30 1963


Uimhir 30 de 1963.


AN tACHT UM CHLÁRÚ AINMNEACHA GNÓ, 1963

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN DAOINE AG A bhFUIL GNÓ Á SHEOLADH FAOI AINMNEACHA GNÓ A CHLÁRÚ AGUS CHUN CRÍOCHA A BHAINEANN LEIS SIN. [11 Nollaig, 1963.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Tosach feidhme.

1. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Léiriú.

1916, c. 58.

2. —(1) San Acht seo—

folaíonn “gnó” gairm;

ciallaíonn “ainm gnó” an t-ainm nó an tuairisc faoina bhfuil aon ghnó á sheoladh, agus, maidir le nuachtán, folaíonn sé teideal an nuachtáin;

folaíonn “ainm baiste” aon túsainm;

folaíonn “stiúrthóir”, maidir le comhlacht corpraithe, comhalta dá chomhlacht bainistí;

ciallaíonn “gnólacht” comhlacht neamhchorpraithe de bheirt phearsa aonair nó níos mó, nó de phearsa aonair amháin nó níos mó maraon le comhlacht corpraithe amháin nó níos mó, nó de dhá chomhlacht chorpraithe nó níos mó, a bheidh tar éis dul i gcomhpháirtíocht le chéile chun nuachtán a fhoilsiú nó chun gnó a sheoladh le haghaidh brabúis;

folaíonn “inisileacha” aon ghiorrú aitheanta ar ainm baiste;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “nuachtán” aon pháipéar ina bhfuil nuacht phoiblí nó tuairimí ina thaobh, nó arb é atá ann go hiomlán nó go formhór fógráin, agus a chlóitear le díol agus a fhoilsítear sa Stát go tréimhsiúil nó ina chodanna nó ina uimhreacha i gceann tréimhsí nach faide ná sé lá is tríocha;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin arna ndéanamh de bhun an Achta seo;

ciallaíonn “an t-achtachán aisghairthe” the Registration of Business Names Act, 1916, a aisghairtear leis an Acht seo;

ciallaíonn “sloinne”, i gcás duine a aithnítear de ghnáth faoi theideal nach ionann agus a shloinne an teideal sin.

(2) Ní fholaíonn tagairtí san Acht seo do sheanainm baiste nó do sheansloinne—

(a) i gcás duine a aithnítear de ghnáth faoi theideal nach ionann agus a shloinne, an t-ainm faoina raibh aithne air sular ghlac sé an teideal nó sular tháinig sé i gcomharbas an teidil; nó

(b) i gcás aon duine, seanainm baiste nó seansloinne i gcás inar athraíodh nó inar ligeadh as úsáid an t-ainm nó an sloinne sin sular shlánaigh an duine ar a raibh an t-ainm 18 mbliana d'aois nó ina bhfuil sé athraithe nó ligthe as úsáid le tréimhse nach giorra ná 20 bliain; nó

(c) i gcás bean phósta, an t-ainm nó an sloinne faoina raibh aithne uirthi roimh an bpósadh.

Daoine a chlárófar.

3. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, déanfar—

(a) gach gnólacht ag a bhfuil áit ghnó sa Stát agus a sheolann gnó faoi ainm gnó nach é atá ann fíorshloinnte na gcomhpháirtithe go léir ar pearsana aonair iad agus ainmneacha corpraithe na gcomhpháirtithe go léir ar comhlachtaí corpraithe iad gan aon bhreis seachas fíorainmneacha baiste comhpháirtithe aonair nó inisileacha na n-ainmneacha baiste sin;

(b) gach pearsa aonair ag a bhfuil áit ghnó sa Stát agus a sheolann gnó faoi ainm gnó nach é atá ann a fhíorshloinne gan aon bhreis seachas a fhíorainmneacha baiste nó inisileacha na n-ainmneacha sin;

(c) gach pearsa aonair nó gnólacht ag a bhfuil áit ghnó sa Stát agus is pearsa a rinne, nó gnólacht a ndearna comhalta de, a ainm a athrú, roimh an Acht seo a rith nó dá éis, ach amháin i gcás bean mar gheall ar a pósadh;

(d) gach comhlacht corpraithe ag a bhfuil áit ghnó sa Stát agus a sheolann gnó faoi ainm gnó nach é atá ann a ainm corpraithe gan aon bhreis;

(e) gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, gach duine ag a bhfuil áit ghnó sa Stát agus a sheolann gnó foilsithe nuachtáin,

a chlárú sa tslí a ordaítear leis an Acht seo.

