An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (CUID III. Stiúradh agus Costais Toghchán Dála.)

19 1963

AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963

CUID II.

Toghchóras agus Clárú.

Léiriú agus forléiriú (Cuid II agus III agus an Dara Sceideal).

1923, Uimh. 12

4. —(1) Sa Chuid seo agus i gCuid III den Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Timpeal Toghachán, 1923 .

(2) Forléireofar le chéile mar aon Acht amháin na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1961, agus an Chuid seo agus Cuid III den Acht seo agus an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

An toghchóras.

1954, Uimh. 18 .

5. —(1) Beidh duine i dteideal a chláraithe mar thoghthóir Dála i ndáilcheantar má tá bliain agus fiche slán aige agus go raibh sé, ar an dáta cáilitheach—

(a) ina shaoránach d'Éirinn, agus

(b) ina ghnáthchónaí sa dáilcheantar sin.

(2) (a) Beidh duine i dteideal a chláraithe mar thoghthóir rialtais áitiúil i dtoghlimistéar áitiúil má tá bliain agus fiche slán aige agus—

(i) go raibh sé, ar an dáta cáilitheach, ina ghnáthchónaí sa limistéar sin, nó

(ii) go raibh sé, ar feadh iomlán na tréimhse sé mhí dar críoch an dáta cáilitheach ag áitiú aon talamh nó áitreabh sa limistéar sin, mar úinéir nó mar thionónta.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo—

(i) i gcás beirt nó níos mó a bheith ag áitiú talamh nó áitreabh i gcomhpháirt, áireofar gach duine acu sin mar dhuine atá ag áitiú an talaimh nó an áitribh, faoi réir an choinníll nach mbeidh níos mó ná beirt i dteideal a gcláraithe i leith an talaimh nó an áitribh chéanna, mura rud é go bhfuil a ngairm, a dtrádáil nó a ngnó á dhéanamh ar an talamh nó san áitreabh acu mar chomhpháirtithe bona fide,

(ii) ní mheasfar áitiú tí cónaithe a bheith briste ar an aonchúis gur tugadh cead, trína ligean nó ar shlí eile, chun an teach cónaithe a bheith á áitiú mar theach cónaithe troscánaithe ag duine éigin eile ar feadh cuid nó codanna den tréimhse cháilitheach nárbh fhaide ná ceithre mhí san iomlán.

(c) Más rud é, le haghaidh clárú mar thoghthóir rialtais áitiúil i gcontae, i gcontae-bhuirg, i mbuirg, i gceantar uirbeach nó i mbaile, go bhfuil níos mó ná maoin amháin (is é sin le rá, talamh nó aitreabh) ag duine—

(i) féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná an lá deiridh chun éileamh a dhéanamh ar chlárú, an ceann ar mian leis é a chlárú ina leith a ainmniú trí fhógra a thabhairt don údarás clárúcháin, agus seoladh gach ceann de na maoine agus an chinn ar mian leis é a chlárú ina leith a lua, agus clárófar é dá réir sin;

(ii) mura ndéanfaidh sé ainmniú amhlaidh agus gur ceann de na maoine is áit chónaithe dó agus gur i gcontae-bhuirg, i mbuirg, i gceantar uirbeach nó i mbaile atá a suíomh, clárófar é i leith a áit chónaithe;

(iii) in aon chás eile, clárófar é i leith cibé ceann de na maoine a chinnfidh an t-údarás clárúcháin.

(d) Déanfaidh an t-údarás clárúcháin cibé athruithe agus ceartuithe is dóigh leo is gá sa dréacht-chlár—

(i) chun a áirithiú nach gclárófar duine ar bith níos mó ná uair amháin mar thoghthóir rialtais áitiúil i gcontae-bhuirg, i mbuirg, i gceantar uirbeach ná i mbaile, ná i gcontae riaracháin taobh amuigh d'aon bhuirg, ceantar uirbeach nó baile ann, agus

(ii) ag féachaint do mhír (c) den fho-alt seo.

(e) San fho-alt seo—

ciallaíonn “limistéar toghcháin áitiúil” limistéar nó aon cheann de na limistéir (de réir mar is cuí) ar dá réir a dhéantar toghchán áitiúil;

ciallaíonn “toghthóir rialtais áitiúil” duine atá i dteideal vótála i dtoghchán áitiúil.

