in aon áit phoiblí a bhféadfaidh an pobal dul isteach ann, faoi chead, agus a bhfuil, nó a gcreidtear go bhfuil, bailiúchán á sheoladh ann.

(2) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána aon duine a ghabháil gan bharántas a gheobhaidh sé ag déanamh ciona faoi aon fhoráil den Acht seo nó, ar a ainm nó a sheoladh a éileamh air faoin Acht seo, a thabharfaidh ainm nó seoladh is eol don chomhalta, nó a chreideann sé de réir réasúin, a bheith bréagach nó míthreorach.

(3) Nuair a bheidh comhalta den Gharda Síochána nach mbeidh faoi éide ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar leis an Acht seo, déanfaidh sé, má iarrann an duine a bheidh i gceist air é, a chárta aitheantais a thabhairt ar aird don duine sin.

Pionóis i leith cionta.

25. —Duine a bheidh ciontach i gcion faoi aon fhoráil d'fhorálacha an Achta seo dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó príosúnacht go ceann téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile.

Cionta maidir le comhlachtaí corpraithe agus le comhlachtaí neamhchorpraithe.

26. —(1) I gcás ina ndéanfaidh comhlacht corpraithe, nó duine a airbheartóidh a bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó comhlachta neamhchorpraithe daoine, cion faoin Acht seo, agus go gcruthófar go ndearnadh an cion amhlaidh le toiliú nó le haontú dhuine ar bith, nó gur urasaíodh a dhéanamh mar gheall ar aon mhainneachtain ag duine ar bith, ar duine é, i gcás comhlachta chorpraithe, is stiúrthóir ar an gcomhlacht, sin nó, i gcás comhlachta neamhchorpraithe, is comhalta de choiste bainistíochta nó d'údarás rialaithe eile an chomhlachta sin, beidh an duine sin freisin ciontach sa chion.

(2) Aon toghairm nó doiciméad eile is gá a sheirbheáil chun críche nó i gcúrsa imeachtaí faoin Acht seo ar chomhlacht corpraithe, féadfar é a sheirbheáil trína fhágáil ag an gcomhlacht, nó é a chur chun an chomhlachta leis an bpost cláraithe, in aon áit sa Stát ina mbíonn a ghnó á dhéanamh aige.

Ceartanna agus cumhachtaí áirithe a fheidhmiú.

27. —Duine (lena n-áirítear comhalta den Gharda Síochána) ag a mbeidh ceart nó cumhacht chun seoladh bailiúcháin a chosc in áit nó ar mhodh áirithe nó tráth áirithe, féadfaidh sé an ceart nó an chumhacht a fheidhmiú d'ainneoin gur de bhun cead bailiúcháin a bheidh an bailiúchán á sheoladh nó a bheartófar é a sheoladh.

Rialacháin.

28. —Féadfaidh Coimisinéir an Gharda Síochána, le toiliú an Aire, rialacháin a dhéanamh ag forordú aon ábhair nó ní dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar nó ní atá forordaithe nó le forordú.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

29. —Aon ordú nó rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Aisghairm,

1916, c. 31.

30. —Aisghairtear leis seo alt 5 den Police, Factories, & c. (Miscellaneous Provisions) Act, 1916.

Gearrtheideal agus feidhm.

31. —(1) Féadfar an tAcht um Bailiúcháin Sráide agus ó Theach go Teach, 1962 , a ghairm den Acht seo.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le bailiúcháin a dhéanfar i rith na tréimhse trí mhí dar tosach dáta an Achta seo a rith.