An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII. Feidhm an achta maidir le Cuideachtaí a Foirmíodh nó a Cláraíodh faoi Achtanna roimhe seo.) Ar Aghaidh (CUID X. Foirceannadh Cuideachtaí Neamhchláraithe.)

33 1963

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963

CUID IX.

Údarás ag Cuideachtaí nár Foirmíodh faoin Acht seo Clárú faoin Acht seo.

Cuideachtaí atá inchláraithe.

1862, c. 89.

1908, c. 69.

328. —(1) Lasmuigh de na heisceachtaí, agus faoi réir na bhforálacha, atá san alt seo, féadfaidh—

(a) aon chuideachta a bhfuil seacht gcomhaltaí nó níos mó inti agus a bhí ar marthain ar an 2ú lá de Shamhain, 1862, lena n-áirítear aon chuideachta a cláraíodh faoi Achtanna na gCuideachtaí Comhstoic; agus

(b) aon chuideachta a foirmíodh tar éis an dáta a dúradh, cibé acu roimh an dáta feidhme nó dá éis sin é, de bhun aon reachta seachas an tAcht seo, nó de bhun litreacha paitinne, nó is cuideachta a bheidh ar dhóigh eile comhdhéanta go cuí de réir dlí, agus a bhfuil seacht gcomhalta nó níos mó inti;

clárú faoin Acht seo aon uair mar chuideachta neamhtheoranta nó mar chuideachta faoi theorainn scaireanna, nó mar chuideachta faoi theorainn ráthaíochta; agus ní bheidh an clárú neamhbhailí de bhíthin é a dhéanamh d'fhonn an chuideachta a fhoirceannadh.

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo le cuideachta a cláraíodh faoin Companies Act, 1862, nó faoin Companies (Consolidation) Act, 1908, ná le cuideachta nach bhfuil a hoifig chláraithe nó a príomháit ghnó aici sa Stát.

(3) Ní dhéanfaidh cuideachta a bhfuil dliteanas a comhaltaí faoi theorainn reachta nó litreacha paitinne, agus nach cuideachta chomhstoic mar a mhínítear sin anseo ina dhiaidh seo, clárú de bhun an ailt seo.

(4) Ní dhéanfaidh cuideachta a bhfuil dliteanas a comhaltaí faoi theorainn reachta nó litreacha paitinne clárú de bhun an ailt seo mar chuideachta neamhtheoranta ná mar chuideachta faoi theorainn ráthaíochta.

(5) Ní dhéanfaidh cuideachta nach cuideachta chomhstoic, mar a mhínítear sin anseo ina dhiaidh seo, clárú de bhun an ailt seo mar chuideachta faoi theorainn scaireanna.

(6) Ní chláróidh cuideachta de bhun an ailt seo gan aontú ó thromlach na gcomhaltaí sin di a bheidh i láthair go pearsanta nó trí sheachvótálaí ag cruinniú ginearálta a gaireadh chun na críche sin.

(7) I gcás ina mbeidh cuideachta, nach bhfuil dliteanas a comhaltaí faoi theorainn reachta ná litreacha paitinne, ar tí clárú mar chuideachta theoranta, is é tromlach ar gá a n-aontú mar a dúradh trí cheathrú ar a laghad de na comhaltaí a bheidh i láthair go pearsanta nó trí sheachvótálaí ag an gcruinniú.

(8) I gcás ina mbeidh cuideachta ar tí clárú mar chuideachta faoi theorainn ráthaíochta, beidh ag gabháil leis an aontú chun í a chlárú amhlaidh rún á dhearbhú go ngeallann gach comhalta go ranníocfaidh sé le sócmhainní na cuideachta, i gcás í a fhoirceannadh le linn dó bheith ina chomhalta nó laistigh de bhliain tar éis dó scor de bheith ina chomhalta, chun íoc as na fiacha agus na dliteanais de chuid na cuideachta a ndeachthas fúthu sular scoir sé de bheith ina chomhalta, agus as costais agus caiteachais an fhoirceanta, agus le haghaidh coigeartú ar chearta na ranníocóirí eatarthu féin, cibé suim is gá ach nach mó ná méid a shonrófar.