(3) (a) Más rud é, tráth nach déanaí ná an lá deiridh chun éileamh a dhéanamh ar chlárú, go ndéanfaidh toghthóir atá ina chomhalta lánaimsire d'Óglaigh na hÉireann ráiteas i dtaobh an áitribh a mbeadh sé, murach a sheirbhís, ina ghnáthchónaí ann ar an dáta cáilitheach a thabhairt d'údarás clárúcháin an limistéir chlárúcháin ina bhfuil an t-áitreabh sin, déanfar, cheal fianaise ar a mhalairt, an ráiteas a ghlacadh mar ráiteas ceart agus clárófar é i leith an áitribh sin.

(b) (i) San fho-alt seo ciallaíonn “comhalta lánaimsire d'Óglagh na hÉireann”—

(I) comhalta de na Buan-Óglaigh, nó

(II) oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca atá ar fostú go leanúnach ar seirbhís nó dualgas míleata i rith tréimhse a bheidh forógra i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buanseirbhís, nó i rith tréimhse a bheidh cúltacairí gairthe amach ar buanseirbhís faoi alt 88 den Acht Cosanta, 1954 , nó

(III) cúltacaire a gaireadh amach ar buanseirbhís.

(ii) San fhomhír sin roimhe seo tá le “na Buan-Óglaigh”, “oifigeach”, “na hÓglaigh Cúltaca”, “forógra á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buanseirbhís” agus “cúltacaire” na bríonna atá leo faoi seach san Acht Cosanta, 1954 .

(4) Chun críocha an ailt seo—

(a) ní mheasfar gnáthchónaí a bheith tugtha suas ag duine má tá ar intinn aige cónaí a dhéanamh athuair laistigh d'ocht mí dhéag tar éis dó é a thabhairt suas,

(b) má fhaightear ráiteas i scríbhinn ó dhuine go bhfuil ar intinn aige cónaí a dhéanamh athuair laistigh d'ocht mí dhéag tar éis é a thabhairt suas, ansin, cheal fianaise ar a mhalairt, beidh sin ina fhianaise dhochloíte ar an ní sin.

(5) Más rud é—

(i) ar an dáta cáilitheach, go mbeidh duine ina othar nó ina iostaí in aon ospidéal, sanatóir, teaghlach contae, teaghlach do lucht míchumais choirp nó mheabhrach nó in aon fhoras dá samhail sin nó go mbeidh sé á choinneáil in aon áitreabh faoi choimeád dlíthiúil, agus

(ii) i gcás duine a bheidh ina othar nó ina iostaí den sórt sin—

(I) nach duine é atá ar fostú san ospidéal, sa sanatóir, sa teaghlach contae, sa teaghlach do lucht míchumais choirp nó mheabhrach nó san fhoras dá samhail sin agus atá ina chónaí ann chun críocha na fostaíochta sin, ná

(II) nach duine é a bheidh, i dtuairim an údaráis chlárúcháin, ina othar nó ina iostaí amhlaidh ar feadh tréimhse éiginnte,

measfar chun críocha an ailt seo é a bheith ina chónaí san áit a mbeadh sé ina chónaí ann murach é a bheith ina othar nó ina iostaí den sórt sin nó é a bheith á choinneáil amhlaidh faoi choimeád dlíthiúil.

(6) (a) Is é is dáta cáilitheach do gach clár toghthóirí cibé dáta a shonrófar le rialacháin ón Aire.

(b) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb é is aois do dhuine an aois a bheidh ag an duine sin ar cibé dáta a shonrófar le rialacháin ón Aire.

(c) Nuair a bheartófar rialacháin a dhéanamh ag sonrú an dáta dá dtagraítear i mír (a) nó i mír (b) den fho-alt seo, leagfar dréacht de na rialacháin sin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag aontú leis an dréacht rite ag gach Teach acu.

Clár na dtoghthóirí.

