An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach.) Ar Aghaidh (CUID III. Scairchaipiteal agus Bintiúir.)

33 1963

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963

CUID II.

Corprú Cuideachtaí agus nithe a ghabhann leis sin

Meabhrán Comhlachais.

Cuideachta chorpraithe a fhoirmiú.

5. —(1) Aon seachtar nó níos mó nó, más cuideachta phríobháideach atá le foirmiú, aon bheirt nó níos mó, a bheidh i bpáirt le chéile chun aon chuspóra dhleathaigh, féadfaidh siad, trína n-ainmneacha a shíniú le meabhrán comhlachais agus ceanglais an Achta seo maidir le clárú a chomhlíonadh thairis sin, cuideachta chorpraithe, le dliteanas teoranta nó gan dliteanas teoranta, a fhoirmiú.

(2) Féadfaidh cuideachta den sórt sin—

(a) bheith ina cuideachta a mbeidh dliteanas a comhaltaí curtha, leis an meabhrán, faoi theorainn an mhéid, más ann, a bheidh gan íoc ar na scaireanna a shealbhóidh siad faoi seach (ar a dtugtar san Acht seo “cuideachta faoi theorainn scaireanna”); nó

(b) bheith ina cuideachta a mbeidh dliteanas a comhaltaí curtha, leis an meabhrán, faoi theorainn cibé méid a gheallfaidh na comhaltaí faoi seach, leis an meabhrán sin, a ranníoc le sócmhainní na cuideachta i gcás í a fhoirceannadh (ar a dtugtar san Acht seo “cuideachta faoi theorainn ráthaíochta”); nó

(c) bheith ina cuideachta gan aon teorainn le dliteanas a comhaltaí (ar a dtugtar san Acht seo “cuideachta neamhtheoranta”).

Ceanglais maidir leis an meabhrán.

6. —(1) Ní foláir na nithe seo a leanas a lua i meabhrán gach cuideachta—

(a) ainm na cuideachta, agus “limited” nó “teoranta” mar fhocal deiridh an ainm i gcás cuideachta faoi theorainn scaireanna nó faoi theorainn ráthaíochta;

(b) cuspóirí na cuideachta.

(2) Ní foláir a lua freisin i meabhrán cuideachta faoi theorainn scaireanna nó faoi theorainn ráthaíochta go bhfuil teorainn le dliteanas a comhaltaí.

(3) Ní foláir a lua freisin i meabhrán cuideachta faoi theorainn ráthaíochta go ngeallann gach comhalta go ranníocfaidh sé le sócmhainní na cuideachta i gcás í a fhoirceannadh le linn é a bheith ina chomhalta, nó taobh istigh de bhliain tar éis éis é a scor de bheith ina chomhalta, chun íoc as na fiacha agus na dliteanais de chuid na cuideachta a ndeachthas fúthu sular scoir sé de bheith ina chomhalta, agus as costais, táillí agus caiteachais an fhoirceanta, agus chun cearta na ranníocóirí eatarthu féin a choigeartú, cibé méid is gá, gan dul thar mhéid sonraithe.

(4) I gcás cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal—

(a) ní foláir a lua freisin sa mheabhrán, mura cuideachta neamhtheoranta í, cad é an méid scairchaipitil atá beartaithe a chlárú i leith na cuideachta, agus conas a roinntear ina scaireanna de mhéid socraithe é;

(b) ní fhéadfaidh aon duine de shínitheoirí an mheabhráin cuid is lú ná scair amháin a thógáil;

(c) ní foláir do gach sínitheoir an méid scaireanna atá sé a thógáil a scríobh síos os coinne a ainm.

Cló, stampa agus síniú an mheabhráin.

7. —Ní foláir an meabhrán a bheith clóite, agus stampa a bheith air ionann is dá mba ghníomhas é, agus ní foláir do gach sínitheoir é a shíniú i láthair finné amháin ar a laghad agus caithfidh an finné sin an síniú a fhianú.

Modhnú ar an riail ultra vires.

8. —(1) Aon ghníomh nó ní a dhéanfaidh cuideachta agus a bheadh déanta go dleathach agus go héifeachtach dá mbeadh cumhacht ag an gcuideachta é a dhéanamh, beidh sé, d'ainneoin nach raibh aon chumhacht ag an gcuideachta an gníomh nó an ní sin a dhéanamh, éifeachtach i bhfabhar aon duine a raibh a sheasamh ar an ngníomh nó an ní sin agus nach suífear go raibh a fhios aige iarbhír, an tráth a bhí sé ag seasamh air amhlaidh, nach raibh an gníomh nó an ní sin faoi réim cumhachtaí na cuideachta, ach aon stiúrthóir nó oifigeach de chuid na cuideachta a bhí freagrach sa chuideachta do dhéanamh an ghnímh nó an ní sin, beidh sé faoi dhliteanas ag an gcuideachta i leith aon chaillteanais nó damáiste a bhain don chuideachta dá dheasca.

(2) Féadfaidh an chúirt, ar iarratas ó aon chomhalta nó bintiúrach de chuid cuideachta, an chuideachta sin a shrianadh ó aon ghníomh nó ní a dhéanamh nach bhfuil cumhacht ag an gcuideachta é a dhéanamh.

Srian le hathrú ar an meabhrán.

9. —Ní cead do chuideachta na forálacha ina meabhrán a athrú ach amháin sna cásanna, ar an modh agus sa mhéid dá bhforáiltear go sainráite san Acht seo.

An tslí a bhféadfar, agus a mhéid is féidir, cuspóirí cuideachta a athrú

1908, c.69.

10. —(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh cuideachta, le rún speisialta, forálacha a meabhráin a athrú trí aon chuspóir láithreach a thréigean, a shrianadh nó a leasú, nó trí chuspóir nua a ghabháil chuici, agus beidh aon athrú a dhéanfar amhlaidh chomh bailí agus dá mbeadh sé sa mheabhrán i gcéaduair, agus beidh sé faoi réir a athraithe ar an dóigh chéanna.

(2) Má dhéantar iarratas chun na cúirte de réir an ailt seo á iarraidh an t-athrú a chealú, ní bheidh éifeacht leis an athrú ach sa mhéid go ndaingneoidh an chúirt é.