(9) Chun aon tromlach faoin alt seo a ríomh nuair a éileofar vótaíocht, tabharfar aird ar an méid vótaí a bhfuil gach comhalta ina theideal de réir rialacháin na cuideachta.

Míniú ar chuideachta chomhstoic.

329. —Chun críocha na Coda seo, chomh fada is a bhaineann le clárú cuideachtaí mar chuideachtaí faoi theorainn scaireanna, ciallaíonn cuideachta chomhstoic cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal íoctha nó ainmniúil atá buan, agus é de mhéid socraithe atá roinnte ina scaireanna, de mhéid socraithe freisin, nó atá ar seilbh agus inaistrithe mar stoc, nó atá roinnte agus ar seilbh go páirteach ar dhóigh amháin agus go páirteach ar an dóigh eile, agus a foirmíodh ar an bprionsabal gurb iad sealbhóirí na scaireanna nó an stoic sin comhaltaí na cuideachta, agus nach comhalta di aon duine eile, agus measfar gur cuideachta faoi theorainn scaireanna cuideachta den sórt sin nuair a chlárófar í le dliteanas teoranta faoin Acht seo.

Ceanglais maidir le cuideachtaí comhstoic a chlárú.

330. —Sula gclárófar cuideachta chomhstoic de bhun na Coda seo, seachadfar na doiciméid seo a leanas don chláraitheoir—

(a) liosta ina dtaispeánfar ainmneacha, seoltaí agus slite beatha na ndaoine go léir a bhí, lá a bheidh ainmnithe sa liosta agus nach mó ná 6 lá glan roimh lá an chláraithe, ina gcomhaltaí den chuideachta, maraon leis na scaireanna nó an stoc a bhí ar seilbh acu faoi seach, agus idirdhealú ar gach scair de réir a huimhreach i gcásanna ina bhfuil uimhir ar na scaireanna;

(b) cóip d'aon reacht, cairt, litreacha paitinne, gníomhas comhshocraíochta, conradh comhpháirtíochta nó aon ionstraim eile lenar comhdhéanadh nó lena rialaítear an chuideachta; agus

(c) má bheartaítear an chuideachta a chlárú mar chuideachta theoranta, ráiteas ina dtabharfar na sonraí seo a leanas—

(i) scairchaipiteal ainmniúil na cuideachta agus an líon scaireanna ina bhfuil sé roinnte, nó an méid stoic atá ann;

(ii) an líon scaireanna a tógadh agus an méid a íocadh ar gach scair;

(iii) ainm na cuideachta maraon leis an bhfocal “limited” nó “teoranta” mar fhocal deireanach ann; agus

(iv) i gcás cuideachta a bheartaítear a chlárú mar chuideachta faoi theorainn ráthaíochta, an rún a dhearbhaíonn méid na ráthaíochta.

Ceanglais maidir le cuideachta nach cuideachta chomhstoic a chlárú.

331. —Sula ndéanfar aon chuideachta nach cuideachta chomhstoic a chlárú de bhun na Coda seo, seachadfar don chláraitheoir—

(a) liosta ina dtaispeánfar ainmneacha, seoltaí agus slite beatha stiúrthóirí na cuideachta; agus

(b) cóip d'aon reacht, litreacha paitinne, gníomhas comhshocraíochta, conradh comhpháirtíochta nó aon ionstraim eile, lenar comhdhéanadh nó lena rialaítear an chuideachta; agus

(c) i gcás cuideachta a bheartaítear a chlárú mar chuideachta faoi theorainn ráthaíochta, cóip den rún a dhearbhaíonn méid na ráthaíochta.

Liostaí de chomhaíltaí agus stiúrthóirí na cuideachta a fhíorú chun críocha an chláraithe.

332. —Déanfar liostaí na gcomhaltaí agus na stiúrthóirí agus aon sonraí eile a bhainfidh leis an gcuideachta agus is gá a sheachadadh don chláraitheoir a fhíorú le dearbhú reachtúil ó aon bheirt nó níos mó de stiúrthóirí nó de phríomhoifigigh eile na cuideachta.

Féadfaidh an cláraitheoir fianaise a éileamh maidir leis an saghas cuideachta atá ann.

