An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Clárú Muirear.) Ar Aghaidh (CUID VI. Foirceannadh)

33 1963

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963

CUID V.

Bainistíocht agus Riarachán

Oifig Chláraithe agus Ainm.

Oifig chláraithe chuideachta.

113. —(1) Amhail ón lá a thosóidh cuideachta ar ghnó a sheoladh nó amhail ón gceathrú lá dhéag tar éis dáta a corpraithe, cibé acu is túisce, beidh oifig chláraithe aici sa Stát a bhféadfar gach uile chumarsáid agus fógra a dhíriú chuici.

(2) Déanfar fógra faoi shuíomh na hoifige cláraithe, agus faoi aon athrú air, a thabhairt do chláraitheoir na gcuideachtaí laistigh de 14 lá tar éis dáta na cuideachta a chorprú nó dáta an athraithe, cibé acu é, agus cuirfidh seisean ar taifead é.

Ní ghlacfar leis gur sásamh ar an oibleagáid a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo ráiteas maidir le seoladh a hoifige cláraithe a chur i dtuairisceán bliantúil cuideachta.

(3) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(4) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí imeachtaí maidir le cion faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

Foilsiú a hainm ag cuideachta.

114. —(1) Déanfaidh gach cuideachta—

(a) a hainm a phéinteáil nó a ghreamú, agus é a choinneáil péinteáilte nó greamaithe, ar an taobh amuigh de gach oifig nó áit ina seoltar a gnó, in ionad feiceálach agus i litreacha soléite;

(b) a hainm a ghreanadh i litreacha inléite ar a séala;

(c) a hainm a lua i litreacha inléite i ngach litir ghnó ón gcuideachta agus i ngach fógra agus gach foilseachán oifigiúil eile ón gcuideachta, agus i ngach bille malairte, nóta gealltanais, formhuiniú, seic agus ordú ar airgead nó earraí a airbheartóidh a bheith sínithe ag an gcuideachta nó thar a ceann agus i ngach sonrasc, admháil agus litir chreidmheasa ón gcuideachta.

(2) Mura ndéanfaidh cuideachta a hainm a pheinteáil nó a ghreamú mar a ordaítear leis an Acht seo, dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, agus mura gcoimeádfaidh cuideachta a hainm péinteáilte nó greamaithe mar a ordaítear amhlaidh dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(3) Má mhainníonn cuideachta mír (b) nó mír (c) d'fho-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta.

(4) Aon oifigeach do chuideachta nó aon duine thar a cheann—

(a) a dhéanfaidh nó a údaróidh aon séala a úsáid a airbheartóidh a bheith ina shéala leis an gcuideachta agus nach mbeidh a hainm greanta air mar a dúradh, nó

(b) a dhéanfaidh nó a údaróidh aon litir ghnó ón gcuideachta, nó aon fhógra nó foilseachán oifigiúil eile ón gcuideachta, a eisiúint, nó a dhéanfaidh nó a údaróidh aon bhille malairte, nóta gealltanais, formhuiniú, seic nó ordú ar airgead nó earraí a shíniú thar ceann na cuideachta gan a hainm a bheith luaite ann mar a dúradh, nó

(c) a dhéanfaidh nó a údaróidh aon sonrasc, admháil nó litir chreidmheasa ón gcuideachta a eisiúint gan a hainm a bheith luaite ann mar a dúradh;

dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air, agus fairis sin beidh sé faoi dhliteanas go pearsanta ag sealbhóir an bhille malairte, an nóta gealltanais, an tseic nó an ordaithe ar airgead nó earraí i leith méid an chéanna mura n-íocfaidh an chuideachta é go cuí.

(5) Ní sárú ar fhorálacha an ailt seo an giorrú“Ltd.” a úsáid in ionad “Limited” nó“Teo.” a úsáid in ionad “Teoranta”.

Srianta le Gnó a Thosú.

Srianta le gnó a thosú

115. —(1) I gcás inar eisigh cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal réamheolaire ag tabhairt cuireadh don phobal suibscríobh e haghaidh a scaireanna, ní thosóidh an chuideachta ar aon ghnó ná ní fheidhmeoidh s aon chumhachtaí chun iasacht a fháil mura rud é—

(a) go ndearnadh scaireanna a bhí á sealbhú faoi réir an choinníll go n-íocfaí a méid iomlán in airgead a leithroinnt go feadh méid nach lú san iomlán ná an suibscríobh íosta; agus

(b) gur íoc gach stiúrthóir ar an gcuideachta, leis an gcuideachta, as gach ceann de na scaireanna a thóg sé nó a chonraigh sé a thógáil agus a ndlíonn sé íoc astu in airgead, cionúireacht is ionann agus an chionúireacht ab iníoctha tráth an iarratais agus na leithroinnte ar na scaireanna a tairgeadh don phobal lena suibscríobh; agus

(c) nach bhfuil aon airgead le haisíoc ná nach dtiocfaidh dó bheith inaisíoctha le hiarratasóirí ar aon scaireanna nó bintiúir a tairgeadh don phobal lena suibscríobh toisc nár iarradh nó nach bhfuarthas cead déileála sna scaireanna nó sna bintiúir ar aon stocmhargadh; agus

(d) gur sheachaid an rúnaí nó duine de na stiúrthóirí do chláraitheoir na gcuideachtaí, lena chlárú, dearbhú reachtúil, san fhoirm fhorordaithe, gur comhlíonadh na coinníollacha réamhráite.

(2) Mura bhfuil cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal tar éis réamheolaire a eisiúint ag tabhairt cuireadh don phobal suibscríobh le haghaidh a scaireanna, ní thosóidh an chuideachta ar aon ghnó ná ní fheidhmeoidh sí aon chumhachtaí chun iasacht a fháil mura rud é—

(a) go ndearnadh ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena chlárú; agus

(b) gur íoc gach stiúrthóir ar an gcuideachta, leis an gcuideachta, as gach ceann de na scaireanna a thóg sé nó a chonraigh sé a thógáil agus a ndlíonn sé íoc astu in airgead, cionúireacht is ionann agus an chionúireacht ab iníoctha tráth an iarratais agus na leithroinnte ar na scaireanna is iníoctha in airgead; agus

(c) gur sheachaid an rúnaí nó duine de na stiúrthóirí do chláraitheoir na gcuideachtaí, lena chlárú, dearbhú reachtúil, san fhoirm fhorordaithe, gur comhlíonadh mír (b) den fho-alt seo.

(3) Ar an dearbhú reachtúil sin a sheachadadh dó, agus, i gcás cuideachta ar a gceanglaítear leis an alt seo ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadadh, ar ráiteas den sórt sin a sheachadadh dó, deimhneoidh cláraitheoir na gcuideachtaí go bhfuil an chuideachta i dteideal tosú ar ghnó, agus beidh an deimhniú sin ina fhianaise dhochloíte go bhfuil an chuideachta i dteideal amhlaidh.

(4) Aon chonradh a dhéanfaidh nó a dhaingneoidh cuideachta roimh an dáta a bheidh sí i dteideal tosú ar ghnó, ní bheidh ann ach conradh sealadach, agus ní bheidh sé ina cheangal ar an gcuideachta go dtí an dáta sin, agus ar an dáta sin tiocfaidh sé chun bheith ina cheangal uirthi.

(5) Ní chuirfidh aon ní san alt seo cosc le haon scaireanna agus bintiúir a thairiscint i gcomhthráth lena suibscríobh nó lena leithroinnt ná le haon airgead a ghlacadh is iníoctha tráth an iarratais ar bhintiúir.

(6) Má thosaíonn aon chuideachta ar ghnó, nó má fheidhmíonn sí cumhachtaí chun iasacht a fháil, contrártha don alt seo, dlífear, gan dochar d'aon dliteanas eile, fíneáil nach mó ná £100 a chur ar gach duine a bheidh freagrach sa sárú sin ar an alt seo.

(7) Ní bhainfidh aon ní san alt seo—

(a) le cuideachta phríobháideach, ná

(b) le cuideachta a cláraíodh roimh an lú lá d'Eanáir, 1901, ná

(c) le cuideachta a cláraíodh roimh an lú lá d'Iúil, 1908, agus nár eisigh réamheolaire ag tabhairt cuireadh don phobal suibscríobh le haghaidh a scaireanna.

Clár na gComhaltai.

Clár nagcomhaltaí.

116. —(1) Faoi réir fho-alt (4), coimeádfaidh gach cuideachta clár dá comhaltaí agus taifeadfaidh sí ann na sonraí seo a leanas:—

(a) ainmneacha, seoltaí agus slite beatha na gcomhaltaí, agus, i gcás cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal, ráiteas ar na scaireanna atá ag gach comhalta, ag idirdhealú gach scaire de réir a huimhreach fad a bheidh uimhir ar an scair, agus an méid a íocadh nó ar comhaontaíodh go measfaí é a bheith íoctha ar scaireanna gach comhalta;

(b) an dáta a taifeadadh gach duine sa chlár mar chomhalta;

(c) an dáta a scoir aon duine de bheith ina chomhalta.

(2) Déanfar na taifid is gá faoi mhíreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) laistigh de 28 lá tar éis an comhaontú a chur i gcrích leis an gcuideachta go dtiocfaidh duine chun bheith ina chomhalta nó, i gcás duine a shínigh an meabhrán, laistigh de 28 lá tar éis an chuideachta a chlárú.

(3) Déanfar an taifead is gá faoi mhír (c) d'fho-alt (1) laistigh de 28 lá tar éis an dáta a scoir an duine a bheidh i gceist de bheith ina chomhalta, nó, má scoir sé de bheith ina chomhalta ar dhóigh seachas trí ghníomh na cuideachta, laistigh de 28 lá tar éis fianaise chun sástacht na cuideachta a thabhairt ar aird don chuideachta gur tharla an teagmhas trínar scoir sé de bheith ina chomhalta.

(4) I gcás ina mbeidh an chuideachta tar éis aon scaireanna dá cuid a chomhshó ina stoc agus fógra faoina gcomhshó a thabhairt do chláraitheoir na gcuideachtaí, taispeánfaidh an clár an méid stoic atá ag gach comhalta in ionad an méid scaireanna agus na sonraí maidir le scaireanna a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (1).

(5) Faoi réir fho-alt (6), coimeádfar clár na gcomhaltaí, ach amháin nuair a bheidh sé dúnta faoi fhorálacha an Achta seo, in oifig chláraithe na cuideachta, sa dóigh, áfach,—

(a) más in oifig eile leis an gcuideachta a chuirtear le chéile é, go bhféadfar é a choimeád san oifig eile sin; agus

(b) má dhéanann an chuideachta comhshocrú le duine éigin eile chun go ngabhfaidh an duine eile sin air féin thar ceann na cuideachta an clár a chur le chéile, go bhféadfar é a choimeád san oifig leis an duine eile sin a gcuirtear le chéile ann é.

(6) Ní choimeádfar clár na gcomhaltaí in áit lasmuigh den Stát.

(7) Faoi réir fho-alt (8), cuirfidh gach cuideachta chuig cláraitheoir na gcuideachtaí fógra faoin áit a gcoimeádtar clár a comhaltaí ann, agus faoi aon athrú ar an áit sin.

(8) Ní bheidh sé de cheangal ar chuideachta fógra a chur chuig an gcláraitheoir faoi fho-alt (7) má tá an clár á choimeád in oifig chláraithe na cuideachta i gcónaí riamh ó tháinig sé chun bheith ann nó, i gcás cláir a bhí ann ar an dáta feidhme, i gcónaí riamh ó shin i leith.

(9) Má mhainníonn cuideachta aon cheann de cheanglais fho-ailt (1) go (6) a chomhlíonadh, nó má mhainníonn sí ar feadh 14 lá fo-alt (7) a chomhlíonadh, dlifear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Treoirleabhar comhaltaí.

117. —(1) Déanfaidh gach cuideachta ina mbeidh níos mó ná caoga comhalta, mura bhfuil clár na gcomhaltaí i bhfoirm de shaghas gur treoirleabhar ann féin é, treoirleabhar a choimeád d'ainmneacha comhaltaí na cuideachta agus, laistigh de 14 lá tar éis an dáta a dhéanfar aon athrú i gclár na gcomhaltaí, déanfaidh sí aon athrú is gá sa treoirleabhar.

(2) Cuirfear sa treoirleabhar i gcás gach comhalta comhartha is leor chun go bhféadfar an cuntas ar an gcomhalta sin sa chlár a aimsiú go héasca.

(3) Coimeádfar an treoirleabhar i gcónaí san áit chéanna ina gcoimeádtar clár na gcomhaltaí.

(4) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Forálacha maidir le taifid i gclár i dtaobh barántas scaire.

118. —(1) Ar bharántas scaire a eisiúint déanfaidh an chuideachta ainm an chomhalta a bheidh taifeadta an uair sin i gclár a comhaltaí mar shealbhóir na scaireanna a shonraítear sa bharántas a scriosadh as an gclár sin amhail is dá mbeadh sé tar éis scor de bheith ina chomhalta, agus taifeadfaidh sí ann na sonraí seo a leanas:

(a) gur eisíodh an barántas; agus

(b) ráiteas ar na scaireanna atá ar áireamh sa bharántas, ag idirdhealú gach scaire de réir a huimhreach fad atá uimhir ar an scair; agus

(c) an dáta a eisíodh an barántas.

(2) Faoi réir airteagail na cuideachta, beidh iompróir barántais scaire i dteideal, ar é dá thabhairt suas lena chealú, a ainm a thaifeadadh mar chomhalta i gclár na gcomhaltaí.

(3) Beidh an chuideachta freagrach in aon chaillteanas a bhainfidh d'aon duine de bhrí go ndearna an chuideachta ainm impróra barántais scaire a thaifeadadh sa chlár i leith na scaireanna a sonraíodh sa bharántas sin gan an barántas a bheith tugtha suas agus cealaithe.

(4) Go dtí go dtabharfar suas an barántas, measfar gurb iad na sonraí a shonraítear i bhfo-alt (1) na sonraí is gá de réir an Achta seo a thaifeadadh i gclár na gcomhaltaí, agus, ar an mbarántas a thabhairt suas, ní foláir an dáta a tugadh suas é a thaifeadadh.

(5) Faoi réir forálacha an Achta seo, féadfar, má fhorálann airteagail na cuideachta amhlaidh, a mheas go bhfuil iompróir barántais scaire ina chomhalta den chuideachta de réir bhrí an Achta seo, go feadh iomlán na réime nó chun aon cheann de na críocha a mhínítear sna hairteagail.

Scrúdú an chláir agus an treoirle abhair.

119. —(1) Ach amháin nuair a bheidh clár na gcomhaltaí dúnta faoi fhorálacha an Achta seo, beidh clár, agus treoirleabhar ainmneacha, na gcomhaltaí de chuideachta ar oscailt le linn uaire gnó (faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta, ionas go lamhálfar 2 uair a chloig ar a laghad gach lá chun a scrúdaithe) chun a scrúdaithe ag aon chomhalta, gan táille a íoc, agus ag aon duine eile ar scilling, nó cibé suim faoina bhun sin a fhorordóidh an chuideachta, a íoc as gach scrúdú.

(2) Féadfaidh aon chomhalta nó aon duine eile cóip den chlár nó d'aon chuid de a éileamh ar shé phingin, nó cibé suim faoina bhun sin a fhorordóidh an chuideachta, a íoc in aghaidh gach 100 focal nó codán de 100 focal a bheidh le cóipeáil.

Cuirfidh an chuideachta faoi deara go ndéanfar aon chóip a éileoidh aon duine amhlaidh a chur ar aghaidh chuig an duine sin laistigh de thréimhse 10 lá dar tosach an chéad lá tar éis an lae a gheobhaidh an chuideachta an t-éileamh.

(3) Má dhiúltaítear cead chun aon scrúdú a éileofar faoin alt seo a dhéanamh nó mura gcuirfear ar aghaidh laistigh den tréimhse chuí aon chóip a éileofar faoin alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £50 in aghaidh gach ciona a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(4) I gcás aon diúltú nó mainneachtain den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an chúirt, le hordú, a éigniú go gcuirfear an clár agus an treoirleabhar faoi scrúdú láithreach nó a ordú go ndéanfar na cóipeanna a éilíodh a chur chuig na daoine a d'éiligh iad.

Iarmairtí a bheidh ar neamhchomhlíonadh ceanglas maidir leis an gclár mar gheall ar mhainneachtan ag gníomhaire.

120. —Más rud é, de bhua mhír (b) d'fho-alt (5) d'alt 116, go mbeidh clár na gcomhaltaí á choimeád in oifig dhuine éigin seachas an chuideachta, agus mar gheall ar aon mhainneachtain ag an duine sin nach gcomhlíonfaidh an chuideachta fo-alt (7) den alt sin nó fo-alt (3) d'alt 117 nó alt 119, nó aon cheanglais de chuid an Achta seo maidir leis an gclár a thabhairt ar aird, dlífear pionóis a chur ar an duine eile sin ionann is dá mba oifigeach é don chuideachta a rinne mainneachtain, agus beidh réim ag cumhacht na cúirte faoi fho-alt (4) d'alt 119 maidir le horduithe a dhéanamh in aghaidh an duine eile sin agus a chuid oifigeach nó seirbhíseach.

Cumhacht chun clár a dhúnadh.

121. —Féadfaidh cuideachta, ar fhógra a thabhairt trí fhógrán i nuachtán éigin a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe na cuideachta, clár na gcomhaltaí a dhúnadh ar feadh aon tréimhse nó tréimhsí nach mó san iomlán ná 30 lá gach bliain.

Ceartú an chláir.

122. —(1) Más rud é—

(a) go ndéanfar, gan chúis leormhaith, ainm aon duine a thaifeadadh i gclár na gcomhaltaí nó a fhágáil ar lár as, contrártha d'fho-ailt (1) agus (2) d'alt 116; nó

(b) nach dtaifeadfar sa chlár, laistigh den tréimhse a shocraítear le fo-alt (3) d'alt 116, go bhfuil duine tar éis scor de bheith ina chomhalta;

féadfaidh an duine éagóirithe, nó aon chomhalta den chuideachta, nó an chuideachta, iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun an clár a cheartú.

(2) I gcás ina ndéanfar iarratas faoin alt seo, féadfaidh an chúirt diúltú don iarratas, nó féadfaidh sí a ordú go gceartófar an clár agus go n-íocfaidh an chuideachta cúiteamh in aon chaillteanas a bhain d'aon pháirtí éagóirithe.

(3) I gcás iarratais faoin alt seo féadfaidh an chúirt aon cheist a chinneadh a bhaineann le teideal aon duine is páirtí san iarratas chun a ainm a thaifeadadh sa chlár nó a fhágáil as, cibé acu idir comhaltaí nó comhaltaí líomhnaithe, nó idir comhaltaí nó comhaltaí líomhnaithe ar thaobh amháin agus an chuideachta ar an taobh eile, a éireoidh an cheist, agus go ginearálta féadfaidh sí aon cheist a chinneadh ar gá nó ar fóirsteanach í a chinneadh le haghaidh ceartú an chláir.

(4) I gcás cuideachta ar a gceanglaítear leis an Acht seo liosta dá comhaltaí a chur chuig cláraitheoir na gcuideachtaí, nuair a bheidh ordú á dhéanamh ag an gcúirt chun an clár a cheartú ordóidh sí, lena hordú, go dtabharfar fógra díreach faoin gceartú don chláraitheoir.

(5) Féadfaidh cuideachta, gan iarratas chun na cúirte, aon earráid nó easnamh sa chlár (cibé acu roimh an dáta feidhme nó air nó dá éis a tharla sé) a cheartú tráth ar bith, ach ní dhéanfaidh ceartú den sórt sin dochar d'aon duine mura gcomhaontóidh sé leis an gceartú a rinneadh. Déanfaidh an chuideachta, laistigh de 21 lá, fógra faoin gceartú a thabhairt do chláraitheoir na gcuideachtaí más rud é freisin go bhfuil an earráid nó an t-easnamh in aon doiciméad a chuir an chuideachta ar aghaidh chuige.

Gan iontaobhais a thaifeadadh sa chlár.

123. —Ní dhéanfar aon fhógra i dtaobh aon iontaobhais, sainráite, intuigthe ná inchiallaithe, a thaifeadadh sa chlár, ná ní bheidh sé le tabhairt don chláraitheoir.

An clár a bheith ina fhianaise.

124. —Beidh clár na gcomhaltaí ina fhianaise prima facie ar aon nithe a ordaítear nó a údaraítear leis an Acht seo a chur sa chlár.

Tuairisceán Bliantúil.

Tuairisceán bliantúil le tabhairt ag cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal.

125. —(1) Déanfaidh gach cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal, uair amháin ar a laghad gach bliain, tuairisceán a thabhairt do chláraitheoir na gcuideachtaí a mbeidh ann, maidir le hoifig chláraithe an cuideachta, cláir na gcomhaltaí agus na mbintiúrach, scaireanna agus bintiúir, a féichiúnas, a iarchomhaltaí agus a comhaltaí láithreacha, agus na stiúrthóirí agus a rúnaí, na nithe a shonraítear i gCuid I den Chúigiú Sceideal, agus is san fhoirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin a bheidh an tuairisceán sin, sa dóigh, áfach—

(a) nach gá do chuideachta tuairisceán a thabhairt faoin bhfo-alt seo i mbliain a corpraithe ná, mura gá de réir alt 131 cruinniú ginearálta bliantúil a thionól i rith na bliana ina dhiaidh sin, sa bhliain sin;

(b) i gcás ina ndearna cuideachta aon scaireanna dá cuid a chomhshó ina stoc, ansin, nuair is iomchuí é, go n-áireofar tagairtí do scaireanna i míreanna 3 agus 5 de Chuid I den Sceideal sin mar thagairtí do stoc agus go n-áireofar tagairtí don líon scaireanna mar thagairtí don mhéid stoic;

(c) go bhféadfar in aon bhliain áirithe, má thug an tuairisceán d'aon cheann de na 5 bliana díreach roimhe sin, amhail mar a bhí ar dháta an tuairisceáin sin, na sonraí iomlána is gá de réir na míre sin 5, gan a thabhairt sa tuairisceán ach cibé cinn de na sonraí is gá de réir na míre sin a bhaineann le daoine a scoir de bheith, nó a tháinig chun bheith, ina gcomhaltaí ó dháta an tuairisceáin deiridh agus le scaireanna a aistríodh ón dáta sin i leith;

(d) nach gá do chuideachta, mura cuideachta phríobháideach í, sa tuairisceán in aon bhliain áirithe, na sonraí a thabhairt is gá de réir na míre sin 5 agus a bhaineann le scaireanna a d'aistrigh daoine atá fós ina gcomhaltaí nó atá scortha de bheith ina gcomhaltaí ná na dátaí a cláraíodh a n-aistriú.

