An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN SEACHTÚ SCEIDEAL. Nithe atá le lua go sainráite i dTuarascáil na nIniúchóirí.) Ar Aghaidh (AN NAOÚ SCEIDEAL. Forálacha den Acht seo a bhfuil feidhm acu maidir le Cuideachtaí Neamhchláraithe.)

33 1963

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963

AN tOCHTÚ SCEIDEAL.

Táillí is iníoctha le Cláraitheoir na gCuideachtaí.

Alt 369.

Cuid I.

Tábla na dTáillí

An ní a bhfuil an Táille iníoctha ina leith

Méid na Táille

As cuideachta faoi theorainn scaireanna a chlárú.

Mura mó ná £2,000 an caipiteal ainmniúil, suim £2.

Más mó ná £2,000, ach nach mó ná £5,000, an caipiteal ainmniúil, suim £2 maraon le £1 in aghaidh gach £1,000 nó cuid de £1,000 caipitil ainmniúil de bhreis ar £2,000.

Más mó ná £5,000, ach nach mó ná £100,000, an caipiteal ainmniúil, suim £5 maraon le 5/- in aghaidh gach £1,000 nó cuid de £1,000 caipitil ainmniúil de bhreis ar £5,000.

Más mó ná £100,000 an caipiteal ainmniúil, suim £28 15s. 0d. maraon le 1/- in aghaidh gach £1,000 nó cuid de £1,000 caipitil ainmniúil de bhreis ar £100,000.

As cuideachta gan scairchaipiteal a chlárú.

Mura mó ná 25 an líon comhaltaí a bheidh luaite sna hairteagail, suim £2.

Más mó ná 25, ach nach mó ná 100, an líon comhaltaí a bheidh luaite sna hairteagail, suim £2 maraon le £1 in aghaidh gach 25 chomhalta nó codán de 25 chomhalta de bhreis ar an gcéad 25.

Más mó ná 100 an líon comhaltaí a bheidh luaite sna hairteagail ach nach luaitear iontu a líon a bheith gan teorainn, suim £5 maraon le 5/- in aghaidh gach 50 comhalta nó codán de 50 comhalta i ndiaidh an chéad 100.

Má tá sé luaite sna hairteagail nach bhfuil teorainn leis an líon comhaltaí, suim £50.

As cuideachta faoi theorainn ráthaíochta ag a bhfuil scairchaipiteal nó cuideachta neamhtheoranta ag a bhfuil scairchaipiteal a chlárú.

An méid ab iníoctha as clárú dá mbeadh an chuideachta faoi theorainn scaireanna nó an méid a bheidh iníoctha amhlaidh mura mbeadh scairchaipiteal ag an gcuideachta, cibé acu is airde.

As méadú ar scairchaipiteal aon chuideachta a chlárú.

Méid is ionann agus an difríocht, más ann, idir an méid ab iníoctha ar an gcéad chlárú de réir a caipitil arna mhéadú agus an méid ab iníoctha amhlaidh de réir a caipitil díreach roimh an méadú.

As méadú ar líon comhaltaí cuideachta faoi theorainn ráthaíochta nó cuidcachta neamhtheoranta a chlárú.

Méid is ionann agus an difríocht, más ann, idir an méid ab iníoctha ar an gcéad chlárú de réir a líon comhaltaí arna mhéadú agus an méid ab iníoctha amhlaidh de réir a líon comhaltaí díreach roimh an méadú.

As aon chuideachta láithreach a chlárú ach amháin cuideachtaí a dhíolmhaítear leis an Acht seo ó íoc táillí i leith clárú faoin Acht seo.

An méid is iníoctha as cuideachta nua a chlárú.

As aon doiciméad a chlárú a gceanglaítear nó a n-údaraítear leis an Acht seo é a chlárú nó a gceanglaítear é a sheachadadh don cbláraitheoir nó é a chur ar aghaidh nó a sheoladh chuige.

5/-

As aon ní a thaifeadadh a gceanglaítear ar an gcláraitheoir nó a n-údaraítear dó leis an Acht seo é a thaifeadadh.

5/-

Cuid II.

Teorainneacha le hoibriú Chuid I.

1. Más rud é, i gcás cuideachta faoi theorainn ráthaíochta ag a bhfuil scairchaipiteal nó i gcás cuideachta neamhtheoranta ag a bhfuil scairchaipiteal, go méadófar ar a scairchaipiteal an tráth céanna a méadófar ar a líon comhaltaí, íocfaidh an chuideachta cibé táille is airde, ach ní íocfaidh sí an dá tháille.

2. Ní mó ná £50 i gcás ar bith iomlán na dtáillí is iníoctha ag aon chuideachta de réir a líon comhaltaí.

3. Ní mó ná £50 i gcás ar bith iomlán na dtáillí is iníoctha ag aon chuideachta de réir a scairchaipitil nó iomlán na dtáillí is iníoctha aici de réir a líon comhaltaí agus na dtáillí is iníoctha aici de réir a scairchaipitil.