An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL. Table A, Tábla A, agus Táblaí B, C, D agus E.) Ar Aghaidh (AN TRÍÚ SCEIDEAL. Nithe atá le sonrú i Réamheolaire agus na Tuarascálacha atá le leagan amach ann.)

33 1963

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963

AN DARA SCEIDEAL.

Foirm an Ráitis in Ionad Réamheolaire atá le seachadadh don Chláraitheoir ag Cuideachta Phríobháideach ar Chuideachta Phoiblí a dhéanamh di agus na Tuarascálacha atá le leagan amach ann.

Alt. 35.

Cuid I.

Foirm an Ráitis agus na Sonraí atá le bheith ann.

ACHT NA gCUIDEACHTAI, 1963 .

Ráiteas in ionad réambeolaire arna sheachadadh lena chlárú ag

(Cuir isteach ainm na cuideachta)

De bhun alt 35 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 .

Arna sheachadadh lena chlárú ag

1. Scairchaipiteal ainmniúil na cuideachta.

1. £

2. Arna roinnt i

2. Scair de £

an ceann

”      ”   £

an ceann

3. An méid, más ann, den chaipiteal sin thuas arb é atá ann scaireanna tosaíochta infhuascailte.

3. Scair de £

an ceann

4. An dáta is luaithe a bhfuil sé de chumhacht ag an gcuideachta na scaireanna sin a fhuascailt.

4.

5. Ainmneacha, tuairiscí agus seoltaí na stiúrthóirí nó na ndaoine atá le bheith ina stiúrthóirí.

5.

6. An líon scaireanna a eisíodh agus na suimeanna atá íoctha orthu.

6.              scair £

ar ar íocadh £

scair £

ar ar íocadh £

7. Méid na gcoimisiún a íocadh nó is iníoctha i ndáil le heisiúint aon scaireanna nó bintiúr.

7. £

8. Méid na lascaine, más ann, a lamháladh ar eisiúint aon scaireanna, nó cibé cion di nach bhfuil díscríofa ar dháta an ráitis.

8. £

9. Mura bhfuil níos mó ná dhá bhliain caite ón dáta a bhí an chuideachta i dteideal gnó a thosú:—

9.

(a) Méid na réamhchaiteachas.

(a) £

(b) Cé a d'íoc na caiteachais sin nó cé aige a bhfuil siad iníoctha.

(b)

(c) An méid a íocadh le haon tionscnóir.

(c) Ainm an tionscnóra: An méid £

(d) Comaoin na híocaíochta.

(d) An chomaoin:

(e) Aon sochar eile a tugadh do thionscnóir ar bith.

(e) Ainm an tionscnóra: An cineál sochair agus a luach:

(f) An chomaoin as an sochar a thabhairt.

(f) An chomaoin:

10. Má tá scairchaipiteal na cuideachta roinnte ina scaireanna de chineálacha éagsúla, an ceart vótála ag cruinnithe den chuideachta a thugtar, agus na cearta i leith caipitil agus díbhinní a ghabhann, leis na cineálacha éagsúla scaireanna faoi seach.

10.

11. Líon agus méid na scaireanna agus na mbintiúr a eisíodh laistigh den 2 bhliain roimh dháta an ráitis seo mar scaireanna láníoctha nó páirtíoctha ar dhóigh seachas in airgead, nó ar comhaontaíodh iad a eisiúint amhlaidh ar dháta an ráitis seo.

11. (a)            scair £

láníoctha

(b)                scair ar creidiúnaíodh £                an scair a bheith íoctha ina leith.

(c) bintiúir £

An chomaoin as eisiúint na scaireanna nó na mbintiúr sin.

(d) An chomaoin:

12. (a) Líon, tuairisc agus méid aon scaireanna nó bintiúr atá ag aon duine nó a bhfuil teideal aige go dtabharfaí rogha dó suibscríobh lena n-aghaidh, nó iad a fháil ó dhuine a ndearnadh nó ar comhaontaíodh iad a leithroinnt air, d'fhonn go dtairgfeadh sé iad lena ndíol.