(2) Má mhainníonn cuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(3) Chun críocha an ailt seo agus Chuid I den Chúigiú Sceideal, folóidh “stiúrthóir” agus “oifigeach” aon duine ar gnách le stiúrthóirí na cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha.

(4) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

Tuairisceán bliantúil le tabhairt ag cuideachta gan scairchaipiteal.

126. —(1) Faoi réir fho-alt (2), tabharfaidh gach cuideachta gan scairchaipiteal uair amháin ar a laghad gach bliain do chláraitheoir na gcuideachtaí tuairisceán ina luafar—

(a) seoladh oifig chláraithe na cuideachta;

(b) i gcás ina ndéantar, faoi fhorálacha an Achta seo clár na gcomhaltaí a choimeád in áit seachas an oifig sin, seoladh na háite ina gcoimeádtar é;

(c) i gcás ina ndéantar, faoi fhorálacha an Achta seo, aon chlár bintiúrach de chuid na cuideachta a choimeád in áit seachas oifig chláraithe na cuideachta, seoladh na háite ina gcoimeádtar é;

(d) na sonraí go léir maidir leis na daoine arb iad stiúrthóirí na cuideachta iad ar dháta an tuairisceáin, agus maidir le haon duine arb é rúnaí na cuideachta é ar an dáta sin, is gá de réir an Achta seo a thabhairt maidir le stiúrthóirí agus leis an rúnaí, faoi seach, i gclár stiúrthóirí agus rúnaithe cuideachta.

(2) Ní gá do chuideachta tuairisceán a thabhairt faoi fho-alt (1) i mbliain a corpraithe ná, mura gceanglaítear uirthi le halt 131 cruinniú ginearálta bliantúil a thionól i rith na bliana ina dhiaidh sin, sa bhliain sin.

(3) Cuirfear i gceangal leis an tuairisceán ráiteas ina mbeidh sonraí ar mhéid iomlán fheichiúnas na cuideachta maidir le gach morgáiste agus muirear is gá a chlárú le cláraitheoir na gcuideachtaí faoin Acht seo, nó ba ghá a chlárú amhlaidh dá mba tar éis an lú lá d'Iúil, 1908, a bunaíodh iad.

(4) Má mhainníonn cuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(5) Chun críocha an ailt seo, folóidh “oifigeach” agus “stiúrthóir” aon duine ar gnách le stiúrthóirí na cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha.

(6) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

An t-am chun tuairisceán bliantúil a chomhlánú.

127. —(1) Ní foláir an tuairisceán bliantúil a chomhlánú laistigh de 60 lá tar éis an chruinnithe ghinearálta bhliantúil don bhliain, cibé acu is é nó nach é an cruinniú sin an chéad nó an t-aon ghnáthchruinniú ginearálta, nó an chéad nó an t-aon chruinniú ginearálta, ag an gcuideachta sa bhliain, agus ní foláir don chuideachta cóip, arna síniú ag stiúrthóir de chuid na cuideachta agus ag a rúnaí, a chur ar aghaidh láithreach chuig cláraitheoir na gcuideachtaí.

(2) Má mhainníonn cuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Chun críocha an fho-ailt seo, folóidh “oifigeach” aon duine ar gnách le stiúrthóirí na cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha.

(3) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

Doiciméid a bheidh le cur i gceangal le tuairisceán bliantúil.

1909, c. 49.

128. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, cuirfear i gceangal leis an tuairisceán bliantúil—

(a) cóip scríofa, arna deimhniú ag stiúrthóir de chuid na cuideachta agus ag a rúnaí a bheith ina cóip dhílis de gach clár comhardaithe a leagadh faoi bhráid an chruinnithe ghinearálta bhliantúil den chuideachta a tionóladh i rith na tréimhse lena mbaineann an tuairisceán (lena n-áirítear gach doiciméad is gá de réir dlí a bheith i gceangal leis an gclár comhardaithe); agus

(b) cóip, arna deimhniú mar a dúradh, de thuarascáil na n-iniúchóirí ar gach clár comhardaithe den sórt sin agus den tuarascáil ó na stiúrthóirí a bheidh in éineacht leis an gclár sin; agus

(c) más i dteanga seachas Béarla nó Gaeilge a bheidh aon chlár comhardaithe den sórt sin nó aon doiciméad den sórt sin is gá de réir dlí a bheith i gceangal leis, cuirfear i gceangal leis an gclár comhardaithe sin tiontú Béarla nó Gaei'ge ar an gclár comhardaithe, nó ar an doiciméad, a mbeidh sé deimhnithe ar an modh forordaithe gur tiontú ceart é.

(2) Más rud é, i gcás aon chláir chomhardaithe den sórt a dúradh nó aon doiciméid ba ghá de réir dlí a bheith i gceangal leis, nach raibh sé de réir cheanglais an dlí mar a bhí i bhfeidhm ar dháta an iniúchta maidir le foirm na gclár comhardaithe nó na ndoiciméad a dúradh, cibé acu é, déanfar cibé breisiú agus ceartú ar an gcóip ba ghá a dhéanamh ar an gclár comhardaithe nó ar an doiciméad chun go mbeadh sé de réir na gceanglas sin, agus luafar ar an gcóip go ndearnadh leasú uirthi amhlaidh.

(3) Má mhainníonn cuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Chun críocha an fho-ailt seo, folóidh “oifigeach” aon duine ar gnách le stiúrthóirí na cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha.

(4) Ní bhainfidh an t-alt seo—

(a) le cuideachta phríobháideach; ná

(b) le cuideachta árachais a chomhlíon fo-alt (4) d'alt 7 den Assurance Companies Act, 1909; ná

(c) le cuideachta gan scairchaipiteal a foirmíodh le haghaidh cuspóra atá carthanúil agus atá faoi urlámhas ag aicme creidimh atá admhaithe ag an Stát faoi Airteagal 44 den Bhunreacht, agus a fheidhmíonn a feidhmeanna de réir dhlíthe, canóna agus deasghnátha an chreidimh sin.

(5) (a) Féadfaidh Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla in Éirinn, más cuí leo é, cuideachta shonraithe gan scairchaipiteal, a foirmíodh chun críocha carthanúla, a dhíolmhú, le hordú, ar fad nó go ceann tréimhse teoranta, ó fheidhm an ailt seo.

(b) Féadfaidh na Coimisinéirí, le hordú, ordú faoi mhír (a) a chúlghairm.

(c) Déanfaidh an chuideachta cóip shéalaithe de gach ordú ó na Coimisinéirí faoin bhfo-alt seo a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta an ordaithe a dhéanamh.

(6) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun a thabhairt go mbeidh clár comhardaithe cuideachta príobháidí, nó aon doiciméad nó tuarascáil maidir leis, le cur i gceangal le tuairisceán bliantúil.

(7) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

Deimhnithe a bheidh le cur ar aghaidh ag cuideachta phríobháideach i dteannta an tuairisceáin bhliantúil.

129. —Cuirfidh cuideachta phríobháideach ar aghaidh, i dteannta an tuairisceáin bhliantúil is gá de réir alt 125, deimhniú arna shíniú ag stiúrthóir de chuid na cuideachta agus ag a rúnaí á dheimhniú nach ndearna an chuideachta, ó dháta an tuairisceáin deiridh nó, i gcás céad-tuairisceáin, ón dáta a corpraíodh an chuideachta, aon chuireadh a eisiúint don phobal chun suibscríobh le haghaidh aon scaireanna nó bintiúir de chuid na cuideachta, agus fairis sin, má thaispeánann an tuairisceán bliantúil go bhfuil breis is caoga ar líon comhaltaí na cuideachta, deimhniú arna shíniú amhlaidh gurb iad amháin atá sa bhreis sin daoine nach bhfuil, faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 33, le háireamh chun an líon sin caoga a ríomh.

Cruinnithe agus Imeachtaí.

Cruinniú reachtúil agus tuarascáil reachtúil.

130. —(1) Déanfaidh gach cuideachta faoi theorainn scaireanna agus gach cuideachta faoi theorainn ráthaíochta a bhfuil scairchaipiteal aici, laistigh de thréimhse nach giorra ná mí agus nach faide ná 3 mhí ón dáta a bheidh an chuideachta i dteideal tosú ar ghnó, cruinniú ginearálta de chomhaltaí na cuideachta a thionól a ngairfear “an cruinniú reachtúil” de.

(2) Faoi réir fho-alt (3), déanfaidh na stiúrthóirí, 14 lá ar a laghad roimh an lá a thionólfar an cruinniú, tuarascáil (dá ngairtear “an tuarascáil reachtúil” san Acht seo) a chur ar aghaidh chuig gach comhalta den chuideachta.

(3) Má chuirtear an tuarascáil reachtúil ar aghaidh tráth is déanaí ná mar a fhoráiltear le fo-alt (2), measfar, dá ainneoin sin, go ndearnadh í a chur ar aghaidh go cuí má chomhaontaítear amhlaidh ag na comhaltaí go léir a bheidh i dteideal bheith i láthair agus vótáil ag an gcruinniú.

(4) Ní foláir an tuarascáil reachtúil a bheith deimhnithe ag beirt ar a laghad de stiúrthóirí na cuideachta agus na nithe seo a leanas a bheith luaite inti—

(a) an méid iomlán scaireanna a leithroinneadh, ag idirdhealú na scaireanna a leithroinneadh mar scaireanna a láníocadh nó a páirtíocadh ar dhóigh seachas in airgead, agus á insint i gcás scaireanna páirtíoctha cé mhéad atá siad íoctha amhlaidh agus, i gceachtar cás, cad é an chomaoin ar ar leithroinneadh iad; agus

(b) an méid iomlán airgid a fuair an chuideachta i leith na scaireanna go léir a leithroinneadh, á n-idirdhealú mar a dúradh; agus

(c) achomaireacht ar fháltais na cuideachta agus ar na híocaíochtaí astu, anuas go dtí dáta laistigh de 7 lá ó dháta na tuarascála, a dtaispeánfar inti faoi cheannteidil ar leithligh fáltais na cuideachta ó scaireanna agus ó bhintiúir agus ó fhoinsí eile, na híocaíochtaí astu, agus sonraí na hiarmhéide a bhí fágtha ar láimh, agus cuntas nó meastachán ar réamhchaiteachais na cuideachta; agus

(d) ainmneacha agus seoltaí stiúrthóirí, iniúchóirí (más ann), agus rúnaí na cuideachta; agus

(e) sonraí aon chonartha, a mbeidh modhnú air le cur faoi bhráid an chruinnithe lena cheadú, maraon le sonraí an mhodhnaithe nó an mhodhnaithe atá beartaithe.

(5) Sa mhéid go mbaineann an tuarascáil reachtúil leis na scaireanna a leithroinn an chuideachta, agus le hairgead a fuarthas i leith na scaireanna sin, agus le fáltais agus íocaíochtaí na cuideachta ar chuntas caipitil, beidh deimhniú uirthi ó na hiniúchóirí, más ann, don chuideachta gur tuarascáil cheart í.

(6) Cuirfidh na stiúrthóirí faoi deara go ndéanfar cóip den tuarascáil reachtúil, arna deimhniú mar a cheanglaítear leis an alt seo, a sheachadadh do chláraitheóir na gcuideachtaí lena clárú láithreach tar éis a curtha chuig comhaltaí na cuideachta.

(7) Cuirfidh na stiúrthóirí faoi deara go dtabharfar ar aird i dtosach an chruinnithe liosta ina dtaispeánfar ainmneacha, seoltaí agus slite beatha comhaltaí na cuideachta, agus an líon scaireanna atá acu faoi seach, agus go gcoiméadfar an liosta ar oscailt agus ar fáil do chomhaltaí na cuideachta fad a bheidh an cruinniú ar siúl.

(8) Féadfaidh na comhaltaí den chuideachta a bheidh i láthair ag an gcruinniú aon ní a phlé a bhaineann le foirmiú na cuideachta, nó a éireoidh as an tuarascáil reachtúil, cibé acu a tugadh nó nár tugadh fógra roimh ré, ach ní fhéadfar aon rún a rith nach mbeidh fógra tugtha ina thaobh de réir na n-airteagal.

(9) Féadfaidh an cruinniú dul ar atráth ó am go ham, agus ag aon chruinniú atrátha féadfar aon rún a rith ar tugadh fógra ina thaobh de réir na n-airteagal, cibé acu roimh an gcruinniú a bhí ann cheana nó dá éis sin é, agus beidh na cumhachtaí céanna ag an gcruinniú atrátha a bheadh ag cruinniú bunaidh.

(10) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar gach stiúrthóir de chuid na cuideachta a bhí go feasach agus go toiliúil ciontach sa mhainneachtain nó, i gcás mainneachtain ag an gcuideachta, ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(11) Ní bhainfidh an t-alt seo le cuideachta phríobháideach.

Cruinniú ginearálta bliantúil.

131. —(1) Faoi réir fho-alt (2), tionólfaidh gach cuideachta, i ngach bliain, cruinniú ginearálta mar chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta, i dteannta aon chruinnithe eile sa bhliain sin, agus sonróidh sí an cruinniú amhlaidh sna fógraí á ghairm, agus ní bheidh thar 15 mhí idir dáta aon chruinnithe ghinearálta bhliantúil áirithe ag cuideachta agus dáta an chéad chruinnithe ghinearálta bhliantúil ina dhiaidh.

(2) Ar chuntar go ndéanfaidh cuideachta a céad chruinniú ginearálta bliantúil a thionól laistigh de 18 mí tar éis a corpraithe, ní gá di é a thionól i mbliain a corpraithe ná sa bhliain ina dhiaidh sin.

(3) Má mhainnítear cruinniú den chuideachta a thionól de réir fho-alt (1), féadfaidh an tAire, ar iarratas ó aon chomhalta den chuideachta, cruinniú ginearálta den chuideachta a ghairm nó a ordú go ngairfear é, agus cibé orduithe foghabhálacha nó iarmartacha a thabhairt is fóirsteanach leis an Aire, lena n-áirítear orduithe a dhéanfaidh, maidir le gairm, tionól agus stiúradh an chruinnithe, modhnú nó forlíonadh ar oibriú airteagail na cuideachta, agus dearbhaítear leis seo go mbeidh ar áireamh sna horduithe a thabharfar faoin bhfo-alt seo ordú go measfar cruinniú a bheith ann má bhíonn comhalta amháin den chuideachta i láthair go pearsanta nó trí sheachvótálaí.

(4) Measfar, faoi réir aon orduithe ón Aire, cruinniú ginearálta a thionólfar de bhun fho-alt (3) a bheith ina chruinniú ginearálta bliantúil den chuideachta ach, más rud é i gcás cruinniú a thionólfar amhlaidh nach sa bhliain inar mainníodh cruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta a thionól a thionólfar é, ní ghlacfar leis an gcruinniú a thionólfar amhlaidh mar chruinniú ginearálta bliantúil na bliana ina dtionólfar é mura rud é go ndéanfaidh an chuideachta ag an gcruinniú sin rún a rith go nglacfar leis amhlaidh.

(5) I gcás ina rithfidh cuideachta rún go nglacfar amhlaidh le cruinniú, déanfar, laistigh de 15 lá tar éis é a rith, cóip den rún a chur ar aghaidh chuig cláraitheoir na gcuideachtaí agus taifeadfaidh seisean í.

(6) Má mhainnítear cruinniú den chuideachta a thionól de réir fho-alt (1), nó aon ordú ón Aire faoi fho-alt (3) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, agus má mhainnítear fo-alt (5) a chomhlíonadh, dhífear fíneáil nach mó ná £20 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Cruinniú ginearálta urghnách a chomóradh ar é a fhoréileamh.

132. —(1) D'ainneoin aon ní in airteagail chuideachta, má fhaightear foréileamh ó chomhaltaí den chuideachta ag a mbeidh ar dháta an fhoréilimh a thaisceadh an deichiú cuid ar a laghad den chaipiteal íoctha sin de chuid na cuideachta lena ngabhann ar dháta an taiscthe ceart vótála ag cruinnithe ginearálta na cuideachta, nó, i gcás cuideachta gan scairchaipiteal, ó chomhaltaí den chuideachta a ionannóidh an deichiú cuid ar a laghad de chearta vótála uile na gcomhaltaí uile ag a mbeidh ar an dáta sin ceart vótála ag cruinnithe ginearálta den chuideachta, rachaidh stiúrthóirí na cuideachta láithreach bonn i gceann cruinniú urghnách ginearálta den chuideachta a chomóradh go cuí.

(2) Ní foláir cuspóirí an chruinnithe a bheith luaite san fhoréileamh agus é a bheith sínithe ag an foréilitheoirí agus é a thaisceadh in oifig chláraithe na cuideachta, agus féadfaidh doiciméíd éagsúla san fhoirm chéanna a bheith ann agus gach ceann acu sínithe ag foréilitheoir amháin nó níos mó.

(3) Mura rachaidh na stiúrthóirí, laistigh de 21 lá ó dháta an fhoréilimh a thaisceadh, i gceann cruinniú a chomóradh go cuí a bheidh le tionól laistigh de 2 mhí ón dáta sin, féadfaidh na foréilitheoirí, nó aon chuid acu a ionannóidh níos mó ná leath na gceart vótála uile atá acu go léir, cruinniú a chomóradh iad féin, ach ní dhéanfar aon chruinniú a chomórfar amhlaidh a thionól tar éis 3 mhí a bheith caite ón dáta sin.

(4) Déanfar cruinniú a chomórfaidh na foréilitheoirí faoin alt seo a chomóradh ar an modh céanna, chomh fada agus is féidir, leis an modh ina bhféadfaidh stiúrthóirí cruinnithe a chomóradh.

(5) Aisíocfaidh an chuideachta leis na foréilitheoirí aon chaiteachais réasúnacha a bhí ar na foréilitheoirí toisc gur mhainnigh na stiúrthóirí cruinniú a chomóradh go cuí, agus déanfaidh an chuideachta aon suim a aisíocfar amhlaidh a choinneáil as aon suimeanna a bheidh dlite nó le teacht chun bheith dlite ón gcuideachta i bhfoirm táillí nó luach saothair eile i leith a seirbhísí do na stiúrthóirí sin a rinne mainneachtain.

(6) Chun críocha an ailt seo, measfar, i gcás cruinniú ag a mbeidh rún le tairiscint mar rún speisialta, nach ndearna na stiúrthóirí an cruinniú a chomóradh go cuí mura mbeidh an fógra ina thaobh a cheanglaítear le halt 141 tugtha acu.

Tréimhse an fhógra chun cruinnithe a ghairm.

133. —(1) Beidh aon fhoráil d'airteagail chuideachta ar neamhní sa mhéid go ndéanann sé foráil chun cruinniú den chuideachta (seachas cruinniú atrátha) a ghairm le fógra is giorra—

(a) i gcás an chruinnithe ghinearálta bhliantúil, ná fógra 21 lá i scríbhinn; agus

(b) i gcás cruinniú (seachas cruinniú ginearálta bliantúil nó cruinniú chun rún speisialta a rith), ná fógra 14 lá i scríbhinn nuair nach cuideachta phríobháideach ná cuideachta neamhtheoranta an chuideachta, agus fógra 7 lá i scríbhinn nuair is cuideachta phríobháideach nó cuideachta neamhtheoranta í.

(2) Ach amháin sa mhéid go ndéanann airteagail chuideachta foráil eile chuige sin (nach foráil a chuirtear ar neamhní le fo-alt (1)), féadfar cruinniú den chuideachta (seachas cruinniú atrátha) a ghairm—

(a) i gcás an chruinnithe ghinearálta bhliantúil, le fógra 21 lá i scríbhinn; agus

(b) i gcás cruinniú (seachas cruinniú ginearálta bliantúil nó cruinniú chun rún speisialta a rith), le fógra 14 lá i scríbhinn nuair nach cuideachta phríobháideach ná cuideachta neamhtheoranta an chuideachta, agus le fógra 7 lá i scríbhinn nuair is cuideachta phríobháideach nó cuideachta neamhtheoranta í.

(3) Measfar go ndearnadh cruinniú de chuideachta a ghairm go cuí, d'ainneoin é a ghairm le fógra is giorra ná mar a shonraítear i bhfo-alt (2) nó in airteagail na cuideachta, cibé acu é, má chomhaontaítear amhlaidh ag iniúchóirí na cuideachta agus ag na comhaltaí go léir a bheidh i dteideal bheith i láthair agus vótáil aige.

Forálacha ginearálta maidir le cruinnithe agus vótaí.

134. —Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas sa mhéid nach ndéanann airteagail na cuideachta foráil eile chuige sin—

(a) déanfar fógra faoi chruinniú cuideachta a sheirbheáil ar gach comhalta den chuideachta ar an modh ina gceanglaítear fógraí a sheirbheáil le Table A agus chun críche na míre seo ciallaíonn “Table A” an Tábla sin amhail mar a bheidh sé i bhfeidhm de thuras na huaire;

(b) féadfaidh dhá chomhalta nó níos mó ag a mbeidh an deichiú cuid ar a laghad den scairchaipiteal eisithe nó, mura bhfuil scairchaipiteal ag an gcuideachta, 5 faoin gcéad ar a laghad de líon comhaltaí uile na cuideachta, cruinniú a ghairm;

(c) i gcás cuideachta phríobháideach, is córam dhá chomhalta, agus i gcás aon chuideachta eile trí chomhalta, a bheidh i láthair go pearsanta;

(d) féadfaidh aon chomhalta a thoghfaidh na comhaltaí a bheidh i láthair ag cruinniú bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú;

(e) i gcás cuideachta ag a raibh scairchaipiteal i gcéaduair, beidh vóta amháin ag gach comhalta i leith gach scaire nó gach £10 stoic a bheidh aige, agus in aon chás eile, beidh vóta amháin ag gach comhalta.

Cumhacht na cúirte chun cruinniú a ordú.

