An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Dleachtanna Stampa.) Ar Aghaidh (CUID VII. Cumainn Thionscail agus Choigiltis: Cáin Ioncaim agus Cáin Bhrabús Corparáide.)

23 1963

AN tACHT AIRGEADAIS, 1963

CUID VI.

Cáin Láimhdeachais.

Forléiriú (Cuid VI).

1918, c. 40.

1893, c. 71.

1920, c. 18.

46. —Sa Chuid seo agus sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

tá le “comhlacht daoine” an bhrí chéanna a thugtar do “body of persons” in alt 237 den Income Tax Act, 1918;

tá le “earraí” an bhrí chéanna atá le “goods” sa Sale of Goods Act, 1893;

folaíonn “óstán” aon teach aíochta, brú saoire, campa saoire, mótar-óstán, mótar-lios, cóist-óstán, mótar-ósta, mótar-chúirt nó cuairt-lios;

ciallaíonn “mí” aon mhí de na míonna Eanáir go Nollaig;

folaíonn “rúnaí” daoine den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 106 den Income Tax Act, 1918, agus i bhfo-alt (1) d'alt 55 den Finance Act, 1920;

ciallaíonn “cáin” cáin is inmhuirir de bhua na Coda seo den Acht seo.

Cáin láimhdeachais a mhuirearú.

1931, Uimh. 27 .

1929, Uimh. 22 .

1956, Uimh. 2 .

1916, c. 11.

47. —(1) Faoi réir na Coda seo den Acht seo agus na rialachán faoi, muirearófar, toibheofar agus íocfar, le héifeacht ar an lú lá de Shamhain, 1963, agus ón lá sin amach, cáin ar a dtabharfar cáin láimhdeachais—

(a) ar airgead a gheofar i leith gach ceann no aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(i) díol earraí a dhíolfar i gcúrsa gnó (lena n-áirítear earraí a díoladh roimh an lú lá de Shamhain, 1963),

(ii) fruiliú earraí a fhruileofar i gcúrsa gnó (lena n-áirítear earraí a fruilíodh roimh an lú lá de Shamhain, 1963),

(iii) soláthar seirbhísí a sholáthrófar i gcúrsa gnó (lena n-áirítear seirbhísí a soláthraíodh roimh an lú lá de Shamhain, 1963),

(iv) glacadh geall a rinneadh nó a cuireadh le sealbhóir cheadúnais gheallghlacadóra faoin Acht um Gheall-Chur, 1931 ,

(v) glacadh geall a cuireadh trí shuimitheoir lena mbaineann ceadúnas faoi Acht na Suimitheoirí, 1929 ,

(vi) glacadh geall a chuirfear i gcearrbhachas lena mbaineann ceadúnas faoi Chuid III den Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 ,

(vii) eisiúint ticéad nó cúpón a eiseofar chun críche crannchuir lena mbaineann ceadúnas faoi Chuid IV den Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 ,

(viii) glacadh táillí iontrála maidir le crosfhocail, iomaíochtaí agus comórtais a thionscnaítear trí mheán nuachtán agus foilseachán eile,

(ix) siamsaíocht mar atá mínithe in Alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916 (lena n-áirítear aon damhsa nó rince);

(b) ar earraí a allmhaireofar isteach sa Stát.

(2) Chun críocha fo-alt (1) den alt seo, is é a bheidh san airgead a gheofar maidir le glacadh geall a dhéanfar nó a chuirfear le sealbhóir ceadúnais gheallghlacadóra faoin Acht um Gheall-Chur, 1931 , comhshuim na suimeanna airgid a bheidh an sealbhóir sin i dteideal de réir théarmaí na ngeall a ghlacadh, a choinneáil nó creidmheas a ghlacadh ina leith más ina fhabhar a chinnfear na teagmhais is ábhar do na gill.

(3) I gcás nár mhó ná £100 a fuair, agus nach dócha gur mó ná £100 a gheobhaidh, soláthróir siamsaíochta dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo aon mhí áirithe, agus gur fhruiligh sé an t-áitreabh ina raibh nó ina mbeidh an tsiamsaíocht, forléireofar an tagairt san fho-alt sin don airgead a fuarthas nó a gheofar i leith na siamsaíochta mar thagairt don airgead a bheidh dílseánach an áitribh sin tar éis a fháil i leith an fhruilithe.

(4) Aon airgead a gheofar ó dhíol earraí a dhíolfaidh club nó comhlacht daoine eile le haon duine dá chomhaltaí dlífear an oiread céanna cánach a íoc ina leith agus dá mba le daoine nár chomhaltaí a díoladh na hearraí.

(5) Ní bheidh cáin inmhuirir faoi fho-alt (1) den alt seo ar airgead a gheofar i leith díol earraí a sheachadfar, ná i leith soláthar seirbhísí a sholáthrófar, do dhaoine lasmuigh den Stát ná ar airgead a gheofar i leith dul isteach go dtí ócáid spóirt nó i leith fruiliú áitreabh le haghaidh ócáid spóirt.

Daoine freagracha.

48. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an gCuid seo den Acht seo, is é an duine a bheidh freagrach agus faoi dhliteanas i leith cáin a íoc—

(a) i gcás earraí a dhíolfar—an díoltóir,

(b) i gcás earraí a fhruileofar—an duine ónar ghlac an fruilitheoir na hearraí ar fruiliú,

(c) i gcás soláthar seirbhísí—an soláthróir,

(d) i gcás geallta a ghlacadh a dhéanfar nó a chuirfear le sealbhóir ceadúnais gheallghlacadóra faoin Acht um Gheall-Chur, 1931 —an sealbhóir sin,

(e) i gcás geallta a ghlacadh a chuirfear i ngeall trí shuimitheoir lena mbaineann ceadúnas faoi Acht na Suimitheoirí, 1929 ,—sealbhóir an cheadúnais,

(f) i gcás geallta a ghlacadh a chuirfear i ngeall i gcearrbhachas lena mbaineann ceadúnas faoi Chuid III de Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 — sealbhóir an cheadúnais,

(g) maidir le ticéid nó cúpóin a eisiúint a eiseofar chun críche crannchuir lena mbaineann ceadúnas faoi Chuid IV den Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 — sealbhóir an cheadúnais,

(h) i gcás táillí iontrála a ghlacadh maidir le crosfhocail, iomaíochtaí agus comórtais a thionscnófar trí mheán nuachtán agus foilseachán eile—an tionscnóir,

(i) i gcás siamsaíochtaí—i gcás an duine a sholáthróidh an tsiamsaíocht do fhruiliú an áitribh ina mbeidh an tsiamsaíocht agus nach mbeidh feidhm ag fo-alt (3) d'alt 47 den Acht seo, an duine a sholáthróidh an tsiamsaíocht agus, in aon chás eile, dílseánach an áitribh.

(2) (a) Ní bheidh cáin inmhuirir agus ní bheidh duine freagrach i gcáin ar an airgead a gheobhaidh sé maidir le haon ghníomhaíocht dhíolmhaithe.

(b) San fhomhír sin roimhe seo ciallaíonn “gníomhaíocht dhíolmhaithe” aon ghníomhaíocht a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó a dhearbhaítear le hordú ón Aire Airgeadais a bheith, chun críocha an fho-ailt seo, díolmhaithe.

(3) (a) (i) Faoi réir fomhír (ii) den mhír seo, féadfaidh duine a dhíolfaidh earraí i gcúrsa gnó a ghlacadh dá rogha féin a bheith freagrach i gcáin ar an airgead a gheobhaidh sé maidir leis na gníomhaíochtaí dá mbeidh sé ag gabháil i gcás nach ndeachaigh an t-airgead sin in aon mhí áirithe, agus nach dócha dó dul in aon mhí áirithe, thar £250, agus mura nglacfaidh sé rogha amhlaidh agus faoi réir mhír (d) den fho-alt seo, ní bheidh cáin inmhuirir, agus ní bheidh sé freagrach i gcáin, ar an airgead sin.

(ii) Beidh feidhm ag fomhír (i) den mhír seo más rud é, agus amháin más rud é gur i leith earraí a dhíol a gheofar 90 faoin gcéad ar a laghad den airgead a gheofar.

(b) (i) Faoi réir fomhír (ii) den mhír seo féadfaidh duine a dhíolfaidh earraí i gcúrsa gnó, seachas duine lena mbaineann mír (a) den fho-alt seo, a ghlacadh dá rogha féin, a bheith freagrach i gcáin ar an airgead a gheobhaidh sé maidir leis na gníomhaíochtaí dá mbeidh sé ag gabháil i gcás nach ndeachaigh an t-airgead sin in aon mhí áirithe, agus nach dócha dó dul in aon mhí áirithe, thar £750, agus mura nglacfaidh sé rogha amhlaidh agus faoi réir mhír (e) den fho-alt seo, ní bheidh cáin inmhuirir, agus ní bheidh sé freagrach i gcáin, ar an airgead sin.

(ii) Beidh feidhm ag fomhír (i) den mhír seo más rud é, agus amháin más rud é, gur i leith earraí a dhíol a fuair an díoltóir ó dhuine a bheidh freagrach i gcáin maidir le díol na n-earraí sin aige a gheofar 90 faoin gcéad ar a laghad den airgead a gheofar.

(c) Féadfaidh duine ar bith, seachas duine lena mbaineann mír (a) nó mír (b) den fho-alt seo, a ghlacadh dá rogha féin a bheith freagrach i gcáin ar an airgead a gheobhaidh sé maidir leis na gníomhaíochtaí dá mbeidh sé ag gabháil i gcás nach ndeachaigh an t-airgead sin in aon mhí áirithe, agus nach dócha dó dul in aon mhí áirithe thar £100, agus mura nglacfaidh sé rogha amhlaidh agus faoi réir mhír (f) den fho-alt seo, ní bheidh cáin inmhuirir, agus ní bheidh sé freagrach i gcáin, ar an airgead sin.

(d) I gcás gan duine a bheith freagrach i gcáin de bhua mhír (a) den fho-alt seo agus gur mó ná £250 an t-airgead a gheobhaidh sé i ngach mí de dhá mhí as a chéile maidir leis na gníomhaíochtaí dá mbeidh sé ag gabháil, tiocfaidh sé chun bheith freagrach i gcáin díreach ar an dara mí a bheith caite.

(e) I gcás gan duine a bheith freagrach i gcáin de bhua mhír (b) den fho-alt seo agus gur mó ná £750 an t-airgead a gheobhaidh sé i ngach mí de dhá mhí as a chéile maidir leis na gníomhaíochtaí dá mbeidh sé ag gabháil, tiocfaidh sé chun bheith freagrach i gcáin díreach ar an dara mí a bheith caite.