(2) I gcás nach ndéanann an bhreis ach a thaispeáint go bhfuil an gnó á sheoladh i gcomharbas ar sheanúinéir an ghnó, ní bheidh an bhreis sin, uaithi féin, ina cúis le clárú a bheith riachtanach.

(3) I gcás an sloinne céanna a bheith ar dhá chomhpháirtí aonair nó níos mó, ní bheith úsáid leagan iolra an tsloinne sin, uaidh féin, ina chúis le clárú a bheith riachtanach.

(4) Má úsáideann comhlacht corpraithe giorrú aitheanta ar “Cuideachta” nó “Teoranta” nó ar aon abairt chomhchosúil is cuid dá ainm corpraithe, ní bheidh sin, uaidh féin, ina chúis le clárú a bheith riachtanach.

(5) I gcás an gnó a bheith á sheoladh ag sannaí nó iontaobhaí i bhféimheacht, ag iontaobhaí eastáit féichiúnaí comhshocraíochta, nó ag glacadóir nó bainisteoir arna cheapadh ag aon chúirt, ní bheidh clárú riachtanach faoi mhír (a), (b) nó (d) d'fho-alt (1).

(6) Ní bheidh de cheanglas ann pearsa aonair nó gnólacht a chlárú de bhíthin amháin athrú a theacht ar a ainm nó ar ainm comhpháirtí sa ghnólacht, má tharla an t-athrú sular shlánaigh an duine a d'athraigh a ainm ocht mbliana déag d'aois nó má tá fiche bliain ar a laghad caite ó tharla sé, nó de bhíthin amháin gur ghlac pearsa aonair teideal ar tháinig sé i gcomharbas air.

Modh agus sonraí an chláraithe.

4. —(1) Déanfaidh gach duine a gceanglaítear faoin Acht seo é a chlárú ráiteas i scríbhinn san fhoirm fhorordaithe ina mbeidh na sonraí seo a leanas a chur leis an bpost chun an chláraitheora nó a sheachadadh dó:

(a) ainm an ghnó, lena n-áirítear, i gcás dílseánach nuachtáin, teideal an nuachtáin;

(b) nádúr ginearálta an ghnó;

(c) príomháit an ghnó;

(d) más gnólacht atá le clárú, an t-ainm baiste agus an sloinne atá faoi láthair, agus aon seanainm baiste nó seansloinne a bhí, ar gach duine de na pearsana aonair is comhpháirtithe, a náisiúntacht mura náisiúntacht Éireannach í, a ghnátháit chónaithe, agus an tslí ghnó eile atá aige (má tá) agus ainm corpraithe gach comhlacht corpraithe is comhpháirtí agus an oifig chláraithe nó an phríomhoifig sa Stát atá ag gach comhlacht corpraithe den sórt sin;

(e) más pearsa aonair atá le clárú, an t-ainm baiste agus an sloinne atá faoi láthair, agus aon seanainm nó seansloinne a bhí, ar an bpearsa sin, a náisiúntacht, mura náisiúntacht Éireannach í, a ghnátháit chónaithe, agus an tslí ghnó eile atá aige (má tá);

(f) más comhlacht corpraithe atá le clárú, a ainm corpraithe agus a oifig chláraithe nó a phríomhoifig sa Stát;

(g) an dáta a ghlac an duine sin an t-ainm gnó sin.

(2) Má tá gnó á sheoladh faoi dhá ainm gnó nó níos mó, ní foláir gach ceann de na hainmneacha gnó sin a lua.

Ráiteas a shíneoidh daoine a bheidh ag clárú.