135. —(1) Más rud é go bhfuil sé neamhphraiticiúil ar chúis ar bith cruinniú de chuideachta a ghairm ar aon mhodh ina bhféadfar cruinnithe den chuideachta sin a ghairm, nó cruinniú den chuid eachta a stiúradh ar an modh a fhorordaítear leis na hairteagail nó leis an Acht seo, féadfaidh an chúirt, as a treoir féin nó ar iarratas ó aon stiúrthóir ar an gcuideachta nó ó aon chomhalta den chuideachta a bheadh i dteideal vótáil ag an gcruinniú, a ordú go ndéanfar cruinniú den chuideachta a ghairm, a thionól agus a stiúradh ar cibé modh is cuí leis an gcúirt, agus i gcás ina ndéanfar aon ordú den sórt sin féadfaidh sí cibé orduithe fo-ghabhálacha nó iarmartacha is fóirsteanach léi a thabhairt; agus dearbhaítear leis seo go mbeidh ar áireamh sna horduithe a fhéadfar a thabhairt faoin bhfo-alt seo ordú go measfar cruinniú den chuideachta a bheith ann má bhíonn comhalta amháin den chuideachta i láthair go pearsanta nó trí sheachvótálaí.

(2) Aon chruinniú a ghairfear, a thionólfar agus a stiúrfar de réir ordú faoi fho-alt (1), measfar chun gach críche gur cruinniú den chuideachta é a gaireadh, a tionóladh agus a stiúradh go cuí.

Seachvótálaithe.

136. —(1) Faoi réir fho-alt (2), aon chomhalta de chuideachta a bheidh i dteideal bheith i láthair agus vótáil ag cruinniú den chuideachta beidh sé i dteideal duine eile (cibé acu comhalta é nó nach ea) a cheapadh ina sheachvótálaí dó chun bheith i láthair agus vótáil ina ionad, agus beidh ag seachvótálaí a cheapfar amhlaidh an ceart céanna a bheadh ag an gcomhalta chun labhairt ag an gcruinniú agus vótáil a dhéanamh ar thaispeáint lámh agus ar vótaíocht.

(2) Mura bhforálann na hairteagail a mhalairt—

(a) ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás cuideachta gan scairchaipiteal; agus

(b) ní bheidh comhalta de chuideachta i dteideal níos mó ná seachvótálaí amháin a cheapadh chun bheith i láthair ar an ócáid chéanna.

(3) I ngach fógra ag gairm cruinniú de chuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal, beidh ráiteas réasúnta feiceálach go bhfuil comhalta atá i dteideal bheith i láthair agus vótáil i dteideal seachvótálaí, nó, i gcás ina gceadaítear sin, seachvótálaí amháin nó níos mó, a cheapadh chun bheith i láthair agus labhairt agus vótáil ina ionad, agus nach gá do sheachvótálaí bheith ina chomhalta; agus má mhainnítear an fo-alt seo a chomhlíonadh maidir le haon chruinniú, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(4) Beidh aon fhoráil in airteagail chuideachta ar neamhní sa mhéid go mbeadh d'éifeacht léi a cheangal nárbh fholáir an ionstraim lena gceaptar seachvótálaí, nó aon doiciméad eile is gá chun bailíocht cheapacháin seachvótálaí a chruthú nó a bhaineann ar dhóigh eile le ceapadh seachvótálaí, a bheith faighte ag an gcuideachta nó ag aon duine eile níos luaithe ná 48 n-uaire a chloig roimh chruinniú nó roimh chruinniú atrátha ionas go mbeadh éifeacht leis an gceapadh ag an gcruinniú sin.

(5) Faoi réir fho-alt (6), más rud é, chun críche aon chruinnithe de chuideachta, nach n-eiseofar ar chostas na cuideachta cuirí chun duine, nó duine de líon daoine a shonrófar sna cuirí, a cheapadh ina sheachvótálaí ach chun cuid de na comhaltaí ag a bhfuil teideal go gcuirfí fógra faoin gcruinniú chucu agus teideal chun vótáil ag an gcruinniú trí sheachvótálaí, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar gach oifigeach don chuideachta a údaróidh nó a cheadóidh go feasach agus go toiliúil a n-eisiúint mar a dúradh.

(6) Ní bheidh oifigeach faoi dhliteanas faoi fho-alt (5) de bhíthin amháin gur eisíodh chun comhalta, ar iarratas i scríbhinn a fháil uaidh, foirm cheapacháin ag ainmniú an tseachvótálaí nó liosta de dhaoine atá toilteanach gníomhú mar sheachvótálaí, má bhíonn an fhoirm nó an liosta ar fáil, ar sin a iarraidh i scribhinn, ag gach comhalta atá i dteideal vótáil ag an gcruinniú trí sheachvótálaí.

(7) Bainfidh an t-alt seo le cruinnithe d'aon aicme comhaltaí de chuideachta faoi mar a bhaineann sé le cruinnithe ginearálta den chuideachta.

Ceart chun vótaíocht a éileamh.

137. —(1) Beidh aon fhoráil in airteagail chuideachta ar neamhní sa mhéid go mbeadh d'éifeacht leis—

(a) eisiamh a dhéanamh ar an gceart chun vótaíocht a éileamh ag cruinniú ginearálta ar aon cheist seachas toghadh chathaoirleach an chruinnithe nó atráthú an cruinnithe, nó

(b) éileamh ar vótaíocht ar aon cheist den sórt sin a chur ó éifeacht i gcás inarb éileamh é—

(i) ó chúig chomhalta ar a laghad ag a bhfuil ceart vótála ag an gcruinniú, nó

(ii) ó chomhalta nó comhaltaí a ionannaíonn an deichiú cuid ar a laghad de chearta vótála uile na gcomhaltaí go léir a bhfuil ceart vótála acu ag an gcruinniú, nó

(iii) ó chomhalta nó comhaltaí ag a bhfuil scaireanna sa chuideachta a thugann ceart vótála ag an gcruinniú, is é sin, scaireanna ar íocadh suim chomhiomlán orthu is ionann agus an deichiú cuid ar a laghad den tsuim iomlán a íocadh ar na scaireanna uile a thugann an ceart sin.

(2) Measfar an ionstraim lena gceaptar seachvótálaí chun vótáil ag cruinniú de chuideachta do thabhairt údarás freisin chun vótaíocht a éileamh nó chun bheith páirteach i vótaíocht a éileamh, agus chun críocha fho-alt (1) is ionann éileamh ó dhuine atá ina sheachvótálaí do chomhalta agus éileamh ón gcomhalta féin.

Vóta a thabhairt ar vótaíocht.

138. —Nuair a ghlacfar vótaíocht ag cruinniú de chuideachta nó ag cruinniú d'aon aicme comhaltaí de chuideachta, ní gá do chomhalta, cibé acu go pearsanta nó trí sheachvótálaí a bheidh sé i láthair, a mbeidh teideal aige chun níos mó ná vóta amháin, má vótálann sé, a vótaí go léir a úsáid nó na vótaí go léir a úsáidfidh sé a chaitheamh ar an dóigh chéanna.

Ionadaíocht chomhlachtaí corpraithe ag cruinnithe de chuideachtaí agus de chreidiúnaithe.

139. —(1) Féadfaidh comhlacht corpraithe—

(a) más comhalta de chuideachta é, trí rún óna stiúrthóirí nó ón gcomhlacht ceannais eile a bheidh air, a údarú do cibé duine is cuí leis gníomhú mar ionadaí dó ag aon chruinniú den chuideachta nó ag aon chruinniú d'aon aicme comhaltaí den chuideachta; agus

(b) más creidiúnaí (lena n-áirítear bintiúrach de chuid cuideachta é, trí rún óna stiúrthóirí nó ón gcomhlacht ceannais eile a bheidh air, a údarú do cibé duine is cuí leis gníomhú mar ionadaí dó ag aon chruinniú d'aon chreidiúnaithe de chuid na cuideachta a thionólfar de bhun an Achta seo nó de bhun aon rialacha faoin Acht seo nó de bhun na bhforálacha a bheidh in aon bhintiúr nó gníomhas iontaobhais, cibé acu é.

(2) Aon duine a bheidh údaraithe mar a dúradh beidh sé i dteideal na cumhachtaí céanna a fheidhmiú, thar ceann an chomhlachta chorpraithe arb ionadaí dó é, a d'fhéadfadh an comhlacht corpraithe sin a fheidhmiú dá mba chomhalta aonair, creidiúnaí aonair nó bintiúrach aonair de chuid na cuideachta é.

An cruinniú ginearálta bliantúil a thionól sa Stát.

140. —(1) Faoi réir fho-alt (2), is sa Stát a thionólfar cruinniú ginearálta bliantúil cuideachta, agus aon ghnó a dhéanfar ag cruinniú a thionólfar contrártha don cheanglas seo, beidh sé ar neamhní mura rud é—

(a) go mbeidh na comhaltaí go léir a bheidh i dteideal bheith i láthair agus vótáil ag an gcruinniú sin tar éis toiliú i scríbhinn lena thionól in áit eile nó gur ritheadh rún ag an gcruinniú ginearálta bliantúil roimhe sin á fhoráil gur in áit eile a thionólfaí é, agus

(b) nach bhforálann na hairteagail gur sa Stát a thionólfar an cruinniú ginearálta bliantúil.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) leis an gcéad chruinniú ginearálta bliantúil de chuideachta a thionólfar ar an dáta feidhme nó dá éis.

Rúin.

141. —(1) Beidh rún ina rún speisialta nuair a rithfear é le trí cheathrú ar a laghad de na vótaí a chaithfidh na comhaltaí sin a dhéanfaidh, agus teideal acu chun a dhéanta, vótáil, go pearsanta nó, i gcás ina gceadaítear seachvótálaithe, trí sheachvótálaí, ag cruinniú ginearálta ar tugadh go cuí fógra 21 lá ar a laghad ina thaobh á shonrú go rabhthas chun an rún a thairiscint mar rún speisialta.

(2) Féadfar rún a thairiscint agus a rith mar rún speisialta ag cruinniú ar tugadh fógra is giorra ná 21 lá ina thaobh má chomhaontaítear amhlaidh ag tromlach de líon na gcomhaltaí a bhfuil ceart acu bheith i láthair agus vótáil ag aon chruinniú den sórt sin, agus ar tromlach é a shealbhaíonn eatarthu nócha faoin gcéad ar a laghad, de réir luacha ainmniúil, de na scaireanna a thugann an ceart sin nó, i gcás cuideachta gan scairchaipiteal, a ionannaíonn i dteannta a chéile nócha faoin gcéad ar a laghad de chearta vótála uile na gcomhaltaí go léir ag an gcruinniú sin.

(3) Ag aon chruinniú a gcuirfear rún speisialta faoina bhráid lena rith, beidh dearbhú ón gcathaoirleach gur glacadh leis an rún ina fhianaise dhochloíte, mura n-éilítear vótaíocht, go ndearnadh amhlaidh, gan cruthúnas ar líon ná cionúireacht na vótaí a tugadh i bhfabhar nó i gcoinne an rúin.

(4) Chun críocha an ailt seo, measfar fógra faoi chruinniú a bheith tugtha go cuí agus an cruinniú a bheith tionólta go cuí má tugadh an fógra agus gur tionóladh an cruinniú mar a fhoráiltear leis an Acht seo nó leis na hairteagail.

(5) Féadfar téarmaí aon rúin (cibé acu rún speisialta nó rún eile é) a bheidh faoi bhráid cruinniú ginearálta a leasú trí ghnáthrún a thairiscint ag an gcruinniú, ar choinníoll go bhfágfaidh téarmaí an rúin arna leasú go bhféadfar a mheas gur tugadh leorfhógra go rabhthas ar intinn an céanna a rith.

(6) Aon tagairt do rún urghnách atá in aon reacht a ritheadh nó in aon doiciméad a bhí ann roimh an dáta feidhme, measfar, maidir le rún a rithfear nó a bheidh le rith ar an dáta feidhme nó dá éis, gur tagairt do rún speisialta í.

(7) Más rud é, roimh an dáta feidhme, gur comóradh cruinniú chun rún urghnách, mar a mhínítear in Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959, a rith, agus ag an gcruinniú sin go ndearnadh tar éis an dáta feidhme an rún sin a rith mar a cheanglaítear leis na hAchtanna sin rún urghnách a rith agus go mbeadh an rún sin, faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959, éifeachtach chun a chríche, beidh an rún sin chomh héifeachtach agus dá mba rún speisialta é.

(8) (a) D'ainneoin aon ní contrártha dó sin san Acht seo, in aon chás ina n-údaraítear sin do chuideachta lena hairteagail, beidh rún i scríbhinn arna shíniú ag na comhaltaí uile a bheidh de thuras na huaire i dteideal bheith i láthair agus vótáil ar an rún sin ag cruinniú ginearálta (nó, i gcás comhlachtaí corpraithe, ag a n-ionadaithe cuí-cheaptha) ina rún chomh bailí éifeachtach chun gach críche agus dá mbeadh an rún arna rith ag cruinniú ginearálta den chuideachta a comóradh agus a tionóladh go cuí, agus má thugtar rún speisialta de thuairisc air measfar gur rún speisialta de réir bhrí an Achta seo é.

(b) Measfar aon rún den sórt sin a bheith arna rith ag cruinniú a tionóladh ar an dáta a síníodh é ag an gcomhalta deireanach a shínigh é, agus má luann an rún dáta mar dháta a shínithe ag aon chomhalta, beidh lua sin an dáta sin ina fhianaise prima facie gur shínigh sé é ar an dáta sin.

(c) Ní bhaineann an fo-alt seo le rún chun aon chríche de chríocha alt 160 nó 182.

Fógra fadtréimhse.

142. —(1) Faoi réir fho-alt (2), i gcás ina gceanglaítear le haon fhoráil ina dhiaidh seo san Acht seo fógra fadtréimhse a thabhairt i dtaobh rúin, ní bheidh éifeacht leis an rún mura rud é (ach amháin sa chás ina mbeidh stiúrthóirí na cuideachta tar éis a chinneadh go gcuirfear faoi bhráid cruinnithe é) go ndearnadh fógra go bhfuiltear chun é a thairiscint a thabhairt don chuideachta 28 lá ar a laghad roimh an gcruinniú ag a dtairgtear é, agus tabharfaidh an chuideachta dá comhaltaí fógra i dtaobh aon rúin den sórt sin san am céanna agus sa dóigh chéanna ina dtugann sí fógra faoin gcruinniú nó, mura bhfuil sin praiticiúil, tabharfaidh sí fógra dóibh ina thaobh, trí fhógrán i nuachtán laethúil a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe na cuideachta nó ar aon mhodh eile a cheadaítear leis na hairteagail, 21 lá ar a laghad roimh an gcruinniú.

(2) Más rud é, tar éis fógra a thabhairt don chuideachta go bhfuiltear chun rún den sórt sin a thairiscint, go ngairfear cruinniú do dháta 28 lá nó níos lú tar éis an fógra a bheith tugtha, measfar, bíodh nár tugadh é laistigh den am a cheanglaítear le fo-alt (1), an fógra a bheith tugtha go cuí chun críocha an fho-ailt sin.

Rúin agus comhaontuithe áirithe a chlárú, agus é a bheith d'oibleagáid ar an gcuideachta cóipeanna díobh a sholáthar.

143. —(1) Déanfar cóip chlóite de gach rún nó comhaontú lena mbaineann an t-alt seo a chur ar aghaidh, laistigh de 15 lá tar éis a rite nó a dhéanta, chuig cláraitheoir na gcuideachtaí agus taifeadfaidh seisean í.

(2) Nuair a bheifear tar éis airteagail a chlárú, déanfar cóip de gach rún nó comhaontú den sórt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire a chorprú i ngach cóip, nó a chur i gceangal le gach cóip, de na hairteagail a eiseofar tar éis an rún a rith nó an comhaontú a dhéanamh.

(3) Cuirfear cóip de gach rún nó comhaontú den sórt sin ar aghaidh chuig aon chomhalta a iarrfaidh í, ar é d'íoc scilling nó cibé suim faoina bhun sin a ordóidh an chuideachta.

(4) Bainfidh an t-alt seo—

(a) le rúin speisialta;

(b) le rúin lenar chomhaontaigh comhaltaí uile cuideachta, ach nach mbeadh, dá mba nár comhaontaíodh leo amhlaidh, éifeachtach chun a gcríche mura rud é gur mar rúin speisialta a ritheadh iad;

(c) le rúin nó comhaontuithe lenar chomhaontaigh na comhaltaí uile d'aicme éigin scairshealbhóirí ach nach mbeadh, dá mba nár comhaontaíodh leo amh laidh, éifeachtach chun a gcríche mura rud é gur ritheadh iad ag tromlach áirithe éigin nó thairis sin ar mhodh áirithe éigin, agus le gach rún nó comhaontú a chuireann ceangal éifeachtúil ar na comhaltaí uile d'aon aicme scairshealbhóirí, cé nár chomhaontaigh na comhaltaí sin go léir leo;

(d) le rúin chun scairchaipiteal cuideachta a mhéadú;

(e) le rúin, a ritheadh faoi mhír (a) nó faoi mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 251, go ndéanfaí cuideachta a fhoirceannadh go toilteanach.

(5) Má mhainníonn cuideachta fo-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(6) Má mhainníonn cuideachta fo-alt (2) nó fo-alt (3) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £1 in aghaidh gach cóip a ndearnadh mainneachtain ina leith a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(7) Chun críocha fho-ailt (5) agus (6), measfar leachtaitheoir cuideachta a bheith ina oifigeach don chuideachta.

Rúin a rithfear ag cruinnithe atrátha.

144. —Nuair a rithfear rún ag cruinniú atrátha—

(a) de chuideachta;

(b) de shealbhóirí aon chineál scaireanna i gcuideachta;

(c) de stiúrthóirí cuideachta;

áireofar an rún chun gach críche mar rún a ritheadh ar dháta a rite iarbhír, agus ní mheasfar é a rith ar aon dáta is luaithe ná sin.

Miontuairiscí ar na himeachtaí ag cruinnithe de chuideachtaí agus de stiúrthóirí.

145. —(1) Cuirfidh gach cuideachta faoi deara go ndéanfar, a luaithe is féidir, miontuairiscí ar imeachtaí uile cruinnithe ginearálta, agus ar na himeachtaí uile ag cruinnithe dá stiúrthóirí nó de choistí stiúrthoirí, a thaifeadadh i leabhair a choimeádfar chuige sin.

(2) Aon mhiontuairisc den sórt sin a airbheartóidh a bheith sínithe ag cathaoirleach an chruinnithe ar tharla na himeachtaí ann, nó ag cathaoirleach an chéad chruinnithe eile ina dhiaidh sin, beidh sí ina fianaise ar na himeachtaí.

(3) Nuair a dhéanfar miontuairiscí de réir an ailt seo ar na himeachtaí ag aon chruinniú ginearálta den chuideachta nó ag aon chruinniú de stiúrthóirí nó de choiste stiúrthóirí, ansin, go dtí go gcruthófar a mhalairt, measfar go ndearnadh an cruinniú a thionól agus a chomóradh go cuí, agus na himeachtaí go léir a bhí ann a bheith ann go cuí, agus measfar gach stiúrthóir nó leachtaitheoir a ceapadh a bheith ceaptha go bailí.

(4) Má mhainníonn cuideachta fo-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Scrúdú leabhar miontuairiscí.

146. —(1) Déanfar na leabhair ina mbeidh na miontuairiscí ar imeachtaí aon chruinnithe ghinearálta de chuideachta a thionólfar tar éis an dáta feidhme a choimeád in oifig chláraithe na cuideachta, agus beidh siad ar fáil chun a scrúdaithe ag aon chomhalta gan táille a íoc le linn uaire gnó (ach sin faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an chuideachta lena hairteagail nó i gcruinniú ginearálta, ionas go lamhálfar 2 uair a chloig ar a laghad gach lá lena scrúdú).

(2) Beidh teideal ag aon chomhalta chun go bhfaighidh sé, laistigh de 7 lá tar éis dó sin a iarraidh ar an gcuideachta, cóip d'aon mhiontuairiscí mar a dúradh ar tháille nach mó ná scilling in aghaidh gach 100 focal.

(3) Má dhiúltaítear cead chun aon scrúdú a éileofar faoin alt seo a dhéanamh nó mura gcuirfear ar aghaidh, laistigh den tréimhse chuí, aon chóip a éileofar faoin alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £25 in aghaidh gach ciona a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(4) I gcás aon diúltú nó mainneachtain den sórt sin a dhéanamh féadfaidh an chúirt, le hordú, a éigniú go gcuirfear na leabhair i dtaobh imeachtaí uile cruinnithe ginearálta faoi scrúdú nó a ordú go ndéanfar na cóipeanna a éilíodh a chur chuig na daoine a d'éiligh iad.

Cuntais agus Iniúchadh.

Leabhair chuntais a choimeád.

147. —(1) Cuirfidh gach cuideachta faoi deara go gcoimeádfar leabhair chuntais mar is cuí a bhainfidh—

(a) leis na suimeanna airgid go léir a gheobhaidh agus a chaithfidh an chuideachta agus leis na nithe a bhfuarthas agus ar caitheadh iad ina leith;

(b) leis na hearraí uile a dhíolfaidh agus a cheannóidh an chuideachta;

(c) le sócmhainní agus dliteanais na cuideachta.

(2) Chun críocha fho-alt (1), ní mheasfar leabhair chuntais a bheith á gcoimeád mar is cuí maidir leis na hábhair réamhráite mura gcoimeádtar na leabhair is gá chun léargas fíorcheart a thabhairt ar staid chúrsaí na cuideachta agus chun a hidirbhearta a mhíniú.

(3) Faoi réir fho-alt (4), coimeádfar na leabhair chuntais in oifig chláraithe na cuideachta nó i cibé áit eile is cuí leis na stiúrthóirí, agus beidh siad ar fáil gach tráth réasúnach chun a scrúdaithe ag na stiúrthóirí.

(4) Má choimeádtar leabhair chuntais in áit lasmuigh den Stát, cuirfear go dtí áit sa Stát, agus coimeádfar ann, agus beidh ar fáil gach tráth réasúnach chun a scrúdaithe ag na stiúrthóirí, cibé cuntais agus tuairisceáin ar an ngnó lena ndéileáiltear sna leabhair chuntais a choimeádtar amhlaidh a chuirfidh i bhfios go réasúnta cruinn cad é an staid airgeadais atá ar an ngnó sin i gceann tréimhsí nach faide ó chéile ná 6 mhí agus a bhéarfaidh go bhféadfar a ullmhú de réir an Achta seo clár comhardaithe na cuideachta, a cuntas sochair agus dochair nó a cuntas ioncaim agus caiteachais, agus aon doiciméad a bheidh i gceangal le haon cheann de na doiciméid sin ag tabhairt eolais is gá de réir an Achta seo agus a cheadaítear dá réir a thabhairt amhlaidh.