(f) I gcás gan duine a bheith freagrach i gcáin de bhua mhír (c) den fho-alt seo agus gur mó ná £100 an t-airgead a gheobhaidh sé in aon mhí áirithe maidir leis na gníomhaíochtaí dá mbeidh sé ag gabháil, tiocfaidh sé chun bheith freagrach i gcáin ó thosach na míosa sin.

(4) Déanfar tagairt sa Chuid seo den Acht seo do dhaoine a bheith freagrach, agus déanfar freagracht maidir le cáin, a fhorléiriú trí thagairt do na forálacha sin roimhe seo den alt seo.

Clárú.

49. —(1) Bunóidh agus cothabhálfaidh na Coimisinéirí Ioncaim clár de dhaoine a fhéadfadh teacht chun bheith nó a bheidh freagrach i gcáin agus ceapfaidh siad uimhir chláraitheachta do gach duine a chlárófar agus cealóidh siad an uimhir sin mura dtiocfaidh an duine sin chun bheith nó má scoireann sé de bheith freagrach i gcáin.

(2) Gach duine a mbeidh, ar an lá ceaptha, aon ghníomhaíocht ar siúl aige a ndéanann alt 48 den Acht seo foráil i dtaobh freagrachta ina leith, nó a thosóidh nó a bheidh ar tí tosú, tar éis an lae cheaptha, ar aon ghníomhaíocht den sórt sin a bheith ar siúl aige féadfaidh sé, tar éis an lae cheaptha ach tráth nach luaithe ná mí sula dtosóidh sé ar an ngníomhaíocht iomchuí a bheith ar siúl aige, na sonraí a shonrófar sna rialacháin faoi alt 52 den Acht seo mar shonraí is gá le haghaidh clárú an duine sin a thabhairt i scríbhinn do na Coimisinéirí Ioncaim.

(3) Má tharlaíonn tar éis an lae cheaptha go mbeidh aon ghníomhaíocht den sórt a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo ar siúl ag duine agus nach mbeidh sé tar éis na sonraí a luaitear san fho-alt sin a thabhairt cheana féin déanfaidh sé amhlaidh laistigh den tréimhse naoi lá dar tosach an lá ceaptha nó an lá ina dhiaidh sin a thosóidh sé ar an ngníomhaíocht sin a bheith ar siúl aige.

(4) Ní chuirfidh fo-alt (3) den alt seo iallach ar dhuine ar bith sonraí a thabhairt i gcás lena mbaineann an tuairisc a luaitear i mír (a), i mír (b) nó i mír (c) d'fho-alt (3) d'alt 48 den Acht seo.

(5) San alt seo ciallaíonn “an lá ceaptha” an lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an ailt seo.

(6) Aon duine cláraithe nach mbeidh tar éis rogha a ghlacadh faoi fho-alt (3) d'alt 48 den Acht seo measfar gur duine é nach bhfuil i dteideal rogha a ghlacadh amhlaidh.

Eisceacht i gcás airgead a gheofar ó dhaoine cláraithe i gcásanna áirithe.

50. —(1) (a) Ní mhuirearófar cáin ar airgead a gheofar ó dhuine cláraithe le haghaidh nó i leith earraí a dhíolfar leis nó a fhruileofar chuige ná le haghaidh nó i leith seirbhísí a sholáthrófar dó chun críocha gníomhaíochtaí a bhforáiltear le halt 48 den Acht seo gurb eisean an duine freagrach ina leith más rud é (agus amháin más rud é)—

(i) go mbeidh sé tar éis ráiteas i scríbhinn ag insint a uimhir chláraitheachta a thabhairt don duine óna ndearnadh na hearraí a cheannach nó a ghlacadh ar fruiliú nó a sholáthraigh na seirbhísí, agus

(ii) i gcás earraí a dhíol le duine, nó a fhruiliú chun duine, seachas duine is déileálaí sna hearraí sin, nach d'aon tuairisc acu sin atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo na hearraí sin.

(b) Chun críocha na míre sin roimhe seo féadfar daoine cláraithe ag a mbeidh gnó ar siúl mar dhílseánaigh óstán agus bialann a áireamh ionann agus dá mba dhéileálaithe iad sna hearraí is gá le haghaidh a ngnó, ach ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo—

(i) maidir le mótar-fheithiclí a bheidh ceaptha le haghaidh daoine a iompar de bhóthar nó

(ii) olaí hiodracarbóin le haghaidh úsáide tís nó iompair ar bhóithre.

(2) I gcás earraí a dhíol le duine cláraithe nó a fhruiliú chuige nó seirbhísí a sholáthar dó ag duine dá mbeidh sé tar éis ráiteas a thabhairt faoi fhomhír (i) de mhír (a) den fho-alt sin roimhe seo agus gurb amhlaidh do na cúinsí gurb inmhuirir cáin, cuirfidh sé é sin in iúl don duine sin.

Earraí a aistarraingt as stoc.

51. —(1) Aon duine a tharraingeoidh earraí as stoc le húsáid aige féin nó ag aon duine eile measfar, chun críocha na Coda seo den Acht seo, an duine sin a bheith, tríd sin, tar éis íocaíocht a fháil i leith na hearraí a dhíol ar an bpraghas mionreaca a bheidh á bhaint amach le linn na hearraí a tharraingt as stoc amhlaidh.

