An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Liúntais Tosaigh, Díolúine ó Cháin, Íocaíochtaí le Comhchuideachtaí, Ús ar Cháin nár Íocadh:cáin ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide.) Ar Aghaidh (CUID V. Ilghnéitheach.)

15 1962

AN tACHT AIRGEADAIS, 1962

CUID IV.

Dleachtanna stampa.

Leasú ar alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 .

1947, Uimh. 33 .

15. —Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947

(i) trí “tar éis a bhfeidhmiú maidir leis an tíolacas nó an t-aistriú a údarú, nó, i gcás maoin a bheifear a fháil chun críocha cónaithe phríobháidigh agus nach bhfuil os cionn cúig acra talún ar áireamh uirthi, go mbeidh moladh (a bheidh ina ábhar eiscthe chun críocha alt 12 den Acht Talún, 1950 ) ann ó aon bheirt de Choimisinéirí Tuata de Choimisiún na Talún chun na gCoimisinéirí Ioncaim iad a fheidhmiú maidir leis an tíolacas nó leis an aistriú, nó”, a chur in ionad “tar éis a n-iarratas maidir leis an tíolacas nó an t-aistriú, nó” i mír (a); agus

(ii) trí fhomhír (ii) de mhír (b) a scriosadh.

Leasú ar alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 .

1949, Uimh. 13 .

16. —Leasaítear leis seo fo-alt (4) den Acht Airgeadais, 1949

(i) trí “tar éis a bhfeidhmiú maidir leis an léas a údarú, nó i gcás leas an leasaí faoin léas a bheith á fháil chun críocha cónaithe phríobháidigh agus nach bhfuil leas i níos mó ná cúig acra talún ar áireamh air, go mbeidh moladh (a bheidh ina ábhar eiscthe chun críocha alt 12 den Acht Talún, 1950 ) ann ó aon bheirt de Choimisinéirí Tuata de Choimisiún na Talún chun na gCoimisinéirí Ioncaim iad a fheidhmiú maidir leis an léas nó” a chur in ionad “tar éis a n-iarratas maidir leis an léas a údarú, nó” i mír (a); agus

(ii) trí fomhír (ii) de mhír (b) a scriosadh.

Dleachtanna stampa áirithe a fhoirceannadh.

17. —(1) Ní mhuirearófar dleachtanna stampa—

(a) ar aon duine a ghlacadh le haghaidh céim abhcóide,

(b) ar aon duine a ghlacadh mar mhac léinn de chuid Chumann Ostaí an Rí i mBaile Átha Cliath, ná

(c) ar airteagail chléireachais trína dtiocfaidh aon duine chun bheith faoi cheangal fónamh mar cléireach iar n-ordú chun a ghlactha mar aturnae.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Leasú ar alt 32 (2) den Acht Airgeadais, 1961 .

1961, Uimh. 23 .

18. —Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 32 den Acht Airgeadais, 1961 , trí “eight months” a chur in ionad “four months”.