(5) Déanfaidh an chuideachta gach taifead is gá a choimeád faoin alt seo a chaomhnú go ceann sé bliana tar éis an dáta lena mbaineann an taifead.

(6) Má mhainníonn aon duine is stiúrthóir ar chuideachta gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an chuideachta ceanglais an ailt seo, nó má bhíonn sé trína ghníomh toiliúil féin ina chúis le haon mhainneachtain ag an gcuideachta faoin alt seo, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air i leith gach ciona, sa dóigh, áfach,—

(a) in aon imeachtaí in aghaidh duine i leith ciona faoin alt seo arb é a bheidh ann mainneachtain i mbearta réasúnacha a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfadh an chuideachta ceanglais an ailt seo, gur cosaint é a chruthú go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa féachaint chuige go gcomhlíonfaí na ceanglais sin agus go raibh an duine sin i gcaoi an dualgas sin a dhéanamh; agus

(b) nach gcuirfear pianbhreith príosúnachta ar dhuine i leith ciona den sórt sin murab é tuairim na cúirte a dhéileálfaidh leis an gcás go ndearnadh an cion go toiliúil.

Cuntas sochair agus dochair agus clár comhardaithe.

148. —(1) Ar dháta éigin nach déanaí ná 18 mí tar éis an chuideachta a chorprú, agus ina dhiaidh sin uair amháin ar a laghad i ngach bliain féilire, leagfaidh stiúrthóirí gach cuideachta faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta cuntas sochair agus dochair nó, i gcás cuideachta nach bhfuil ag trádáil le haghaidh brabúis, cuntasioncaim agus caiteachais, don tréimhse, i gcás an chéad chuntais, ó corpraíodh an chuideachta, agus in aon chás eile, ón gcuntas roimhe sin, agus é déanta amach anuas go dtí dáta nach luaithe ná 9 mí roimh dháta an chruinnithe.

(2) Cuirfidh na stiúrthóirí faoi deara go ndéanfar amach i ngach bliain féilire, agus go leagfar faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta, clár comhardaithe amhail ar an dáta a mbeidh an cuntas sochair agus dochair nó an cuntas ioncaim agus caiteachais, cibé acu é, déanta amach anuas go dtí é.

(3) Má mhainníonn aon duine is stiúrthóir ar chuideachta gach beart réasúnach a dhéanamh chun forálacha an ailt seo a chomhlíonadh, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air i leith gach ciona, sa dóigh, áfach,—

(a) in aon imeachtaí in aghaidh duine i leith ciona faoin alt seo, gur cosaint é a chruthú go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa féachaint chuige go gcomhlíonfaí an t-alt seo agus go raibh an duine sin i gcaoi an dualgas sin a dhéanamh; agus

(b) nach gcuirfear pianbhreith príosúnachta ar dhuine i leith ciona den sórt sin murab é tuairim na cúirte a dhéileálfaidh leis an gcás go ndearnadh an cion go toiliúil.

Ábhair agus foirm na gcuntas; ríomh na mbrabús agus na gcaillteanas, agus mar a dhéileálfar leo.

149. —(1) Tabharfaidh gach clár comhardaithe ó chuideachta léargas fíorcheart ar staid chúrsaí na cuideachta amhail mar a bhí i ndeireadh a bliana airgeadais, agus tabharfaidh gach cuntas sochair agus dochair ó chuideachta léargas fíorcheart ar bhrabús nó caillteanas na cuideachta don bhliain airgeadais.

(2) Ní foláir clár comhardaithe cuideachta agus a cuntas sochair agus dochair a bheith de réir cheanglais an Séú Sceideal sa mhéid go mbaineann siad leo.

(3) Ach amháin mar a fhoráiltear go sainráite sna forálacha ina dhiaidh seo den alt seo nó i gCuid III den Séú Sceideal, ní dhéanfaidh ceanglais fho-alt (2) agus an Séú Sceideal dochar do cheanglais ghinearálta fho-alt (1) ná d'aon cheanglais eile san Acht seo.

(4) Ní bhainfidh fo-ailt (1) agus (2) le cuntas sochair agus dochair cuideachta más rud é—

(a) go bhfuil fochuideachtaí ag an gcuideachta; agus

(b) go mbeidh an cuntas sochair agus dochair cumtha ina chuntas comhdhlúite sochair agus dochair a dhéileálann le gach ceann nó aon cheann d'fhochuideachtaí na cuideachta maraon leis an gcuideachta féin; agus—

(i) go gcomhlíonfaidh sé ceanglais an Achta seo maidir le cuntais chomhdhlúite sochair agus dochair, agus

(ii) go dtaispeánfaidh sé cé mhéad den sochar nó den dochar comhdhlúite don bhliain airgeadais a ndéileáiltear leis i gcuntais na cuideachta.

(5) Ní dhéanfar, chun críche ar bith, na brabúis nó na caillteanais is inchurtha i leith aon scaireanna i bhfochuideachta atá á sealbhú de thuras na huaire ag cuideachta shealbhaíochta nó ag aon cheann eile dá fochuideachtaí, a áireamh i gcuntais na cuideachta sealbhaíochta mar bhrabúis nó caillteanais ioncaim sa mhéid gur brabúis nó caillteanais iad don tréimhse roimh an dáta a fuair, nó ar amhail uaidh a fuair, an chuideachta nó aon cheann dá fochuideachtaí na scaireanna, agus chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil aon bhrabúis nó caillteanais le háireamh mar bhrabúis nó caillteanais don tréimhse sin, féadfar an brabús nó an caillteanas d'aon bhliain airgeadais ag an bhfochuideachta, mura bhfuil sé praiticiúil é a chionroinnt go reasúnta cruinn faoi threoir na bhfíoras, a áireamh mar bhrabús nó caillteanas a bhí ag faibhriú ó lá go lá i gcaitheamh na bliana sin agus é a chionroinnt dá réir sin. Ar choinníoll, áfach, más deimhin leis na stiúrthóirí agus na hiniúchóirí, agus go ndeimhneoidh siad amhlaidh, go mbeadh sé cóir agus réasúnach agus nach ndéanfadh sé dochar do chearta agus do leasanna aon duine, go bhféadfar na brabúis nó na caillteanais is inchurtha i leith aon scaireanna i bhfochuideachta a áireamh ar dhóigh seachas de réir an fho-ailt seo.

(6) (a) Ní dhéanfar barrachas caipitil as athluacháil ar shócmhainní dochta neamhréadaithe a áireamh mar bharrachas atá ar fáil, go díreach ná go neamhdhíreach, lena dháileadh i ndíbhinní ná chun íoc as bintiúir nó as stoc iasachta eile ná chun glaochanna a íoc ar scaireanna páirtíoctha.

(b) Féadfar glanbharrachas caipitil neamhréadaithe (a bunaíodh trí athluacháil bona fide ar shocmhainní dochta uile na cuideachta) de bhreis ar leabhar-luach na sócmhainní roimhe sin a úsáid chun íoc as scaireanna neamheisithe de chuid na cuideachta, seachas scaireanna tosaíochta infhuascailte, atá le heisiúint chun comhaltaí mar scaireanna bónais láníoctha.

(7) Má mhainníonn aon duine is stiúrthóir ar chuideachta gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar, i ndáil le haon chuntas a leagfar faoi bhráid cruinniú ginearálta bliantúil cuideachta, comhlíonadh ar an alt seo agus ar cheanglais eile an Achta seo, maidir leis na hábhair atá le lua i gcuntais, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air i leith gach ciona, sa dóigh, áfach—

(a) in aon imeachtaí in aghaidh duine i leith ciona faoin alt seo, gur cosaint é a chruthú go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa féachaint chuige go gcomhlíonfaí na forálacha sin nó na ceanglais eile sin, cibé acu é, agus go raibh an duine sin i gcaoi an dualgas sin a dhéanamh; agus

(b) nach gcuirfear pianbhreith príosúnachta ar dhuine i leith aon chiona den sórt sin murab é tuairim na cúirte a dhéileálfaidh leis an gcás go ndearnadh an cion go toiliúil.

(8) Chun críocha an ailt seo agus na bhforálacha ina dhiaidh seo den Acht seo, mura léir a mhalairt d'inntin—

(a) folóidh aon tagairt do chlár comhardaithe, nó do chuntas sochair agus dochair, aon nótaí ar an gcéanna nó aon doiciméad a bheidh i gceangal leis ag tabhairt eolais is gá de réir an Achta seo agus a cheadaítear dá réir a thabhairt amhlaidh; agus

(b) áireofar aon tagairt do chuntas sochair agus dochair, i gcás cuideachta nach bhfuil ag trádáil le haghaidh brabúis, mar thagairt dá cuntas ioncaim agus caiteachais, agus déanfar tagairtí do bhrabús nó do chaillteanas agus, i gcás fochuideachtaí a bheith ag an gcuideachta, tagairtí do chuntas comhdhlúite sochair agus dochair, a fhorléiriú dá réir sin.

Oibleagáid chun grúpchuntais a leagan faoi bhráid cuideachta sealbhaíochta.

150. —(1) I gcás fochuideachtaí a bheith ag cuideachta i ndeireadh a bliana airgeadais, déanfar, faoi réir fho-alt (2), agus, i gcás cuideachta phríobháideach, faoi réir alt 154, cuntais nó ráitis (dá ngairtear “grúpchuntais” san Acht seo) a dhéileálann mar a luaitear anseo ina dhiaidh seo le staid chúrsaí, agus le brabús nó caillteanas, na cuideachta agus na bhfochuideachtaí (lena n-áirítear na cinn atá faoi leachtú), a leagan faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta nuair a bheidh clár comhardaithe na cuideachta féin agus a cuntas sochair agus dochair á leagan faoina bhráid amhlaidh.

(2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1)—

(a) ní gá grúpchuntais más rud é go bhfuil an cuideachta i ndeireadh a bliana airgeadais ina fochuideachta ar lánúinéaracht ag comhlacht corpraithe eile a corpraíodh sa Stát; agus

(b) ní gá go ndéileálfadh grúpchuntais le fochuideachta don chuideachta más é tuairim stiúrthóirí na cuideachta—

(i) go bhfuil sé neamhphraiticiúil, nó nach mbeadh aon fhíorthairbhe ann do chomhaltaí na cuideachta, ag féachaint do na suimeanna beagthábhachta atá i gceist, nó go dtiocfadh costas nó moill de nach mbeadh i gcothrom leis an tairbhe a bheadh ann do chomhaltaí na cuideachta, nó

(ii) go mbeadh an toradh míthreorach; agus má bhíonn na stiúrthóirí ar an tuairim sin i dtaobh gach ceann d'fhochuideachtaí na cuideachta, ní gá grúpchuntais.

(3) Mura ndéileálann na grúpchuntais le fochuideachta don chuideachta, beidh teideal ag aon chomhalta den chuideachta chun go bhfaighidh sé in aisce, laistigh de 14 lá tar éis dó é sin a iarraidh ar an gcuideachta, cóip den chlár comhardaithe is déanaí ón bhfochuideachta sin a cuireadh chuig comhaltaí na fochuideachta sin, maraon le cóip de gach doiciméad is gá de réir dlí a bheith i gceangal leis agus cóip de thuarascálacha na stiúrthóirí agus na n-iniúchóirí.

Mura ndéanfar aon chóip a iarrfar faoin bhfo-alt seo a chur ar aghaidh laistigh den am cuí, dlífear fíneáil nach mó ná £100 i leith gach ciona a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain mura gcruthófar go ndearna an comhalta éileamh ar chóip agus gur tugadh dó í cheana féin, agus i gcás aon mhainneachtain faoin bhfo-alt seo féadfaidh an chúirt a ordú go ndéanfar na cóipeanna a iarradh a chur chuig an gcomhalta a d'iarr iad.

(4) Má mhainníonn aon duine is stiúrthóir ar chuideachta gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar, maidir leis an gcuideachta, fo-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air i leith gach ciona, sa dóigh, áfach—

(a) in aon imeachtaí in aghaidh duine i leith ciona faoin alt seo, gur cosaint é a chruthú go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa féachaint chuige go gcomhlíonfaí forálacha an ailt seo agus go raibh an duine sin i gcaoi an dualgas sin a dhéanamh; agus

(b) nach gcuirfear pianbhreith príosúnachta ar dhuine i leith ciona faoin alt seo murab é tuairim na cúirte a dhéileálfaidh leis an gcás go ndearnadh an cion go toiliúil.

(5) Chun críocha an ailt seo, measfar comhlacht corpraithe a bheith ina fhochuideachta atá ar lánúinéireacht ag comhlacht corpraithe eile mura bhfuil de chomhaltaí aige ach an comhlacht corpraithe eile sin agus na fochuideachtaí atá ar lánúinéireacht aige agus ainmnithigh an chomhlachta chorpraithe eile sin nó na bhfochuideachtaí sin.

Foirm na ngrúpchuntas.

151. —(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh na grúpchuntais a leagfar faoi bhráid an chruinnithe ghinearálta bhliantúil de chuideachta shealbhaíochta ina gcuntais chomhdhlúite agus beidh iontu—

(a) clár comhardaithe comhdhlúite a dhéileálfaidh le staid chúrsaí na cuideachta agus na bhfochuideachtaí go léir a bhfuil déileáil le déanamh leo i ngrúpchuntais;

(b) cuntas comhdhlúite sochair agus dochair a dhéileálfaidh le brabús nó caillteanas na cuideachta agus na bhfochuideachtaí sin.

(2) Más é tuairim stiúrthóirí na cuideachta gur fearr sin—

(a) chun an t-eolas céanna nó eolas comhionann a thabhairt ar staid chúrsaí na cuideachta agus na bhfochuideachtaí sin agus ar a mbrabús nó a gcaillteanas; agus

(b) chun é a thabhairt ar chuma go mbeidh sé sothuigthe ag comhaltaí na cuideachta;

féadfar na grúpchuntais a ullmhú i bhfoirm seachas an ceann a fhoráiltear le fo-alt (1), agus go háirithe féadfaidh níos mó ná sraith amháin a bheith iontu de chuntais chomhdhlúite agus iad ag déileáil faoi seach leis an gcuideachta agus le grúpa amháin fochuideachtaí agus le grúpaí eile fochuideachtaí, nó de chuntais leithleacha a dhéileálfaidh le gach ceann de na fochuideachtaí, nó de ráitis a fhairsingeoidh an t-eolas ar na fochuideachtaí a bheidh i gcuntais na cuideachta féin, nó aon teaglaim de na foirmeacha sin.

(3) Féadfar na grúpchuntais a chorprú go hiomlán nó go páirteach i gclár comhardaithe agus i gcuntas sochair agus dochair na cuideachta féin.

Na hábhair a bheidh i ngrúpchuntais.

152. —(1) Tabharfaidh na grúpchuntais a leagfar faoi bhráid an chruinnithe ghinearálta bhliantúil de chuideachta léargas fíorcheart ar staid chúrsaí, agus ar bhrabús nó caillteanas, na cuideachta agus na bhfochuideachtaí lena ndéileálann siad ina n-iomláine, chomh fada is a bhaineann le comhaltaí na cuideachta.

(2) Murab ionann bliain airgeadais fochuideachta agus bliain airgeadais na cuideachta sealbhaíochta, déileálfaidh na grúpchuntais le staid chúrsaí na fochuideachta amhail mar a bhí i ndeireadh na bliana airgeadais aici a chríochnaigh ar aon dáta le bliain airgeadais na cuideachta sealbhaíochta nó ba dhéanaí a chríochnaigh roimhe sin, agus le brabús nó caillteanas na fochuideachta don bhliain airgeadais sin.

(3) Gan dochar d'fho-alt (1), más mar chuntais chomhdhlúite a ullmhófar na grúpchuntais comhlíonfaidh siad ceanglais an Séú Sceideal a mhéid is infheidhme iad maidir leo, agus mura n-ullmhófar iad amhlaidh tabharfaidh siad an t-eolas céanna nó a chomhionann d'eolas.

Bliain airgeadais chuideachta sealbhaíochta agus fhochuideachta.

153. —(1) Cuirfidh stiúrthóirí cuideachta sealbhaíochta in áirithe go mbeidh bliain airgeadais gach ceann dá fochuideachtaí i gcomhthráth le bliain airgeadais na cuideachta féin ach amháin i gcás ina mbeidh cúiseanna maithe ina aghaidh sin.

(2) Má fheictear don Aire go bhfuil sé inmhianaithe go ndéanfadh cuideachta shealbhaíochta nó fochuideachta do chuideachta shealbhaíochta a bliain airgeadais a fhadú ionas go gcríochnódh bliain airgeadais na fochuideachta ar aon dáta le bliain airgeadais na cuideachta sealbhaíochta, agus chun na críche sin go gcuirfí siar ó bhliain féilire áirithe go dtí an bhliain féilire ina dhiaidh sin leagan na gcuntas iomchuí faoi bhráid cruinnithe ghinearálta bhliantúil, féadfaidh an tAire, ar iarratas, nó le toiliú, stiúrthóirí na cuideachta a mbeidh a bliain airgeadais le fadú, a ordú, i gcás na cuideachta sin, nach gá cuntais a leagan faoi bhráid cruinnithe ghinearálta bhliantúil, ná cruinniú ginearálta bliantúil a thionól, ná tuairisceán bliantúil a thabhairt, sa bhliain is túisce de na blianta féilire sin.

(3) Má mhainníonn aon duine is stiúrthóir ar chuideachta gach beart réasúnach a dhéanamh chun a airithiú go gcomhlíonfaidh an chuideachta forálacha an ailt seo, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fineáil nach mó ná £50 a chur air i leith gach ciona,

(4) Ní thionscnófar aon imeachtaí faoin alt seo ach amháin ag an Aire nó lena thoiliú.

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le cuideachta phríobháideach is cuideachta shealbhaíochta agus a bhainfidh leas as fo-alt (1) d'alt 154.

Ceart comhalta de chuideachta phríobháideach chun clár comhardaithe fochuideachta a fháil.

154. —(1) D'ainneoin alt 150, ní gá do chuideachta phríobháideach is cuideachta shealbhaíochta grúpchuntais a ullmhú, ach mura ndéanfaidh sí amhlaidh beidh feidhm ag na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo.

(2) Beidh teideal ag aon chomhalta den chuideachta chun go bhfaighidh sé in aisce, laistigh de 14 lá tar éis dó é sin a iarraidh ar an gcuideachta, cóip den chlár comhardaithe is déanaí ó gach ceann dá fochuideachtaí a cuireadh chuig comhaltaí na fochuid eachta sin, maraon le cóip de gach doiciméad is gá de réir dlí a bheith i gceangal leis agus cóip de thuarascálacha na stiúrthóirí agus na n-iniúchóirí.

(3) Gan dochar d'fho-alt (2), beidh teideal ag aon chomhalta den chuideachta chun go bhfaighidh sé, laistigh de 14 lá tar éis dó é sin a iarraidh ar an gcuideachta, cóip d'aon chlár comhardaithe (lena n-áirítear gach doiciméad is gá de réir dlí a bheith i gceangal leis agus cóip de thuarascálacha na stiúrthóirí agus na n-iniúchóirí) ó aon fhochuideachta don chuideachta a leagadh faoi bhráid aon chruinnithe ghinearálta bhliantúil den fhochuideachta sin a tionóladh ón dáta feidhme i leith, ar tháille nach mó ná 2 scilling a íoc ar gach clár comhardaithe a chuirfear ar fáil amhlaidh, sa dóigh, áfach, nach mbeidh comhalta i dteideal cóip a fháil d'aon chlár comhardaithe a leagadh faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil a tionóladh breis is 10 mbliana roimh an dáta a iarrfar sin.

(4) Ní gá cóipeanna de chláir chomhardaithe a chur chuig aon chomhalta de chuideachta phríobháideach, más rud é, ar iarratas ón gcuideachta nó ó aon duine a bheidh á éileamh gur duine éagóirithe é, gur deimhin leis an gcúirt go bhfuil na cearta a thugtar leis an alt seo á mí-úsáid, agus féadfaidh an chúirt a ordú go mbeidh costais na cuideachta i gcás iarratais faoin bhfo-alt seo le híoc go hiomlán nó go páirteach ag an gcomhalta a d'iarr na cóipeanna sin.

(5) Faoi réir fho-alt (4), mura ndéanfar aon chóip a iarrfar faoin alt seo a chur ar aghaidh laistigh den am cuí, dlífear fíneáil nach mó ná £100 i leith gach ciona a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, mura gcruthófar go ndearna an comhalta éileamh ar chóip agus gur tugadh dó í cheana féin.

(6) I gcás aon mhainneachtain faoin alt seo, féadfaidh an chúirt a ordú go ndéanfar na cóipeanna a éilíodh a chur chuig an gcomhalta a d'éiligh iad.

Míniú ar “cuideachta shealbhaíochta” agus “fochuideachta”.

155. —(1) Chun críocha an Achta seo, measfar, faoi réir fho-alt (3), cuideachta a bheith ina fochuideachta do chuideachta eile i gcás, agus sa chás sin amháin—

(a) an chuideachta eile sin—

(i) a bheith ina comhalta di agus ceannas a bheith aici ar chomhdhéanamh a boird stiúrthóirí, nó

(ii) a bheith i seilbh breis is a leath, de réir luacha ainmniúil, dá scairchaipiteal cothromais, nó

(iii) a bheith i seilbh breis is a leath, de réir luacha ainmniúil, de na scaireanna inti a ngabhann cearta vótála leo (seachas cearta vótála nach n-éireoidh ach amháin in imthosca sonraithe); nó

(b) an chuideachta chéadluaite a bheith ina fochuideachta d'aon chuideachta is fochuideachta don chuideachta eile sin.