6. —(1) Déanfar clár de réir limistéar clárúcháin, arb é a bheidh iontu contaetha agus contae-bhuirgí riaracháin, a ullmhú agus a fhoilsiú gach bliain de dhaoine a bhí i dteideal a gcláraithe mar thoghthóirí ar an dáta cáilitheach, agus sa mhéid go mbainfidh sé le toghthóirí Dála is é an clár sin clár na dtoghthóirí Dála, agus sa mhéid go mbainfidh sé le daoine a bheidh i dteideal vótála i dtoghcháin áitiúla is é clár na dtoghthóirí rialtais áitiúil é.

(2) Tiocfaidh gach clár toghthóirí i bhfeidhm ar cibé dáta a shonrófar le rialacháin ón Aire agus fanfaidh sé i bhfeidhm go dtí an lá roimh dháta an chéad chláir eile a theacht i bhfeidhm.

(3) Nuair a bheartófar rialacháin a dhéanamh ag sonrú an dáta dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, leagfar dréacht de na rialacháin sin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag aontú leis an dréacht rite ag gach Teach acu.

Dualgais chlárúcháin.

1927, Uimh. 23 .

1926, Uimh. 27 .

7. —(1) Beidh de dhualgas ar gach comhairle contae agus ar gach bardas contae-bhuirge clár na dtoghthóirí a ullmhú agus a fhoilsiú de réir rialachán a dhéanfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, agus forléireofar dá réir sin tagairtí sa Chuid seo den Acht seo don údarás clárúcháin.

(2) Go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas:

(a) soláthar liostaí i bhfoirm dréacht-chláir le haghaidh a mbuirgí agus a gceantar uirbeach ag bardais bhuirgí nach contae-bhuirgí agus ag comhairlí ceantar uirbeach do chomhairlí na gcontaetha ina bhfuil na buirgí agus na ceantair uirbeacha sin,

(b) comharthú a dhéanamh i ndréacht-chláir, i liostaí éilitheoirí agus i gcláir thoghthóirí, ar dhaoine atá ina ngiúróirí, agus sonrú a dhéanamh iontu ar na háiteanna a mbeidh sé le taispeáint gur giúróirí iad ina leith,

(c) éilimh agus agóidí a dhéanamh chun cláraitheoirí contae, agus a chinneadh acu, i dtaobh taifeadadh ainmneacha i ndréacht-chláir,

(d) ionadaithe do na cláraitheoirí sin a cheapadh,

(e) an cinneadh maidir leis na héilimh agus na hagóidí sin a chur in iúl don údarás clárúcháin lena mbainfidh,

(f) foirm dhréacht-chláir agus chláir na dtoghthóirí,

(g) na fiosruithe a bheidh le déanamh ag na húdaráis chlárúcháin,

(h) dáta foilsithe chláir na dtoghthóirí,

(i) faillí i gcláir na dtoghthóirí a fhoilsiú,

(j) na táillí a bheidh ar chóipeanna de dhréacht-chláir agus de chláir na dtoghthóirí,

(k) sonrú na ndátaí ionaid dá dtagraítear i bhfo-alt (6) den alt seo.

(3) Má cheanglaítear go cuí ar aon duine de bhun rialachán faoin alt seo, aon eolas a bheidh aige agus a theastóidh ón údarás clárúcháin, nó ón gcláraitheoir contae, chun críocha a ndualgas, a thabhairt uaidh agus nach dtabharfaidh sé an t-eolas sin nó go dtabharfaidh sé eolas bréagach, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(4) Taifeadfar toghthóir ar liosta na bpost-vótálaithe más rud é:

(a) gur comhalta den Gharda Síochána é, nó

(b) gur comhalta lánaimsire d'Óglaigh na hÉireann é (mar a mhínítear i mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 5 den Acht seo).

(5) Cinnteoidh an t-údáras clárúcháin, laistigh de cibé tréimhse i ndiaidh foilsiú chlár na dtoghthóirí a shonrófar le rialacháin faoin alt seo, an bhfuil gá le haon cheartuithe i gclár na dtoghthóirí mar gheall ar earráidí cléireachais nó clódóireachta, agus, má chinntítear gur gá aon cheartuithe den sórt sin, foilseoidh an t-údarás clárúcháin liosta díobh laistigh den tréimhse sin agus measfar gur cuid de chlár na dtoghthóirí an liosta.