(3) Faoi réir fho-alt (4), féadfaidh siad seo a leanas iarratas faoin alt seo a dhéanamh—

(a) sealbhóirí 15% ar a laghad san iomlán de réir luach ainmniúil de scairchaipiteal eisithe na cuideachta nó d'aon chineál de nó, mura bhfuil an chuideachta faoi theorainn scaireanna, 15% ar a laghad de chomhaltaí na cuideachta; nó

(b) sealbhóirí 15% ar a laghad de bhintiúir na cuideachta, a thugann teideal dá sealbhóirí agóid a dhéanamh i gcoinne athrú ar a cuspóirí.

(4) Ní cead d'aon duine a thoiligh nó a vótáil leis an athrú iarratas a dhéanamh faoin alt seo.

(5) Ní foláir iarratas faoin alt seo a dhéanamh laistigh de 21 lá tar éis an dáta a ritheadh an rún ag athrú cuspóirí na cuideachta, agus féadfar é a dhéanamh thar ceann na ndaoine a bheidh i dteideal an t-iarratas a dhéanamh ag cibé duine nó daoine dá líon a cheapfaidh siad chuige sin i scríbhinn.

(6) Ar iarratas a dhéanamh chuici faoin alt seo, féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh ag cealú an athraithe nó ag daingniú an athraithe go hiomlán nó go páirteach agus ar cibé tearmaí agus coinníollacha is cuí léi, agus féadfaidh sí, más cuí léi, na himeachtaí a chur ar athráth ionas go bhféadfar socrú a dhéanamh chun sástacht na cúirte chun leasanna comhaltaí easaontacha a cheannach, agus féadfaidh sí cibé treoracha a thabhairt agus cibé orduithe a dhéanamh is dóigh léi a bheith fóirsteanach chun aon socrú den sórt sin a éascú nó a chur in éifeacht, sa dóigh, áfach, nach gcaithfear aon chuid de chaipiteal na cuideachta ar aon cheannach den sórt sin.

(7) Is iad na bintiúir a thugann teideal dá sealbhóirí agóid a dhéanamh i gcoinne athrú ar chuspóirí cuideachta, aon bhintiúir a bheidh urraithe le muirear foluaineach agus a eisíodh nó a céadeisíodh roimh an dáta feidhme nó is cuid d'aon sraith amháin le haon bhintiúir a eisíodh amhlaidh, agus le haghaidh rúin speisialta ag athrú cuspóirí cuideachta ní foláir fógra a thabhairt do shealbhóirí aon bhintiúr den sórt sin mar a thugtar do chomhaltaí na cuideachta, sa dóigh, áfach, go dtabharfar fógra 10 lá ar a laghad do shealbhóirí aon bhintiúr den sórt sin.

Mura bhfuil aon fhorálacha ann i dtaobh fógra a thabhairt d'aon bhintiúraigh den sórt sin, beidh feidhm ag na forálacha d'airteagail na cuideachta a bhaineann le fógra a thabhairt do chomhaltaí.

(8) I gcás cuideachta a bheidh, de bhua ceadúnais ón Aire, díolmhaithe ón oibleagáid chun an focal “limited” nó “teoranta” a úsáid mar chuid dá hainm, ní foláir freisin fógra a thabhairt don Aire mar a thugtar do bhintiúraigh i dtaobh rún ag athrú cuspóirí na cuideachta.

(9) Nuair a rithfidh cuideachta rún ag athrú a cuspóirí—

(a) mura ndéanfar aon iarratas ina leith faoin alt seo, déanfaidh an chuideachta, laistigh de 15 lá ó dheireadh na tréimhse chun iarratas den sórt sin a dhéanamh, cóip chlóite dá meabhrán arna athrú a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí; agus

(b) má dhéantar iarratas den sórt sin, déanfaidh an chuideachta—

(i) fógra go ndearnadh é a thabhairt láithreach don chláraitheoir; agus

(ii) laistigh de 15 lá ó dháta aon ordaithe a chealaigh nó a dhaingnigh an t-athrú, cóip oifige den ordú a sheachadadh don chláraitheoir, agus, i gcás ordú a dhaingnigh an t-athrú, cóip chlóite den mheabhrán arna athrú.

Féadfaidh an chúirt am ar bith, le hordú, an tréimhse chun doiciméid a sheachadadh don chláraitheoir faoi mhír (b) a fhadú mar is cuí leis an gcúirt.

(10) Má mhainníonn cuideachta fógra a thabhairt nó aon doiciméad a sheachadadh don chláraitheoir mar a cheanglaítear le fo-alt (9), dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(11) Maidir le rún ag athrú na bhforálacha de mheabhrán cuideachta a bhaineann le cuspóirí na cuideachta a ritheadh roimh an dáta feidhme, beidh éifeacht ag an alt seo ionann is dá mba rud é, in ionad fho-ailt (2) go (10), gur achtaíodh fo-ailt (2) go (7) d'alt 9 den Companies (Consolidation) Act, 1908.

Airteagail Chomhlachais.

Airteagail ag forordú rialachán do chuideachtaí.

11. —Féadfar, i gcás cuideachta faoi theorainn scaireanna, agus déanfar, i gcás cuideachta faoi theorainn ráthaíochta nó cuideachta neamhtheoranta, airteagail chomhlachais, a bheidh sínithe ag sínitheoirí an mheabhráin agus a fhorordóidh rialacháin don chuideachta, a chlárú maraon leis an meabhrán.

Rialacháin is gá i gcás cuideachta neamhtheoranta nó cuideachta faoi theorainn ráthaíochta.

12. —(1) I gcás cuideachta neamhtheoranta, ní foláir a rá sna hairteagail cad é an líon comhaltaí atá beartaithe a chlárú don chuideachta agus, má tá scairchaipiteal ag an gcuideachta, cad é an méid scairchaipitil atá beartaithe a chlárú don chuideachta.

(2) I gcás cuideachta faoi theorainn ráthaíochta, ní foláir a rá sna hairteagail cad é an líon comhaltaí atá beartaithe a chlárú don chuideachta.

(3) Má tá cuideachta neamhtheoranta nó cuideachta faoi theorainn ráthaíochta tar éis líon a comhaltaí a mhéadú thar an líon cláraithe, déanfaidh sí, laistigh de 15 lá tar éis cinneadh, le rún, ar an méadú nó tar éis an méadú a tharlú, fógra faoin méadú a thabhairt don chláraitheoir, agus taifeadfaidh seisean an méadú.

Má mhainnítear an fo-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Table A nó Tábla A a ghlacadh agus a chur chun feidhme.

13. —(1) Féadfar sna hairteagail chomhlachais glacadh le gach ceann nó aon cheann de na rialacháin atá in Table A, nó de na rialacháin chomhionanna i nGaeilge atá i dTábla A.

