An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA dTRÁDMHARCANNA, 1963) Ar Aghaidh (CUID II. Forálacha Maidir le Clárú.)

9 1963

ACHT NA dTRÁDMHARCANNA, 1963

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar Acht na dTrádmharcanna, 1963 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé dáta a cheapfaidh an tAire le hordú.

Léiriú.

1927, Uimh. 16 .

1890, c. 39.

2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 ;

ciallaíonn “sannadh” sannadh trí ghníomh na bpáirtithe lena mbaineann;

ciallaíonn “an Ceannasaí” an Ceannasaí Maoine Tionscail agus Tráchtála a ceapadh faoi Acht 1927;

ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt;

ciallaíonn “an tIrisleabhar” an tIrisleabhar Oifigiúil um Maoin Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “teorainneacha” aon teorainneacha leis an gceart eisiatach chun úsáide trádmhairc a tugadh trí dhuine a chlárú mar dhílseánach an trádmhairc sin, lena n-áirítear teorainneacha leis an gceart sin maidir le modh úsáide, maidir le húsáid i ndáil le hearraí a bhfuiltear chun iad a dhíol (nó chun trádáil a dhéanamh leo ar shlí eile) in aon áit sa Stát, nó maidir le húsáid i ndáil le hearraí atáthar chun a onnmhairiú go dtí aon mhargadh lasmuigh den Stát;

folaíonn “marc” samhlán, branda, mírcheann, lipéad, ticéad, ainm, síniú, focal, litir, uimhir, nó aon chónasc díobh sin;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “an Oifig” an Oifig Chláraitheachta Maoine Tionscail agus Tráchtála a bunaíodh faoi Acht 1927;

tá le “comhpháirtíocht” an bhrí a shanntar do “partnership” le halt 1 den Partnership Act, 1890;

tá le “úsáid cheadaithe” an bhrí a shanntar dó le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 36 den Acht seo;

ciallaíonn “forordaithe”, maidir le himeachtaí os comhair na Cúirte, forordaithe le rialacha cúirte, agus, i gcásanna eile, forordaithe leis an Acht seo nó leis na rialacha;

ciallaíonn “an clár” clár na dtrádmharcanna a choimeádtar faoin Acht seo;

ciallaíonn “trádmharc cláraithe” trádmharc atá iarbhír ar an gclár;

ciallaíonn “úsáidire cláraithe” duine atá de thuras na huaire cláraithe mar úsáidire cláraithe faoi alt 36 den Acht seo;

ciallaíonn “na rialacha” rialacha arna ndéanamh ag an Aire faoi alt 3 nó alt 44 den Acht seo;

ciallaíonn “trádmharc”, ach amháin maidir le trádmharc deimhniúcháin, marc a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i ndáil le hearraí chun go dtaispeántar nó ar mhodh go dtaispeánfar baint i gcúrsa trádála idir na hearraí agus duine éigin ag a bhfuil an ceart mar dhílseánach nó mar úsáidire cláraithe an marc a úsáid, i dteannta nó d'éagmais aon taispeánadh ar chéannacht an duine sin, agus ciallaíonn sé, maidir le trádmhac deimoniúcháin, marc a cláraíodh nó a mheastar a cláraíodh faoi alt 45 den Acht seo;

ciallaíonn “tarchur” tarchur trí oibriú an dlí, cineachadh ar ionadaí pearsanta éagaigh, agus aon mhodh aistrithe eile nach sannadh

(2) (a) San Acht seo déanfar tagairtí do mharc a úsáid a fhorléiriú mar thagairtí do shamhail chlóite nó aon dearc-shamhail eile den mharc a úsáid, agus déanfar tagairtí do mharc a úsáid i ndáil le hearraí a fhorléiriú mar thagairtí don mharc sin a úsáid ar earraí nó i ndáil thadhlach nó i ndáil eile leis na hearraí sin.

(b) In aon Acht eile déanfar tagairtí do thrádmharc a fhorléiriú mar thagairtí do thrádmharc faoin Acht seo.

Cumhacht an Aire chun rialacha a dhéanamh.

3. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham cibé rialacha a dhéanamh, cibé foirmeacha a fhorordú agus, i gcoitinne, cibé nithe is fóirsteanach leis a dhéanamh—

(a) i dtaobh an cleachtas faoin Acht seo, lena n-áirítear seirbheáil doiciméad, a rialáil;

(b) i dtaobh earraí a aicmiú le haghaidh trádmharcanna a chlárú;

(c) i dtaobh trádmharcanna agus doiciméid eile a dhéanamh nó a cheangal dúbláidí díobh a chur ar fáil;

(d) i dtaobh foilsiú agus díol nó dáileadh cóipeanna de thrádmharcanna agus de dhoiciméid eile a áirithiú agus a rialáil i cibé slí is cuí leis an Aire;

(e) i gcoitinne, i dtaobh rialáil a dhéanamh ar ghnó na hOifige maidir le trádmharcanna agus gach ní a chuirtear leis an Acht seo faoi stiúradh nó faoi urláimh an Cheannasaí nó an Aire;

(f) i dtaobh aon ní a fhorordú dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú.

(2) An fad a bheidh rialacha a dhéanfar faoin Acht seo i bhfeidhm, beidh an éifeacht chéanna acu ionann is dá mbeadh siad san Acht seo.

(3) Fógrófar dhá uair san Irisleabhar gach riail a dhéanfar faoin Acht seo, agus leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an riail a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú na rialach, beidh an riail ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin fúithi.

Táillí.

1879, c. 58.

4. —(1) Déanfar cibé táillí a fhorordóidh an tAire ó am go ham le ceadú an Aire Airgeadais a íoc maidir le hiarratais, cláruithe, fógraí, faisnéisí, ráitis, frithráitis, leasuithe, athnuachana, cealuithe, dearbhuithe, deimhnithe, cóipeanna deimhnithe, taifid agus nithe eile i ndáil le trádmharcanna faoin Acht seo.

(2) Déanfar na táillí go léir a fhorordófar faoin alt seo a bhailiú, agus tabharfar cuntas iontu, i cibé slí a ordóidh an tAire le ceadú an Aire Airgeadais.

(3) Ní bhainfidh an Public Offices Fees Act, 1879, le haon táillí is iníoctha faoin Acht seo.

Feidhmiú cumhachtaí an Aire.

5. —Gach ní a cheanglaítear nó a údaraítear faoin Acht seo a dhéanamh ag an Aire nó leis nó os a chomhair, féadfaidh Rúnaí na Roinne Tionscail agus Tráchtála nó aon duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire é a dhéanamh nó féadfar é a dhéanamh leis nó os a chomhair.

Laethanta eiscthe.

6. —Aon uair a thitfidh an lá deireanach a bheidh ceaptha faoin Acht seo chun aon ní a dhéanamh faoin Acht seo ar lá a mbeidh sé sonraithe leis na rialacha gur lá eiscthe é, féadfar a fhoráil sna rialacha go bhféadfar an ní sin a dhéanamh an chéad lá ina dhiaidh sin nach mbeidh sé sonraithe leis na rialacha gur lá eiscthe é.

Caiteachais.

7. —Déanfar na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm agus cosaint.

8. —(1) Aisghairtear leis seo na hailt seo a leanas d'Acht 1927, eadhon, ailt 3 agus 9 (a mhéid a bhaineann siad le trádmharcanna), 80 go 123, agus (a mhéid a bhaineann siad le trádmharcanna) 124, 125, 127 go 138, agus 140 go 153.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear d'aon ordú, riail, rialachán nó ceanglas a rinneadh, d'aon tábla táillí nó deimhniú a eisíodh, d'aon fhógra, breith, cinneadh, ordú ná ceadú a tugadh, d'aon iarratas nó ní a rinneadh ná d'aon trádmharc nó marc a cláraíodh faoi Acht 1927; agus gach ordú, riail, rialachán, ceanglas, tábla táillí, deimhniú, fógra, breith, cinneadh, ordú, ceadú, iarratas, ní, trádmharc nó marc den sórt sin leanfaidh sé, má bhíonn sé i bhfeidhm ar dháta thosach feidhme an Achta seo, de bheith i bhfeidhm agus, a mhéid a fhéadfaí é a dhéanamh, a eisiúint, a thabhairt nó a chlárú faoin Acht seo, beidh éifeacht aige nó aici ionann is dá mba faoin alt comhréire den Acht seo a rinneadh, a eisíodh nó a tugadh é nó í.

(3) Déanfar aon doiciméad ina bhfuil tagairt d'aon achtachán a aisghairtear leis an Acht seo a fhorléiriú mar dhoiciméad a dhéanann tagairt don alt comhréire den Acht seo.