(6) In ionad gach tagairt do dháta atá i bhfo-alt (1) d'alt 13, i bhfo-ailt (3) agus (4) d'alt 15 agus i bhfo-alt (2) d'alt 16 d'Acht na nGiúirithe, 1927 , cuirfear tagairt do cibé dáta a sonrófar le rialacháin faoin alt seo é a bheith á chur ina ionad.

(7) I bhfo-alt (6) d'alt 40 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 , cuirfear “faoi na rialacháin a bheidh déanta de bhun alt 7 den Acht Toghcháin, 1963 ” in ionad na bhfocal go léir ó “mar oifigeach clárathachta” go dtí deireadh an fho-ailt.

(8) Ní thaifeadfar duine ar bith mar ghiúróir níos mó ná uair amháin i gclár na dtoghthóirí do limistéar clárúcháin.

(9) (a) Bhéarfaidh an tAire go ndéanfar an chlódóireacht go léir is gá chun críocha clárúcháin ar cibé modh is cuí leis.

(b) Áiritheoidh an tAire, trí shocruithe a dhéanfar le ceadú an Aire Airgeadais, go mbeidh an costas iomlán a bhainfidh le hullmhú agus foilsiú chlár na dtoghthóirí le híoc i gcionúireachtaí atá gairid do bheith comhionann ag an Stát agus ag údaráis chlárúcháin.

(10) (a) Aon duine a dhéanfaidh, gan údarás dleathach, díothú nó ciorrú, go toiliúil, ar aon fhógra, dréachtchlár, cóip de chlár na dtoghthóirí nó doiciméad eile a bheidh curtha ar fáil le haghaidh iniúchadh poiblí i ndáil le hullmhú chlár na dtoghthóirí, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(b) Féadfaidh an t-údarás a chuir faoi deara an fógra, an dréacht-chlár, an chóip de chlár na dtoghthóirí nó an doiciméad eile a chur ar fáil le haghaidh iniúchadh poiblí ionchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo.

(11) Déanfar tagairt in aon achtachán do liostaí na dtoghthóirí a fhorléiriú mar thagairt don dréacht-chlár a ullmhaíodh chun críocha an ailt seo.

(12) Nuair a bheartófar rialacháin a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag aontú leis an dréacht rite ag gach Teach acu.

Achomhairc.

8. —(1) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda i gcoinne aon chinneadh a tugadh ar aon éileamh nó agóid a breithníodh faoi na rialacháin faoi alt 7 den Acht seo.

(2) Beidh fo-alt (1) den alt seo faoi réir an choinníll nach bhféadfar aon achomharc a dhéanamh i gcás nár bhain éilitheoir nó agóideoir leas as deis a thabharfar sna rialacháin faoi alt 7 den Acht seo chun a éileamh nó a agóid a chur faoi chinneadh ar an gcéad ásc ag an údarás a shonrófar chuige sin sna rialacháin.

(3) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí ar aon phonc dlí i gcoinne breithe a thug an Chúirt Chuarda ar aon achomharc den sórt sin, ach, taobh amuigh den chás réamhráite, ní fhéadfar aon achomharc a dhéanamh i gcoinne aon bhreithe den sórt sin.

(4) Ní rachaidh sé chun dochair do cheart vótála aon duine a mbeidh a ainm ar chlár na dtoghthóirí de thuras na huaire aon achomharc faoin alt seo a bheith ar feitheamh, agus beidh aon vóta a thabharfar de bhun an chirt sin chomh bailí is dá mba nach raibh aon achomharc den sórt sin ar feitheamh, agus ní dhéanfaidh an bhreith a thabharfar ina dhiaidh sin ar an achomharc aon difir dó

(5) Ní dhéanfaidh sé difir do cháilíocht nó dliteanas achomharcóra chun fónamh mar ghiúróir achomharc faoin alt seo a bheith ar feitheamh.

(6) Cuirfear fógra chuig an údarás clárúcháin sa tslí a fhoráiltear le rialacha cúirte faoi bhreith na Cúirte Cuarda nó na Cúirte Uachtaraí ar aon achomharc faoin alt seo, agus déanfaidh an t-údarás clárúcháin cibé athruithe i gclár na dtoghthóirí a mbeidh gá leo chun éifeacht a thabhairt don bhreith.