(2) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt sin roimhe seo i gcás earraí a tharraingt amach nach earraí d'aon tuairisc acu sin a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo más le haghaidh a ghnó féin amháin a bheidh na hearraí ag teastáil ón duine a tharraingeoidh amach iad.

Rialacháin.

52. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé rialacháin a dhéanamh a mheasfaidh siad is gá d'fhonn éifeacht a thabhairt don Chuid seo den Acht seo agus chun a chumasú dóibh a bhfeidhmeanna faoin gCuid sin a chomhlíonadh agus, gan dochar do ghinearáltacht na méide sin roimhe seo, féadfaidh na rialacháin foráil a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas:

(a) sonraí a bheidh ag teastáil le haghaidh cláraitheachta agus an tslí ina ndéanfar agus ina gcealófar clárú,

(b) an tslí ina ndéanfar agus na tráthanna a dhéanfar an cháin a íoc agus a bhailiú (agus dearbhaítear leis seo go bhféadfaidh nós imeachta chun íoc agus bailiú a dhéanamh trí stampaí a ghreamófar de chártaí a bheith ar na nósanna imeachta chun íoc agus bailiú a dhéanamh),

(c) an tslí ina ngnóthófar cáin i gcásanna ina mainneofar í a íoc,

(d) daoine a bheidh freagrach i gcáin do choimeád cuntas agus taifead, agus caomhnú na ndoiciméad sin agus doiciméad tacaíochta,

(e) cibé eolas a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim a theastóidh uathu chun dliteanas i leith cánach a fhionnadh,

(f) forchuntais, admhálacha, leabhair, taifid, cuntais agus doiciméid eile a thabhairt ar aird do dhaoine, agus a iniúchadh agus a thabhairt chun siúil ag daoine, a bheidh údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim, d'fhonn deimhin a dhéanamh dóibh féin ar íocadh cáin go cuí,

(g) aisíoc cánach a íocadh leis na Coimisinéirí Ioncaim ag daoine cláraithe de bhreis ar an méid is gá de réir dlí,

(h) méideanna beaga cánach agus úis a mhaitheamh mar is rogha leis na Coimisinéirí Ioncaim,

(i) maitheamh nó aisíoc cánach is iníoctha ag geallghlacadóirí i leith geallta neamhnithe, geallta dobhailithe agus geallta a bheidh curtha le geallghlacadóirí eile,

(j) ábhair iarmartacha ar dhuine cláraithe d'fháil bháis nó ar é a theacht faoi aon éagumas,

(k) fógraí a sheirbheáil,

(l) na Coimisinéirí Ioncaim d'ainmniú oifigeach chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhlíonadh a údaraítear do na Coimisinéirí Ioncaim leis an gCuid seo den Acht seo a dhéanamh nó a chomhlíonadh,

(m) glacadh le meastachán (cibé acu a bheidh siad nó nach mbeidh siad faoi réir a n-athbhreithnithe ina dhiaidh sin) ar láimhdeachas inchánach nuair nach mbeidh fáil éasca ar shonraí an airgid iarbhír a fuarthas,

(n) sonrú ar aon ní dá dtagraítear, sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mar ní a bheidh sonraithe le rialacháin faoin alt seo.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo forálacha éagsúla a dhéanamh maidir le cásanna éagsúla agus féadfaidh siad go sonrach foráil a dhéanamh i dtaobh dealú idir aicmí éagsúla daoine lena mbainfidh an Chuid seo den Acht seo agus i dtaobh glacadh le nósanna imeachta éagsúla d'aicmí éagsúla den sórt sin.

(3) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá agus fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

An ráta cánach.

53. —(1) Faoi réir fo-alt (2) den alt seo, is é a bheidh sa cháin dó go leith faoin gcéad de láimhdeachas inchánach an duine fhreagraigh agus déanfar an méid cánach is inmhuirir gach mí a íoc tar éis deireadh na míosa de réir na rialachán faoin gCuid seo den Acht seo.

(2) Maidir le haon mhí áirithe—

(a) i gcás nach rachaidh an láimhdeachas inchánach thar £100, 5s. an cháin,

(b) i gcás ina rachaidh an láimhdeachas inchánach thar £100, 5s. an cháin is inmhuirir i leith an chéad £100,

(3) I gcás ina suífear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim—

(a) gurb é a bhí in aon chuid de láimhdeachas inchánach duine fhreagraigh in aon mhí áirithe airgead a íocadh faoi chonradh a rinneadh roimh an lú lá de Lúnasa, 1963, a dhéanann foráil i dtaobh díol nó fruiliú earraí nó soláthar seirbhísí ar phraghsanna nó éilimh a bhí socair roimh an lá sin, nó

(b) gurb é a bhí in aon chuid de láimhdeachas inchánach duine fhreagraigh i mí na Samhna, 1963, nó in aon mhí den cheithre mhí díreach i ndiaidh na míosa sin airgead a fuarthas i leith earraí a díoladh nó a fruilíodh nó i leith seribhísí a soláthraíodh roimh an lú lá de Lúnasa, 1963,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an cháin a íocadh ar an gcuid sin a aisíoc nó, más rogha leo, a cheadú í a fhritháireamh i gcoinne na cánach is iníoctha in aon mhí áirithe.

(4) San alt seo ciallaíonn “láimhdeachas inchánach” an méid iomlán airgid a gheobhaidh an duine freagrach ar cuntas na ngníomhaíochtaí a mbeidh sé freagrach ina leith.

An cháin a bheidh dlite a mheas.