12. (a)                   scair £

agus                    bintiúr    £

(b) An tréimhse chun an rogha a fheidhmiú.

(b) Go dtí

(c) An praghas atá le híoc ar scaireanna nó bintiúir ar suibscríobhadh lena n-aghaidh nó a fuarthas faoin rogha.

(c)

(d) An chomaoin as an rogha nó as an gceart chun rogha.

(d) An chomaoin:

(e) Na daoine dar tugadh an rogha nó an ceart chun rogha nó, más do scairshealbhóirí nó bintiúraigh láithreacha sa cháil sin dóibh a tugadh é, na scaireanna nó na bintiúir iomchuí.

(e) Ainmneacha agus seoltaí:

13. (a) Ainmneacha agus seoltaí díoltóirí maoine (1) a cheannaigh nó a fuair an chuideachta laistigh den 2 bhliain roimh dháta an ráitis seo nó (2) ar comhaontaíodh nó ar beartaíodh go gceannódh nó go bhfaigheadh an chuideachta í, ach amháin i gcás ina ndeachthas faoin gconradh chun í a cheannach nó a fháil i ngnáthchúrsa gnó agus nach bhfuil aon cheangal idir an conradh agus an chuideachta atá ag scor de bheith ina cuideachta phríobháideach nó i gcás nach d'aon tábhacht é méid an airgid cheannaigh.

13. (a)

(b) An méid (in airgead, ina scaireanna nó ina bhintiúir) a íocadh nó is iníoctha le gach díoltóir.

(b)

(c) An méid a íocadh nó is iníoctha in airgead, ina scaireanna nó ina bhintiúir as aon mhaoin den sórt sin, agus an méid a íocadh nó is iníoctha ar cháilmheas a shonrú.

(c) Iomlán    an

phraghais

cheannaigh     £

 

Airgead

£

Scaireanna

£

Bintiúir

£

Cáilmheas

£

14. Gearrshonraí aon idirbhirt a bhaineann le haon mhaoin den sórt sin agus a tugadh chun críche laistigh den 2 bhliain roimh dháta an ráitis seo agus ina raibh aon leas, go díreach nó go neamhdhíreach, ag aon díoltóir a rinne díol leis an gcuideachta nó ag aon duine atá, nó a bhí tráth an idirbhirt, ina thionscnóir nó ina stiúrthóir ar an gcuideachta nó le bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta.

14.

15. Dátaí, páirtithe, agus nádúr ginearálta gach conartha ábhartha (seachas conarthaí a ndeachthas fúthu i ngná thchúrsa gnó atá á sheoladh nó le bheith á sheoladh ag an gcuideachta nó a ndeachthas fúthu breis is 2 bhliain roimh an ráiteas seo a sheachadadh).

15.

16. An tráth agus an áit a bhféadfar scrúdú a dhéanamh ar na conarthaí nó ar chóipeanna díobh nó (1) i gcás conartha nár cuireadh síos i scríbhinn, ar meabhrán a thugann sonraí iomlána ina dtaobh, agus (2) i gcás conartha atá go hiomlán nó go páirteach i dteanga seachas Béarla nó Gaeilge, ar chóip de thiontú Béarla nó Gaeilge ar an gconradh nó cóip ina bhfuil tiontú Béarla nó Gaeilge ar na codanna nach bhfuil i mBéarla nó i nGaeilge, cibé acu é, is é sin, tiontú ar deimhníodh ar an modh forordaithe gur tiontú cruinn é.

16.

17. Ainmneacha agus seoltaí iniúchóirí na cuideachta.

17.