(2) I gcás cuideachta faoi theorainn scaireanna a chlárófar tar éis an dáta feidhme, mura gcláraítear airteagail nó, má chláraítear airteagail, sa mhéid nach n-eisiann na hairteagail nó nach modhnaíonn siad na rialacháin atá in Table A, is iad na rialacháin sin, chomh fada agus is infheidhme iad, rialacháin na cuideachta sa dóigh chéanna agus sa mhéid ceánna is dá mbeidís in airteagail a cláraíodh go cuí.

(3) Más i nGaeilge atá meabhrán na cuideachta, déanfar na tagairtí i bhfo-alt (2) do Table A a fhorléiriú mar thagairtí do Thábla A.

Cló, stampáil agus síniú na n-airteagal.

14. —Ní foláir airteagail a bheith—

(a) clóite;

(b) roinnte ina míreanna a mbeidh uimhreacha i ndiaidh a chéile leo;

(c) stampáilte leis an stampa céanna a bheadh le cur orthu dá mba i ngníomhas a bhí siad;

(d) sínithe ag gach duine de shínitheoirí an mheabhráin i láthair finné amháin ar a laghad a chaithfidh an síniú a fhianú.

Airteagail a athrú le rún speisialta.

15. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo agus na gcoinníollacha a bheidh ina meabhrán, féadfaidh cuideachta a hairteagail a athrú nó a bhreisiú, le rún speisialta.

(2) Aon athrú nó breisiú a dhéanfar amhlaidh ar na hairteagail, beidh sé, faoi réir forálacha an Achta seo, chomh bailí is dá mbeadh sé iontu i gcéaduair, agus beidh sé, sa dóigh chéanna, faoi réir a athraithe le rún speisialta.

Foirm an Mheabhráin agus na nAirteagal.

Foirmeacha reachtúla an mheabhráin agus na n-airteagal.

16. —Is de réir na bhfoirmeacha atá leagtha amach i dTáblaí B, C, D agus E sa chéad Sceideal, nó i bhfoirmeacha chomh gar dóibh agus a cheadóidh na himthosca, a bheidh na foirmeacha seo a leanas, faoi seach—

(a) meabhrán cuideachta faoi theorainn scaireanna;

(b) meabhrán agus airteagail chuideachta faoi theorainn ráthaíochta nach bhfuil scairchaipiteal aici;

(c) meabhrán agus airteagail chuideachta faoi theorainn ráthaíochta a bhfuil scairchaipiteal aici;

(d) meabhrán agus airteagail chuideachta neamhtheoranta a bhfuil scairchaipiteal aici.

Clárú

Clárú an mheabhráin agus na n-airteagal.

17. —Déanfar an meabhrán agus na hairteagail, más ann, a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí, agus coinneoidh seisean iad agus cláróidh sé iad.

Éifeacht an chláraithe.

18. —(1) Ar mheabhrán cuideachta a chlárú, deimhneoidh an cláraitheoir faoina láimh gur corpraíodh an chuideachta agus, i gcás cuideachta theoranta, gur cuideachta theoranta í.

(2) Ón dáta corpraithe a luafar sa deimhniú corpraithe, beidh sínitheoirí an mheabhráin, maraon le cibé daoine eile a thiocfaidh ó am go ham chun bheith ina gcomhaltaí den chuideachta, ina gcomhlacht corpraithe, faoin ainm a bheidh sa mheabhrán, a bheidh inniúil feasta ar fheidhmeanna uile cuideachta corpraithe a fheidhmiú, agus ag a mbeidh comharbas suthain agus comhshéala, ach ar a mbeidh dliteanas i bpáirt na gcomhaltaí chun ranníoc a dhéanamh i leith sócmhainní na cuideachta i gcás í a fhoirceannadh mar atá luaite san Acht seo.

Deimhniú corpraithe ina fhianaise dhochloíte.

19. —(1) Beidh deimhniú corpraithe, a thabharfaidh an cláraitheoir i leith aon chomhlachais, ina fhianaise dhochloíte gur comhlíonadh ceanglais uile an Achta seo maidir le clárú agus le nithe roimh an gclárú agus ag baint leis, agus go bhfuil an comhlachas ina chuideachta ar údaraíodh í a chlárú agus ar cláraíodh í go cuí faoin Acht seo.

(2) Déanfar dearbhú reachtúil ó aturnae atá ag gabháil d'fhoirmiú na cuideachta, nó ó dhuine atá ainmnithe sna hairteagail mar stiúrthóir nó rúnaí ar an gcuideachta, gur comhlíonadh gach ceann nó aon cheann de na ceanglais sin, a thabhairt ar aird don chláraitheoir, agus féadfaidh seisean glacadh le dearbhú den sórt sin mar leorfhianaise gur comhlíonadh.

Cuideachta neamhtheoranta a chlárú mar chuideachta theoranta.

20. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, féadfaidh cuideachta a cláraíodh mar chuideachta neamhtheoranta clárú faoin Acht seo mar chuideachta theoranta, nó féadfaidh cuideachta a cláraíodh cheana mar chuideachta theoranta athchlárú faoin Acht seo, ach ní dhéanfaidh clárú cuideachta neamhtheoranta mar chuideachta theoranta difear do chearta nó dliteanais na cuideachta i gcás aon fhiach nó oibleagáid, nó conradh faoina ndeachaigh an chuideachta, nó faoina ndeachthas léi nó thar a ceann, roimh an gclárú, agus féadfar na cearta nó na dliteanais sin a chur i bhfeidhm mar a fhoráiltear le Cuid IX den Acht seo i gcás cuideachta a cláraíodh de bhun na Coda sin.

(2) Ar chuideachta a chlárú de bhun an ailt seo, dúnfaidh an cláraitheoir an clárú a rinneadh roimhe sin ar an gcuideachta, agus féadfaidh sé seachadadh cóipeanna d'aon doiciméid a bhfuair sé cóipeanna díobh nuair a cláraíodh an chuideachta i gcéaduair a ligean thar ceal, agus, ach amháin mar a dúradh, déanfar an clárú ar an modh céanna agus beidh éifeacht aige ionann is dá mba é an chéad chlárú ar an gcuideachta faoin Acht seo é, agus ionann is dá mbeadh na forálacha de na hAchtanna faoinar cláraíodh agus faoinar rialaíodh an chuideachta roimbe sin in Achtanna seachas na cinn faoina bhfuil an chuideachta cláraithe mar chuideachta theoranta.

