14 1963


Uimhir 14 de 1963.


AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1963.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ MÉADÚ A DHÉANAMH AR CHAITEACHAS IOMLÁN BHORD SOLÁTHAIR AN LEICTREACHAIS CHUN CRÍOCHA GINEARÁLTA. [26 Meitheamh, 1963.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Méadú ar an gcaiteachas iomlán chun críocha ginearálta.

1954, Uimh. 17 .

1. —Ní rachaidh caiteachas iomlán Bhord Soláthair an Leictreachais chun críocha ginearálta, is é sin le rá, chun críocha caipitiúla seachas leictriú tuath-limistéar, thar céad is seasca milliún punt agus, dá réir sin, déanfar fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1954 , a fhorléiriú ionann agus dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime a luaitear ann.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1963 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1963, a ghairm de na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1962, agus den Acht seo le chéile.