18. Sonraí iomlána ar nádúr agus réim leas gach stiúrthóra in aon mhaoin a cheannaigh nó a fuair an chuideachta laistigh den 2 bhliain roimh dháta an ráitis seo nó a bhfuil sé beartaithe ag an gcuideachta í a cheannach nó a fháil nó i gcás inarb é leas atá ag stiúrthóir den sórt sin gur comhpháirtí i ngnólacht é, nádúr agus réim leas an ghnólachta, maraon le ráiteas i dtaobh na suimeanna go léir a ndearnadh nó ar comhaontaíodh iad a íoc leis féin nó leis an ngnólacht in airgead nó ina scaireanna, nó ar dhóigh eile, ó aon duine d'fhonn é a aslú nó é a cháiliú chun bheith ina stiúrthóir, nó ar dhóigh eile, as seirbhísí a tugadh nó atá le tabhairt don chuideachta aige féin nó ag an ngnólacht.

18.

19. Rátaí na ndíbhinní, más ann, a d'íoc an chuideachta i leith gach cineál scaireanna sa chuideachta i ngach ceann de na 5 bliana airgeadais díreach roimh dháta an ráitis seo nó ón uair a corpraíodh an chuideachta, cibé tréimhse acu is giorra.

19.

20. Sonraí na gcásanna nár íocadh díbhinní ar bith i leith aon chineál scaireanna in aon cheann de na blianta sin.

20.

 

(Síniú na ndaoine atá ainmnithe thuas mar stiúrthóirí nó mar dhaoine atá le bheith ina stiúrthóirí nó síniú a ngníomhairí arna n-údarú i scríbhinn).

 

 

 

Dáta

Cuid II.

Tuarascálacha atá le leagan amach.

1. Má tá scaireanna nó bintiúir neamheisithe de chuid na cuideachta le cur chun feidhme chun gnó a cheannach, tuarascáil ó chuntasóirí (a ainmneofar sa ráiteas)—

(a) ar bhrabúis nó caillteanais an ghnó in aghaidh gach ceann de na 5 bliana airgeadais díreach roimh an ráiteas a sheachadadh don chláraitheoir; agus

(b) ar shócmhainní agus dliteanais an ghnó ar an dáta deiridh ar anuas go dtí é a rinneadh amach cuntais an ghnó.

2. (1) Má tá scaireanna nó bintiúir neamheisithe de chuid na cuideachta le cur chun feidhme go díreach nó go neamhdhíreach ar aon dóigh a thabharfadh go bhfaighfí scaireanna i gcomhlacht corpraithe a thiocfaidh, mar gheall ar na scaireanna sin a fháil nó aon ní atá le déanamh dá dhroim sin nó i ndáil leis sin, chun bheith ina fhochuideachta don chuideachta, tuarascáil ó chuntasóirí (a ainmneofar sa ráiteas) ar bhrabúis agus caillteanais agus ar shócmhainní agus dliteanais an chomhlachta chorpraithe eile de réir fhomhír (2) nó (3), cibé acu is gá sa chás, ina léireofar conas a bhainfeadh brabúis nó caillteanais an chomhlachta chorpraithe eile lena ndéileáiltear sa tuarascáil, ó thaobh na scaireanna a bheadh le fáil, le comhaltaí na cuideachta, agus cad é an lamháltas ba ghá a dhéanamh, maidir leis na sócmhainní agus na dliteanais a ndéileáiltear leo amhlaidh, le haghaidh sealbhóirí scaireanna eile, dá mba rud é go raibh na scaireanna a bheadh le fáil ar seilbh ag an gcuideachta gach tráth ábhartha.

(2) Más rud é nach bhfuil aon fhochuideachtaí ag an gcomhlacht corpraithe eile, déileálfar sa tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—

(a) chomh fada is a bhaineann le brabúis agus caillteanais, le brabúis nó caillteanais an chomhlachta chorpraithe in aghaidh gach ceann de na 5 bliana airgeadais díreach roimh an ráiteas a sheachadadh don chláraitheoir; agus

(b) chomh fada is a bhaineann le sócmhainní agus dliteanais, le sócmhainní agus dliteanais an chomhlachta chorpraithe ar an dáta deiridh ar anuas go dtí é a rinneadh amach cuntais an chomhlachta chorpraithe.