Forálacha maidir le hAinmneacha Cuideachtaí.

Toirmeasc ar chuideachtaí a chlárú faoi ainmneacha míchuibhiúla.

21. —Ní dhéanfar aon chuideachta a chlárú faoi ainm is dóigh leis an Aire a bheith míchuibhiúil, ach féadfar achomharc a dhéanamh chun na cúirte i gcoinne diúltú cuideachta a chlárú.

Ainm gnó a chlárú.

22. —(1) Gach cuideachta a bheidh ag seoladh gnó faoi ainm seachas a hainm corpraithe, cláróidh sí ar an modh a ordaítear le dlí chun ainmneacha gnó a chlárú.

(2) Ní bheidh úsáid an ghiorraithe “Ltd.” in ionad “Limited” nó “Teo.” in ionad “Teoranta” ina chúis, ann féin, le gur gá clárú amhlaidh.

Ainm a athrú.

23. —(1) Féadfaidh cuideachta, le rún speisialta agus le haontú an Aire arna chur in iúl i scríbhinn, a hainm a athrú.

(2) Má tharlaíonn, trí neamhaire nó eile, go ndéanfar, ar chuideachta a chéadchlárú, nó ar a clárú faoi ainm nua, í a chlárú faoi ainm is dóigh leis an Aire a bheith róchosúil leis an ainm a bhfuil cuideachta atá ar marthain cláraithe faoi cheana féin, féadfaidh an chuideachta chéadluaite a hainm a athrú le ceadú an Aire agus, má ordaíonn an tAire amhlaidh laistigh de 6 mhí tar éis a cláraithe faoin ainm sin, athróidh sí é laistigh de thréimhse 6 sheachtain ó dháta an ordaithe nó de cibé tréimhse is faide ná sin is cuí leis an Aire a lamháil.

Má mhainníonn cuideachta ordú faoin bhfo-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fineáil nach mó ná £100 a chur uirthi.

(3) Má athraíonn cuideachta a hainm faoin alt seo, taifeadfaidh an cláraitheoir an t-ainm nua sa chlár in ionad an tseanainm, agus eiseoidh sé deimhniú corpraithe arna athrú chun go bhfreagróidh sé d'imthosca an cháis.

(4) Ní dhéanfaidh athrú ainm ag cuideachta faoin alt seo difear d'aon chearta ná oibleagáidí de chuid na cuideachta, ná ní fhágfaidh sé go mbeidh aon imeachtaí dlí ag an gcuideachta nó ina coinne lochtach, agus aon imeachtaí dlí a bhféadfaí leanúint díobh nó iad a thionscnamh ina coinne faoina seanainm, féadfar leanúint díobh nó iad a thionscnamh ina coinne faoina hainm nua.

(5) Aon chuideachta a cláraíodh faoi ainm a sonraíodh le reacht, féadfaidh sí, d'ainneoin aon ní sa reacht sin, a hainm a athrú de réir fho-alt (1), ach más dóigh leis an Aire go bhfuil baint ag aon Aire eile le riaradh an reachta a shonraigh ainm na cuideachta, ní aontóidh sé leis an ainm a athrú ach amháin tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire eile sin.

(6) Má thosaítear ar chuideachta a fhoirceannadh laistigh de bhliain tar éis don chuideachta a hainm a athrú, foilseofar seanainm na cuideachta chomh maith lena hainm i láthair na huaire ar gach fógra agus fógrán a bhainfidh leis an bhfoirceannadh.

Cumhacht chun “limited” nó “teoranta” a fhágáil as ainm cuideachtaí carthanais agus cuideachtaí eile.

24. —(1) Má chruthaítear chun sástacht an Aire go bhfuil comhlachas atáthar ar tí a fhoirmiú ina chuideachta theoranta le foirmiú chun an tráchtáil, an ealaín, an eolaíocht, an reiligiún, an charthanacht nó aon chuspóir fóinteach eile a chur ar aghaidh, agus go bhfuil ar intinn aige a bhrabúis, más ann, nó a ioncam eile, a úsáid chun a chuspóirí a chur ar aghaidh, agus íoc aon díbhinne lena chomhaltaí a thoirmeasc, féadfaidh an tAire, le ceadúnas, a ordú go bhféadfar an comhlachas a chlárú ina chuideachta faoi dhliteanas teoranta, gan an focal “limited” nó an focal “teoranta” a chur lena ainm, agus féadfar an comhlachas a chlárú dá réir sin agus, ar bheith cláraithe dó, tairbheoidh sé de na pribhléidí go léir atá ag cuideachtaí teoranta agus (faoi réir forálacha an ailt seo) beidh sé faoi réir na n-oibleagáidí go léir atá orthu.

(2) Má chruthaítear chun sástacht an Aire—

(a) nach bhfuil de chuspóirí ag cuideachta atá cláraithe mar chuideachta theoranta ach na cinn a shonraítear i bhfo-alt (1) agus cuspóirí a ghabhann nó a chuideodh leo sin; agus

(b) de réir a bunreachta, go bhfuil de cheangal ar an gcuideachta a brabúis, más ann, nó a hioncam eile, a úsáid chun a cuspóirí a chur ar aghaidh, agus go bhfuil toirmeasc uirthi aon díbhinn a íoc lena comhaltaí;

féadfaidh an tAire, le ceadúnas, a údarú don chuideachta athrú a dhéanamh, le rún speisialta, ar a hainm, lena n-áirítear nó arb é a bheidh ann an focal “limited” nó “teoranta” a fhágáil ar lár, agus bainfidh fo-ailt (3) agus (4) d'alt 23 le hathrú ainm faoin bhfo-alt seo amhail mar a bhaineann siad le hathrú ainm faoin alt sin.

(3) Féadfar ceadúnas ón Aire faoin alt seo a dheonú ar cibé coinníollacha is cuí leis an Aire, agus beidh na coinníollacha sin ina gceangal ar an gcomhlacht dá ndeonófar an ceadúnas, agus (más faoi fho-alt (1) a dheonófar an ceadúnas) déanfar, má ordaíonn an tAire amhlaidh, iad a chur isteach sa mheabhrán agus sna hairteagail nó i gceann de na doiciméid sin.

(4) Beidh comhlacht a mbeidh ceadúnas faoin alt seo i bhfeidhm ina leith díolmhaithe ó na forálacha den Acht seo a bhaineann le húsáid na bhfocal “limited” nó “teoranta” mar chuid ar bith dá ainm, agus le foilsiú a ainm.