54. —(1) Má tharlaíonn ar ócáid ar bith go mainneoidh duine freagrach na sonraí is gá le haghaidh an méid cánach a bheidh dlite de a fhionnadh a thabhairt de réir na rialachán iomchuí, ansin, gan dochar d'aon bheart eile a fhéadfar a dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ar gach ócáid den sórt sin an méid cánach a bheidh dlite de a mheas agus fógra a sheirbheáil air i dtaobh na méide a bheidh measta.

(2) I gcás ina seirbheálfar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo ar dhuine—

(a) féadfaidh an duine, má éilíonn sé nach duine freagrach é, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse cheithre lá dhéag ó lá an fógra a sheirbheáil, a iarraidh go ndéanfaí an t-éileamh a tharchur chun na gCoimisinéirí Ioncaim le cinneadh agus is cinneadh críochnaitheach dochloíte a gcinneadh sin,

(b) ar an tréimhse sin a bheith caite, mura n-iarrfar aon éileamh den sórt sin a tharchur amhlaidh, nó, má iarrtar an t-éileamh sin a tharchur amhlaidh, ar na Coimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim do chinneadh in aghaidh an éilimh, beidh an cháin mheasta a shonrófar san fhógra inghnóthaithe sa tslí chéanna agus trí na himeachtaí céanna a bheadh sí dá mbeadh an duine sin tar éis sonraí a chur ar aghaidh de réir na rialachán iomchuí á thaispeáint go raibh an cháin mheasta sin dlite de,

(c) má thugann an duine na sonraí tráth ar bith tar éis an fógra a sheirbheáil agus go mbeidh cáin íoctha de réir na sonraí, maraon le haon ús agus costais faoina mbeifear tar éis dul i ndáil leis an mainneachtain, beidh an fógra arna urscaoileadh agus aisíocfar aon bharrachas a bheifear tar éis a íoc.

Ús.

55. —I gcás aon mhéid cánach a bheith dlite le híoc agus gan íoc, íocfaidh an duine freagrach ús simplí ar an méid sin, agus ríomhfar an t-ús sin ón dáta a tháinig an méid sin chun bheith dlite le h-íoc agus sin de réir ráta aon faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó cuid de mhí a bheidh an méid gan íoc.

Cáin a ghnóthú.

1918, c. 40.

1923, Uimh. 21 .

1924, Uimh. 27 .

1958, Uimh. 25 .

1945, Uimh. 25 .

56. —(1) (a) Gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, beidh ag forálacha aon achtacháin a bhaineann le gnóthú cánach ioncaim agus ag forálacha aon rialach cúirte a bhaineann leis an gcéanna feidhm maidir le gnóthú aon chánach a bheidh dlite de réir na Coda seo den Acht seo agus na rialachán faoin gcéanna mar atá feidhm acu maidir le gnóthú cánach ioncaim.

(b) Go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo, feidhmíonn an mhír sin forálacha alt 162 den Income Tax Act, 1918, alt 7 den Acht Airgid, 1923 , ailt 11 agus 38 den Acht Airgid, 1924 , agus alt 54 den Acht Airgeadais, 1958 .

(c) Maidir le forálacha a fheidhmítear leis an bhfo-alt seo beidh feidhm acu amhlaidh faoi réir aon mhodhnuithe a shonrófar le rialacháin faoi alt 52 den Acht seo.

(2) In imeachtaí a thionscnófar de bhua an ailt seo nó de bhua aon rialacháin faoin gCuid seo den Acht seo le haghaidh gnóthú aon mhéid cánach—

(a) beidh deimhniú arna shíniú ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a dheimhneoidh go bhfuil méid sonraithe cánach dlite agus iníoctha ag an gcosantóir ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuil an méid sin dlite agus iníoctha amhlaidh, agus

(b) féadfar deimhniú a dheimhneoidh mar a dúradh agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a thabhairt i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar go dtí go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim.

(3) Aon tagairt sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo do mhéid cánach folaíonn sí tagairt d'ús is iníoctha sa chás a bheidh i gceist faoi alt 55 den Acht seo.

(4) Faoi réir an ailt seo, beidh feidhm i gcás imeachtaí de bhua an ailt seo nó de bhua aon rialachán faoin gCuid seo den Acht seo ag rialacha na cúirte iomchuí is infheidhmithe de thuras na huaire maidir le himeachtaí sibhialta.

(5) I gcás ina bhfuil tagairt do thobhach faoi dheimhniú arna eisiúint faoi alt 7 den Acht Airgid, 1923 , in ordú a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith faoi alt 12 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945 , forléireofar an tagairt sin mar thagairt a fholaíonn tagairt do thobhach faoi dheimhniú arna eisiúint faoin alt sin 7 arna leathnú leis an alt seo.

Pionóis.

1851, c. 93.

57. —(1) Aon duine a sháróidh fo-alt (2) d'alt 50 den Acht seo dlífear fíneáil fiche punt a chur air.

(2) Aon duine nach gcomhlíonfaidh fo-alt (3) d'alt 49 den Acht seo nó aon fhoráil áirithe de rialacháin faoin gCuid seo den Acht seo maidir le clárú, cuntais a choimeád, ráitis a thabhairt, nó doiciméid a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh nó a thabhairt chun siúil dlífear pionós fiche punt a chur air, agus ina theannta sin, i gcás neamhchomhlíonadh leanúnaigh, pionós den mhéid céanna in aghaidh gach lae a leanfaidh an neamhchomhlíonadh.

