An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Eolas a pháirtiú chun dochair do shlánd áil nó caomhnú an Stáit)

1 1963

AN tACHT UM RÚIN OIFIGIÚLA, 1963

CUID IV

Imeachtaí dlíthiúla agus forálacha forlíontacha

Cionta.

13. —(1) Aon duine a sháróidh aon fhoráil den Acht seo nó a dhéanfaidh iarracht í a shárú, beidh sé, gan dochar d'aon achtachán eile, ciontach i gcion faoin Acht seo.

(2) Féadfar duine a thriail go hachomair in aon chion faoin Acht seo agus ar a chiontú dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(3) Féadfar duine a thriail arna dhíotáil in aon chion faoi alt 9 nó in aon chion faoi Chuid II a rinneadh ar dhóigh ba dhochar do shlándáil nó do chaomhnú an Stáit, agus ar a chiontú dlífear príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain a chur air nó pianseirbhís ar feadh téarma nach faide ná seacht mbliana.

Srian le hionchúiseamh.

14. —(1) Ní thionscnófar imeachtaí i leith aon chiona faoin Acht seo ach amháin ag an Ard-Aighne nó lena thoiliú.

(2) Sula bhfaighfear an toiliú sin, féadfar duine a chúiseofar i gcion faoi alt 9 a ghabháil, nó féadfar barántas chun é a ghabháil a eisiúint agus a fhorghníomhú, agus féadfar é a athchur faoi choimeád nó faoi bhannaí, ach ní fhéadfar in aon chás é a athchur amhlaidh go dtí dáta is déanaí ná ocht lá tar éis a athchurtha den chéad uair, agus ní dhéanfar aon imeachtaí eile go mbeidh an toiliú sin faighte.

Gabháil gan bharántas.

15. —Aon duine a gheofar ag sárú alt 9, nó a mbeidh amhras réasúnach ann é a bheith tar éis, nó iarracht a bheith déanta aige, nó é a bheith ar tí, an t-alt sin a shárú, féadfar é a ghabháil agus a choinneáil ar an dóigh chéanna le duine a fhaightear ag déanamh feileonachta.

Barántais chuardaigh.

1897, c. 30.

16. —(1) Ar bheith sásta dó go bhfuil cúis réasúnach ann chun bheith in amhras go bhfuiltear tar éis, nó ar tí, sárú a dhéanamh ar alt 9 féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche barántas a eisiúint chun aon chomhalta den Gharda Síochána chun aon áitreabh, áit, árthach nó aerárthach a chuardach.

(2) Má bhíonn cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná príomhcheannfort chun a chreidiúint gur gá ar mhaithe le leas an Stáit beart a dhéanamh láithreach, féadfaidh sé barántas cuardaigh a eisiúint a beidh ar comhéifeacht le bárantas cuardaigh ó bhreitheamh den Chúirt Dúiche.

(3) Beidh sé sainráite i mbarántas cuardaigh a eiseofar faoin alt seo go n-údaraíonn sé, agus oibreoidh sé chun a údarú, do chomhalta den Gharda Síochána (nach ísle céim ná cigire) a bheidh ainmnithe sa bharántas, maraon le haon daoine eile a bheidh ainmnithe sa bharántas agus aon chomhaltaí eile den Gharda Síochána, dul isteach, laistigh de sheachtain ó dháta an bharántais agus le forneart más gá sin, in aon áitreabh, áit, árthach nó aerárthach a bheidh ainmnithe sa bharántas agus an céanna agus gach duine a gheofar ann a chuardach agus aon doiciméad nó ní a urghabháil a gheofar ansin nó a gheofar ar aon duine den sórt sin agus a gcreidfidh an comhalta sin go réasúnach gur fianaise é, go díreach nó go neamhdhíreach, ar shárú a bheith déanta nó beartaithe ar alt 9, nó go bhfuil baint aige go díreach nó go neamhdhíreach lena leithéid.

(4) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána ag gníomhú dó faoi údarás barántais cuardaigh a éisíodh faoin alt seo—

(a) ainm agus seoladh aon duine a gheofar san áitreabh, san áit, san árthach nó san aerárthach a bheidh ainmnithe sa bharántas a éileamh, agus

(b) aon duine den sórt sin a dhiúltóidh a ainm agus a sheoladh a thabhairt, nó a thabharfaidh ainm bréige nó seoladh bréige, a ghabháil gan bharántas.