(5) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, ceadúnas faoin alt seo a chúlghairm agus, ar é a chúlghairm, taifeadfaidh an cláraitheoir an focal “limited” nó “teoranta” ag deireadh an ainm a bheidh sa chlár ar an gcomhlacht dár deonaíodh an ceadúnas.

(6) Sula gcúlghairfear ceadúnas de bhua fho-alt (5), tabharfaidh an tAire fógra i scríbhinn don chomhlacht go bhfuil sin ar intinn aige, agus tabharfaidh sé caoi dó éisteacht a fháil i gcoinne an chúlghairthe.

(7) Má dhéanann comhlacht, a mbeidh ceadúnas faoin alt seo i bhfeidhm ina leith, athrú ar na forálacha dá mheabhrán a bhaineann lena chuspóirí, féadfaidh an tAire (mura bhfeictear dó gur cuí an ceadúnas a chúlghairm) an ceadúnas a athrú trína chur faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an Aire, in ionad nó i dteannta na gcoinníollacha, más ann, a raibh an ceadúnas faoina réir roimhe sin.

(8) Má chúlghairtear ceadúnas a deonaíodh faoin alt seo do chomhlacht a bhfuil na focail “cumann lucht tráchtála” ina ainm, déanfaidh an comhlacht, laistigh de thréimhse 6 sheachtain ó dháta an chúlghairthe nó de cibé tréimhse is faide ná sin is cuí leis an Aire a lamháil, a ainm a athrú go hainm nach mbeidh na focail sin ann, agus—

(a) san fhógra a thabharfar faoi fho-alt (6) don chomhlacht sin, beidh ráiteas ar éifeacht na bhforálacha roimhe seo den fho-alt seo, agus

(b) bainfidh fo-ailt (3) agus (4) d'alt 23 le hathrú ainm faoin bhfo-alt seo faoi mar a bhaineann siad le hathrú ainm faoin alt sin.

Má mhainníonn an comhlacht ceanglais an fho-ailt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

Forálacha Ginearálta maidir leis an Meabhrán agus leis na hAirteagail.

Éifeacht an mheabhráin agus na n-airteagal.

25. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh an meabhrán agus na hairteagail, ar iad a bheith cláraithe, ina gceangal ar an gcuideachta agus ar a comhaltaí ionann is dá mbeidís faoi seach sínithe agus séalaithe ag gach comhalta, agus go mbeadh cúnaint iontu ó gach comhalta go n-urramódh sé forálacha uile an mheabhráin agus na n-airteagal.

(2) An t-airgead go léir is iníoctha ag aon chomhalta leis an gcuideachta faoin meabhrán nó faoi na hairteagail, beidh sé ina fhiach a bheidh dlite uaidh don chuideachta.

(3) Ní thionscnófar caingean chun fiach a bhunaítear leis an alt seo a ghnóthú tar éis 12 bhliain a bheith caite ón dáta a d'fhaibhrigh an chúis chaingne.

Forálacha maidir le meabhrán agus airteagail chuideachta faoi theorainn ráthaíochta.

26. —(1) I gcás cuideachta faoi theorainn ráthaíochta nach bhfuil scairchaipiteal aici, agus a cláraíodh an lú lá d'Eanáir, 1901, nó ina dhiaidh sin, beidh gach foráil sa mheabhrán nó sna hairteagail, nó in aon rún ón gcuideachta, a airbheartóidh ceart a thabhairt do dhuine ar bith chun bheith rannpháirteach i mbrabúis inroinnte na cuideachta, ar dhóigh seachas mar chomhalta, ar neamhní.

(2) Chun críocha na bhforálacha den Acht seo a bhaineann le meabhrán cuideachta faoi theorainn ráthaíochta agus chun críocha an ailt seo, déanfar gach foráil i meabhrán nó airteagail chuideachta faoi theorainn ráthaíochta a cláraíodh ar an dáta a dúradh nó ina dhiaidh sin, nó in aon rún uaithi, a airbheartóidh gnóthas na cuideachta a roinnt ina scaireanna nó ina leasanna, a áireamh mar fhoráil le haghaidh scairchaipitil, d'ainneoin nach sonraítear leis an bhforáil sin méid nó uimhir ainmniúil na scaireanna nó na leasanna.

Gan comhaltaí áithreacha a bheith faoi cheangal, mura dtoilíonn siad chuige, i gcás athrú ar an meabhrán nó ar na hairteagail a mhéadódh an dliteanas chun ranníoc a dhéanamh i leith scairchaipitil.

27. —(1) Faoi réir fho-alt (2), agus d'ainneoin aon ní i meabhrán nó airteagail chuideachta, ní bheidh aon chomhalta den chuideachta faoi cheangal ag athrú a dhéanfar ar an meabhrán nó ar na hairteagail tar éis an dáta a tháinig sé chun bheith ina chomhalta, má cheanglaíonn agus sa mhéid go gceanglóidh an t-athrú air scaireanna a thógáil nó a shuibscríobh de bhreis ar an méid a bheidh aige ar dháta an athraithe a dhéanamh, nó má mhéadaíonn sé ar dhóigh ar bith a dhliteanas amhail ar an dáta sin chun ranníoc a dhéanamh le scairchaipiteal na cuideachta nó airgead a íoc léi ar dhóigh eile.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) in aon chás ina gcomhaontóidh an comhalta i scríbhinn, roimh an athrú a dhéanamh nó ina dhiaidh sin, bheith faoi cheangal aige.

Cumhacht chun forálacha atá sa mheabhrán agus a d'fhéadfadh a bheith in airteagail a athrú.

28. —(1) Faoi réir fho-alt (2) agus ailt 27 agus 205, má bhíonn aon fhoráil i meabhrán cuideachta agus gurbh fhéidir go dleathach í a bheith in airteagail chomhlachais in ionad í a bheith sa mheabhrán, féadfaidh an chuideachta, faoi réir forálacha an ailt seo, í a athrú le rún speisialta.

(2) Má dhéantar iarratas chun na cúirte á iarraidh an t-athrú a chealú, ní bheidh éifeacht aige ach amháin sa mhéid go ndaingneoidh an chúirt é.

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás foráil a bheith sa mheabhrán féin chun athrú a dhéanamh, nó é a bheith toirmiscthe ann athrú a dhéanamh, ar gach ceann nó aon cheann de na forálacha sin, agus ní údaróidh sé aon athrú ná aisghairm ar chearta speisialta aon aicme comhaltaí.

