|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1962) | Ar Aghaidh (CUID II. Custaim agus mál.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1962
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Cáin ioncaim. | |
[EN] |
Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1962-63. |
1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1962, a mhuirearú de réir sé scilling agus ceithre phingin sa phunt. |
[EN] | (2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1962, a mhuirearú i leith ioncaim aon phearsan ar mó ná dhá mhíle cúig céad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh agus muirearófar amhlaidh é de réir na rátaí céanna ar dá réir a mhuirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1961. | |
[EN] | (3) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a mhuirearófar mar a dúradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1962, ag na forálacha ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1962, maidir le cáin ioncaim agus forcháin. | |
[EN] |
Urrúis Chorparáid an Chairde Thalmhaíochta, Teoranta. 1918, c. 40. |
2. —(1) Bainfidh fo-ailt (1) agus (2) d'alt 2 den Acht Airgid, 1929 , le hurrúis arna n-eisiúint ag Corparáid an Chairde Thalmhaíochta, Teoranta, seachas na bintiúir, an stoc bintiúra agus na deimhnithe muirir dá dtagraítear sna fo-ailt sin, mar a bhaineann siad leis na bintiúir sin, leis an stoc bintiúir sin agus leis na deimhnithe muirir sin. |
[EN] | (2) Leasaítear leis seo Clásal (h) de Riail 1 de Chás III de Sceideal D a ghabhann leis an Income Tax Act, 1918, trí “or other securities” a chur isteach i ndiaidh “debentures, debenture stock or certificates of charge”. |