333. —Feadfaidh an cláraitheoir cibé fianaise a éileamh a mheasfaidh sé a bheith riachtanach chun a dheimhniú dó féin cé acu atá nó nach bhfuil aon chuideachta a bheartaítear a chlárú ina cuideachta chomhstoic mar a mhínitear sin anseo roimhe seo.

Ainm a athrú chun críocha an chláraithe.

334. —(1) Faoi réir fho-alt (2), má bhíonn ainm ar chuideachta a bheidh ag iarraidh clárú faoin gCuid seo is ainm nach bhféadfar a chlárú amhlaidh toisc é a bheith míchuibhiúil, i dtuairim an Aire, féadfaidh an chuideachta, le haontú i scríbhinn ón Aire, a hainm a athrú le héifeacht ó dháta a cláraithe mar a dúradh.

(2) Is gá aontú ó chomhaltaí na cuideachta leis an ainm a athrú amhail mar is gá de réir alt 328 i gcás clárú faoin Acht seo.

“Limited” nó “teoranta” a chur leis an ainm.

335. —(1) Faoi réir fho-alt (2), nuair a dhéanfaidh cuideachta de bhun na Coda seo clárú le dliteanas teoranta, beidh an focal “limited” nó “teoranta” ina chuid dá hainm agus clárófar mar chuid dá hainm é.

(2) Ní mheasfar fo-alt (1) a bheith ag eisiamh oibriú alt 24.

Deimhniú maidir le clárú cuideachtaí láithreacha.

336. —Ar cheanglais na Coda seo maidir le clárú a chomhlíonadh, agus ar cibé táillí, más ann, is iníoctha faoi na forálacha ina dhiaidh seo den Acht seo a íoc, deimhneoidh an cláraitheoir faoina láimh go bhfuil an chuideachta a bhfuil clárú á iarraidh aici corpraithe mar chuideachta faoin Acht seo, agus i gcás cuideachta theoranta go bhfuil sí teoranta, agus air sin beidh an chuideachta arna corprú amhlaidh.

Dílsiú maoine ar chlárú a dhéanamh.

1895, c. 16.

337. —(1) Ar chuideachta a chlárú, aistreoidh an mhaoin go léir, idir réadach agus phearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), is leis an gcuideachta nó a bheidh dílsithe di ar dháta a cláraithe de bhun na Coda seo, chun na cuideachta, agus dílseoidh sí di, amhail mar a bheidh sí corpraithe faoin Acht seo, le haghaidh eastát agus leas uile na cuideachta sa mhaoin sin.

(2) Ní oibreoidh alt 12 den Finance Act, 1895, chun a chur de cheangal ar chuideachta a chláróidh faoin gCuid seo aon doiciméad i ndáil le dílsiú faoi fho-alt (1) a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim.

Cosaint do dhliteanais atá ar marthain.

338. —Ní dhéanfaidh clárú cuideachta de bhun na Coda seo difear do chearta ná dliteanais na cuideachta maidir le haon fhiach nó oibleagáid, ná maidir le haon chonradh, ina ndeachaigh nó faoina ndeachaigh an chuideachta, nó ina ndeachthas nó faoina ndeachthas ina leith nó léi nó thar a ceann, sular cláraíodh an chuideachta.

Leanúnacht caingne atá ar marthain.

339. —(1) Faoi réir fho-alt (2), má bhíonn aon chaingean nó imeacht dhlíthiúil eile ar feitheamh, nuair a chlárófar cuideachta de bhun na Coda seo, ag an gcuideachta nó ina haghaidh, nó ag an oifigeach poiblí nó aon chomhalta den chuideachta nó ina aghaidh, féadfar leanúint den chaingean nó den imeacht sin ionann is nach mbeifí tar éis an clárú a dhéanamh.

(2) Ní eiseoidh forghníomhú in aghaidh éifeachtaí aon chomhalta aonair den chuideachta de bhun aon bhreithiúnais, foraithne nó ordú a gheofar in aon chaingean nó imeacht den sórt sin, ach má tharlaíonn nach leor maoin agus éifeachtaí na cuideachta chun an breithiúnas, an fhoraithne nó an t-ordú a shásamh, féadfar ordú a fháil chun an chuideachta a fhoirceannadh.