(4) Bainfidh fo-ailt (3), (4), (5), (6), (9) agus (10) d'alt 10 (ach amháin mír (b) den fho-alt sin (3)) le haon athrú agus le haon iarratas a dhéanfar faoin alt seo faoi mar a bhaineann siad le hathruithe agus le hiarratais faoin alt sin.

(5) Bainfidh an t-alt seo le meabhrán cuideachta, cibé acu roimh an dáta feidhme nó air nó ina dhiaidh sin a cláraíodh é.

Cóipeanna den mheabhrán agus de na hairteagail a thabhairt do chomhaltaí

29. —(1) Arna iarraidh sin uirthi d'aon chomhalta, cuirfidh cuideachta chuige cóip den mheabhrán agus de na hairteagail, más ann, agus cóip d'aon Acht ón Oireachtas a athraionn an meabhrán ach, i gcás cóip den mheabhrán agus de na hairteagail, 5/- nó cibé suim faoina bhun sin a fhorordóidh an chuideachta, a íoc, agus, i gcás cóip den Acht sin, cibé suim, nach mó ná an praghas ar ar foilsíodh é, a éileoidh an chuideachta a íoc.

(2) Má mhainníonn cuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £5 in aghaidh gach ciona a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Athruithe a bheith sna cóipeanna a eiseofar den mheabhrán.

30. —(1) Má dhéantar athrú i meabhrán cuideachta, ní foláir gach cóip den mheabhrán a eiseofar i ndiaidh dáta an athraithe a bheith de réir an athraithe.

(2) Más rud é, tar éis aon athrú den sórt sin a dhéanamh, go ndéanfaidh an chuideachta, tráth ar bith i ndiaidh dáta an athraithe, aon chóip den mheabhrán a eisiúint chun duine ar bith gan í a bheith de réir an athraithe, dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur uirthi, agus dlífear an píonós céanna a chur ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Comhaltas Cuideachta.

Miniú ar chomhalta.

31. —(1) Measfar sínitheoirí meabhráin chuideachta a bheith tar éis comhaontú a bheith ina gcomhaltaí den chuideachta, agus, ar an gcuideachta a chlárú, taifeadfar iad mar chomhaltaí i gclár a comhaltaí.

(2) Gach duine eile a chomhaontóidh bheith ina chomhalta de chuideachta, agus a dtaifeadfar a ainm i gclár a comhaltaí, beidh sé ina chomhalta den chuideachta.

Comhaltas cuideachta sealbhaíochta.

32. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, ní féidir le comhlacht corpraithe bheith ina chomhalta de chuideachta arb í a cuideachta shealbhaíochta í, agus má dhéantar aon scaireanna i gcuideachta a leithroinnt ar a fochuideachta nó a aistriú chuici, beidh an leithroinnt nó an t-aistriú sin ar neamhní.

(2) Ní bheidh feidhm ag aon ní san alt seo má bhíonn cúram ar an bhfochuideachta mar ionadaí pearsanta, nó má bhíonn cúram uirthi mar iontaobhaí, mura rud é go bhfuil leas tairbhiúil faoin iontaobhas ag an gcuideachta shealbhaíochta nó ag fochuideachta di agus nach i modh urrúis chun críocha idirbhirt a rinne sí i ngnáthchúrsa gnó ar cuid de airgead a thabhairt ar iasacht agus sa mhodh sin amháin atá leas aici amhlaidh.

(3) Ní choiscfidh an t-alt seo ar fhochuideachta a bhí, ar an 5ú lá de Bhealtaine, 1959, ina comhalta dá cuideachta shealbhaíochta, leanúint de bheith ina comhalta.

(4) Ní choiscfidh an t-alt seo ar chuideachta a bheidh, ar an dáta a thiocfaidh sí chun bheith ina fochuideachta do chuideachta eile, ina comhalta den chuideachta eile sin, leanúint de bheith ina comhalta.

(5) Ní choiscfidh an t-alt seo ar fhochuideachta is comhalta dá cuideachta shealbhaíochta scaireanna breise a ghlacadh agus a shealbhú i gcaipiteal a cuideachta sealbhaíochta más de chionn caipitiliú ag an gcuideachta shealbhaíochta sin a leithroinntear na scaireanna breise sin uirthi agus má tá téarmaí an chaipitlithe sin de chineál nach gcuireann an fhochuideachta faoi aon oibleagáid chun aon íocaíocht a dhéanamh nó aon chomaoin eile a thabhairt i leith na scaireanna breise sin.

(6) Faoi réir fho-alt (2), ní bheidh ceart ar bith ag fochuideachta is comhalta dá cuideachta shealbhaíochta chun vótáil ag cruinnithe den chuideachta shealbhaíochta nó d'aon aicme comhaltaí di.

(7) Faoi réir fho-alt (2), bainfidh an t-alt seo le hainmnitheach do chomhlacht corpraithe is fochuideachta faoi is dá bhfolódh tagairtí ann do chomhlacht corpraithe den sórt sin tagairtí d'ainmnitheach dó.

(8) Má dhéanann cuideachta shealbhaíochta scaireanna a thairiscint dá comhaltaí, féadfaidh sí, thar ceann fochuideachta, aon scaireanna acu sin a dhíol a bhféadfadh an fhochuideachta, murach an t-alt seo, iad a thógáil de bhua scaireanna a bhí aici cheana féin sa chuideachta shealbhaíochta, agus fáltais an díola a íoc leis an bhfochuideachta.

(9) Maidir le cuideachta faoi theorainn ráthaíochta, nó le cuideachta neamhtheoranta, is cuideachta shealbhaíochta, déanfar an tagairt san alt seo do scaireanna, cibé acu atá scairchaipiteal aici nó nach bhfuil, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do leasanna a comhaltaí, i gcáil chomhaltaí dóibh, cibé saghas leasa é.

Cuideachtaí Príobháideacha.

An bhrí atá le “cuideachta phríobháideach.”

33. —(1) Chun críocha an Achta seo, ciallaíonn “cuideachta phríobháideach” cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal agus a dhéanann lena hairteagail—

(a) srian a chur leis an gceart chun a scaireanna a aistriú, agus

(b) teorainn caoga a chur le líon a comhaltaí, gan áireamh a dhéanamh ar dhaoine atá ar fostú ag an gcuideachta ná ar dhaoine a bhí tráth ar fostú ag an gcuideachta agus a bhí, le linn bheith ar fostú amhlaidh, ina gcomhaltaí den chuideachta agus atá, tar éis an fhostaíocht sin a fhoirceannadh, ag fanacht ina gcomhaltaí den chuideachta, agus

(c) toirmeasc a chur le haon chuireadh don phobal suibscríobh le haghaidh aon scaireanna nó bintiúir sa chuideachta.

