35 1962


Uimhir 35 de 1962.


AN tACHT UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1936 GO 1961. [25 Nollaig, 1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Pinsin seirbhíse agus pinsin mhíchumais a mhéadú.

1. —(1) Déanfar pinsean lena mbaineann an t-alt seo a mhéadú fiche faoin gcéad.

(2) Baineann an t-alt seo—

(a) le pinsean seirbhíse is iníoctha faoi na hAchtanna um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1961, agus

(b) le pinsean míchumais is iníoctha amhlaidh.

(3) Beidh éifeacht ag méadú faoin alt seo ón lú lá de Lúnasa, 1962 (agus an lá sin a áireamh).

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1962, a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1962, a ghairm de na hAchtanna um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1961, agus den Acht seo le chéile.