(5) Féadfar aon doiciméad a urghabhfar faoin alt seo a thógáil agus é a choinneáil fad is cuí leis an Aire Dlí agus Cirt é, agus féadfar aon ní eile a urghabhfar amhlaidh a thógáil agus é a choinneáil, go ceann tréimhse míosa ón dáta a urgabhadh é, nó, má thionscnaítear imeachtaí laistigh den tréimhse sin i leith ciona faoin Acht seo, go dtí go mbeidh deireadh leis an himeachtaí, agus ina dhiaidh sin bainfidh forálacha an Police (Property) Act, 1897, leis an ní a urghabhadh amhlaidh díreach mar a bhaineann an tAcht sin le maoin a tháinig i seilbh an Gharda Síochána sna himthosca a luaitear san Acht sin.

(6) Gach duine a bhacfaidh comhalta den Gharda Síochána nó duine eile a bheidh ag gníomhú faoi údarás barántais cuardaigh a eisíodh faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

Eolas a fháil ar chionta amhrais.

17. —(1) Má bhíonn cúis réasúnach ag oifigeach den Gharda Síochána nach ísle céim ná príomhcheannfort chun bheith in amhras go ndearnadh cion faoi alt 9 agus chun a chreidiúint gur féidir le haon duine áirithe eolas a thabhairt i dtaobh an chiona nó an chiona amhrais, féadfaidh sé cead a iarraidh ar an Aire Dlí agus Cirt chun na cumhachtaí a thugtar leis an bhfo-alt seo a fheidhmiú, agus, má thugtar an cead sin, féadfaidh sé a údarú do chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire a cheangal ar an duine a gcreidtear é a bheith ar a chumas eolas a thabhairt aon eolas a thabhairt atá ar a chumas maidir leis an gcion nó leis an gcion amhrais, agus aon duine a gceanglófar air de bhun údaráis den sórt sin eolas a thabhairt agus nach ndéanfaidh de réir mar a cheanglófar air amhlaidh nó a thabharfaidh eolas is feasach dó a bheith bréagach beidh sé ciontach i gcion.

(2) Má bhíonn cúis réasúnach ag aon oifigeach den sórt sin chun a chreidiúint gur gá ar mhaithe le leas an Stáit beart a dhéanamh láithreach, féadfaidh sé na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) a fheidhmiú gan cead a iarraidh ar an Aire Dlí agus Cirt ná a fháil uaidh, ach má dhéanann sé amhlaidh tuairisceoidh sé na himthosca don Aire láithreach.

Cumhacht chun a cheangal go dtabharfar teileagraim ar aird.

1869, c. 73.

1926, Uimh. 45 .

18. —(1) Más é tuairim an Aire Dlí agus Cirt go bhfóireann sé do leas an Stáit é sin a dhéanamh, féadfaidh sé, le barántas faoina láimh, a cheangal ar aon duine a bhfuil ar úinéireacht nó faoina urláimh aige aon chábla nó sreang teileagrafaíochta, nó aon ghaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta, a úsáidtear chun teilegraim a chur go haon áit, nó a ghlacadh ó aon áit, atá lasmuigh den Stát, go dtabharfaidh sé ar aird dó féin, nó d'aon duine a bheidh ainmnithe sa bharántas, scríbhinní bunaidh agus athscríbhinní na dteileagram go léir, nó na dteileagram d'aon chineál nó saghas a shonrófar, nó na dteileagram a cuireadh ó aon duine nó áit a shonrófar nó a seoladh chun aon duine nó áit a shonrófar, nó a cuireadh go haon áit, nó a glacadh ó aon áit, lasmuigh den Stát, le haon chábla, sreang nó gaireas den sórt sin, agus fós gach páipéar eile a bhainfidh le haon teileagram den sórt sin a dúradh agus déanfaidh an duine sin de réir an cheangail sin.

(2) San alt seo tá an bhrí chéanna le “teileagram” atá le “telegram” sa Telegraph Act, 1869, agus tá an bhrí chéanna le “raidió-theileagrafaíocht” atá le “radio-thelegrafaíocht” san Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 .