|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 20 de 1962. | ||
[EN] |
AN tACHT UM SHRIANADH ALLMHAIRÍ, 1962. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DÁ ÚDARÚ ALLMHAIRÍ A SHRIANADH. [1 Lúnasa,1962.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo ní fholaíonn “allmhairiú” allmhairiú chun críocha idirthurais agus onnmhairiú dá éis sin agus chun na gcríocha sin amháin. |
[EN] |
Srian le hallmhairí. |
2. —(1) D'ainneoin aon ní in aon Acht eile, féadfaidh an Rialtas, le hordú, toirmeasc a chur, ach amháin faoi réim agus de réir ceadúnais arna eisiúint ag Aire Stáit a shonrófar le hallmhairiú— |
[EN] | (a) aon earraí a monaraíodh nó a táirgeadh i dtír nó i gcríocha a shonrófar nó a coinsíníodh ó thír nó ó chríocha a shonrófar, nó | |
[EN] | (b) earraí de thuairisc a shonrófar a monaraíodh nó a táirgeadh i dtír nó i gcríocha a shonrófar nó a coinsíníodh ó thír nó ó chríocha a shonrófar. | |
[EN] | (2) In aon ordú faoin alt seo a bhainfidh le hearraí a monaraíodh nó a táirgeadh i dtír nó i gcríocha a shonrófar, féadfar, más cuí leis an Rialtas é,— | |
[EN] | (a) forálacha a chur a gcinnfear dá réir chun críocha an orduithe cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh earraí áirithe a mhonarú nó a tháirgeadh sa tír nó sna críocha sin, nó | |
[EN] | (b) a údarú don Aire Stáit a shonrófar san ordú na forálacha sin a ordú le rialacháin. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Rialtas le hordú aon ordú a rinneadh faoin alt seo (lena n-áirítear an fo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú. | |
[EN] | (4) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo nó gach rialachán a dhéanfar faoi aon ordú den sórt sin leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán. | |
[EN] |
Ceadúnais. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire, dá rogha féin, ceadúnais a eisiúint chun earraí a allmhairiú a mbeidh ordú faoi alt 2 den Acht seo i bhfeidhm maidir leo. |
[EN] | (2) I gcás ina n-eiseoidh an tAire ceadúnas faoin alt seo féadfaidh sé aon choinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil leis. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire aon cheadúnas a eisíodh faoin alt seo a chúlghairm. | |
[EN] | (4) Aon duine a dhéanfaidh, d'fhonn ceadúnas faoin alt seo a fháil dó féin nó d'aon duine eile, aon ráiteas nó uiríoll is feasach dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an tAire ionchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoin alt seo. | |
[EN] | (6) San alt seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Stáit a shonrófar san ordú iomchuí faoi alt 2 den Acht seo. | |
[EN] |
Caiteachas. |
4. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh aon Aire Stáit ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Gearrtheideal. |
5. —Féadfar an tAcht um Shrianadh Allmhairí, 1962 , a ghairm den Acht seo. |