|
|||||
|
AN tACHT AIRGEADAIS, 1962
[EN] | ||||||||||||||
[EN] |
CUID II. Custaim agus mál. | |||||||||||||
[EN] |
Beoir. |
3. —(1) In ionad an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (2) d'alt 9 den Acht Airgeadais, 1957 , muirearófar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir a ghrúdófar sa Stát an 11ú lá d'Aibreán, 1962, nó dá éis sin, dleacht máil de réir aon phunt déag, sé scilling déag agus sé phingin ar gach sé ghalún is tríocha foirte de shaindlús míle agus cúig ghrád is caoga. | ||||||||||||
[EN] | (2) In ionad an dleacht custam a fhorchuirtear le fo-alt (3) d'alt 9 den Acht Airgeadais, 1957 , déanfar, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Aibreán, 1962, dleacht custam de réir na rátaí seo a leanas a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mum, an bheoir sprúis nó an bheoir dhubh, an fhionn-bheoir Bheirlíneach, agus ar ullmhóidí eile (cibé acu giosáilte nó neamhghiosáilte dóibh) dá samhail sin a allmhuireofar isteach sa Stát, is é sin le rá: | |||||||||||||
[EN] | (a) ar gach sé ghalún is tríocha beorach a bhfuil, nó a raibh roimh ghiosáil, saindlús nach mó ná míle dhá chéad agus cúig ghrád déag ina foirt—seacht bpunt is daichead, ocht scilling; | |||||||||||||
[EN] | (b) ar gach sé ghalún is tríocha beorach a bhfuil, nó a raibh roimh ghiosáil, saindlús is mó ná míle dhá chéad agus cúig ghrád déag ina foirt—cúig phunt is caoga, aon scilling déag. | |||||||||||||
[EN] | (3) In ionad an dleacht custam a fhorchuirtear le fo-alt (4) d'alt 9 den Acht Airgeadais, 1957 , déanfar, amhail ar an agus ór 11ú lá d'Aibreán, 1962, dleacht custam a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mbeoir go léir d'aon sórt (seachas beoir ar ar inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (2) den alt seo) a allmhuireofar isteach sa Stát, de réir aon phunt déag seacht scilling déag ar gach sé ghalún is tríocha beorach a raibh saindlús míle, caoga is cúig ghrád ina foirt roimh ghiosáil. | |||||||||||||
[EN] | (4) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhaireofar mar mharsantas nó ina loingseofar chun a húsáidte mar stóras beoir a suífear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh uirthi an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1), fo-alt (2) nó fo-alt (3) den alt seo, aistarraing, arna ríomh de réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, de réir aon phunt déag sé scilling déag agus naoi bpingin ar gach sé ghalún is tríocha beorach ar míle caoga is cúig ghrád a saindlús bunaidh. | |||||||||||||
[EN] | (5) Más rud é, i gcás beoir ar ar inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (3) den alt seo nó i gcás beoir ar ar iníoctha aistarraing faoi fho-alt (4) den alt seo, nach míle caoga is cúig ghrád saindlús na beorach sin, athrófar an dleacht sin nó an aistarraing sin (cibé acu é) go coibhneasach. | |||||||||||||
[EN] | (6) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgeadais, 1933, maidir le ceachtar de na dleachtanna custam dá dtagraíonn an t-alt seo. | |||||||||||||
[EN] |
Biotáille. 1920, c. 18. |
4. —(1) Déanfar an Finance Act, 1920, arna leasú le halt 8 den Acht Airgeadais, 1952 , a leasú, amhail ar an agus ón 11ú lá d'Aibreán, 1962, tríd an méid atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, a dúradh, in ionad an mhéid a cuireadh isteach sa Chuid sin I leis an alt sin 8, agus beidh éifeacht dá réir sin ag fo-alt (1) d'alt 3 den Finance Act, 1920, a dúradh. | ||||||||||||
[EN] | (2) Déanfar an dleacht máil a forchuireadh le fo-alt (2) d'alt 3 den Finance Act, 1920, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 11ú lá d'Aibreán, 1962, de réir naoi bpunt agus aon scilling déag agus dhá phingin an galún (arna ríomh de réir profa) in ionad an ráta is inmhuirir de bhua fo-alt (2) d'alt 8 den Acht Airgeadais, 1952 . | |||||||||||||
[EN] | (3) Amhail ar an agus ón 11ú lá d'Aibreán, 1962, leasófar alt 4 den Finance Act, 1920, trí | |||||||||||||
[EN] | “the amount of duty which was payable immediately before the increase of duties on spirits provided for by the Finance Act, 1918.” | |||||||||||||
[EN] | a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad: | |||||||||||||
[EN] | “whichever of the following amounts may be applicable in each case: | |||||||||||||
| ||||||||||||||
[EN] | (4) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ó na dleachtanna custam breise ná ón dleacht máil bhreise i leith biotáille neamhaibidh a forchuireadh le halt 9 den Acht Airgeadais, 1926, ná chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna. | |||||||||||||
[EN] |
Tobac. |
5. —(1) Déanfar an dleacht custam ar thobac, a forchuireadh le halt 20 den Acht Airgeadais, 1932, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, i rith na tréimhse dar tosach an 11ú lá d'Aibreán, 1962, agus dar críoch an 9ú lá de Lúnasa, 1962, de réir na rátaí ar leithligh a shonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad aon rátaí eile. | ||||||||||||