(3) Más é a bheidh i nduine a luaitear san fho-alt sin roimhe seo comhlacht daoine, dlífear fiche punt de phionós ar leithligh a chur ar an rúnaí.

(4) Gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, féadfar imeachtaí a thionscnamh i leith na bpionós go léir faoin Acht seo agus na pionóis sin a ghnóthú, go hachomair, sa tslí chéanna agus a dhéanfaí in imeachtaí achomaire chun aon phionós faoi aon Acht maidir leis an mál a ghnóthú, agus, d'ainneoin fo-alt (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire faoin alt seo a thionscnamh laistigh de thrí bliana ón dáta a ndeachthas faoin bpionós.

(5) I gcás—

(a) nach gcomhlíonfaidh duine fo-alt (3) d'alt 49 den Acht seo nó aon fhoráil áirithe de rialacháin faoin gCuid seo den Acht seo á cheangal air aon ráiteas a thabhairt nó na doiciméid a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh nó a cheadú iad a thabhairt chun siúil,

(b) go mbeidh ceangal ann comhlíonadh laistigh de thréimhse áirithe, agus

(c) go mbeidh an duine sin, ar feadh tréimhse breise dhá lá nó níos mó, gan na sonraí nó an ráiteas a thabhairt nó gan na doiciméid a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh nó gan a cheadú na doiciméid a thabhairt chun siúil,

déanfar, chun críocha fo-alt (2) den alt seo, an neamhchomhlíonadh a áireamh mar neamhchomhlíonadh ag leanúint gach lá, seachas an chéad lá, den tréimhse breise.

(6) In imeachtaí chun pionós faoin alt seo a ghnóthú—

(a) beidh deimhniú arna shíniú ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a dheimhneoidh gur iniúch sé taifid iomchuí na gCoimisinéirí Ioncaim agus go bhfeictear uathu nach ndearna an cosantóir ráiteas sonraithe a thabhairt i rith tréimhse sonraithe ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nach ndearna an cosantóir, i rith na tréimhse sin, an ráiteas sin a thabhairt,

(b) beidh deimhniú arna shíniú ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a dheimhneoidh gur iniúch sé taifid iomchuí na gCoimisinéirí Ioncaim agus go bhfeictear uathu gur cuireadh doiciméad sonraithe go cuí chun an chosantóra lá sonraithe ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuair an duine sin an doiciméad sin sa ghnáth-chúrsa,

(c) aon deimhniú a dheimhneoidh mar a fhoráiltear i mír (a) nó i mír (b) den fho-alt seo agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim, féadfar é a thabhairt i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim.

(7) Faoi réir an ailt seo, beidh feidhm i gcás imeachtaí de bhun an ailt seo, ag rialacha na cúirte iomchuí is infheidhmithe de thuras na huaire maidir le himeachtaí sibhialta.

Tuairisceán, etc., calaoiseach.

58. —(1) Má thugann duine ar aird nó má thugann sé uaidh nó má sheolann nó má úsáideann sé ar shlí eile, go calaoiseach nó go faillíoch, chun críocha na Coda seo den Acht seo nó rialachán faoi, aon tuairisceán, cuntas, meastachán, ráiteas, eolas, leabhar, doiciméad, taifead nó dearbhú a bheidh mícheart dlífear, faoi réir fo-alt (2) den alt seo, pionós mar a leanas a chur air—

(a) céad punt, agus

(b) an difríocht nó, i gcás calaoise, dhá oiread na difríochta, a bheidh idir an méid cánach a d'íoc an duine sin in aghaidh na tréimhse a bheidh i gceist agus an méid cánach ab iníoctha go cuí ag an duine sin dá mba rud é go raibh an tuairisceán, an cuntas, an meastachán, an ráiteas, an t-eolas, an leabhar, an doiciméad, an taifead nó an dearbhú sin ceart.

(2) Más é a bheidh i nduine a luaitear san fho-alt sin roimhe seo comhlacht daoine—

(a) forléireofar an tagairt atá i mír (a) den fho-alt sin do chéad punt mar thagairt do chúig céad punt, nó, i gcás calaoise, do mhíle punt, agus

(b) dlífear céad punt, nó i gcás calaoise, dhá chéad punt, de phionós ar leithligh a chur ar an rúnaí.

(3) I gcás duine do dhéanamh nó do chur isteach, gan chalaois gan fhaillí, aon tuairisceán, cuntas, meastachán, ráiteas, eolas, leabhar, doiciméad, taifead nó dearbhú den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo agus go dtiocfaidh sé faoina iúl (nó, má bhíonn sé tar éis bháis, faoi iúl a ionadaithe pearsanta) go raibh sé neamhcheart, ansin, mura gceartaítear an earráid gan mhoill neamhréasúnach, measfar chun críocha an ailt seo gur go faillíoch a rinne sé nó a chuir sé isteach an tuairisceán, an meastachán, an ráiteas, an t-eolas, an doiciméad, an leabhar, an taifead nó an dearbhú sin.

(4) Má dhéanann duine, i gcás ina dtabharfaidh sé le fios gur duine cláraithe é nó ina n-úsáidfidh sé uimhir chláraitheachta, soláthar earraí a fháil dó féin nó seirbhísí a sholáthar dó féin i gcúinsí inar inmhuirir cáin agus nach gcuirfidh sé in iúl don díoltóir nó don soláthróir gurb inmhuirir an cháin, dlífear pionós cúig chéad punt a chur air, agus, ina theannta sin, dlífear go n-íocfaidh sé leis na Coimisinéirí Ioncaim méid aon chánach nach mbeidh íoctha ag an díoltóir nó an soláthróir.