5. —(1) Ní foláir an ráiteas a cheanglaítear a thabhairt chun críche cláraithe a bheith arna shíniú—

(a) i gcás pearsa aonair—ag an bpearsa sin, agus

(b) i gcás comhlacht corpraithe—ag stiúrthóir nó rúnaí dá chuid, agus

(c) i gcás gnólachta—

(i) ag na pearsana aonair go léir is comhpháirtithe, agus ag stiúrthóir dá chuid, nó rúnaí, na gcomhlachtaí corpraithe go léir is comhpháirtithe nó

(ii) ag pearsa aonair éigin is comhpháirtí, nó ag stiúrthóir de chuid, nó ag runaí, chomhlacht corpraithe éigin is comhpháirtí,

agus i gcás lena mbaineann mír (c) (ii), ní foláir é a fhíorú le dearbhú reachtúil ón sínitheoir.

(2) Aon dearbhú reachtúil a dhearbhóidh gur comhpháirtí aon duine seachas an dearfóir, nó nach ndearbhóidh gur comhpháirtí aon duine seachas an dearfóir, ní fianaise é ar son ná in aghaidh aon duine eile den sórt sin maidir lena dhliteanais nó a neamhdhliteanais mar chomhpháirtí.

(3) Féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas ó aon duine a líomhnófar nó a bheidh á éileamh gur comhpháirtí é, a ordú an clár a cheartú agus féadfaidh aon cheist a éireoidh faoin alt seo a chinneadh.

An t-am chun clárú.

6. —(1) Déanfar na sonraí is gá d'aon duine a thabhairt faoin Acht seo a thabhairt laistigh de mhí tar éis dó an t-ainm gnó a ghlacadh.

(2) Má ghlac an duine an t-ainm gnó roimh dháta thosach feidhme an Achta seo, déanfar na sonraí, mura mbeidh siad tugtha cheana féin faoin achtachán aisghairthe, a thabhairt laistigh de mhí ó dháta thosach feidhme an Achta seo.

(3) Beidh feidhm ag an alt seo, i gcás inar gá clárú de bhíthin ainm a athrú, ionann is dá gcuirfí tagairtí do dháta an athraithe sin in ionad tagairtí don dáta a glacadh an t-ainm gnó.

Athruithe a chlárú.

7. —Aon uair a dhéanfar, nó a tharlóidh, athrú ar aon cheann de na sonraí a bheidh cláraithe maidir le haon duine, déanfaidh an duine sin, laistigh de mhí tar éis an athraithe nó, más roimh dháta thosach feidhme an Achta seo a tharla an t-athrú sin, laistigh de mhí tar éis an dáta tosach feidhme sin, ráiteas i scríbhinn san fhoirm fhorordaithe a thabhairt trína chur leis an bpost nó trína sheachadadh don chláraitheoir agus sonrófar ann an t-athrú agus dáta an athraithe, agus síneofar é, agus más gá fíorófar é, ar an dóigh chéanna leis an ráiteas is gá tráth an chláraithe.

Deimhniú cláraitheachta.

8. —(1) Ar ráiteas faoi alt 4 nó ráiteas faoi alt 7. a fháil a shonróidh athrú ar an ainm gnó, déanfaidh an cláraitheoir deimhniú gur cláraíodh é a chur leis an bpost chun an duine a rinne an clárú nó a sheachadadh dó.

(2) Coimeádfar deimhniú cláraitheachta ar taispeáint in áit fheiceálach sa phríomháit ghnó, i gcás gnólachta nó pearsa aonair agus, i gcás comhlacht corpraithe, ina oifig chláraithe nó ina phríomhoifig sa Stát, agus, i ngach cás, i ngach brains-oifig nó áit inar gnách an gnó a sheoladh, agus mura gcoimeádfar ar taispeáint amhlaidh é dlífear ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an duine atá cláraithe nó, i gcás gnólachta, ar gach comhpháirtí sa ghnólacht,

Dualgas chun sonraí a thabhairt.

