|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Dleachtanna stampa.) | Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Biotáille (rátaí gnáth-dhleachta custam).) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1962
[EN] | ||
[EN] |
CUID V. Ilghnéitheach. | |
[EN] |
An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla. |
19. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ; | |
[EN] | ciallaíonn “alt leasaitheach 1961” alt 36 den Acht Airgeadais, 1961 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an dóú blianacht bhreise déag” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo; | |
[EN] | tá leis “an Aire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt. | |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1961, maidir leis na naoi mbliana airgeadais comhleanúnacha is fiche dar tosach an bhliain airgeadais dár críoch an 31ú lá de Mhárta, 1963, ach “£1,299,628” a chur in ionad “£1,134,682”. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1961 ach “£824,486” a chur in ionad “£733,991”. | |
[EN] | (4) Déanfar suim £1,334,935 chun iasachtaí, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais comhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1963. | |
[EN] | (5) Déanfar an dóú blianacht bhreise déag á íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire. | |
[EN] | (6) Féadfar aon mhéid den dara blianacht bhreise déag, nach mó ná £863,530 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc. | |
[EN] | (7) Déanfar iarmhéid an dóú blianacht bhreise déag a úsáid i gceann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt. | |
[EN] |
An Cuntas Cánachais Áitiúil a fhoirceannadh. 1898, c. 37. 1891, c. 48. R. & O.R., Uimh.94 de 1927. |
20. —(1) Foirceanntar leis seo an Cuntas Cánachais Áitiúil agus ní dhéanfar aon íocaíochtaí eile isteach sa Chuntas sin ná amach as. |
[EN] | (2) Aon airgead a ndéanfaí, mura mbeadh fo-alt (1) den alt seo, é a íoc isteach sa Chuntas a fhoirceanntar leis an bhfo-alt sin as an gCiste Ráthaíochta, déileálfar leis mar a leanas: | |
[EN] | (a) íocfar díreach amach as an gCiste Ráthaíochta airgead i leith an deontais thalmhaíochta (lena n-áirítear na deontais fhorlíontacha) is iníoctha faoi na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1959, agus faoi alt 48 den Local Government (Ireland) Act, 1898, | |
[EN] | (b) úsáidfear airgead eile chun muirir ar an gCiste Ráthaíochta a íoc. | |
[EN] | (3) I bhfo-alt (2) den alt seo, ciallaíonn “an Ciste Ráthaíochta” an Ciste a bunaíodh le halt 5 den Purchase of Land (Ireland), Act, 1891. | |
[EN] | (4) Cúlghairtear leis seo Airteagal 2 den Ordú um Dheona Diúité Estáit, 1927. | |
[EN] | (5) Aon liúntas a bhí, de réir an Acht Cúitimh Oifigeacha Áitiúla (Tréimhse Chogaidh), 1924 , iníoctha díreach roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1962, as an gCuntas a fhoirceanntar le fo-alt (1) den alt seo, beidh sé iníoctha an lá sin agus ón lá sin amach as an bPríomh-Chiste. | |
[EN] | (6) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1962. | |
[EN] |
Díolúintí áirithe ó cháin bhrabús corparáide a leanúint ar aghaidh. |
21. —Déanfar na díolúintí ó cháin bhrabús corparáide a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 33 den Acht Airgid, 1929 , a thabhairt in aghaidh na tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1962, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1964. |
[EN] |
Orduithe faoin Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 . |
22. —(1) Folóidh cumhacht an Rialtais chun orduithe a dhéanamh faoi alt 1 den Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 , cumhacht— |
[EN] | (a) chun orduithe a dhéanamh ag ordú foirm cháinliosta custam trína bhféadfar earraí a aicmiú chun críocha dleachtanna custam agus chun aon chríche eile agus chun foráil dá réir sin a dhéanamh chun earraí a aicmiú in aon slí a fheicfear don Rialtas a bheith caothúil ag féachaint do na dleachtanna custam a forchuireadh nó a fhorchuirfear faoin Acht sin, do dhleachtanna custam eile, d'aon díolúine ó dhleacht custam, nó cáiliú nó teorannú ar dhleacht custam dá bhforáiltear le haon Acht nó faoi, agus d'aon chomhaontú idirnáisiúnta a bhainfidh le cúrsaí custam, agus | |
[EN] | (b) aon fhoirm cháinliosta custam a ordófar de bhua an fho-ailt seo a chur faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim, | |