An éifeacht a bheidh ag clárú faoin gCuid seo.

340. —(1) Nuair a chlárófar cuideachta de bhun na Coda seo, beidh éifeacht ag fo-ailt (2) go (7).

(2) Measfar na forálacha uile in aon reacht nó ionstraim lenar comhdhéanadh nó lena rialaítear an chuideachta, lena n-áirítear, i gcás cuideachta a cláraíodh mar chuideachta faoi theorainn ráthaíochta, an rún lenar dearbhaíodh méid na ráthaíochta, a bheith ina gcoinníollacha agus ina rialacháin de chuid na cuideachta ar an dóigh chéanna agus leis na teagmhais chéanna agus dá mbeadh an méid díobh ba ghá a chur sa mheabhrán, dá mba faoin Acht seo a foirmíodh an chuideachta, curtha i meabhrán cláraithe, agus go mbeadh an chuid eile díobh in airteagail chláraithe.

(3) Bainfidh forálacha uile an Achta seo leis an gcuideachta agus le comhaltaí, ranníocóirí agus creidiúnaithe na cuideachta, sa dóigh chéanna go huile agus go hiomlán agus dá mba faoin Acht seo a foirmíodh í, faoina réir seo a leanas—

(a) ní bheidh feidhm ag Table A nó Tábla A mura mbeidh glactha leis trí rún speisialta;

(b) ní bheidh feidhm ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le huimhriú scaireanna maidir le haon chuideachta chomhstoic nach bhfuil a cuid scaireanna uimhrithe;

(c) faoi réir forálacha an ailt seo, ní bheidh cumhacht ag an gcuideachta athrú a dhéanamh ar aon fhoráil in aon reacht a bhaineann leis an gcuideachta;

(d) faoi réir forálacha an ailt seo, ní bheidh cumhacht ag an gcuideachta, gan ceadú an Aire, athrú a dhéanamh ar aon fhoráil in aon litreacha paitinne a bhaineann leis an gcuideachta;

(e) ní bheidh cumhacht ag an gcuideachta athrú a dhéanamh ar aon fhoráil i gcairt nó litreacha paitinne a bhaineann le cuspóirí na cuideachta;

(f) i gcás an chuideachta a fhoirceannadh, is ranníocóir, maidir leis na fiacha agus na dliteanais de chuid na cuideachta a ndeachthas fúthu roimh chlárú, gach duine a dhlífidh aon fhiach nó dliteanas de chuid na cuideachta, faoina ndeachthas roimh chlárú, a íoc nó ranníoc a dhéanamh ina leith, nó aon suim a íoc nó ranníoc a dhéanamh ina leith chun coigeartú a dhéanamh ar chearta na gcomhaltaí eatarthu féin maidir le haon fhiach nó dliteanas den sórt sin, nó na costais agus na caiteachais a bhaineann le foirceannadh na cuideachta a íoc nó ranníoc a dhéanamh ina leith, sa mhéid a bhaineann leis na fiacha nó na dliteanais sin mar a dúradh;

(g) i gcás an chuideachta a fhoirceannadh, dlífidh gach ranníocóir na suimeanna go léir a bheidh dlite uaidh maidir le haon dliteanas den sórt a dúradh a ranníoc le sócmhainní na cuideachta, i gcúrsa an fhoirceanta, agus, i gcás bás nó féimheacht aon ranníocóra, beidh feidhm ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hionadaithe pearsanta ranníocóirí éagtha agus le sannaithe ranníocóirí féimheacha.

(4) Beidh feidhm ag na forálacha den Acht seo a bhaineann—

(a) le clárú cuideachta neamhtheoranta mar chuideachta theoranta;

(b) le cumhachtaí cuideachta neamhtheoranta, ar í a chlárú mar chuideachta theoranta, chun méid ainmniúil a scairchaipitil a mhéadú agus chun a fhoráil nach bhféadfar glaoch ar chuid dá scairchaipiteal ach amháin i gcás í a fhoirceannadh;

(c) le cumhacht chuideachta teoranta chun a chinneadh nach bhféadfar glaoch ar chuid dá scairchaipiteal ach amháin i gcás í a fhoirceannadh;

d'ainneoin aon fhorálacha in aon reacht, cairt nó ionstraim eile lenar comhdhéanadh nó lena rialaítear an chuideachta.