[EN] | (2) Déanfar an dleacht máil ar thobac, a forchuireadh le halt 19 den Acht Airgeadais, 1934, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, i rith na tréimhse dar tosach an 11ú lá d'Aibreán, 1962, agus dar críoch an 9ú lá de Lúnasa, 1962, de réir na rátaí ar leithligh a shonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad aon rátaí eile. | |||||||||||||
[EN] | (3) Is do réir sé scilling déag agus cúig phingin an punt an lacáiste ar thobac cruafháiscthe a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 , i gcás aon tobac den sórt sin a dhíoifaidh aon mhonaróir ceadúnaithe agus a chuirfidh sé amach, chun a úsáidte sa Stát, i rith na tréimhse dar tosach an 11ú lá d'Aibreán, 1962, agus dar críoch an 9ú lá de Lúnasa, 1962. | |||||||||||||
[EN] | (4) Ní bheidh na lacáistí ar thobac neamh-mhonaraithe a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 20 den Acht Airgid, 1932 , agus i bhfo-alt (5) d'alt 19 den Acht Airgid, 1934 , iníoctha i leith aon tobac neamh-mhonaraithe a gheobhaidh monaróir ceadúnaithe tobac an 11ú lá d'Aibreán, 1962, nó dá éis. | |||||||||||||
[EN] | (5) Beidh teideal ag gach monaróir ceadúnaithe tobac, an 11ú lá d'Aibreán, 1962, agus dá éis, lacáiste a fháil mar a leanas i leith tobac neamh-mhonaraithe a gheobhaidh sé agus ar a mbeidh an dleacht custam a fhorchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932 , nó an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 19 den Acht Airgid, 1934 , íoctha:— | |||||||||||||
| ||||||||||||||
[EN] | (6) Déanfar an dleacht custam ar thobac a fhorchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 10ú lá de Lúnasa, 1962, de réir na rátaí ar leithligh a shonraítear i gCuid III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad aon rátaí eile. | |||||||||||||
[EN] | (7) Déanfar an dleacht máil ar thobac a fhorchuirtear le halt 19 den Acht Áirgid, 1934 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc amhail ar an agus ón 10ú lá de Lúnasa, 1962, de réir na rátaí ar leithligh a shonraítear i gCuid IV den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad aon rátaí eile. | |||||||||||||
[EN] | (8) Is de réir seacht scilling déag agus aon phingin déag an punt a bheidh an lacáiste ar thobac cruafháiscthe a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 , i gcás aon tobac den sórt sin a dhíolfaidh aon mhonaróir ceadúnaithe agus a chuirfidh sé amach, chun a úsáidte sa Stát, an 10ú lá de Lúnasa, 1962, nó dá éis. | |||||||||||||
[EN] |
Dleacht siamsa a fhoirceannadh. 1916, (Sess. 2), c. 11. |
6. —Ní dhéanfar dleacht siamsa de réir bhrí alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, agus is inmhuirir faoin alt sin, a mhuirearú ná a thobhach ar íocaíochtaí as dul isteach go dtí aon siamsa a chomórfar an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1962, nó dá éis. | ||||||||||||
[EN] |
Suimeanna beaga de dhleacht custam a tharscaoileadh. |
7. —(1) Faoi réir fo-alt (2) den alt seo, i gcás nár mhó ná dhá scilling agus sé phingin suim na dleachta custam ar na hearraí in aon chonsíneacht nó beart áirithe a allmhairíodh an lú lá de Lúnasa, 1962, nó dáta an Achta seo a rith (cibé acu is déanaí) nó dá éis, arna ríomh de réir na ndlíthe a bhí i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le dleachtanna custam, tarscaoilfear an dleacht. | ||||||||||||
[EN] | (2) Ní dhéanfar na dleachtanna is inmhuirir ar thobac, biotáille agus fíon a tharscaoileadh faoin alt seo. | |||||||||||||
[EN] |
An muirear íosta dleachta custam a fhoirceannadh. |
8. —(1) Ní bhainfidh na hachtacháin a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo le haon earraí a allmhaireofar an lú lá de Lúnasa, 1962, nó dáta an Achta seo a rith (cibé acu is déanaí) nó dá éis. | ||||||||||||
[EN] | (2) Is iad na hachtacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo: | |||||||||||||
[EN] | ||||||||||||||
[EN] | ||||||||||||||
[EN] | (c) alt 9 den Acht Airgeadais (Comhaontú leis an Ríocht Aontaithe), 1938. | |||||||||||||
[EN] |
Leasú ar an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 . |
9. —(1) Leasaítear leis seo fomhír (c) de mhír 4 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , trí “£2 10s.” a chur in ionad “£8”. | ||||||||||||
[EN] | (2) Más é an 1ú lá d'Iúil, 1962, nó más roimhe sin, a rithfear an tAcht seo, tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lá sin agus, más tar éis an lae sin a rithfear é, measfar gur tháinig an fo-alt sin i ngníomh an lá sin. | |||||||||||||
[EN] | (3) Déanfar na haisíocaíochtaí iomchuí ag féachaint do na forálacha roimhe seo den alt seo agus déanfar na haisíocaíochtaí de réir cibé orduithe a thabharfaidh an tAire Rialtais Áitiúil. | |||||||||||||
[EN] |
Orduithe a dhaingniú. I.R. Uimh. 124 de 1961. I.R. Uimh. 104 de 1962. |
10. —Daingnítear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 108) (Busanna Usáidte), 1961, agus an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 123) (Tobac), 1962. |