[EN] | agus folóidh cumhacht an Rialtais chun orduithe faoin alt sin 1 a chúlghairm nó a leasú cumhacht chun orduithe a rinneadh de bhua an fho-ailt seo a chúlghairm nó a leasú. | |
[EN] | (2) Folóidh cumhacht an Aire Airgeadais chun orduithe a dhéanamh faoi alt 3 den Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 , a dúradh, cumhacht chun orduithe a dhéanamh (gan an toiliú dá bhforáiltear san alt sin)— | |
[EN] | (a) ag leasú nó ag cúlghairm orduithe a rinneadh de bhua fo-alt (1) den alt seo i gcás inarb é cúspóir na leasuithe nó na cúlghairme leasú a dhéanamh ar aon aicmiú earraí (cibé acu atá nó nach bhfuil siad faoi réir dleachta lena mbaineann an t-alt sin 3) i bhfoirm cháinliosta custam arna hordú de bhua an fho-ailt sin (1) a leasú agus nach bhforchuireann siad dleacht custam ar earra nach bhfuil faoi réir dleachta i slí eile nó nach ndéanann siad an ráta ar dá réir is inmhuirir dleacht custam ar earra a athrú in aon slí nó cuma ar bith nó go ndéanann siad foráil, maidir le hearra nach bhfuil faoina réir i slí eile, le haghaidh aon choinníoll, teorainn, aistarraingt, liúntas, díolúine, nó ráta fabhair i ndáil le dleacht custam nó go ndéanann siad aon choinníoll, teorainn, aistarraingt, liúntas, díolúine nó ráta fabhair den sórt sin a fhoirceannadh nó a athrú in aon slí nó cuma ar bith i ndáil le hearra, agus | |
[EN] | (b) ag déanamh foráil le haghaidh aon leasuithe iarmartacha ar ordú a rinneadh de bhua an fho-ailt sin (1) is gá de dhroim orduithe a dhéanamh faoin alt sin 3, | |
[EN] | agus folóidh cumhacht an Aire Airgeadais chun orduithe faoin alt sin 3 a chúlghairm nó a leasú cumhacht chun orduithe a rinneadh de bhua an fho-ailt seo a chúlghairm nó a leasú (gan an toiliú dá bhforáiltear san alt sin). | |
[EN] | (3) (a) Folóidh cumhacht an Rialtais chun orduithe a dhéanamh faoi mhíreanna (b), (e) agus (g) d'alt 1 den Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 , a dúradh, cumhacht chun orduithe a dhéanamh ag cur coinníollacha, teorainneacha, liúntais, díolúintí nó rátaí fabhair chun feidhme maidir le haon dleacht custam, dleacht máil nó dleacht stampa, a bhí i bhfeidhm ar dháta an Achta seo a rith nó a forchuireadh le haon Acht a ritheadh nó ordú a rinneadh tar éis an tAcht seo a rith agus folóidh cumhacht an Rialtais chun orduithe a dhéanamh faoi na míreanna sin (b) agus (e) cumhacht chun orduithe a dhéanamh ag cur aistarraingrí chun feidhme maidir le haon dleacht custam nó dleacht máil den sórt sin, agus folóidh cumhacht an Rialtais chun orduithe faoin alt sin 1 a chúlghairm nó a leasú cumhacht chun orduithe a rinneadh de bhua an fho-ailt seo a chúlghairm nó a leasú. | |
[EN] | (b) Leasaítear leis seo alt 1 den Acht d'Fhorchur Dleachta, 1957, a dúradh, trí— | |
[EN] | (i) “aistarraingtí” a chur isteach i mír (d) i ndiaidh “tórainneacha”, agus | |
[EN] | (ii) “aistarraingt” a chur isteach i mír (e) i ndiaidh “tórainn,”. | |
[EN] |
Aisghairm. |
23. —(1) (a) Déantar leis seo an t-achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún 3 den Chuid sin. |
[EN] | (b) Measfar gur tháinig mír (a) den fho-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1962. | |
[EN] | (2) Déantar leis seo an t-achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin. | |
[EN] |
Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna. |
24. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo. |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme. 1920, c. 18. |
25. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1962 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Déanfar Cuid I den Acht seo a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim. | |
[EN] | (3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna custam, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus déanfar, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, í a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin. | |
[EN] | (4) Déanfar Cuid III den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus déanfar, a mhéid a bhaineann sí le cáin bhrabús corparáide, í a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an Chuid sin. | |
[EN] | (5) Measfar gur tháinig Cuid I den Acht seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1962, agus beidh éifeacht aici amhail ar an agus ón lá sin. | |
[EN] | (6) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi. |