(2) Chun críocha fho-alt (1), measfar comhdhéanamh bord stiúrthóirí cuideachta a bheith faoi cheannas cuideachta eile i gcás, agus sa chás sin amháin, ina bhféadfaidh an chuideachta eile sin, trí chumhacht éigin is infheidhmithe aici a fheidhmiú gan toiliú ná comhthoiliú aon duine eile, sealbhóirí na stiúrthóireachtaí go léir, nó a bhformhór, a cheapadh nó a chur as oifig; ach chun críocha na forála seo, measfar cumhacht a bheith ag an gcuideachta eile sin duine a cheapadh chun stiúrthóireachta a gcomhlíontar aon choinníoll acu seo a leanas ina leith—

(a) nach féidir duine a cheapadh chuici gan an chuideachta eile sin cumhacht den sórt a luaitear a fheidhmiú ina fhabhar; nó

(b) go leanann ceapadh duine chuici, de riachtanas, as a cheapadh ina stiúrthóir ar an gcuideachta eile sin.

(3) Chun a chinneadh cé acu atá cuideachta ina fochuideachta do chuideachta eile nó nach bhfuil—

(a) déanfar aon scaireanna atá ar seilbh, nó aon chumhacht is infheidhmithe, ag an gcuideachta eile sin i gcáil mhuiníneach a áireamh mar scaireanna nach bhfuil ar seilbh, nó mar chumhacht nach bhfuil infheidhmithe, aici;

(b) faoi réir míreanna (c) agus (d), déanfar aon scaireanna a bheidh ar seilbh nó aon chumhacht is infheidhmithe—

(i) ag aon duine mar ainmnitheach le haghaidh na cuideachta eile sin (taobh amuigh de chás nach bhfuil cúram ar an gcuideachta eile sin ach amháin i gcáil mhuiníneach); nó

(ii) ag fochuideachta, nó ag ainmnitheach le haghaidh fochuideachta, den chuideachta eile sin, nuair nach fochuideachta í gan cúram uirthi ach amháin i gcáil mhuiníneach;

a áireamh mar scaireanna atá ar seilbh, nó mar chumhacht is infheidhmithe, ag an gcuideachta eile sin;

(c) tabharfar neamhaird ar aon scaireanna a bheidh ar seilbh, nó ar aon chumhacht is infheidhmithe, ag aon duine de bhua forálacha aon bhintiúir de chuid na cuideachta céadluaite nó forálacha gníomhais iontaobhais chun aon eisiúint bintiúr den sórt sin a urrú;

(d) déanfar aon scaireanna a bheidh ar seilbh, nó aon chumhacht is infheidhmithe, ag an gcuideachta eile sin nó ag a fochuideachta nó ag ainmnitheach lena haghaidh (agus nach bhfuil ar seilbh nó infheidhmithe mar a luaitear i mír (c) a áireamh mar scaireanna nach bhfuil ar seilbh, nó mar chumhacht nach bhfuil infheidhmithe, ag an gcuideachta eile sin más cuid de ghnáthghnó na cuideachta eile sin nó a fochuideachta, cibé acu é, airgead a thabhairt ar iasacht, agus nach bhfuil na scaireanna ar seilbh, nó an chumhacht infheidhmithe, mar a dúradh ach amháin mar urrús chun críocha idirbhirt a rinneadh i ngnáthchúrsa an ghnó sin.

(4) Chun críocha an Achta seo, measfar cuideachta a bheith ina cuideachta shealbhaíochta ag cuideachta eile i gcás, agus sa chás sin amháin, an chuideachta eile sin a bheith ina fochuideachta di.

(5) San alt seo folaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe agus ciallaíonn “scairchaipiteal cothromais”, maidir le cuideachta, a scairchaipiteal eisithe taobh amuigh d'aon chuid de nach bhfuil, ó thaobh díbhinní ná ó thaobh caipitil, aon cheart ag gabháil léi chun bheith rannpháirteach thar mhéid sonraithe i ndáileadh.

Siniú an chláir chomhardaithe agus an chuntais sochair agus dochair.

156. —(1) Ní folair gach clár comhardaithe agus gach cuntas sochair agus dochair ó chuideachta a bheith sínithe thar ceann na stiúrthóirí ag beirt de stiúrthóirí na cuideachta.

(2) I gcás cuideachta bhaincéireachta a cláraíodh tar éis an 15ú lá de Lúnasa, 1879, ní foláir an clár comhardaithe agus an cuntas sochair agus dochair a bheith sínithe ag an rúnaí agus, má tá níos mó ná trí stiúrthóir ar an gcuideachta, ag triúr ar a laghad de na stiúrthóirí sin, agus mura bhfuil níos mó ná trí stiúrthóir ann ag na stiúrthóirí go léir.

(3) Má dhéantar aon chóip de chlár comhardaithe nó de chuntas sochair agus dochair nár síníodh mar is gá de réir an ailt seo a eisiúint, a scaipeadh nó a fhoilsiú, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(4) Ní chuirfidh fo-alt (3) toirmeasc le heisiúint, scaipeadh ná foilsiú a dhéanamh—

(a) ar choimriú cóir cruinn ar aon chuntas sochair agus dochair agus clár comhardaithe agus ar thuarascáil na n-iniúchóirí ina dtaobh tar éis an cuntas sochair agus dochair sin agus an clár comhardaithe sin a bheith sínithe thar ceann na stiúrthóirí;

(b) ar choimriú cóir cruinn ar fhigiúirí an bhrabúis nó an chaillteanais do chuid de bhliain airgeadais na cuideachta.

Doiciméid atá le bheith ag gabháil agus i gceangal leis an gclár comhardaithe.

157. —(1) Déanfar an cuntas sochair agus dochair agus, sa mhéid nach mbeidh siad corpraithe sa chlár comhardaithe ná sa chuntas sochair agus dochair, aon ghrúpchuntais a leagfar faoi bhráid an chruinnithe ghinearálta bhliantúil de chuideachta a chur i gceangal leis an gclár comhardaithe, agus déanfar tuarascáil na n-iniúchóirí a chur ag gabháil leis, agus ní foláir aon chuntais a bheidh i gceangal amhlaidh a bheith ceadaithe ag an mbord stiúrthóirí sula síneofar an clár comhardaithe agus an cuntas sochair agus dochair thar a gceann.

(2) Má dhéantar aon chóip de chlár comhardaithe a eisiúint, a scaipeadh nó a fhoilsiú gan fo-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Tuarascáil na stiúrthóirí a bheith ag gabháil leis an gclár comhardaithe, agus ábhair na tuarascála sin.

158. —(1) Cuirfear ag gabháil le gach clár comhardaithe a leagfar faoi bhráid an chruinnithe ghinearálta bhliantúil de chuideachta tuarascáil ó na stiúrthóirí ar staid chúrsaí na cuideachta agus, más cuideachta shealbhaíochta í, ar staid chúrsaí na cuideachta agus a fochuideachtaí mar ghrúpa, an méid, más ann, a mholann siad ba chóir a íoc mar dhíbhinn agus an méid, más ann, a bheartaíonn siad a chur i gcúlchistí de réir bhrí an Séú Sceideal.

(2) Ní foláir an tuarascáil sin a bheith sínithe thar ceann na stiúrthóirí ag beirt de stiúrthóirí na cuideachta.

(3) Déileálfaidh an tuarascáil sin, chomh fada is atá sé fóinteach chun staid chúrsaí na cuideachta a mheas, le haon athrú a tháinig i rith na bliana airgeadais ar an gcineál gnó a rinne an chuideachta, nó fochuideachtaí na cuideachta, nó ar na cineálacha gnó ina bhfuil leas ag an gcuideachta, cibé acu mar chomhalta de chuideachta eile nó ar dhóigh eile é.

(4) Tabharfar sa tuarascáil sin liosta de chomhlachtal corpraithe a mbeidh ceachtar de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta ina leith i ndeireadh bhliain airgeadais na cuideachta—

(a) go bhfuil an comhlacht corpraithe ina fhochuideachta don chuideachta;

(b) cé nach fochuideachta don chuideachta an comhlacht corpraithe, go bhfuil teideal tairbhiúil ag an gcuideachta chun breis is 20 faoin gcéad, de réir luacha ainmniúil, de na scaireanna inti lena ngabhann cearta vótála (seachas cearta vótála nach n-éireoidh ach in imthosca sonraithe).

(5) Sa liosta dá dtagraítear i bhfo-alt (4), déanfar idirdhealú idir comhlachtaí corpraithe a thagann faoi mhír (a) agus na cinn a thagann faoi mhír (b) den fho-alt sin, agus luafar ann maidir le gach comhlacht corpraithe acu sin

(a) a ainm;

(b) cár corpraíodh é; agus

(c) an cineál gnó atá á sheoladh aige.

(6) Ní bhainfidh fo-ailt (4) agus (5) le cuideachta arb é a príomhghnó scaireanna nó urrúis eile de chuid cuideachtaí atá ag seoladh trádála nó tionscail sa Stát a fháil agus a fhrithghealladh agus a bhfuil deimhniú díolúine aici a d'eisigh an tAire á díolmhú ó cheanglais na bhfo-alt seo.

(7) Má mhainníonn aon duine, is stiúrthóir ar chuideachta, gach beart réasúnach a dhéanamh chun ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air i leith gach ciona, sa dóigh, áfach—

(a) in aon imeachtaí in aghaidh duine i leith ciona faoin alt seo, gur cosaint é a chruthú go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa féachaint chuige go gcomhlíonfaí forálacha an ailt seo agus go raibh an duine sin i gcaoi an dualgas sin a dhéanamh, agus

(b) nach ndlífear pianbhreith príosúnachta a chur ar dhuine i leith ciona den sórt sin, murab é tuairim na cúirte a dhéileálfaidh leis an gcás go ndearnadh an coin go toiliúil.

Oibleagáid ar chuideachta cóipeanna de chláir chomhardaithe agus de thuarascálacha stiúrthóirí agus iniúchóirí a chur chuig comhaltaí.

159. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), déanfar cóip de gach clár comhardaithe, lena n-áirítear gach doiciméad is gá de réir dlí a bheith i gceangal leis, a bheidh le leagan faoi bhráid an chruinnithe ghinearálta bhliantúil de chuideachta, maraon le cóip de thuarascálacha na stiúrthóirí agus na n-iniúchóirí, a chur amach, 21 lá ar a laghad roimh dháta an chruinnithe, chuig gach comhalta den chuideachta (cibé acu atá nó nach bhfuil sé i dteideal fógraí a fháil faoi chruinnithe ginearálta na cuideachta), chuig gach bintiúrach de chuid na cuideachta (cibé acu atá nó nach bhfuil sé i dteideal amhlaidh), agus chuig gach duine seachas comhaltaí nó bintiúraigh na cuideachta a bheidh i dteideal amhlaidh.

(2) I gcás cuideachta gan scairchaipiteal, ní cheanglóidh fo-alt (1) go mbeidh cóip de na doiciméid dá dtagraítear san fho-alt sin le cur chuig comhalta den chuideachta nach bhfuil i dteideal fógraí a fháil faoi chruinnithe ginearálta na cuideachta ná chuig bintiúrach de chuid na cuideachta nach bhfuil i dteideal amhlaidh.

(3) Má dhéantar na cóipeanna de na doiciméid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chur amach faoi bhun 21 lá roimh dháta an chruinnithe, measfar, dá ainneoin sin, iad a bheith curtha amach go cuí má chomhaontaítear amhlaidh ag na comhaltaí uile atá i dteideal bheith i láthair agus vótáil ag an gcruinniú.

(4) Beidh aon chomhalta de chuideachta, cibé acu atá nó nach bhfuil teideal aige chun go gcuirfí cóipeanna chuige de chláir chomhardaithe na cuideachta, agus aon bhintiúrach de chuid na cuideachta, cibé acu atá nó nach bhfuil teideal aige amhlaidh, i dteideal cóip de chlár comhardaithe deiridh na cuideachta, lena n-áirítear gach doiciméad is gá de réir dlí a bheith i gceangal leis, maraon le cóipeanna de thuarascálacha na stiúrthóirí agus na n-iniúchóirí, a fháil in aisce ar iad a éileamh.

(5) Má mhainnítear fo-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, agus más rud é, nuair a éileoidh aon duine aon doiciméad atá sé i dteideal a fháil de bhua fho-alt (4), nach ndéanfar de réir an éilimh laistigh de 7 lá tar éis an t-éileamh a dhéanamh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, mura gcruthófar go ndearna an duine sin éileamh ar chóip den doiciméad agus gur tugadh dó í cheana féin.

(6) Ní bhainfidh fo-alt (4) le clár comhardaithe ó chuideachta phríobháideach a leagfar faoina bráid roimh an dáta feidhme agus beidh ceart aon duine chun cóip a fháil d'aon chlár comhardaithe den sórt sin, agus dliteanas na cuideachta mar gheall ar mhainneachtain i gcomhlíonadh an dualgais sin, mar a bheidís dá mba nár ritheadh an tAcht seo.

Ceapadh iniúchóirí agus a luach saothair.

160. (1)— Faoi réir fho-alt (2), déanfaidh gach cuideachta ag gach cruinniú ginearálta bliantúil iniúchóir nó iniúchóirí a cheapadh chun bheith i seilbh oifige ó dheireadh an chruinnithe sin go dtí deireadh an chéad chruinnithe ghinearálta bhliantúil eile.

(2) Faoi réir fho-alt (3), déanfar, ag aon chruinniú ginearálta bliantúil, iniúchóir a bheidh ag scor dá oifig, is cuma conas a ceapadh é, a athcheapadh gan aon rún a rith, mura rud é—

(a) nach bhfuil sé cáilithe chun a athcheaptha; nó

(b) gur ritheadh rún ag an gcruinniú sin ag ceapadh duine éigin eile ina ionad nó á fhoráil go sainráite nach n-athcheapfar é; nó

(c) gur thug sé fógra i scríbhinn don chuideachta nach toil leis go n-athcheapfaí é.

(3) I gcás fógra a thabhairt go bhfuil rún á bheartú chun duine nó daoine éigin eile a cheapadh in ionad iniúchóra atá ag scor agus, mar gheall ar bhás, éagumas nó dícháilíocht an duine sin nó na ndaoine sin go léir, cibé acu é, nach féidir dul ar aghaidh leis an rún, ní dhéanfar an t-iniúchóir atá ag scor a athcheapadh, gan rún a rith, de bhua fho-alt (2).

(4) I gcás nach ndéanfar aon iniúchóirí a cheapadh ná a athcheapadh ag cruinniú ginearálta bliantúil, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh.

(5) Déanfaidh an chuideachta, laistigh de sheachtain tar éis cumhacht an Aire faoi fho-alt (4) a theacht chun bheith infheidhmithe, fógra ina thaobh sin a thabhairt don Aire agus, má mhainníonn cuideachta fógra a thabhairt mar a éilítear leis an bhfo-alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(6) Faoi réir a bhforáiltear anseo ina dhiaidh seo, féadfaidh na stiúrthóirí céad-iniúchóirí cuideachta a cheapadh aon uair roimh an gcéad chruinniú ginearálta bliantúil, agus beidh iniúchóirí a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige go dtí deireadh an chruinnithe sin, sa dóigh, áfach,—

(a) go bhféadfaidh an chuideachta ag cruinniú ginearálta aon iniúchóirí den sórt sin a chur as oifig agus aon daoine eile a cheapadh ina n-ionad is daoine a bheidh ainmnithe ag aon chomhalta den chuideachta lena gceapadh, agus ar tugadh fógra faoina n-ainmniú do chomhaltaí na cuideachta 14 lá ar a laghad roimh dháta an chruinnithe; agus

(b) má mhainníonn na stiúrthóirí a gcumhachtaí faoin bhfo-alt seo a fheidhmiú, go bhféadfaidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta na chéad-iniúchóirí a cheapadh, agus air sin go scoirfidh cumhachtaí sin na stiúrthóirí.

(7) Féadfaidh na stiúrthóirí aon chorrfholúntas in oifig iniúchóra a líonadh, ach, fad a bheidh aon fholúntas den sórt sin ann, féadfaidh an t-iniúchóir nó na hiniúchóirí a bheidh ar marthain nó a bheidh leanúnach, más ann, gníomhú.

(8) Is mar a leanas a shocrófar luach saothair iniúchóirí cuideachta—

(a) i gcás iniúchóra a cheapfaidh na stiúrthóirí nó an tAire, féadfaidh na stiúrthóirí nó an tAire, de réir mar a bheidh, é a shocrú;

(b) faoi réir mhír (a), socróidh an chuideachta é ag an gcruinniú ginearálta bliantúil nó socrófar é ar cibé modh a chinnfidh an chuideachta ag an gcruinniú ginearálta bliantúil.

Chun críocha an fho-ailt seo, measfar aon suimeanna a íocfaidh an chuideachta i leith chaiteachais na n-iniúchóirí a bheith ar áireamh sa téarma “luach saothair”.

(9) I gcás gnólacht a cheapadh faoi ainm an ghnólachta chun bheith ina n-iniúchóirí ar chuideachta, measfar gurb amhlaidh a ceapadh na daoine arb iad ó am go ham, le linn ré an cheapacháin, na comhpháirtithe sa ghnólacht sin amhail mar a bheidh sé comhdhéanta ó am go ham agus ar daoine iad atá cáilithe chun bheith ina n-iniúchóirí ar an gcuideachta sin.

Forálacha maidir le rúin a bhaineann le hiniúchóirí a cheapadh agus a chur as oifig.

161. —(1) Beidh fógra fadtréimhse, de réir bhrí alt 142, riachtanach le haghaidh rúin ag cruinniú ginearálta bliantúil de chuideachta lena gceapfar mar iniúchóir duine seachas iniúchóir atá ag scor nó lena bhforálfar go sainráite nach ndéanfar iniúchóir atá ag scor a athcheapadh.

(2) Ar fhógra a fháil go bhfuil aon rún mar a dúradh á bheartú, déanfaidh an chuideachta cóip den rún sin a chur láithreach bonn chuig an iniúchóir atá ag scor (más ann).

(3) Faoi réir fho-alt (4), nuair a thabharfar fógra faoi rún mar a dúradh a bheith á bheartú agus go gcuirfidh an t-iniúchóir a bheidh ag scor uiríolla i scríbhinn (nach mbeidh thar fhad réasúnach) faoi bhráid na cuideachta maidir leis an rún atá á bheartú, agus go n-iarrfaidh sé iad a chur in iúl do chomhaltaí na cuideachta, déanfaidh an chuideachta, mura bhfuil sé ródhéanach chun é sin a dhéanamh nuair a gheobhaidh sí na huiríolla—

(a) ráiteas a chur in aon fhógra faoin rún a thabharfar do chomhaltaí na cuideachta á rá go ndearnadh na huiríolla; agus

(b) cóip de na huiríolla a chur chuig gach comhalta den chuideachta chun a gcuirfear fógra faoin gcruinniú (cibé acu roimh na huiríolla a fháil don chuideachta nó dá éis sin é);

agus mura gcuirfear cóip de na huiríolla amach mar a dúradh, mar gheall ar iad a fháil ródhéanach nó mar gheall ar mhainneachtain na cuideachta, féadfaidh an t-iniúchóir (gan dochar dá cheart chun éisteacht a fháil do ráiteas béil uaidh) a éileamh go léifear amach na huiríolla ag an gcruinniú.

(4) Ní gá cóipeanna de na huiríolla a chur amach mar a dúradh, ná ní gá na huiríolla a léamh amach ag an gcruinniú mar a dúradh, más rud é, ar iarratas ón gcuideachta nó ó aon duine eile a bheidh á éileamh gur duine éagóirithe é, gur deimhin leis an gcúirt go bhfuil na cearta a thugtar leis an alt seo á mí-úsáid chun poiblíocht gan ghá a fháil d'ábhar clúmhillteach, agus féadfaidh an chúirt a ordú go mbeidh costais na cuideachta maidir le hiarratas faoin alt seo le híoc, go hiomlán nó go páirteach, ag an iniúchóir, d'ainneoin nach páirtí san iarratas é.

(5) Bainfidh fo-ailt (3) agus (4) le rún chun na chéad-iniúchóirí a chur as oifig de bhua fho-alt (6) d'alt 160 amhail mar a bhaineann siad le rún nach ndéanfar iniúchóir atá ag scor a athcheapadh.

Cáilíochtaí is gá do dhuine chun é a cheapadh ina iniúchóir.

162. —(1) Ní bheidh duine cáilithe lena cheapadh mar iniúchóir ar chuideachta mura rud é—

(a) gur comhalta é de chomhlacht cuntasóirí atá aitheanta de thuras na huaire chun críocha na míre seo ag an Aire; nó

(b) go bhfuil údaraithe de thuras na huaire ag an Aire é a cheapadh amhlaidh ar an ábhar gur duine é a ghnóthaigh cáilíochtaí comhionanna ar dhóigh seachas ó chomhlacht den sórt sin nó gur duine é a shaothraigh eolas agus taithí leormhaith roimh an dáta feidhme i gcúrsa a fhostaíochta ag comhalta de chomhlacht cuntasóirí atá aitheanta chun críocha mhír (a) nó gur duine é a bhí ag cleachtadh sa Stát mar chuntasóir roimh an dáta feidhme.

(2) Má chiontaítear iniúchóir i gcion coiriúil a bhainfidh nó a ghabhfaidh le comhlíonadh a dhualgas nó lena iompar mar iniúchóir, ní bheidh sé cáilithe lena cheapadh ina iniúchóir ar chuideachta gan cead na cúirte.

(3) Ní bheidh aon duine acu seo a leanas cáilithe lena cheapadh ina iniúchóir ar chuideachta—

(a) oifigeach nó seirbhíseach don chuideachta;

(b) ach amháin nuair is cuideachta phríobháideach an chuideachta, duine atá ina chomhpháirtí nó atá ar fostú ag oifigeach nó seirbhíseach de chuid na cuideachta;

(c) comhlacht corpraithe.

Déanfar tagairtí san fho-alt seo d'oifigeach nó seirbhíseach a fhorléiriú mar thagairtí nach bhfolaíonn tagairtí d'iniúchóir.

(4) Ina theannta sin, ní bheidh duine cáilithe lena cheapadh ina iniúchóir ar chuideachta má tá sé, de bhua fho-alt (3), dícháilithe lena cheapadh ina iniúchóir ar aon chomhlacht corpraithe eile arb é fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta na cuideachta sin é nó ar fochuideachta do cuideachta shealbhaíochta na cuideachta sin é, nó dá mbeadh sé dícháilithe amhlaidh dá mba rud é gur chuideachta an comhlacht corpraithe.

(5) Aon duine a ghníomhóidh ina iniúchóir ar chuideachta nuair atá sé dícháilithe faoin alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

(6) Ní bhainfidh an t-alt seo leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

Tuarascáil na n-iniúchóirí agus a gceart chun fáil a bheith acu ar leabhair agus chun bheith i láthair agus éisteacht a fháil ag cruinnithe ginearálta.