(5) D'ainneoin aon ní in alt 59 den Acht seo, ní bheidh imeachtaí chun aon phionós faoin alt seo a ghnóthú míthráthach mar gheall ar iad a thosú tar éis an ama a cheadaítear leis an alt sin 59.

(6) Chun críocha an ailt seo, aon tuairisceán, cuntas, meastachán, ráiteas, eolas, leabhar, doiciméad nó dearbhú a bheifear tar éis a chur isteach thar ceann duine measfar gurb é an duine sin a chuir isteach é mura gcruthóidh sé gur gan toiliú uaidh agus gan fhios dó a cuireadh isteach é.

(7) Folaíonn aon tagairt sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo do mhéid cánach tagairt d'ús is iníoctha sa chás sin faoi alt 55 den Acht seo.

Teorainneacha ama.

59. —(1) Faoi réir fo-alt (3) den alt seo agus fo-alt (5) d'alt 58 den Acht seo, féadfar imeachtaí chun aon phionóis faoin gCuid seo den Acht seo a ghnóthú a thionscnamh tráth ar bith laistigh de shé bliana tar éis an dáta a ndeachthas faoi.

(2) I gcás duine ar bith a chuaigh faoi aon phionós a bheith tar éis bháis, ansin, aon imeachtaí faoin gCuid seo den Acht seo a tionscnaíodh nó a fhéadfaí a thionscnamh ina choinne féadfar leanúint díobh nó iad a thionscnamh i gcoinne a sheiceadóra nó a riarthóra, de réir mar a bheidh, agus aon phionós a dhámhfar in imeachtaí a leanfar díobh nó a thionscnófar amhlaidh is fiach é a bheidh dlite óna eastát agus iníoctha as.

(3) Maidir le himeachtaí a thionscnófar de bhua fo-alt (2) den alt seo, beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo, ionann agus dá ndéanfaí “tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis deireadh na bliana a fuair an duine éagtha bás i gcás inar sa bhliain sin a rinneadh deonú na probháide nó na litreacha riaracháin agus tráth ar bith nach déanaí ná dhá bhliain tar éis deireadh na bliana a rinneadh an deonú sin in aon chás eile, ach beidh éifeacht ag na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo faoi réir an choinníll go bhféadfar, i gcás an seiceadóir nó an riarthóir do thaisceadh mionnscríbhinn cheartúcháin chun críche measúnachta dleacht eastáit tar éis na bliana a fuair an duine éagtha bás, na himeachtaí a thionscnamh tráth ar bith roimh dheireadh an dá bhliain díreach i ndiaidh deireadh na bliana a taisceadh an mhionnscríbhinn cheartúcháin” a chur in ionad “tráth ar bith laistigh de shé bliana tar éis an dáta a ndeachtas faoi.”

Pionós mar gheall ar chabhrú le tuairisceáin neamhchearta, etc., a thabhairt.

60. —Aon duine a chabhróidh nó a aslóidh, chun aon chríocha cánach, le déanamh nó le seachadadh aon tuairisceáin, nó cuntais, nó ráitis nó dearbhaithe is eol dó a bheith neamhcheart dlífear fíneáil £500 a chur air.

Imeachtaí san Ard-Chúirt i leith pionós.

1924, Uimh. 10 .

61. —(1) Gan dochar d'aon mhodh eile chun pionós faoin gCuid seo den Acht seo a ghnóthú, féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim, a bheidh údaraithe acu chun críocha an fho-ailt seo, agra a dhéanamh ina ainm féin trí imeachtaí sibhialta chun an pionós a ghnóthú san Ard-Chúirt mar shuim leachtaithe agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 94 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 .

(2) Má éagann oifigeach a bheidh tar éis imeachtaí de bhun an ailt seo a thionscnamh nó a bheidh tar éis leanúint de na himeachtaí de bhua an fho-ailt seo, nó má scoireann sé ar shlí eile ar chúis ar bith de bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha fo-alt (1) den alt seo—

(a) beidh deireadh le ceart an oifigigh sin chun leanúint de na himeachtaí agus dílseoidh an ceart chun leanúint díobh do cibé oifigeach eile a bheidh údaraithe amhlaidh agus a ainmneoidh na Coimisinéirí Ioncaim,

(b) i gcás ina n-ainmneofar an t-oifigeach eile sin faoi mhír (a) den fho-alt seo, beidh teideal aige dá réir sin é a chur mar pháirtí sna himeachtaí in ionad an oifigigh chéadluaite, agus

(c) i gcás ina gcuirfear oifigeach in ionad oifigigh eile amhlaidh, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don chosantóir i dtaobh an chur in ionad.

(3) In imeachtaí de bhun an ailt seo beidh deimhniú arna shíniú ag Coimisinéir Ioncaim ag deimhniú na bhfíoras seo a leanas, eadhon, gurb oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim duine áirithe agus go bhfuil sé údaraithe acu chun críocha fo-alt (1) den alt seo, ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar na fíorais sin.