9. —(1) Féadfaidh an tAire a cheangal ar aon duine ráiteas a thabhairt dó, laistigh de cibé am a cheanglóidh an tAire, ina mbeidh cibé sonraí a fheicfear don Aire is gá chun a fháil amach cé acu is cóir nó nach cóir an duine sin nó an gnólacht ar comhpháirtí ann é a chlárú faoin Acht seo, nó athrú a dhéanamh sna sonraí cláraithe.

(2) Má fheictear don Aire ó aon eolas a thabharfar amhlaidh gur cóir aon duine a chlárú faoin Acht seo, nó gur cóir athrú a dhéanamh sna sonraí cláraithe, féadfaidh an tAire a cheangal ar an duine sin na sonraí is gá a thabhairt don chláraitheoir laistigh de cibé am a cheadóidh an tAire ach, i gcás ina mbeifear tar éis aon mhainneachtain faoin Acht seo a fhionnadh ón eolas a fuarthas faoin alt seo, ní dhéanfar aon imeachtaí faoin Acht seo a thionscnamh i gcoinne aon duine i leith na mainneachtana sin roimh dheireadh an ama a cheanglófar amhlaidh ar an duine sin sonraí a thabhairt don chláraitheoir laistigh de.

Pionós mar gheall ar mhainneachtain ráiteas a thabhairt.

10. —Má dhéanann aon duine ar a gceanglofar faoin Acht seo ráiteas a thabhairt faoi shonraí nó faoi aon athrú ar shonraí mainneachtain, gan leithscéal réasúnach, sa ní sin a dhéanamh, dlífear ar a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an duine a rinne mainneachtain amhlaidh nó, i gcás gnólachta, ar gach comhpháirtí sa ghnólacht.

Pionós mar gheall ar ráitis bhréagacha.

11. —Má bhíonn in aon ráiteas a thabharfar faoin Acht seo aon ní a bheidh bréagach in aon phonc ábhartha go bhfios d'aon duine a shínigh é, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur ar an duine sin.

Ainmneacha a bhaint den chlár.

12. —(1) Má scoireann aon duine a bheidh cláraithe faoin Acht seo maidir le hainm gnó de ghnó a sheoladh faoin ainm sin, beidh de dhualgas ar an duine sin nó, i gcás pearsa aonair a gheobhaidh bás, ar a ionadaí pearsanta nó, i gcás gnólachta, ar gach duine ba chomhpháirtí sa ghnólacht an tráth a scoir an gnólacht de ghnó a sheoladh faoin ainm sin, agus freisin, i gcás comhlacht corpraithe, ar aon leachtaitheoir, ráiteas san fhoirm fhorordaithe sa chéill sin a chur leis an bpost chun an chláraitheora nó a sheachadadh dó laistigh de thrí mhí dá éis sin, agus má mhainníonn sé sin a dhéanamh dlífear, ar a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

(2) Ar an ráiteas sin a fháil, féadfaidh an cláraitheoir na sonraí a bhaineann leis an ainm gnó sin a scriosadh as an gclár.

(3) Más rud é, de bhua fho-alt (6) d'alt (3), nach gá a thuilleadh duine a bheidh cláraithe faoin Acht seo a bheith cláraithe, amhlaidh—

(a) déanfaidh an cláraitheoir, má iarrann an duine sin air é, an duine sin a bhaint den chlár, agus

(b) ní bheidh an duine sin, faoi cheangal a thuilleadh ag alt 8 an deimhniú cláraitheachta a choimeád ar thaispeáint,

agus i gcás ina mbeidh sna sonraí a bheidh cláraithe faoin Acht seo maidir le haon duine seanainm nó seansloinne nach gá a thuilleadh, de bhua fho-alt (2) d'alt 2, a bheith ar áireamh sna sonraí sin, déanfaidh an cláraitheoir, má iarrann an duine sin air é, na sonraí a leasú tríd an ainm nó an sloinne sin a scriosadh.