163. —(1) Tabharfaidh na hiniúchóirí tuarascáil do na comhaltaí ar na cuntais a scrúdaigh siad, agus ar gach clár comhardaithe, gach cuntas sochair agus dochair agus gach grúpchuntas a leagfar faoi bhráid na cuideachta i gcruinniú ginearálta le linn iad a bheith i seilbh oifige, agus tabharfar ráitis sa tuarascáil i dtaobh na nithe a luaitear sa Seachtú Sceideal.

(2) Léifear tuarascáil na n-iniúchóirí ag cruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta agus beidh sí ar fáil lena scrúdú ag aon chomhalta.

(3) Beidh ceart ag gach iniúchóir cuideachta chun fáil a bheith aige gach tráth réasúnach ar leabhair agus cuntais agus dearbháin na cuideachta, agus beidh sé i dteideal a cheangal ar oifigigh na cuideachta cibé eolas agus mínithe a thabhairt is dóigh leis is gá chun dualgais na n-iniúchóirí a chomhlíonadh.

(4) Beidh iniúchóirí cuideachta i dteideal bheith i láthair ag aon chruinniú ginearálta den chuideachta agus gach fógra agus gach scéala eile maidir le haon chruinniú ginearálta a fháil a bhfuil aon chomhalta den chuideachta i dteideal é a fháil, agus éisteacht a fháil ag aon chruinniú ginearálta a mbeidh siad i láthair aige i dtaobh aon chuid de ghnó an chruinnithe a bhaineann leo mar iniúchóirí.

Forléiriú tagairtí do dhoiciméid a bheidh i gceangal le cuntais.

164. —(1) Faoi réir fho-alt (2), ní fholóidh tagairtí san Acht seo do dhoiciméad a bheidh i gceangal nó is gá a bheith i gceangal le cuntais chuideachta, nó le haon cheann acu, tuarascáil na stiúrthóirí ná tuarascáil na n-iniúchóirí.

(2) Aon eolas is gá de réir an Achta seo a thabhairt i gcuntais, agus a gceadaítear leis an Acht seo é a thabhairt i ráiteas a bheidh i gceangal leo, féadfar é a thabhairt i dtuarascáil na stiúrthóirí in ionad é a thabhairt sna cuntais agus, má thugtar eolas den sórt sin amhlaidh, cuirfear an tuarascáil i gceangal leis na cuntais, agus beidh feidhm ag an Acht seo ina leith dá réir sin, ach nach dtabharfaidh na hiniúchóirí tuarascáil uirthi ach amháin sa mhéid go dtugann sí an t-eolas sin.

Cigireacht.

Imscrúdú cúrsaí cuideachta ar iarratas ó chomhaltaí.

165. —(1) Féadfaidh an tAire cigire inniúil amháin nó níos mó a cheapadh chun cúrsaí cuideachta a imscrúdú agus tuarascáil a thabhairt orthu, ar cibé modh a ordóidh an tAire—

(a) i gcás cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal, ar iarratas ó chéad comhalta ar a laghad nó ó chomhalta nó comhaltaí a shealbhaíonn an deichiú cuid ar a laghad de scairchaipiteal íoctha na cuideachta;

(b) i gcás cuideachta gan scairchaipiteal, ar iarratas ón gcúigiú cuid ar a laghad de líon na ndaoine atá ar chlár comhaltaí na cuideachta.

(2) Ní foláir cibé fianaise a theastóidh ón Aire a bheith i dtacaíocht leis an iarratas chun a thaispeáint go bhfuil cúis mhaith ag na hiarratasóirí chun an t-imscrúdú a iarraidh, agus féadfaidh an tAire, sula gceapfaidh sé cigire, a cheangal ar na hiarratasóirí urrús a thabhairt, de mhéid nach mó ná £50, chun íoc as costais an imscrúdaithe.

Imscrúdú cúrsaí cuideachta i gcásanna eile.

166. —Gan dochar dá chumhachtaí faoi alt 165—

(a) ceapfaidh an tAire cigire inniúil amháin nó níos mó chun cúrsaí cuideachta a imscrúdú agus tuarascáil a thabhairt orthu ar cibé modh a ordóidh an tAire, má dhearbhaíonn—

(i) an chuideachta le rún speisialta; nó

(ii) an chúirt le hordú;

gur cóir cúrsaí na cuideachta a chur á n-imscrúdú ag cigire a cheapfaidh an tAire, agus

(b) féadfaidh an tAire é sin a dhéanamh má fheictear dó go bhfuil imthosca ann a chuireann i gcéill—

(i) go bhfuil gnó na cuideachta á stiúradh le hintinn calaois a dhéanamh ar a creidiúnaithe nó ar chreidiúnaithe aon duine eile nó ar dhóigh eile chun críocha calaoiseacha nó neamhdhleathacha nó go bhfuil cúrsaí na cuideachta á stiúradh nó cumhachtaí na stiúrthóirí á bhfeidhmiú ar dhóigh atá leatromach ar aon chomhaltaí dá cuid nó le neamhaird ar a leasanna mar chomhaltaí den chuideachta nó gur foirmíodh í chun aon chríche atá calaoiseach nó neamhdhleathach; nó

(ii) go bhfuil daoine a raibh baint acu lena foirmiú nó le bainistíocht a cúrsaí ciontach i ndáil léi i gcalaois, i míghníomh nó i mí-iompar eile i leith na cuideachta nó i leith a comhaltaí; nó

(iii) nár tugadh dá comhaltaí an t-eolas go léir maidir lena cúrsaí a mbeadh sé réasúnach acu bheith ag súil leis.

Cumhacht cigirí chun cúrsaí cuideachtaí gaolmhara a thabhairt faoi réim imscrúdaithe.

167. —Más dóigh le cigire a cheapfar faoi ailt 165 nó 166 chun cúrsaí cuideachta a imscrúdú gur gá, chun críocha a imscrúdaithe, imscrúdú a dhéanamh freisin ar chúrsaí aon chomhlachta chorpraithe eile atá, nó a bhí aon tráth iomchuí, ina fhochuideachta nó ina chuideachta shealbhaíochta don chuideachta nó ina fhochuideachta dá cuideachta shealbhaíochta nó ina chuideachta shealbhaíochta dá fochuideachta, beidh cumhacht aige, le haontú an Aire, é sin a dhéanamh, agus tabharfaidh sé tuarascáil ar chúrsaí an chomhlachta chorpraithe eile sa mhéid gur dóigh leis go bhfuil baint ag toradh a imscrúdaithe orthu leis an imscrúdú ar chúrsaí na cuideachta céadluaite.

Doiciméid a thabhairt ar aird, agus fianaise, i gcás imscrúdú.

168. —(1) Beidh de dhualgas ar gach oifigeach agus gníomhaire don chuideachta, agus ar gach oifigeach agus gníomhaire d'aon chomhlacht corpraithe eile a ndéanfar imscrúdú ar a chúrsaí de bhua alt 167, gach leabhar agus doiciméad de chuid, nó i dtaobh, na cuideachta nó, de réir mar a bheidh, an chomhlachta chorpraithe eile, a bheidh ina gcoimeád nó faoina n-urlámhas, a thabhairt ar aird do na cigirí agus thairis sin gach cabhair a thabhairt do na cigirí is féidir leo go réasúnach a thabhairt i ndáil leis an imscrúdú.

(2) Féadfaidh cigire oifigigh agus gníomhairí na cuideachta nó an chomhlachta chorpraithe eile a cheistiú faoi mhionn maidir le gnó na cuideachta nó an chomhlachta chorpraithe eile agus féadfaidh sé iad a chur faoi mhionn dá réir sin.

(3) Má dhiúltaíonn aon oifigeach nó gníomhaire don chuideachta nó don chomhlacht corpraithe eile aon leabhar nó doiciméad a thabhairt ar aird do na cigirí a mbeidh sé de dhualgas air faoin alt seo é a thabhairt ar aird amhlaidh nó má dhiúltaíonn sé aon cheist a fhreagairt a chuirfidh na cigirí air maidir le cúrsaí na cuideachta nó an chomhlachta chorpraithe eile, cibé acu é, féadfaidh na cigirí an diúltú a dheimhniú faoina láimh don chúirt, agus air sin féadfaidh an chúirt an cás a fhiosrú, agus tar éis di aon fhinnéithe a thabharfar ar aird in aghaidh nó ar thaobh an chiontóra líomhnaithe a éisteacht, agus aon ráiteas a thairgfear mar chosaint a éisteacht, an ciontóir a phionósú ionann is dá mbeadh sé ciontach i ndíspeagadh cúirte.

(4) Faoi réir fho-alt (5), más dóigh le cigire gur gá chun críocha a imscrúdaithe go gceisteofaí faoi mhionn duine nach bhfuil aon chumhacht aige é a cheistiú amhlaidh, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na cúirte agus féadfaidh an chúirt, más cuí léi é, a ordú don duine sin teacht i láthair lena cheistiú faoi mhionn os a comhair ar aon ní a bhaineann le hábhar an imscrúdaithe, agus ar aon cheistiú den sórt sin a dhéanamh—

(a) féadfaidh an cigire páirt a ghlacadh ann trí aturnae nó abhcóide;

(b) féadfaidh an chúirt cibé ceisteanna is cuí léi a chur ar an duine a bheidh faoi cheistiú;

(c) freagróidh an duine a bheidh faoi cheistiú gach ceist a chuirfidh an chúirt air nó a cheadóidh sí a chur air, ach, féadfaidh sé, ar a chostas féin, aturnae a fhostú, i dteannta nó d'éagmais abhcóide, agus beidh cead aigesean cibé ceisteanna a chur air a mheasfaidh an chúirt a bheith cóir chun go bhféadfaidh sé aon fhreagraí a thug sé a mhíniú nó a cháiliú;

agus tógfar síos i scríbhinn nótaí ar an scrúdú, agus léifear iad don duine a ceistíodh, nó léifidh sé féin iad, agus síneoidh sé iad, agus féadfar iad a úsáid i bhfianaise ina choinne ina dhiaidh sin.

(5) D'aineoin aon ní i mír (c) d'fho-alt (4), féadfaidh an chúirt cibé costais is cuí léi, dá rogha féin, a cheadú don duine a ceistíodh, agus déanfar aon chostais a cheadófar amhlaidh a íoc mar chuid de chostais an imscrúdaithe.

(6) San alt seo, folóidh aon tagairt d'oifigigh nó do ghníomhairí daoine a bhí, chomh maith le daoine atá, ina n-oifigigh nó ina ngníomhairí, cibé acu é, agus chun críocha an ailt seo folóidh “gníomhairí”, maidir le cuideachta nó le comhlacht corpraithe eile, baincéirí agus aturnaetha na cuideachta nó an chomhlachta chorpraithe eile agus aon daoine ar fostú ag an gcuideachta nó ag an gcomhlacht corpraithe eile mar iniúchóirí, cibé acu is oifigigh don chuideachta nó don chomhlacht corpraithe eile na daoine sin nó nach ea.

Tuarascáil na gcigirí.

169. —(1) Féadfaidh na cigirí, agus má ordaíonn an tAire dóibh é déanfaidh siad, tuarascálacha eatramhacha a thabhairt don Aire, agus ar chríochnú an imscrúdaithe tabharfaidh siad tuarascáil deiridh don Aire.

Is i scríbhinn nó i gcló, de réir mar a ordóidh an tAire, a bheidh aon tuarascáil den sórt sin.

(2) Déanfaidh an tAire—

(a) cóip d'aon tuarascáil ó na cigirí a chur ar aghaidh chuig oifig chláraithe na cuideachta;

(b) más cuí leis an Aire é, cóip de a thabhairt, ar í a iarraidh agus ar an táille fhorordaithe a íoc, d'aon duine eile is comhalta den chuideachta nó d'aon chomhlacht corpraithe eile ar déileáladh leis sa tuarascáil de bhua alt 167 nó a bhfeictear don Aire go ndéanann an tuarascáil difear dá leasanna mar chreidiúnaí de chuid na cuideachta nó de chuid aon chomhlachta chorpraithe eile den sórt a dúradh;

(c) i gcás na cigirí a cheapadh faoi alt 165, cóip a thabhairt d'iarratasóirí an imscrúdaithe má iarrann siad í; agus

(d) i gcás na cigirí a cheapadh faoi alt 166 de bhun ordú ón gcúirt, cóip a thabhairt don chúirt;

agus féadfaidh sé freisin a chur faoi deara go gclófar agus go bhfoilseofar an tuarascáil.

(3) Féadfaidh an tAire an tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus beidh an foilsiú sin faoi phribhléid.

Imeachtaí ar thuarascáil chigirí.

170. —(1) Má fheictear don Aire, ó aon tuarascáil a thabharfar faoi alt 169, go bhfuil duine ar bith, maidir leis an gcuideachta nó le haon chomhlacht corpraithe eile ar imscrúdaíodh a chúrsaí de bhua alt 167, ciontach in aon chion a bhfuil sé faoi dhliteanas coiriúil ina leith, cuirfidh an tAire an cás faoi bhráid an Ard-Aighne.

(2) Má chuirtear aon ní faoi bhráid an Ard-Aighne faoin alt seo agus go measfaidh sé gur cás é inar cheart ionchúiseamh a thionscnamh agus go dtionscnóidh sé imeachtaí dá réir sin, beidh sé de dhualgas ar gach oifigeach agus gníomhaire don chuideachta nó don chomhlacht corpraithe eile mar a dúradh, cibé acu é, (taobh amuigh den chosantóir sna himeachtaí), gach cabhair is féidir leo go réasúnach a thabhairt dó i ndáil leis an ionchúiseamh.

Beidh feidhm ag fo-alt (6) d'alt 168 chun críocha an fho-ailt seo faoi mar atá feidhm aige chun críche an ailt sin.

(3) Más rud é, i gcás aon chomhlacht corpraithe a dhlífear a fhoirceannadh faoin Acht seo, go bhfeicfear don Aire, ó aon tuarascáil den sórt a dúradh, go bhfuil sé fóirsteanach é sin a dhéanamh, mar gheall ar aon imthosca den sórt dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó fomhír (ii) de mhír (b) d'alt 166, féadfaidh an tAire, mura ag an gcúirt a bheidh an comhlacht corpraithe á fhoirceannadh, achainí a thíolacadh chun é a fhoirceannadh amhlaidh ar an bhforas go bhfuil sé cóir cothromasach go ndéanfaí foirceannadh air nó ar an bhforas go bhfuil cúrsaí na cuideachta á stiúradh nó cumhachtaí na stiúrthóirí á bhfeidhmiú ar dhóigh atá leatromach ar aon chomhaltaí dá cuid nó le neamhaird ar a leasanna mar chomhaltaí den chuideachta, nó achainí a thíolacadh ag iarraidh ordú faoi alt 205 nó iad araon a thíolacadh.

(4) Má fheictear don Aire, ó aon tuarascáil den sórt a dúradh, gur ceart, ar mhaithe le leas an phobail, go ndéanfadh aon chomhlacht corpraithe a ndéileálfar leis sa tuarascáil imeachtaí a thionscnamh chun damáistí a ghnóthú i leith aon chalaoise, míghnímh nó mí-iompair eile i ndáil le tionscnamh nó foirmiú an chomhlachta chorpraithe sin nó le bainistí a cúrsaí, nó chun aon mhaoin leis an gcomhlacht corpraithe a cuireadh chun mífheidhme nó a coinníodh go héagórach a aisghabháil, féadfaidh an tAire imeachtaí chun na críche sin a thionscnamh é féin in ainm an chomhlachta chorpraithe.

(5) Déanfaidh an tAire an comhlacht corpraithe a shlánú in aghaidh costas nó caiteachas faoina rachaidh sé in aon imeachtaí, nó i ndáil le haon imeachtaí, a thionscnófar de bhua fho-alt (4).

Costais an imscrúdaithe ar chúrsaí cuideachta.

171. —(1) Íocfaidh an tAire, ar an gcéad ásc, na caiteachais a bhainfidh agus a ghabhfaidh le himscrúdú ag cigire a cheapfaidh an tAire faoi na forálacha roimhe seo den Acht seo, ach dlífidh na daoine seo a leanas aisíocaíocht a dhéanamh leis an Aire, go feadh an méid a luaitear:

(a) aon duine a chiontófar ar ionchúiseamh a thionscain an tArd-Aighne de thoradh an imscrúdaithe nó a n-ordófar dó damáistí a íoc nó aon mhaoin a thabhairt ar ais in imeachtaí a tionscnaíodh de bhua fho-alt (4) d'alt 170, féadfar, sna himeachtaí céanna, a ordú dó na caiteachais sin a íoc go feadh méid a shonrófar san ordú; agus

(b) aon chomhlacht corpraithe a dtionscnófar imeachtaí ina ainm mar a dúradh, beidh sé faoi dhliteanas go feadh méid aon suimeanna a ghnóthóidh sé nó luach aon mhaoine a aisghabhfaidh sé de thoradh na n-imeachtaí sin; agus

(c) mura rud é, de thoradh an imscrúdaithe, go dtionscnóidh an tArd-Aighne ionchúiseamh—

(i) beidh aon chomhlacht corpraithe lena ndéileálfaidh an tuarascáil faoi dhliteanas, más ar dhóigh seachas de chonlán an Aire féin a ceapadh an cigire, ach amháin sa mhéid go n-ordóidh an tAire a mhalairt; agus

(ii) beidh iarratasóirí an imscrúdaithe faoi dhliteanas, más faoi alt 165 a ceapadh an cigire, go feadh an méid (más ann) a ordóidh an tAire;

agus aon mhéid a mbeidh comhlacht corpraithe faoi dhliteanas ina leith de bhua mhír (b) beidh sé ina thúsmhuirear ar na suimeanna nó an maoin a luaitear sa mhír sin.

(2) I gcás na tuarascála ó chigire a ceapadh ar dhóigh seachas de chonlán an Aire féin, féadfaidh an cigire, más cuí leis é, agus déanfaidh sé, má ordaíonn an tAire amhlaidh, moladh a chur inti maidir leis na treoracha (más ann) is dóigh leis an gcigire is iomchuí, ag féachaint dá imscrúdú, a thabhairt faoi mhír (c) d'fho-alt (1).

(3) Chun críocha an ailt seo, déanfar aon chostais nó caiteachais faoina ndeachaigh an tAire in imeachtaí, nó i ndáil le himeachtaí, a tionscnaíodh de bhua fho-alt (4) d'alt 170 (lena n-áirítear caiteachais faoina ndeachthas de bhua fho-alt (5) den alt sin), a áireamh mar chaiteachais a bhain leis an imscrúdú as ar tháinig na himeachtaí.

(4) Aon dliteanas a fhorchuirtear le míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) chun aisíocaíocht a dhéanamh leis na Aire, beidh sé, faoi réir cheart an Aire chun na haisíocaíochta a shásamh, ina dhliteanas freisin chun gach duine a shlánú in aghaidh dliteanais faoi mhír (c) den alt sin, agus aon dliteanas den sórt sin a fhorchuirtear leis an mír sin (a), beidh sé, faoi réir a ndúradh, ina dhliteanas freisin chun gach duine a shlánú in aghaidh dliteanais faoin mír sin (b); agus aon duine a bheidh faoi dhliteanas faoin mír sin (a) nó faoin mír sin (b) nó faoi cheachtar fomhír den mhír sin (c), beidh sé i dteideal ranníoca ó aon duine eile a bheidh faoi dhliteanas faoin mír nó faoin bhfomhír chéanna, cibé acu é, de réir mhéid a ndliteanais faoi seach fúithi.

Tuarascáil chigirí a bheith ina fianaise.

172. —Beidh cóip d'aon tuarascáil ó aon chigirí a cheapfar faoi na forálacha sin roimhe seo den Acht seo inghlactha in aon imeachtaí dlí mar fhianaise ar thuairim na gcigirí i dtaobh aon ní sa tuarascáil.

Cosaint d'aturnaetha agus do bhaincéirí.

173. —Ní chuirfidh aon ní sna forálacha sin roimhe seo den Chuid seo den Acht seo de cheangal eolas mar a leanas a nochtadh don Aire nó do chigire a bheidh ceaptha ag an Aire—

(a) i gcás aturnae, aon chumarsáid faoi phribhléid a rinneadh leis i gcáil aturnae dó; nó

(b) i gcás baincéirí i gcáil bhaincéirí dóibh, aon eolas ar chúrsaí aon chustaiméirí dá gcuid seachas an chuideachta nó comhlacht corpraithe a bhfuil a gcúrsaí á n-imscrúdú de bhua alt 167.

Stiúrthóirí agus Oifigigh eile.

Stiúrthóirí.

174. —Beidh dhá stiúrthóir ar a laghad ar gach cuideachta.

Rúnaí.

175. —(1) Beidh rúnaí ag gach cuideachta, agus féadfaidh sé bheith ina dhuine de na stiúrthóirí.

(2) Aon rud a cheanglaítear nó a údaraítear a dhéanamh ag an rúnaí, nó ina thaobh, féadfar, má bhíonn an oifig folamh nó más rud é ar aon chúis eile nach mbeidh aon rúnaí ann a bheidh inniúil ar ghníomhú, an rud sin a dhéanamh ag aon rúnaí cúnta nó leasrúnaí, nó ina thaobh, nó, mura mbeidh aon chúntóir nó leasrúnaí ann a bheidh inniúil ar ghníomhú, ag aon oifigeach don chuideachta a bheidh údaraithe go ginearálta nó go speisialta chuige sin ag na stiúrthóirí, nó ina thaobh.

Toirmeasc ar chomhlacht corpraithe a bheith ina stiúrthóir.

176. —(1) Ní bheidh comhlacht corpraithe ag aon chuideachta mar stiúrthóir ar an gcuideachta, tar éis 3 mhí ón dáta feidhme a bheith caite.

(2) Aon chomhlacht corpraithe a bheidh ina stiúrthóir ar chuideachta ar an dáta feidhme, scarfaidh sé, laistigh de thréimhse 3 mhí ón dáta sin, lena oifig mar stiúrthóir ar an gcuideachta, agus gach gníomh nó rud a airbheartóidh a bheith déanta tar éis an tréimhse sin a bheith caite ag comhlacht corpraithe mar stiúrthóir ar aon chuideachta, beidh sé ar neamhní.

Gníomhartha a dhéanfaidh duine i gcáil stiúrthóra agus rúnaí a bheith ar neamhní.

