Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Achtanna Éireannacha Réamh-Aontachta)

29 1962


Uimhir 29 de 1962.


AN tACHT UM ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ REACHTÚIL (REACHTANNA ÉIREANNACHA RÉAMH-AONTACHTA), 1962

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO CHUR ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ REACHTÚIL AR AGHAIDH TRÍ AISGHAIRM SHAINRÁITE A DHÉANAMH AR REACHTANNA ÉIREANNACHA RÉAMH-AONTACHTA ÁIRITHE NÓ AR CHODANNA DE NA REACHTANNA SIN IS INMHEASTA A BHEITH Ó FHEIDHM NÓ A bhFUIL SCORTHA ACU DE BHEITH I bhFEIDHM AR SHLÍ SEACHAS TRÍ AISGHAIRM SHAINRÁITE NÓ A bhFUIL ÉIRITHE DÓIBH, LE hIMEACHT NA hAIMSIRE NÓ AR DHÓIGH EILE, BHEITH NEAMHRIACHTANACH. [24 Samhain, 1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Aisghairm.

1. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a aisghairm an méid a shonraítear sa tríú colún.

Cosaint.

2. —(1) Ní dhéanfaidh an tAcht seo difear d'aon phrionsabal nó riail dlí nó cothromais atá ann faoi láthair ná d'aon dlínse, foirm nó cúrsa pleádála, cleachtas ná nós imeachta atá bunaithe, d'ainneoin sin a theacht ó aon achtachán a aisghairtear leis seo nó a bheith sonraithe nó aitheanta ag aon achtachán díobh sin.

(2) I gcás aon achtachán nach n-aisghairtear leis an Acht seo a bheith daingnithe, athbheoite nó buanaithe le haon achtachán a aisghairtear leis seo, ní dhéanfaidh an aisghairm difear don daingniú, don athbheochan ná don bhuanú sin.

Ghearrtheideal.

3. —Féadfar an tAcht um Athchóiriú an Dlí Reachtúil (Reachtanna Éireannacha Réamh-Aontachta), 1962 , a ghairm den Acht seo.