(5) Ní údaróidh aon ní san alt seo don chuideachta athrú a dhéanamh ar aon fhorálacha den sórt sin in aon ionstraim lenar comhdhéanadh nó lena rialaítear an chuideachta, ar ghá, dá mba faoin Acht seo a foirmíodh an chuideachta i gcéaduair, iad a bheith sa mheabhrán agus nach n-údaraítear leis an Acht seo iad a athrú.

(6) Ní bhainfidh aon fhoráil dá bhfuil san Acht seo (ach amháin forálacha fho-alt (4) d'alt 205) ó aon chumhacht chun a comhdhéanamh nó a rialacháin a athrú a bheidh, de bhua aon reachta nó aon ionstraime eile lenar comhdhéanadh nó lena rialaítear an chuideachta, dílsithe don chuideachta.

(7) San alt seo, folaíonn “ionstraim” gníomhas comhshocraíochta, conradh comhpháirtíochta agus litreacha paitinne.

Cumhacht chun meabhrán agus airteagail a chur in ionad gníomhais chomhshocraíochta.

341. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) go (4), féadfaidh cuideachta a bheidh cláraithe de bhun na Coda seo, le rún speisialta, foirm a comhdhéanta a athrú trí mheabhrán agus airteagail a chur in ionad gníomhais chomhshocraíochta.

(2) Na forálacha d'alt 10 a bhaineann le hiarratais chun na cúirte ag iarraidh cealú ar athruithe i gcuspóirí cuideachta agus nithe a leanfaidh as rún a rith le haghaidh na n-athruithe sin, beidh feidhm acu, a mhéad is infheidhme iad, maidir le hathrú faoin alt seo, faoi réir na modhnuithe seo a leanas—

(a) cuirfear in ionad na cóipe clóite den mheabhrán athraithe is gá a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí cóip chlóite den mheabhrán agus de na hairteagail ionadúla; agus

(b) ar chóip chlóite den mheabhrán agus de na hairteagail ionadúla a sheachadadh don chláraitheoir nó ar an dáta nach mbeidh an t-athrú inchealaithe a thuilleadh le hordú ón gcúirt, cibé acu is déanaí a tharlóidh, bainfidh an meabhrán agus na hairteagail ionadúla leis an gcuideachta ionann is dá mba chuideachta í a cláraíodh faoin Acht seo leis an meabhrán agus leis na hairteagail sin, agus scoirfidh gníomhas comhshocraíochta na cuideachta d'fheidhm a bheith aige maidir leis an gcuideachta.

(3) Féadfar athrú faoin alt seo a dhéanamh i dteannta nó d'éagmais aon athraithe ar chuspóirí na cuideachta faoin Acht seo.

(4) San alt seo, folaíonn “gníomhas comhshocraíochta” aon chonradh comhpháirtíochta nó aon ionstraim eile lenar comhdhéanadh nó lena rialaítear an chuideachta, nach reacht, cairt ná litreacha paitinne.

Cumhacht na cúirte chun imeachtaí a bhac nó a shrianadh.

342. —I gcás cuideachta a chlárófar de bhun na Coda seo, beidh réim maidir le caingne agus imeachtaí in aghaidh aon ranníocóra de chuid na cuideachta ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le bac agus srianadh caingne agus imeachtaí in aghaidh cuideachta aon uair tar éis achainí fhoirceanta a thíolacadh agus roimh ordú foirceanta a dhéanamh, más creidiúnaí a dhéanfaidh an t-iarratas ag iarradh bac nó srianadh.

Bac ar chaingne nuair a dhéantar ordú foirceanta.

343. —Nuair a bheidh ordú déanta chun cuideachta a cláraíodh de bhun an Achta seo a fhoirceannadh, ní dhéanfar aon chaingean ná imeacht a thionscnamh ná a chur ar aghaidh in aghaidh na cuideachta, ná aon ranníocóra de chuid na cuideachta, i leith aon fhiach a bheidh ar an gcuideachta, ach amháin le cead na cúirte, agus faoi réir cibé téarmaí a fhorchuirfidh an chúirt.