177. —Ní sásamh ar fhoráil a cheanglaíonn nó a údaraíonn rud a dhéanamh ag stiúrthóir agus ag an rúnaí, nó ina dtaobh, an rud sin a bheith déanta ag an duine céanna nó ina thaobh agus é ag gníomhú ina stiúrthóir agus fós ina rúnaí, nó in ionad an rúnaí.

Bailíocht gníomhartha stiúrthóirí.

178. —Beidh gníomhartha stiúrthóra bailí d'ainneoin aon locht a aimsiú ina dhiaidh sin ar a cheapadh nó ar a cháilíocht.

Srianta le stiúrthóir a cheapadh nó a fhógairt.

179. —(1) Ní bheidh duine incheaptha ina stiúrthóir ar chuideachta leis na hairteagail, ná ní ainmneofar é mar stiúrthóir ná mar stiúrthóir beartaithe ar chuideachta i réamheolaire a eiseoidh an chuideachta nó a eiseofar thar a ceann, ná mar stiúrthóir beartaithe ar chuideachta atáthar ar intinn a bhunú i réamheolaire a eiseofar maidir leis an gcuideachta sin, ná i ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadfaidh cuideachta nó a sheachadfar thar a ceann don chláraitheoir, mura rud é, roimh chlárú na n-airteagal nó foilsiú an réamheolaire nó seachadadh an ráitis in ionad réamheolaire, cibé acu é, go ndearna sé, uaidh féin nó trí ghníomhaire dó a d'údaraigh sé i scríbhinn,—

(a) toiliú i scríbhinn chun gníomhú mar stiúrthóir den sórt sin a shíniú agus a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena chlárú; agus

(b) (i) an meabhrán a shíniú le haghaidh líon scaireanna nach lú ná a scair-cháilíocht, más ann; nó

(ii) a scaireanna cáilíochta, más ann, a thógáil ón gcuideachta agus íoc astu nó comhaontú ar íoc astu, nó

(iii) gealltanas i scríbhinn go dtógfaidh sé a scaireanna cáilíochta, más ann, ón gcuideachta, agus go n-íocfaidh sé astu, a shíniú agus a sheachadadh don chláraitheoir lena chlárú; nó

(iv) dearbhú reachtúil go bhfuil líon scaireanna, nach lú ná a scair-cháilíocht, más ann, cláraithe ina ainm, agus an dearbhú sin a sheachadadh don chláraitheoir lena chlárú.

(2) Nuair a bheidh gealltanas go dtógfaidh sé a scaireanna cáilíochta, agus go n-íocfaidh sé astu, sínithe agus seachadta mar a dúradh ag duine, beidh sé, maidir leis na scaireanna sin, sa chás céanna ina mbeadh sé dá mba rud é gur shínigh sé an meabhrán le haghaidh an líon sin scaireanna.

(3) Déanfar tagairtí san alt seo do scair-cháilíocht stiúrthóra nó stiúrthóra bheartaithe a fhorléiriú mar thagairtí nach bhfolaíonn ach amháin scair-cháilíocht is gá ar é a cheapadh, nó laistigh de thréimhse a chinnfear faoi threoir am a cheaptha, agus déanfar na tagairtí ann do scaireanna cáilíochta a fhorléiriú dá réir sin.

(4) Ar iarratas a dhéanamh chun meabhrán agus airteagail chuideachta a chlárú, seachadfaidh an t-iarratasóir don chláraitheoir liosta de na daoine a thoiligh bheith ina stiúrthóirí ar an gcuideachta, agus má bhíonn ainm aon duine nár thoiligh amhlaidh sa liosta sin dlifear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an iarratasóir.

(5) Ní bhainfidh an t-alt seo—

(a) le cuideachta gan scairchaipiteal; ná

(b) le cuideachta phríobháideach; ná

(c) le cuideachta a bhí ina cuideachta phríobháideach sula ndearnadh cuideachta phoiblí di; ná

(d) le réamheolaire a eiseoidh cuideachta nó a eiseofar thar a ceann tar éis bliain a bheith caite ón dáta a bhí an chuideachta i dteideal tosú ar ghnó.

Scaircháilíochtaí stiúrthóirí.

180. —(1) Gan dochar do na srianta a fhorchuirtear le halt 179, beidh sé de dhualgas ar gach stiúrthóir ar a gceanglaítear le hairteagail na cuideachta scair-cháilíocht shonraithe a bheith aige, agus nach bhfuil cáilithe cheana féin, a scair-cháilíocht a fháil laistigh de 2 mhí tar éis a cheaptha, nó laistigh de cibé tréimhse is giorra ná sin a bheidh socraithe leis na hairteagail.

(2) Chun críche aon fhorála sna hairteagail a cheanglaíonn ar stiúrthóir scair-cháilíocht shonraithe a bheith aige, ní mheasfar iompóir barántais scaire a bheith ina shealbhóir ar na scaireanna a bheidh sonraithe sa bharántas.

(3) Scarfaidh stiúrthóir cuideachta lena oifig stiúrthóra mura bhfaighidh sé a scair-cháilíocht laistigh de 2 mhí ó dháta a cheaptha, nó laistigh de cibé tréimhse is giorra ná sin a bheidh socraithe leis na hairteagail, nó má scoireann sé dá scair-cháilíocht a bheith aige aon uair tar éis deireadh a theacht leis an tréimhse sin nó leis an tréimhse sin is giorra ná í.

(4) Ní bheidh duine a scarfaidh le hoifig faoin alt seo in-athcheaptha ina stiúrthóir ar an gcuideachta go dtí go bhfaighidh sé a scair-cháilíocht.

(5) Má ghníomhaíonn aon duine neamhcháilithe mar stiúrthóir ar an gcuideachta tar éis deireadh a theacht leis an tréimhse sin nó leis an tréimhse sin is giorra ná í, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

Vótáil ar leith ar cheapadh gach stiúrthóra.

181. —(1) Ag cruinniú ginearálta de cuideachta, ní dhéanfar tairiscint chun beirt nó níos mó a cheapadh ina stiúrthóirí ar an gcuideachta leis an aon rún amháin, murar comhaontaíodh roimhe sin ag an gcruinniú, gan aon vóta a thabhairt ina choinne, le rún go ndéanfaí an tairiscint sin amhlaidh.

(2) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4), beidh rún a thairgfear contrártha don alt seo ar neamhní, cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh agóid in aghaidh é a thairiscint amhlaidh ag an am.

(3) Ní mheasfar go ndéanann fo-alt (2) eisiamh ar oibriú alt 178.

(4) Má ritear rún a tairgeadh contrártha don alt seo, ní bheidh feidhm ag aon fhoráil a d'fhágfadh go mbeadh stiúrthóirí a bheidh ag scor arna n-athcheapadh d'éagmais ceapacháin eile.

(5) Chun críocha an ailt seo, déanfar tairiscint chun aontú le ceapadh duine nó chun duine a ainmniú lena cheapadh a áireamh mar thairiscint chun é a cheapadh.

(6) Ní bhainfidh aon ní san alt seo le rún chun airteagail na cuideachta a athrú.

Stiúrthóirí a chur as oifig.

182. —(1) Féadfaidh cuideachta, le gnáthrún, stiúrthóir a chur as oifig sula mbeidh deireadh lena thréimhse oifige d'ainneoin aon ní in airteagail na cuideachta nó in aon chomhaontú idir an chuideachta agus an stiúrthóir, sa dóigh, áfach, nach n-údaróidh an fo-alt seo, i gcás cuideachta phríobháideach, stiúrthóir a bheidh i seilbh oifige lena shaol a chur as oifig.

(2) Beidh fógra fadtréimhse, de réir bhrí alt 142, riachtanach i gcás aon rún chun stiúrthóir a chur as oifig faoin alt seo nó chun duine éigin a cheapadh in ionad an stiúrthóra a chuirfear as oifig amhlaidh ag an gcruinniú ag a gcuirfear as oifig é, agus ar fhógra a fháil go bhfuil beartaithe rún a thairiscint chun stiúrthóir a chur as oifig faoin alt seo, déanfaidh an chuideachta cóip de a chur ar aghaidh láithreach chuig an stiúrthóir a bheidh i gceist, agus beidh an stiúrthóir (cibé acu is comhalta den chuideachta é nó nach ea) i dteideal éisteacht a fháil i dtaobh an rúin ag an gcruinniú.

(3) Faoi réir fho-alt (4), nuair a thabharfar fógra go bhfuil beartaithe rún a thairiscint chun stiúrthóir a chur as oifig faoin alt seo agus go gcuirfidh an stiúrthóir a bheidh i gceist uiríolla i scríbhinn (nach mbeidh thar fhad réasúnach) faoi bhráid na cuideachta agus go n-iarrfaidh sé iad a chur in iúl do chomhaltaí na cuideachta, déanfaidh an chuideachta, mura bhfuil sé ródhéanach aici é sin a dhéanamh nuair a gheobhaidh sí na huiríolla—

(a) ráiteas a chur in aon fhógra faoin rún a thabharfar do chomhaltaí na cuideachta á rá go ndearnadh na huiríolla; agus

(b) cóip de na huiríolla a chur chuig gach comhalta den chuideachta chun a gcuirfear fógra faoin gcruinniú (cibé acu roimh na huiríolla a fháil don chuideachta nó dá éis sin é);

agus mura gcuirfear cóip de na huiríolla amach mar a dúradh, mar gheall ar iad a fháil ródhéanach nó mar gheall ar mhainneachtain na cuideachta, féadfaidh an stiúrthóir (gan dochar dá cheart chun éisteacht a fháil do ráiteas béil uaidh) a éileamh go léifear amach na huiríolla ag an gcruinniú.

(4) Ní gá cóipeanna de na huiríolla a chur amach mar a dúradh, ná ní gá na huiríolla a léamh amach ag an gcruinniú mar a dúradh, más rud é, ar iarratas ón gcuideachta nó ó aon duine eile a bheidh á éileamh gur duine éagóirithe é, gur deimhin leis an gcúirt go bhfuil na cearta a thugtar leis an alt seo á mí-úsáid chun poiblíocht gan ghá a fháil d'ábhar clúmhillteach, agus féadfaidh an chúirt a ordú go mbeidh costais na cuideachta maidir le hiarratas faoin alt seo le híoc, go hiomlán nó go páirteach, ag an stiúrthóir a bheidh i gceist, d'ainneoin nach páirti san iarratas é.

(5) Féadfar folúntas a tharlóidh trí stiúrthóir a chur as oifig faoin alt seo a líonadh ag an gcruinniú ag a gcuirfear as oifig é agus, mura líonfar amhlaidh é, féadfar é a líonadh mar chorrfholúntas.

(6) Aon duine a cheapfar ina stiúrthóir in ionad duine a cuireadh as oifig faoin alt seo, déanfar, chun a chinneadh cathain a bheidh sé féin nó aon stiúrthóir eile le scor, é a áireamh mar dhuine a tháinig chun bheith ina stiúrthóir an lá a rinneadh an duine a gceapfar ina ionad é a cheapadh go deireanach ina stiúrthóir.

(7) Ní mheasfar go mbaineann aon ní san alt seo de dhuine a chuirfear as oifig faoin alt seo aon chúiteamh nó damáistí is iníoctha leis i leith foirceannadh a cheapacháin mar stiúrthóir ná aon chúiteamh nó damáistí is iníoctha leis i leith foirceannadh aon cheapacháin a chríochnaigh in éineacht lena cheapachán mar stiúrthóir ná go laghdaíonn sé aon chumhacht chun stiúrthóir a chur as oifig is cumhacht a bheadh ann ar leithligh ón alt seo.

Toirmeasc ar fhéimhigh neamhurscaoilte gníomhú mar stiúrthóirí.

183. —(1) Faoi réir fho-alt (2), má ghníomhaíonn aon duine ar féimheach neamhurscaoilte é mar stiúrthóir ar aon chuideachta, nó má bhíonn baint nó páirt aige go díreach nó go neamhdhíreach le bainistí aon chuideachta, ach amháin le cead na cúirte, dlífear, ar é a chiontú ar díotáil príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó fíneáil nach mó ná £500, nó iad araon, a chur air, nó, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air.

(2) Ní bheidh duine ciontach i gcion faoin alt seo de bhíthin gur ghníomhaigh sé, agus é ina fhéimheach neamh-urscaoilte, mar stiúrthóir ar chuideachta, nó go raibh baint nó páirt aige lena bainistí, má bhí sé ar an dáta feidhme ag gníomhú mar stiúrthóir ar an gcuideachta sin, nó má bhí baint nó páirt aige ar an dáta sin lena bainistí, agus go bhfuil sé ag gníomhú amhlaidh, nó go bhfuil baint nó páirt aige amhlaidh, go leanúnach ón dáta sin i leith, agus gur roimh an dáta sin a tharla an fhéimheacht.

(3) San alt seo folaíonn “cuideachta” cuideachta neamhchláraithe agus cuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát agus a bhfuil áit ghnó bhunaithe aici sa Stát.

Cumhacht na cúirte chun daoine áirithe a shrianadh ó ghníomhú mar stiúrthóirí ar chuideachtaí nó iad a bhainistí.

184. —(1) I gcás duine a chiontú ar díotáil in aon chion i ndáil le cuideachta a thionscnamh, a fhoirmiú nó a bhainistí, nó in aon chion lenar bhain calaois nó mímhacántacht, cibé acu i ndáil le cuideachta é nó nach ea, féadfaidh an chúirt a chiontóidh é, ar iarratas ón Ard-Aighne i ndeireadh na trialach, a ordú nach mbeidh an duine sin, gan cead na hArd-Chúirte, ina stiúrthóir ar aon chuideachta, ná nach mbeidh baint ná páirt aige ar bhealach ar bith, go díreach ná go neamhdhíreach, le bainistí aon chuideachta, go ceann cibé tréimhse a shonrófar san ordú.

(2) Más léir i gcúrsa cuideachta a fhoirceannadh go bhfuil duine—

(a) ciontach in aon chion a bhfuil sé faoi dhliteanas ina leith (cibé acu a ciontaíodh é nó nár ciontaíodh) faoi alt 297; nó

(b) ciontach ar dhóigh eile, le linn dó bheith ina oifigeach don chuideachta, in aon chalaois maidir leis an gcuideachta nó in aon sárú ar a dhualgas don chuideachta;

féadfaidh an chúirt a ordú nach mbeidh an duine sin, gan cead na cúirte, ina stiúrthóir ar aon chuideachta, nó nach mbeidh baint ná páirt aige ar bhealach ar bith, go díreach ná go neamhdhíreach, le bainistí aon chuideachta, go ceann cibé tréimhse a shonrófar san ordú.

(3) Féadfar iarratas ar ordú faoi fho-alt (2) a dhéanamh thar ceann leachtaitheoir na cuideachta nó féadfaidh aon duine atá nó a bhí ina chomhalta nó ina chreidiúnaí de chuid na cuideachta é a dhéanamh, agus nuair a bheidh aon iarratas ón leachtaitheoir ar ordú faoin alt seo, nó aon iarratas ar chead faoin alt seo ó dhuine a ndearnadh ordú ina aghaidh ar iarratas an leachtaitheora, á éisteacht, láithreoidh an leachtaitheoir agus tarraingeoidh sé aird na cúirte ar aon nithe a fheicfear dó a bheith ábhartha agus féadfaidh sé féin fianaise a thabhairt nó finnéithe a ghairm.

(4) Féadfar ordú a dhéanamh faoi mhír (b) d'fho-alt (2) d'ainneoin an duine a bheidh i gceist a bheith faoi dhliteanas coiriúil i leith na nithe a bhfuil an t-ordú le déanamh ar a bhforas, agus chun críocha na míre sin (b) folóidh “oifigeach” aon duine ar ghnách le stiúrthóirí na cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha.

(5) Aon duine a ghníomhóidh contrártha d'ordú a rinneadh faoin alt seo, dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó fíneáil nach mó ná £500, nó iad araon, nó ar é a chiontú go hachomair príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air i leith gach ciona.

Toirmeasc ar íocaíochtaí saor ó cháin a thabhairt do stiúrthóirí.

185. —(1) Ní dleathach do chuideachta luach saothair a íoc le stiúrthóir (cibé acu mar stiúrthóir nó eile é) saor ó cháin ioncaim nó saor ó cháin ioncaim agus forcháin nó saor ó fhorcháin, nó arna ríomh ar dhóigh eile chun go mbeidh sé faoi threoir, nó go n-athróidh sé de réir, mhéid a chánach ioncaim nó mhéid a chánach ioncaim agus a fhorchánach nó mhéid a fhorchánach, nó faoi threoir nó de réir an ráta cánach ioncaim nó forchánach, ach amháin faoi chonradh a bhí i bhfeidhm ar an 31ú lá de Mhárta, 1962, agus a fhorálann go sainráite, agus ní trí thagairt do na hairteagail, gur mar a dúradh a íocfar an luach saothair.

(2) Aon fhoráil a bheidh in airteagail chuideachta nó in aon chonradh seachas conradh den sórt sin a dúradh, nó in aon rún ó chuideachta nó ó stiúrthóirí cuideachta, gur mar a dúradh a íocfar luach saothair le stiúrthóir, beidh éifeacht aige ionann is dá mba é a d'fhoráil sé go n-íocfaí, mar shuim chomhiomlán faoi réir cánach ioncaim agus forchánach, an tsuim ghlan a fhoráiltear léi iarbhír.

(3) Ní bhainfidh an t-alt seo le luach saothair a bhí dlite roimh an dáta feidhme nó i leith tréimhse roimh an dáta feidhme.

Aontú na cuideachta riachtanach le haghaidh íocaíochta le stiúrthóir mar gheall ar chailleadh oifige.

186. —Ní dleathach do chuideachta aon íocaíocht a thabhairt d'aon stiúrthóir ar an gcuideachta i modh cúitimh mar gheall ar chailleadh oifige, ná i gcomaoin a scortha, nó i ndáil lena scor, dá oifig, gan sonraí maidir leis an íocaíocht atá beartaithe (lena n-áirítear a méid) a nochtadh do chomhaltaí na cuideachta agus aontú na cuideachta i gcruinniú ginearálta a fháil leis an mbeartú.

Aontú na cuideachta riachtanach chun cúiteamh a íoc le stiúrthóir i ndáil le haistriú maoine.

187. —(1) Dearbhaítear leis seo nach dleathach, i ndáil le haistriú ar iomlán nó aon chuid de ghnóthas nó de mhaoin chuideachta, aon íocaíocht a dhéanamh le haon stiúrthóir ar an gcuideachta i modh cúitimh mar gheall ar chailleadh oifige ná i gcomaoin a scortha, nó i ndáil lena scor, dá oifig, mura ndearnadh sonraí maidir leis an íocaíocht bheartaithe (lena n-áirítear a méid) a nochtadh do chomhaltaí na cuideachta agus aontú ná cuideachta i gcruinniú ginearálta a fháil leis an mbeartú.

(2) I gcás íocaíocht a ndearbhaítear leis seo gurb íocaíocht neamhdhleathach í a thabhairt do stiúrthóir ar an gcuideachta, measfar an méid a fuarthas a bheith faighte aige ar iontaobhas don chuideachta.

Dualgas ar stiúrthóir íocaíochtaí a bheidh le fáil aige i ndáil le haistriú scaireanna i gcuideachta a nochtadh don chuideachta.

188. —(1) Más rud é, i ndáil le gach ceann nó aon cheann de na scaireanna i gcuideachta a aistriú chun aon daoine arb aistriú é a thiocfaidh as—

(a) tairiscint a thabharfar do na scairshealbhóirí i gcoitinne; nó

(b) tairiscint ó chomhlacht corpraithe éigin eile nó thar a cheann, d'fhonn go dtiocfadh an chuideachta chun bheith ina fochuideachta dó nó ina fochuideachta dá chuideachta shealbhaíochta; nó

(c) tairiscint ó phearsa aonair, nó thar a cheann, d'fhonn go bhfaigheadh sé ceart chun trian ar a laghad den chumhacht vótála ag aon chruinniú ginearálta den chuideachta a fheidhmiú nó chun ceannas a bheith aige ar a feidhmiú; nó

(d) aon tairiscint eile a bheidh faoi choinníoll a glactha go feadh méid áirithe;

go bhfuil íocaíocht le tabhairt do stiúrthóir ar an gcuideachta i modh cúitimh mar gheall ar chailleadh oifige, nó i gcomaoin a scortha, nó i ndáil lena scor, dá oifig, beidh de dhualgas ar an stiúrthóir sin gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar sonraí maidir leis an íocaíocht bheartaithe (lena n-áirítear a méid) a thabhairt in aon fhógra, nó a chur i dteannta aon fhógra, a thabharfar d'aon scairshealbhóirí i dtaobh na tairisceana le haghaidh a gcuid scaireanna.

(2) Más rud é—

(a) go mainneoidh aon stiúrthóir den sórt sin bearta réasúnacha a dhéanamh mar a dúradh; nó

(b) go ndéanfaidh aon duine a n-éileoidh aon stiúrthóir den sórt sin air go cuí na sonraí sin a thabhairt in aon fhógra den sórt a dúradh, nó a chur ina theannta, mainneachtain ina dhéanamh,

dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur air.

(3) Mura rud é—

(a) go gcomhlíonfar ceanglais fho-alt (1) maidir le haon íocaíocht den sórt atá luaite ann; agus

(b) go mbeifear, roimh aon scaireanna a aistriú de bhun na tairisceana, tar éis aontú leis an íocaíocht bheartaithe sin ag cruinniú a gaireadh chuige sin de shealbhóirí na scaireanna lena mbaineann an tairiscint agus de shealbhóirí eile ar scaireanna den chineál céanna le haon scaireanna acu sin.

measfar aon suim a gheobhaidh an stiúrthóir i gcuntas na híocaíochta a bheith faighte aige ar iontaobhas d'aon daoine a dhíol a scaireanna de thoradh na tairisceana a rinneadh, agus beidh na caiteachais faoina rachaidh sé ag dáileadh na suime sin ar na daoine sin le híoc aige féin agus ní choinneofar iad as an tsuim sin.