(2) I gcás scair nó scaireanna i gcuideachta a bheith á sealbhú i gcomhpháirt ag beirt nó níos mó, déanfar, chun críocha an ailt seo, iad a áireamh mar chomhalta amháin.

Iarmairtí a leanfaidh as neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha a dhéanann cuideachta phríobháideach de chuideachta.

34. —(1) Faoi réir fho-alt (2), má bhíonn in airteagail chuideachta na forálacha is gá, faoi alt 33, a bheith in airteagail chuideachta chun cuideachta phríobháideach a dhéanamh di, ach go mainneofar aon fhoráil acu sin a chomhlíonadh, scoirfidh an chuideachta de bheith i dteideal na bpribhléidí agus na ndíolúintí a thugtar do chuideachtaí príobháideacha faoi alt 36, faoi mhír (a) d'fho-alt (4) d'alt 128, faoi mhír (d) d'alt 213, agus faoi fhomhír (i) de mhír (a) d'alt 215, agus air sin bainfidh ailt 36, 128, 213 agus 215 leis an gcuideachta amhail is nár chuideachta phríobháideach í.

(2) Má shásaítear an chúirt gur de thionóisc nó de neamhaire nó ar chúis leormhaith eile a tharla neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha nó go bhfuil sé ceart agus cothromasach faoiseamh a thabhairt ar fhorais eile, féadfaidh sí, ar iarratas ón gcuideachta, nó ó aon duine leasmhar eile, agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a fheicfear don chúirt a bheith cóir agus fóirsteanach, a ordú faoiseamh a thabhairt don chuideachta ó na hiarmairtí dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

Ráiteas in ionad réamheolaire a bheith le seachadadh don chláraitheoir ag cuideachta ar í a scor de bheith ina cuideachta phríobháideach.

35. —(1) Faoi réir fho-alt (2), má dhéanann cuideachta, is cuideachta phríobháideach, a hairteagail a athrú ar dhóigh nach mbeidh iontu feasta na forálacha is gá, faoi alt 33, a bheith in airteagail chuideachta chun cuideachta phríobháideach a dhéanamh di, scoirfidh an chuideachta, ar dháta an athraithe, de bheith ina cuideachta phríobháideach agus, laistigh de 14 lá tar éis an dáta sin, seachadfaidh sí do chláraitheoir na gcuideachtaí, lena chlárú, ráiteas in ionad réamheolaire, a bheidh san fhoirm, agus ina luafar na sonraí, atá leagtha amach i gCuid I den Dara Sceideal, agus, sna cásanna a luaitear i gCuid II den Sceideal sin, a leagfar amach ann na tuarascálacha a shonraítear sa Chuid sin II, agus beidh éifeacht ag na Codanna sin I agus II faoi réir na bhforálacha atá i gCuid III den Sceideal sin.

(2) Ní gá ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadadh faoi fho-alt (1) más rud é, laistigh den tréimhse sin 14 lá, go n-eiseofar agus go seachadfar do chláraitheoir na gcuideachtaí, mar a cheanglaítear le halt 47, réamheolaire maidir leis an gcuideachta a bheidh, nó a measfar de bhua deimhniú díolúine faoi alt 45 den Acht seo é a bheith, de réir an Tríú Sceideal.

(3) I gcás gach ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadfar faoi fho-alt (1), má bhíonn na daoine a thabharfaidh aon tuarascáil den sórt dá dtagraítear san fho-alt sin tar éis aon choigeartuithe a dhéanamh inti nó, gan na fáthanna a lua, a chur in iúl inti, den sórt a luaitear i mír 5 de Chuid III den Dara Sceideal, formhuineofar air nó cuirfear ag gabháil leis ráiteas i scríbhinn, faoi shíniú na ndaoine sin, a mbeidh na coigeartuithe sin leagtha amach ann agus na fáthanna a bhí leo luaite ann.

(4) Má mhainnítear fo-alt (1) nó (3) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(5) Má bhíonn aon ráiteas neamhfhírinneach curtha isteach i ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadfar don chláraitheoir faoi fho-alt (1), dlífear aon duine a d'údaraigh an ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadadh lena chlárú—

(a) ar é a chiontú ar díotáil, a chur faoi phríosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó faoi fhíneáil nach mó ná £500, nó fúthu araon, nó

(b) ar é a chiontú go hachomair, a chur faoi phríosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó faoi fhíneáil nach mó ná £100, nó fúthu araon;

mura gcruthóidh sé gur ráiteas neamhábhartha an ráiteas neamhfhírinneach nó go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint agus gur chreid sé, anuas go dtí an t-am a seachadadh an ráiteas in ionad réamheolaire lena chlárú, gur ráiteas fírinneach an ráiteas neamhfhírinneach.

(6) Chun críocha an ailt seo—

(a) measfar ráiteas a bheidh curtha isteach i ráiteas in ionad réamheolaire a bheith neamhfhírinneach má tá sé míthreorach san fhoirm agus sa chomhthéacs ina bhfuil sé, agus

(b) measfar ráiteas a bheith curtha isteach i ráiteas in ionad réamheolaire má tá sé istigh ann féin nó in aon tuarascáil nó meabhrán ar a éadan, nó má tá sé corpraithe ann i modh tagartha.

Laghdú Líon na gComhaltaí faoi bhun an Líon fosta Dhlithiúil.

Comhaltaí a bheith faoi dhliteanas go leithleach i leith fiacha i gcás gnó a sheoladh le líon is lú ná seacht gcomhalta, nó, i gcás cuideachta phríobháideach, dhá chomhalta.

36. —Más rud é tráth ar bith go mbeidh líon comhaltaí cuideachta laghdaithe, i gcás cuideachta príobháidí, faoi bhun beirte, nó, i gcás aon chuideachta eile, faoi bhun seachtair, agus go mbeidh gnó á sheoladh aici ar feadh níos mó ná 6 mhí le linn a líon a bheith laghdaithe amhlaidh, beidh gach duine is comhalta den chuideachta ar feadh na haimsire a bheidh gnó á sheoladh aici amhlaidh i ndiaidh na 6 mhí sin agus a mbeidh a fhios aige go bhfuil gnó á sheoladh aici le níos lú ná dhá chomhalta, nó seacht gcomhalta, cibé acu é, faoi dhliteanas go leithleach chun íoc as na fiacha go léir de chuid na cuideachta a ndeachthas fúthu i rith na haimsire sin, agus féadfar é a agairt go leithleach ina leith.