(4) I gcás ina mbeidh cúis réasúnach ag an gcláraitheoir chun a chreidiúint nach bhfuil duine atá cláraithe faoin Acht seo maidir le hainm gnó ag seoladh gnó faoin ainm sin, féadfaidh sé fógra a chur leis an bpost cláraithe go dtí an duine sin á rá, mura bhfaighfear freagra ar an bhfógra sin laistigh de mhí ó dháta an fhógra, go bhféadfar na sonraí a bhaineann leis an ainm gnó sin a scriosadh as an gclár.

(5) Má fhaigheann an cláraitheoir freagra á rá nach bhfuil an duine sin ag seoladh gnó faoin ainm gnó sin nó mura bhfaighidh sé freagra laistigh de mhí tar éis an fógra a chur, féadfaidh sé na sonraí a bhainfidh leis an ainm sin a scriosadh as an gclár.

Treoirchlár ainmneacha gnó.

13. —Coimeádfaidh an cláraitheoir treoirchlár de na hainmneacha gnó go léir a chlárófar faoin Acht seo.

Ainmneacha gnó míchuibhiúla.

14. —(1) Féadfaidh an tAire diúltú cead a thabhairt aon ainm is dóigh leis a bheith míchuibhiúil a chlárú faoin Acht seo ach féadfar achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte in aghaidh an diúltaithe sin.

(2) I gcás ina ndiúltófar ainm gnó a chlárú faoin alt seo, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur ar aon duine nó, i gcás gnólachta, ar gach comhpháirtí sa ghnólacht, a bheidh ag seoladh gnó faoin ainm sin in imthoscaí a d'fhágfadh gur ghá clárú faoin Acht seo.

(3) Ní dhéanfar clárú ainm gnó faoin Acht seo a fhorléiriú mar ní a údaraíonn úsáid an ainme sin más rud é, ar leithligh ón gclárú sin, go bhféadfaí a úsáid a thoirmeasc.

Cláraitheoir, cláraitheoirí cúnta agus oifigí.

15. —(1) Is é cláraitheoir na gcuideachtaí nó cibé duine eile a chinnfidh an tAire a bheidh ina chláraitheoir chun críocha an Achta seo.

(2) Beidh cibé daoine a chinnfidh an tAire ina gcláraitheoirí cúnta chun críocha an Achta seo.

(3) Chun daoine a chlárú faoin Acht seo, déanfaidh an tAire oifig nó oifigí a chothabháil agus a riaradh sa Stát i cibé áiteanna is oiriúnach leis an Aire.

Doiciméid chláraithe a iniúchadh, a thabhairt ar aird agus a fhianú.

16. —(1) Féadfaidh aon duine—

(a) na doiciméid a bheidh á gcoimeád ag an gcláraitheoir a iniúchadh ar cibé táille a bheidh forordaithe a íoc;

(b) a cheangal go ndéanfaidh an cláraitheoir, cláraitheoir cúnta nó oifigeach eile a bheidh údaraithe ag an Aire, deimhniú ar chlárú aon duine nó cóip d'aon doiciméad eile nó d'aon chuid d'aon doiciméad eile nó sliocht as an gcéanna a dheimhniú, ar cibé táillí a bheidh forordaithe a íocas an deimhniú, as an gcóip dheimhnithe nó as an sliocht deimhnithe.

(2) Ní dhéanfar aon phróis chun a ordú go dtabharfar ar aird aon doiciméad a bheidh á choimeád ag an gcláraitheoir a eisiúint as aon chúirt ach amháin le cead na cúirte sin, agus má eisítear aon phróis den sórt sin beidh ráiteas uirthi gur le cead na cúirte atá sí á heisiúint.

(3) I ngach imeacht dhlíthiúil, glacfar i bhfianaise deimhniú cláraitheachta nó cóip d'aon doiciméad, nó sliocht as aon doiciméad, a bheidh á choimeád ag an gcláraitheoir, arna dheimhniú faoi láimh an chláraitheora, chláraitheora chúnta nó oifigigh eile a bheidh údaraithe ag an Aire (nach gá a phost oifigiúil ná a údarás oifigiúil a chruthú).

Rialacháin.

17. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní acu seo a leanas—

(a) na táillí a bheidh le híoc leis an gcláraitheoir faoin Acht seo;

(b) na foirmeacha a bheidh le húsáid faoin Acht seo;

(c) i gcoitinne, stiúradh agus rialú an chláraithe faoin Acht seo, agus aon nithe a ghabhann leis.

(2) Déanfar na táillí go léir is iníoctha de bhun an Achta seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(3) Aon rialacháin a dhéanfar faoin Acht seo leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin.

Fíorainmneacha, etc., a fhoilsiú.

18. —(1) Aon duine a gceanglaítear leis an Acht seo é a chlárú, tabharfaidh sé, i litreacha inléite, i ngach litir, ciorclán agus catalóg ghnó a chuirfidh an duine sin go dtí duine ar bith ar a mbeidh nó ina mbeidh an t-ainm gnó agus

(a) i gcás pearsa aonair, a ainm baiste faoi láthair, nó inisileacha an ainm sin, agus a shloinne faoi láthair, agus aon seanainmneacha baiste agus seansloinnte a bhí air, agus a náisiúntacht mura náisiúntacht Éireannach í;

(b) i gcás gnólachta, na hainmneacha baiste, nó inisileacha na n-ainmneacha baiste, agus na sloinnte, atá faoi láthair, agus aon seanainmneacha baiste agus seansloinnte a bhí, ar gach comhpháirtí sa ghnólacht, agus a náisiúntacht mura náisiúntacht Éireannach í nó, i gcás comhlacht corpraithe a bheith ina chomhpháirtí, an t-ainm corpraithe;

(c) i gcás comhlacht corpraithe (nach cuideachta lena mbaineann alt 196 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 ), a ainm corpraithe, agus an t-ainm baiste, nó inisileacha an ainm baiste, agus an sloinne, atá faoi láthair, agus aon seanainmneacha baiste agus seansloinnte a bhí, ar gach stiúrthóir, agus a náisiúntacht, mura náisiúntacht Éireannach í nó, i gcás comhlacht corpraithe a bheith ina stiúrthóir, an t-ainm corpraithe.

(2) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear, ar a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £25 in aghaidh gach ciona a chur ar an duine nó, i gcás gnólachta, ar gach comhpháirtí sa ghnólacht.

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

19. —I gcás comhlacht corpraithe a bheith ciontach i gcion faoin Acht seo, beidh gach stiúrthóir, rúnaí agus oifigeach de chuid an chomhlachta chorpraithe is páirtí, go bhfios dó, sa mhainneachtain, ciontach ina shamhail sin de chion agus dlífear a shamhail sin de phionós a chur air.

Imeachtaí achoimre.

1851, c. 93.

20. —(1) Féadfaidh an tAire imeachtaí achoimre maidir le cion faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(2) D'ainneoin fho-alt (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de thrí bliana ó dháta an chiona.

Aisghairm agus forálacha iarmartacha.

1916, c. 58.

1961, Uimh. 40 .

21. —(1) Aisghairtear leis seo The Registration of Business Names Act, 1916.

(2) Leasaítear leis seo an tAcht um Chlúmhilleadh, 1961 ,—

(a) trí “ach amháin in alt 27,” a scriosadh as an míniú ar “páipéar nuachta” in alt 2,

(b) trí alt 27 a aisghairm.

(3) Measfar gur cuid den chlár chun críocha an Achta seo an clár a coimeádadh faoin achtachán aisghairthe.

(4) Beidh éifeacht ionann is dá mba faoin Acht seo a tugadh nó a rinneadh iad ag na ráitis agus na sonraí go léir a tugadh, ag na dearbhuithe reachtúla go léir a rinneadh, ag na fógraí, na deimhnithe, na cóipeanna agus na sleachta deimhnithe go léir a tugadh, agus ag na nithe go léir a rinneadh faoin achtachán aisghairthe.

Caiteachais.

22. —Déanfar na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Acht seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

23. —Féadfar an tAcht um Chlárú Ainmneacha Gnó, 1963 , a ghairm den Acht seo.