An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM RÚIN OIFIGIÚLA, 1963) Ar Aghaidh (CUID II Eolas Oifigiúil)

1 1963

AN tACHT UM RÚIN OIFIGIÚLA, 1963

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Rúin Oifigiúla, 1963 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

folaíonn “doiciméad” cuid de dhoiciméad;

ciallaíonn “Aire” comhalta den Rialtas;

folaíonn “múnla” dearadh, patrún nó sampla;

folaíonn “doiciméad oifigiúil” pas taistil nó pas oifigiúil, nó cead, doiciméad aitheantais, deimhniú nó ceadúnas oifigiúil nó doiciméad eile dá samhail sin, cibé acu atá nó nach bhfuil sé comhlánaithe nó arna eisiúint lena úsáid, agus folaíonn sé freisin formhuiniú nó breisiú ar an gcéanna;

ciallaíonn “eolas oifigiúil” aon chódfhocal nó focal faire oifigiúil rúnda, agus aon sceitse, plean, múnla, earra, nóta, doiciméad nó eolas atá faoi rún nó faoi iontaoibh nó a bhfuil sé sainráite é a bheith faoi rún nó faoi iontaoibh agus atá, nó a bhí, i seilbh nó i gcoimeád nó faoi urláimh sealbhóra oifige poiblí, nó a bhfuil nó a raibh teacht aige air, de bhua a oifige, agus folaíonn sé eolas arna thaifeadadh ar scannán nó ar théip mhaighnéadach nó ar aon mheán taifeadta eile; ciallaíonn “oifig phoiblí” oifig nó fostaíocht a íoctar go hiomlán as an bPríomh-Chiste nó as airgead a sholáthraíonn an tOireachtas, nó ceapachán chun, nó fostaíocht faoi réim, aon choimisiúin, coiste nó binse arna bhunú ag an Rialtas nó ag Aire chun críocha aon fhiosrúcháin, ach ní fholaíonn sé comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas;

folaíonn “sceitse” grianghraf nó modh eile chun aon áit nó rud a léiriú;

ciallaíonn “údarás Stáit” an tArd-Aighne, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, na Coimisinéirí Ioncaim, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó Coimisiún Talún na hÉireann.

(2) San Acht seo—

folaíonn abairtí a thagraíonn do pháirtiú nó glacadh aon pháirtiú nó glacadh, cibé acu go hiomlán nó go páirteach é agus cibé acu a dhéantar an sceitse, an plean, an múnla, an t-earra, an nóta, an doiciméad nó an t-eolas féin, nó nach ndéantar ach amháin a shubstaint nó a bhrí nó a thuairisc, a pháirtiú nó a ghlacadh;

folaíonn abairtí a thagraíonn d'aon sceitse, plean, múnla, earra, nóta nó doiciméad a fháil nó a choinneáil, cóip a dhéanamh nó a chur á déanamh d'iomlán nó d'aon chuid d'aon sceitse, plean, múnla, earra, nóta nó doiciméad; agus

folaíonn abairtí a thagraíonn d'aon sceitse, plean, múnla, earra, nóta nó doiciméad a pháirtiú é a aistriú nó a tharchur.

(3) Beidh deimhniú arna thabhairt ag Aire faoina shéala á dheimhniú aon chódfhocal nó focal faire oifigiúil nó aon sceitse, plean, múnla, earra, nóta, doiciméad nó eolas a shonrófar nó a léireofar sa deimhniú a bheith faoi rún nó faoi iontaoibh, ina fhianaise dhochloíte ar an ní a dheimhneofar amhlaidh.

Aisghairm,

1911, c. 28;

1920, c. 75.

3. —Aisghairtear leis seo na Official Secrets Acts, 1911 and 1920.