Conarthaí, Gníomhais agus Cumhachtaí Aturnae.

Conarthaí roimh chorprú.

37. —(1) Aon chonradh nó idirbheart eile a airbheartóidh a bheith déanta ag cuideachta sular foirmíodh í nó ag duine ar bith thar ceann na cuideachta sular foirmíodh í, féadfaidh an chuideachta é a dhaingniú tar éis a foirmithe agus air sin beidh an chuideachta faoi cheangal aige agus i dteideal a thairbhe ionann is dá mbeadh sí ann ar dháta an chonartha nó an idirbhirt eile sin agus go raibh sí ina páirtí ann.

(2) Sula ndéanfaidh an chuideachta an daingniú, beidh an duine nó na daoine a d'airbheartaigh bheith ag gníomhú in ainm nó thar ceann na cuideachta, murar comhaontaíodh go sainráite ar a mhalairt, faoi cheangal go pearsanta ag an gconradh nó ag an idirbheart eile agus i dteideal a thairbhe.

(3) Ní bhainfidh an t-alt seo le cuideachta a corpraíodh roimh an dáta feidhme.

Foirm chonarthaí.

38. —(1) Féadfar conarthaí thar ceann cuideachta a dhéanamh mar a leanas:

(a) conradh ar ghá de réir dlí é a bheith i scríbhinn agus faoi shéala dá mba idir daoine príobháideacha a dhéanfaí é, féadfar é a dhéanamh thar ceann na cuideachta i scríbhinn faoi ghnáthshéala na cuideachta;

(b) conradh ar ghá de réir dlí é a bheith i scríbhinn, faoi shíniú na bpáirtithe a mbeadh sé le bheith de mhuirear orthu, dá mba idir daoine príobháideacha a dhéanfaí é, féadfar é a dhéanamh thar ceann na cuideachta i scríbhinn, faoi shíniú aon duine ag gníomhú dó faoina húdarás, sainráite nó intuigthe;

(c) conradh a bheadh bailí, bíodh gur ó bhéal a rinneadh é agus nár cuireadh i scríbhinn é, dá mba idir daoine príobháideacha a dhéanfaí é, féadfar é a dhéanamh ó bhéal thar ceann na cuideachta ag aon duine ag gníomhú dó faoina húdarás, sainráite nó intuigthe.

(2) Beidh conradh a dhéanfar de réir an ailt seo ina cheangal ar an gcuideachta agus ar a comharbaí agus ar gach páirtí eile sa chonradh.

(3) Féadfar conradh a dhéanfar de réir an ailt seo a athrú nó a urscaoileadh ar an modh céanna ar a n-údraítear é sin a dhéanamh leis an alt seo.

Billí malairte agus nótaí gealltanais.

39. —Measfar bille malairte nó nóta gealltanais a bheith déanta, glactha nó formhuinithe thar ceann cuideachta má rinneadh, má glacadh nó má formhuiníodh é in ainm nó thar ceann’ nó ar son na cuideachta ag duine ar bith ag gníomhú dó faoina húdarás.

Forghníomhú gníomhas lasmuigh den Stát.

40. —(1) Féadfaidh cuideachta, le scríbhinn faoina gnáthshéala, a chumhachtú do dhuine ar bith, go ginearálta nó i leith aon nithe a shonrófar, mar aturnae di, gníomhais a fhorghníomhú thar a ceann in aon áit lasmuigh den Stát.

(2) Beidh gníomhas a bheidh sínithe ag an aturnae sin thar ceann na cuideachta agus a bheidh faoina shéala ina cheangal ar an gcuideachta agus beidh éifeacht aige ionann is dá mbeadh sé faoi ghnáthshéala na cuideachta.

Cumhacht don chuideachta chun séala oifigiúil a bheith aici lena úsáid lasmuigh den Stát.

41. —(1) Aon chuideachta a n-éileoidh a cuspóirí nó a n-áireofar orthu gnó a dhéanamh lasmuigh den Stát, féadfaidh sí, má údaraítear sin lena hairteagail, séala oifigiúil a bheith aici lena úsáid in aon chríoch, ceantar nó áit nach bhfuil sa Stát, agus beidh an séala oifigiúil sin ina mhacasamhail de ghnáthshéala na cuideachta agus ainm gach críche, ceantair nó áite a mbeidh sé le húsáid ann curtha ar a aghaidh.

(2) Aon ghníomhas nó doiciméad eile a mbeidh séala oifigiúil greamaithe air go cuí, beidh sé ina cheangal ar an gcuideachta ionann is dá mbeadh sé séalaithe le gnáthshéala na cuideachta.

(3) Aon chuideachta a mbeidh séala oifigiúil aici lena úsáid in aon chríoch, ceantar nó áit den sórt sin, féadfaidh sí, le scríbhinn faoina gnáthshéala, a údarú d'aon duine a cheapfar chuige sin sa chríoch, sa cheantar nó san áit sin an séala oifigiúil a ghreamú d'aon ghníomhas nó doiciméad eile a mbeidh an chuideachta ina páirtí ann sa chríoch, sa cheantar nó san áit sin.

(4) Mairfidh údarás aon ghníomhaire den sórt sin, amhail idir an chuideachta agus aon duine a mbeidh déileáil aige leis an ngníomhaire, ar feadh na tréimhse, más ann, a bheidh luaite san ionstraim a thabharfaidh an t-údarás, nó, mura mbíonn aon tréimhse luaite inti, go dtí go ndéanfar an fógra gur cealaíodh nó gur foirceannadh údarás an ghníomhaire a thabhairt don duine a bheidh ag déileáil leis.

(5) Déanfaidh an duine a ghreamóidh aon séala oifigiúil den sórt sin, le scríbhinn faoina láimh, dáta agus áit a ghreamaithe a dheimhniú ar an ngníomhas nó ar an ionstraim eile ar a ngreamófar an séala.

Fíordheimhniú Doiciméad.

Fíordheimhniú doiciméad.

42. —In aon chás inar gá go ndéanfadh cuideachta fíordheimhniú ar dhoiciméad nó imeacht, féadfaidh stiúrthóir, rúnaí nó oifigeach údaraithe eile de chuid na cuideachta an doiciméad nó an imeacht a shíniú, agus ní gá é a bheith faoina gnáthshéala.