(4) In imeachtaí de bhun an ailt seo, beidh deimhniú arna shíniú ag Coimisinéirí Ioncaim ag deimhniú na bhfíoras seo a leanas, eadhon, gur scoir an gearánaí de bheith ina oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a d'údaraigh siad chun críocha fo-alt (1) den alt seo, gurb oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim duine eile, go bhfuil an duine eile sin údaraithe acu chun críocha fo-alt (1) den alt seo agus go bhfuil sé ainmnithe acu maidir leis na himeachtaí, chun críocha fo-alt (2) den alt seo, ina fhianaise go 1 tí go gcruthófar a mhalairt, ar na fíorais sin.

(5) In imeachtaí de bhun an ailt seo féadfar deimhniú ag deimhniú na bhfíoras dá dtagraítear i bhfo-alt (3) nó (4) den alt seo agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag Coimisinéir Ioncaim a thabhairt i bhfianaise gan chruthúnas, agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe amhlaidh.

(6) Faoi réir an ailt seo, beidh feidhm, i gcás imeachtaí de bhun an ailt seo, ag na rialacha den Ard-Chúirt is infheidhmithe de thuras na huaire maidir le himeachtaí sibhialta.

Feidhm a bheith ag alt 222 den Income Tax Act, 1918.

62. —Beidh feidhm ag forálacha alt 222 den Income Tax Act, 1918, maidir le haon phionós faoina rachfar faoin gCuid seo den Acht seo.

Gníomhaire, etc., a chur in ionad duine nach bhfuil cónaí air sa Stát.

63. —I gcás gan cónaí sa Stát a bheith ar dhuine atá freagrach i leith aon chánach nó ar a bhforchuirtear aon dualgais leis an gCuid seo den Acht seo nó le rialacháin fúithi, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar aon ghníomhaire, bainisteoir nó factóir ar a mbeidh cónaí sa Stát agus a ghníomhaigh thar ceann an duine sin sna hábhair ar faoina dtreoir a bheidh an duine sin freagrach nó na dualgais sin forchurtha air, a ordú go gcuirfear eisean in ionad an duine sin mar an duine a bheidh freagrach i leith na cánach nó go mbeidh sé faoi oibleagáid na dualgais sin nó aon cheann acu a chomhlíonadh agus, ar an ordú sin a bheith seirbheáilte, beidh sé arna chur in ionad dá réir sin agus beidh sé faoi réir na bpionós céanna agus bheadh dá mba é an duine é a bheidh freagrach i leith na cánach nó ar a mbeidh na dualgais sin forchurtha.

Cáin a mhuirearú ar earraí allmhairithe.

1876, c. 36.

1952, Uimh. 14 .

64. —(1) Ní bheidh feidhm ag ailt 48 go 63 den Acht seo i gcás cáin a bhforáiltear ina leith le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 47 den Acht seo agus, faoi réir fo-alt (2) den alt seo, muirearófar an cháin sin ar gach earra a allmhaireofar an lú lá de Shamhain, 1963, nó dá éis, de réir dó go leith faoin gcéad de luach an earra.

(2) Ní dhéanfar cáin mar a luaitear anseo roimhe seo a mhuirearú ar na nithe seo:

(a) ainmhithe beo,

(b) cré, clocha, gairbhéal, gaineamh nó stroighin,

(c) síolta, leasacháin agus beatha ainmhithe,

(d) earra a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus a allmhaireoidh duine cláraithe is déileálaí sna hearraí sin mar stoc dá ghnó,

(e) earra, nach earra a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, a allmhaireofar—

(i) mar stoc dá ghnó,

(ii) mar ábhair le haghaidh monaraithe,

(iii) mar throscán, feistis, fearais oifige, gléasra nó trealamh dá ghnó,

ag duine cláraithe,

(f) aon earra a mbeidh dearbhaithe ag an Aire Airgeadais le hordú gur earra é nach inmhuirir cáin air nuair a allmhairítear isteach sa Stát é.

(3) Faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, beidh feidhm ag forálacha an Customs Consolidation Act, 1876, agus ag na hachtacháin a leasaíonn an tAcht sin agus ag achtacháin eile a bhaineann le Custaim, maidir le cáin dá dtagraítear san alt seo ionann is dá mba dhleacht chustam é.

(4) Chun críocha an ailt seo is é luach earra an luach mar mhínítear in alt 15 den Acht Airgeadais, 1952 , agus sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, arna mhéadú méid aon dleacht chustam is iníoctha air.

Achtanna áirithe a leathnú.

1927, Uimh. 7 .

1957, Uimh. 7 .

1890, c. 21.

65. —(1) Leasaítear leis seo alt 1 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 , trí “agus cáin láimhdeachais freisin” a chur isteach roimh “ach ní fholuíonn sé aon cháin ná diúité eile”.

(2) Leasaítear leis seo alt 1 den Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (g):

“(gg) cáin láimhdeachais a fhoirceannadh nó a athrú ar aon mhodh nó slí ar bith agus amhail ó lá sonraithe;”

ach ní dhéanfar aon ordú faoin Acht sin d'fhonn ráta na cánach a mhéadú ná d'fhonn na haicmí gníomhaíochtaí nó earraí a leathnú ar inmhuirir cáin ina leith de thuras na huaire.

(3) Leasaítear leis seo alt 39 den Inland Revenue Regulation Act, 1890, trí “turnover tax” a chur isteach roimh “stamp duties”.

Cáin a bhailiú.

66. —Is leis an Ard-Bhailitheoir a íocfar cáin láimhdeachais agus is é a dhéanfaidh cáin láimhdeachais a bhailiú agus a thobhach.