(3) Má tá fochuideachtaí ag an gcomhlacht corpaithe eile, déanfar sa tuarascáil dá dtagraítear i bhfomhír (1)—

(a) chomh fada is a bhaineann le brabúis agus caillteanais, déileáil ar leithligh le brabúis nó caillteanais an chomhlachta chorpraithe eile mar a fhoráiltear le fomhír (2), agus ina theannta sin—

(i) déileáil ina n-iomláine le comhbhrabúis nó comhchaillteanais a fhochuideachtaí, a mhéid a baineann siad le comhaltaí an chomhlachta chorpraithe eile; nó

(ii) déileáil ar leithligh le brabúis nó caillteanais gach fochuideachta, a mhéid a bhaineann siad le comhaltaí an chomhlachta chorpraithe eile;

nó, in ionad déileáil ar leithligh le brabúis nó caillteanais an chomhlachta chorpraithe eile, déileáil ina n-iomláine le brabúis nó caillteanais an chomhlachta chorpraithe eile agus, a mhéid a bhaineann siad le comhaltaí an chomhlachta chorpraithe eile, le comhbhrabúis nó comhchaillteanais a fhochuideachtaí; agus

(b) chomh fada is a bhaineann le sócmhainní agus dliteanais, déileáil ar leithligh le sócmhainní agus dliteanais an chomhlachta chorpraithe eile mar a fhoráiltear le fomhír (2), agus ina theannta sin—

(i) déileáil ina n-iomláine le comhshócmhainní nó comhdhliteanais a fhochuideachtaí, i dteannta nó d'éagmais sócmhainní agus dliteanais an chomhlachta chorpraithe eile; nó

(ii) déileáil ar leithligh le sócmhainní agus dliteanais gach fochuideachta;

agus léireofar inti, maidir le sócmhainní agus dliteanais na bhfochuideachtaí, cad é an lamháltas a bheidh le déanamh le haghaidh daoine seachas comhaltaí na cuideachta.

Cuid III.

Forálacha a bhaineann le Cuid I agus II.

3. Sa Sceideal seo, folaíonn “díoltóir” díoltóir mar atá sin mínithe i gCuid III den Tríú Sceideal, agus tá le “bliain airgeadais” an bhrí a thugtar dó sa Chuid sin den Sceideal sin.

4. Más rud é, i gcás gnó atá á sheoladh, nó i gcás comhlacht corpraithe atá ag seoladh gnó, le tréimhse is giorra ná 5 bliana, nach bhfuil cuntais an ghnó nó an chomhlachta chorpraithe déanta amach ach in aghaidh 4 bliana, 3 bliana, 2 bhliain nó bliain amháin, beidh éifeacht ag Cuid II ionann is dá gcuirfí tagairtí do 4 bliana, 3 bliana, 2 bhliain nó bliain amháin, cibé acu é, in ionad na dtagairtí do 5 bliana.

5. In aon tuarascáil is gá de réir Chuid II, cuirfear in iúl i bhfoirm nóta aon choigeartuithe maidir le figiúirí aon bhrabús nó caillteanas nó aon sócmhainní agus dliteanas lena ndéileáiltear sa tuarascáil agus a bhfeictear do na daoine atá ag tabhairt na tuarascála go bhfuil riachtanas leo, nó déanfar na coigeartuithe sin inti agus cuirfear in iúl go ndearnadh iad.

6. Aon tuarascáil ó chuntasóirí is gá a thabhairt de réir Chuid II, is ag cuntasóirí a bheidh cáilithe faoin Acht seo lena gceapadh mar iniúchóirí na cuideachta a bheidh sí le tabhairt.