(4) Murab iad na scairshealbhóirí dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (3) comhaltaí uile na cuideachta, agus mura bhfuil aon fhoráil déanta leis na hairteagail chun cruinniú mar atá luaite sa mhír sin a ghairm nó a rialú, beidh feidhm, chun na críche sin, ag na forálacha den Acht seo agus ag na forálacha d'airteagail na cuideachta a bhaineann le cruinnithe ginearálta den chuideachta, maidir leis an gcruinniú gan mhodhnú nó le cibé modhnuithe a ordóidh an tAire, ar iarratas ó aon duine lena mbaineann an scéal, chun iad a chur in oiriúint d'imthosca an chruinnithe.

(5) Más rud é, ag cruinniú a gaireadh chun go n-aontófaí le haon íocaíocht mar a cheanglaítear le mír (b) d'fho-alt (3), nach mbeidh córam i láthair agus, tar éis an cruinniú a chur ar atráth go dtí dáta níos déanaí, nach mbeidh córam i láthair ach oiread, measfar, chun críocha an fho-ailt sin, gur aontaíodh leis an íocaíocht.

Forálacha mar fhorlíonadh ar ailt 186, 187 agus 188.

189. —(1) Más rud é, in imeachtaí chun aon íocaíocht a ghnóthú ar an ábhar gurb íocaíocht í, de bhua fho-ailt (1) agus (2) d'alt 187 nó fo-ailt (1) agus (3) d'alt 188, a fuair aon duine ar iontaobhas, go suífear—

(a) go ndearnadh an íocaíocht de bhun aon chomhshocraíochta a rinneadh mar chuid den chomhaontú le haghaidh an aistrithe a bhí i gceist, nó go ndearnadh í laistigh de bhliain roimh an gcomhaontú sin, nó roimh an tairiscint as ar tháinig sé, nó laistigh de dhá bhliain ina dhiaidh sin; agus

(b) go raibh an chuideachta nó aon duine chun a ndearnadh an t-aistriú ionpháirteach sa chomhshocraíocht sin;

measfar, ach amháin sa mhéid go suífear a mhalairt, gurb íocaíocht lena mbaineann na fo-ailt sin an íocaíocht.

(2) Más rud é, i ndáil le haon aistriú den sórt a luaitear in alt 187 nó in alt 188—

(a) go bhfuil an praghas atá le híoc le stiúrthóir ar an gcuideachta as aon scaireanna atá aige sa chuideachta níos mó ná an praghas a d'fhéadfadh sealbhóirí eile ar scaireanna dá leithéidí a fháil san am; nó,

(b) go dtabharfar aon chomaoin luachmhar d'aon stiúrthóir den sórt sin,

measfar, chun críocha an ailt sin, an méid sa bhreis nó luach airgid na comaoine, cibé acu é, a bheith ina íocaíocht a tugadh dó i modh cúitimh mar gheall ar chailleadh oifige nó i gcomaoin a scortha, nó i ndáil lena scor, dá oifig.

(3) Dearbhaítear leis seo go bhfolaíonn tagairtí in ailt 186, 187 agus 188 d'íocaíochtaí le haon stiúrthóir ar chuideachta i modh cúitimh mar gheall ar chailleadh oifige, nó i gcomaoin a scortha, nó i ndáil lena scor, dá oifig, íocaíochtaí leis i modh cúitimh mar gheall ar chailleadh oifige mar stiúrthóir ar an gcuideachta, nó mar gheall ar chailleadh aon oifige eile, le linn é a bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar é a scor nó i ndáil lena scor de bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta, arb oifig í a bhainfidh le bainistí chúrsaí na cuideachta nó arb oifig ar bith í mar stiúrthóir nó eile i ndáil le bainistí chúrsaí aon fhochuideachta, ach ní fholaíonn siad aon íocaíocht bona fide i modh damáistí mar gheall ar shárú conartha ná i modh pinsin i leith seirbhísí a tugadh, agus chun críocha an fho-ailt seo folaíonn “pinsean” aon aoisliúntas, aisce aoisliúntais, nó aon íocaíocht dá samhail.

(4) Ní áireofar aon ní in ailt 187 agus 188 mar ní a dhéanann dochar d'oibriú aon rialach dlí a cheanglaíonn go nochtfar eolas maidir le haon íocaíochtaí den sórt a luaitear sna hailt sin nó maidir le haon íocaíochtaí eile dá samhail a tugadh nó atá le tabhairt do stiúrthóirí cuideachta, ná mar ní a dhéanann dochar d'oibriú aon rialach dlí maidir leis an bhfreagracht (más ann) a bheidh ar aon stiúrthóir as aon íocaíocht den sórt sin a fuair sé.

(5) Folaíonn tagairtí in ailt 186, 187, 188 agus san alt seo do stiúrthóir tagairtí do dhuine a bhí ina stiúrthóir.

Clár de scairshealúchais stiúrthóirí.

190. —(1) Coimeádfaidh gach cuideachta clár ina dtaispeánfar, maidir le gach stiúrthóir agus rúnaí ar an gcuideachta, líon tuairisc agus méid aon scaireanna nó bintiúr de chuid na cuideachta nó aon chomhlachta chorpraithe eile, arb é fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta na cuideachta é, nó ar fochuideachta é do chuideachta shealbhaíochta na cuideachta, atá ar seilbh ag an stiúrthóir féin nó ag a bhean chéile nó ag aon duine clainne leis, nó ar iontaobhas dó nó dóibh, nó a bhfuil aon cheart aige féin nó ag aon duine acu sin teacht chun bheith ina shealbhóir orthu (cibé acu trí íocaíocht é nó nach ea), sa dóigh, áfach, nach gá a chur sa chlár scaireanna in aon chomhlacht corpraithe ar fochuideachta é atá ar lánúinéireacht ag comhlacht corpraithe eile, agus chun na críche sin measfar comhlacht corpraithe a bheith ina fhochuideachta atá ar lánúinéireacht ag comhlacht corpraithe eile mura bhfuil de chomhaltaí aige ach an comhlacht corpraithe eile sin agus na fochuideachtaí atá ar lánúinéireacht ag an gcomhlacht corpraithe eile sin agus a ainmnithigh féin nó a n-ainmnithigh sin.

(2) Faoi réir fho-alt (3), nuair is gá aon scaireanna nó bintiúir a thaifeadadh, nó a scoirfidh siad de bheith ar taifead, sa chlár sin maidir le haon stiúrthóir nó rúnaí mar gheall ar idirbheart a dhéanfar tar éis an dáta feidhme agus le linn dó bheith ina stiúrthóir nó ina rúnaí, taispeánfaidh an clár freisin dáta an idirbhirt agus an praghas air nó an chomaoin eile ina leith.

(3) Má bhíonn eatramh idir an t-am a dhéanfar an comhaontú le haghaidh aon idirbhirt mar a dúradh agus an t-am a chríochnófar an t-idirbheart, is é dáta an chomhaontaithe is dáta don idirbheart.

(4) Déanfar nádúr agus réim an leasa nó an chirt in, nó ar, aon scaireanna nó bintiúir a thaifeadfar maidir le stiúrthóir nó rúnaí sa chlár sin a chur in iúl ann, má éilíonn sé é.

(5) Ní bheidh an chuideachta, de bhua aon ní a dhéanfar chun críocha an ailt seo, faoi admhálacht maidir le fógra i dtaobh, ná inchurtha faoi fhiosrú i dtaobh, cearta aon duine maidir le haon scaireanna nó bintiúir.

(6) Faoi réir fho-alt (7), coimeádfar an clár sin san oifig chéanna le clár na gcomhaltaí, agus beidh sé ar fáil lena scrúdú le linn uaire gnó (faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an chuideachta lena hairteagail nó i gcruinniú ginearálta, ionas go lamhálfar 2 uair a chloig ar a laghad gach lá chun a scrúdaithe) ag aon chomhalta nó bintiúrach de chuid na cuideachta.

(7) Tabharfar an clár sin ar aird freisin i dtosach chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta agus fágfar ar oscailt agus ar fáil é le linn an chruinnithe le haghaidh aon duine a bheidh i láthair ag an gcruinniú.

(8) Féadfaidh aon chomhalta nó bintiúrach de chuid na cuideachta cóip den chlár, nó d'aon chuid de, a éileamh ar scilling, nó cibé suim faoina bhun sin a fhorordóidh an chuideachta, a íoc ar gach 100 focal nó codán de 100 focal a bheidh le cóipeáil.

Cuirfidh an chuideachta faoi deara go gcuirfear aon chóip a éileoidh aon duine amhlaidh chuig an duine sin laistigh de thréimhse 10 lá dar tosach an lá i ndiaidh an lae a gheobhaidh an chuideachta an t-éileamh.

(9) Má mhainnítear fo-alt (7) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain; agus má mhainnítear fo-alt (1) nó fo-alt (2) a chomhlíonadh, nó má dhiúltaítear aon chead scrúdaithe a éileofar faoin alt seo nó mura gcuirfear amach laistigh den tréimhse chuí aon chóip a éileofar faoin alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(10) Chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha an ailt seo, féadfaidh an chúirt, le hordú, a éigniú go gcuirfear an clár faoi scrúdú nó a ordú go ndéanfar na cóipeanna a éilíodh a chur chuig na daoine a d'éiligh siad.

(11) Chun críocha an ailt seo—

(a) measfar gur stiúrthóir ar an gcuideachta aon duine ar gnách le stiúrthóirí cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha; agus

(b) measfar aon scaireanna nó bíntiúir a bheith ar seilbh ag duine, nó leas nó ceart a bheith aige iontu nó orthu, má tá leas aige iontu i gcomhpháirt nó i gcoiteannas le haon duine eile, nó má tá leas teoranta, frithdhílse nó teagmhasach, nó leas mar chuspóir iontaobhais lánroghnaigh aige iontu; agus

(c) measfar aon scaireanna nó bintiúir a bheith ar seilbh ag duine, nó leas nó ceart a bheith aige iontu nó orthu, má tá siad ar seilbh, nó má tá an leas nó an ceart sin iontu nó orthu, ag comhlacht corpraithe seachas an chuideachta; agus

(i) gur gnách leis an gcomhlacht corpraithe sin nó lena stiúrthóirí gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha; nó

(ii) go bhfuil sé i dteideal trian nó níos mó den chumhacht vótála a fheidhmiú, nó ceannas a bheith aige ar a feidhmiú, ag aon chruinniú ginearálta den chomhlacht corpraithe sin.

(12) Ní bhainfidh an t-alt seo le cuideachta phríobháideach má bhíonn, agus fad a bheidh, comhaltaí uile na cuideachta príobháidí sin ina stiúrthóirí uirthi.

Sonraí ar thuarastail stiúrthóirí agus ar íocaíochtaí a bheith le tabhairt i gcuntais.

191. —(1) In aon chuntais ó chuideachta a leagfar faoi bhráid an chruinnithe ghinearálta bhliantúil nó i ráiteas a bheidh i gceangal leo, déanfar, faoi réir agus de réir forálacha an ailt seo, an t-eolas seo a leanas a thaispeáint, sa mhéid go mbeidh an t-eolas sin i leabhair agus i bpáipéir na cuideachta nó go mbeidh ceart ag an gcuideachta é a fháil ó na daoine lena mbaineann—

(a) comhiomlán sochar oifige na stiúrthóirí;

(b) comhiomlán pinsin stiúrthóirí nó iarstiúrthóirí; agus

(c) comhiomlán aon chúitimh a tugadh do stiúrthóirí nó d'iarstiúrthóirí mar gheall ar chailleadh oifige.

(2) San iomlán a bheidh le taispeáint faoi mhír (a) d'fho-alt (1)—

(a) áireofar aon sochair oifige a íocadh le haon duine, nó a bhí le fáil aige, i leith a sheirbhísí mar stiúrthóir ar an gcuideachta nó i leith a sheirbhísí, le linn dó bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta, mar stiúrthóir ar aon fhochuideachta di, nó ar dhóigh eile i ndáil le bainistí chúrsaí na cuideachta nó aon fhochuideachta di; agus

(b) déanfar idirdhealú idir sochair oifige i leith seirbhísí mar stiúrthóir, cibé acu ar an gcuideachta nó ar a fochuideachta é, agus sochair oifige eile;

agus chun críocha an ailt seo, folaíonn “sochar oifige”, maidir le stiúrthóir, táillí agus céatadáin, aon suimeanna a íoctar mar liúntas caiteachais sa mhéid go gcuirtear na suimeanna sin faoi mhuirear cánach ioncaim, aon ranníoc a íoctar ina leith faoi aon scéim pinsin, agus an luach airgid a mheastar a bheith ar aon sochair eile a fhaigheann sé ar dhóigh seachas in airgead tirim sa mhéid go gcuirtear iad faoi mhuirear cánach ioncaim.

(3) San iomlán a bheidh le taispeáint faoi mhír (b) d'fho-alt (1)—

(a) ní áireofar aon phinsean a íoctar nó atá le fáil, faoi scéim pinsin, más scéim í de shórt gur leor go substaintiúil na ranníocaí fúithi chun an scéim a chothabháil ach, taobh amuigh dá bhfuil ráite, áireofar ann aon phinsean a íoctar nó atá le fáil, i leith aon seirbhísí den sórt a luaitear i bhfo-alt (2) a thug stiúrthóir nó iarstiúrthóir ar an gcuideachta, cibé acu leis féin nó aige féin é nó, arna ainmniú aige nó de bhua é a bheith i gcleithiúnas air nó baint eile a bheith aige leis, le haon duine eile nó ag aon duine eile; agus

(b) déanfar idirdhealú idir pinsin i leith seirbhísí marstiúrthóir, cibé acu ar an gcuideachta nó ar a fochuideachta é, agus pinsin eile;

agus, chun críocha an ailt seo, folaíonn “pinsean” aon aoisliúntais, aisce aoisliúntais nó íocaíocht dá samhail, agus ciallaíonn “scéim pinsin” scéim chun pinsin a sholáthar i leith seirbhísí mar stiúrthóir nó eile a chothabháiltear go hiomlán nó go páirteach le ranníocaí, agus ciallaíonn “ranníoc”, maidir le scéim pinsin, aon íocaíocht (lena n-áirítear préimh árachais) a íoctar chun críocha na scéime ag daoine nó i leith daoine a thugann seirbhísí a dtiocfaidh nó a dtiocfadh pinsin chun bheith iníoctha ina leith faoin scéim, ach amháin nach bhfolaíonn sé aon íocaíocht i leith beirt nó níos mó mura féidir an méid a íoctar i leith gach duine acu a chinntiú.

(4) San iomlán a bheidh le taispeáint faoi mhír (c) d'fho-alt (1)—

(a) áireofar aon suimeanna a íoctar nó atá le fáil ag stiúrthóir nó iarstiúrthóir i modh cúitimh mar gheall ar chailleadh oifige mar stiúrthóir ar an gcuideachta nó cailleadh aon oifige eile, le linn dó bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta, nó ar é a scor, nó i ndáil lena scor, de bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta, arb oifig í a bhain le bainistí chúrsaí na cuideachta nó arb oifig ar bith í mar stiúrthóir nó eile i ndáil le bainistí chúrsaí aon fhochuideachta di; agus

(b) déanfar idirdhealú idir cúiteamh i leith na hoifige mar stiúrthóir, cibé acu ar an gcuideachta nó ar a fochuideachta é, agus cúiteamh i leith oifigí eile;

agus, chun críocha an ailt seo, folóidh tagairtí do chúiteamh mar gheall ar chailleadh oifige suimeanna a íoctar i gcomaoin duine a scor dá oifig nó i ndáil lena scor dá oifig.

(5) Sna hiomláin atá le taispeáint faoi gach mír d'fho-alt (1)—

(a) áireofar na suimeanna iomchuí go léir a d'íoc siad seo a leanas nó a bhí le fáil uathu—

(i) an chuideachta; agus

(ii) fochuideachtaí na cuideachta; agus

(iii) aon duine eile;

ach amháin suimeanna a mbeidh cuntas le tabhairt iontu don chuideachta nó d'aon cheann dá fochuideachtaí nó, de bhua alt 188, d'iarchomhaltaí nó do chomhaltaí láithreacha den chuideachta nó d'aon cheann dá fochuideachtaí nó d'aon aicme de na comhaltaí sin; agus

(b) déanfar idirdhealú, i gcás an iomláin atá le taispeáint faoi mhír (c) d'fho-alt (1) idir na suimeanna faoi seach a d'íoc an chuideachta, fochuideachtaí na cuideachta agus daoine seachas an chuideachta agus a fochuideachtaí, nó a bhí le fáil uathu sin.

(6) Is iad na hiomláin a bheidh le taispeáint faoin alt seo d'aon bhliain airgeadais na suimeanna a bhí le fáil i leith na bliana sin, cibé uair a íoctar iad, nó, i gcás suimeanna nach i leith tréimhse a bhí siad le fáil, na suimeanna a íocadh i gcaitheamh na bliana sin, sa dóigh, áfach, i gcás—

(a) nach dtaispeánfar aon suimeanna sna cuntais don bhliain airgeadais iomchuí ar an bhforas go ndlífidh an duine a fuair iad cuntas a thabhairt iontu mar a luaitear i mír (a) d'fho-alt (5), ach go scaoilfear an dliteanas go hiomlán nó go páirteach ina dhiaidh sin nó nach gcuirfear i bhfeidhm é laistigh de thréimhse 2 bhliain; nó

(b) aon suimeanna a íocadh mar liúntas caiteachais a chur faoi mhuirear cánach ioncaim tár éis deireadh na bliana airgeadais iomchuí;

go ndéanfar na suimeanna sin, go feadh an méid a scaoilfear an dliteanas nó nach gcuirfear i bhfeidhm é nó a chuirfear faoi mhuirear iad mar a dúradh, cibé acu é, a thaispeáint sna chéad chuntais ar féidir iad a thaispeáint ann go praiticiúil, nó i ráiteas a bheidh i gceangal leo, agus go ndéanfar idirdhealú idir iad agus na hiomláin a bheidh le taispeáint sna cuntais sin ar leithligh ón bhforáil seo.

(7) I gcás é a bheith riachtanach chun aon idirdhealú is gá de réir an ailt seo a dhéanamh ar aon iomlán atá le taispeáint faoin alt seo, féadfaidh na stiúrthóirí aon íocaíochtaí a chionroinnt de réir mar is cuí leo ar na nithe ar ina leith a íocadh iad nó atá siad le fáil.

(8) Más rud é nach gcomhlíonfar ceanglais an ailt seo i gcás aon chuntas, beidh sé de dhualgas ar iniúchóirí na cuideachta a scrúdóidh na cuntais ráiteas ina mbeidh na sonraí is gá a chur sa tuarascáil ar na cuntais, sa mhéid gur féidir leo é sin a dhéanamh go réasúnach.

(9) Aon tagairt atá san alt seo d'fhochuideachta de chuideachta—

(a) maidir le duine atá nó a bhí, le linn dó bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta, ina stiúrthóir freisin, de bhua ainmniúcháin ón gcuideachta, go díreach nó go neamhdhíreach, ar aon chomhlacht corpraithe eile, folóidh sí, faoi réir na míre seo a leanas, an comhlacht corpraithe sin, cibé acu atá nó nach bhfuil sé, nó a bhí nó nach raibh sé, iarbhír ina fhochuideachta don chuideachta;

(b) measfar, chun críocha fho-ailt (2) agus (3), í a bheith ag tagairt d'fhochuideachta an tráth a tugadh na seirbhísí, agus, chun críocha fho-alt (4), ag tagairt d'fhochuideachta díreach roimh chailleadh na hoifige mar stiúrthóir ar an gcuideachta.

Sonraí ar iasachtaí do stiúrthóirí a bheith le tabhairt i gcuntais.

192. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, tabharfar sna cuntais a bheidh, de bhun an Achta seo, le leagan faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil gach cuideachta, sonraí a thaispeánfaidh—

(a) méid aon iasachtaí a tugadh i rith bhliain airgeadais na cuideachta—

(i) d'aon stiúrthóir ar an gcuideachta;

(ii) d'aon duine a tháinig, tar éis an iasacht a bheith tugtha, chun bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta i rith na bliana sin; agus

(iii) d'aon chomhlacht corpraithe ina bhfuil teideal tairbhiúil ag stiúrthóirí na cuideachta (nó aon duine acu) chun breis is 20 faoin gcéad, de réir luacha ainmniúil, de na scaireanna sa chomhlacht corpraithe sin lena ngabhann cearta vótála seachas cearta vótála nach n-éiríonn ach in imthosca sonraithe;

ón gcuideachta nó ó fhochuideachta dá cuid nó ó aon duine eile faoi ráthaíocht nó ar urrús a thug an chuideachta nó fochuideachta dá cuid (lena n-áirítear aon iasachtaí den sórt sin a aisíocadh i rith na bliana sin); agus

(b) méid aon iasachtaí a tugadh mar a dúradh d'aon stiúrthóir, duine, nó comhlacht corpraithe den sórt a dúradh aon uair roimh bhliain airgeadais na cuideachta agus a bhí fós gan glanadh i ndeireadh na bliana sin.

(2) Ní cheanglóidh fo-alt (1) go mbeidh sonraí le cur i gcuntais—

(a) i dtaobh iasachta a thug cuideachta nó fochuideachta dá cuid i ngnáthchúrsa a gnó, más cuid de ghnáthghnó na cuideachta nó na fochuideachta, cibé acu é, airgead a thabhairt ar iasacht; ná

(b) i dtaobh iasachta a thug an chuideachta nó fochuideachta dá cuid d'fhostaí de chuid na cuideachta nó na fochuideachta, cibé acu é, mura mó ná £2,000 an iasacht agus go mbeidh sí deimhnithe ag stiúrthóirí na cuideachta nó na fochuideachta, cibé acu é, gur tugadh í de réir aon chleachtais a mbeidh an chuideachta nó an fhochuideachta tar éis, nó ar tí, glacadh leis maidir le hiasachtaí dá fostaithe;

agus, in aon chás acu, nach iasacht í a thug an chuideachta faoi ráthaíocht nó ar urrús a thug fochuideachta dá cuid ná iasacht a thug fochuideachta den chuideachta faoi ráthaíocht nó ar urrús a thug an chuideachta nó aon fhochuideachta eile dá chuid.

(3) Más rúd é, i gcás aon chuntais den sórt a dúradh, nach gcomhlíonfar ceanglais an ailt seo, beidh sé de dhualgas ar iniúchóirí na cuideachta a scrúdóidh na cuntais ráiteas ina mbeidh na sonraí is gá a chur ina dtuarascáil ar chlár comhardaithe na cuideachta, sa mhéid gur féidir leo é sin a dhéanamh go réasúnach.

(4) Measfar tagairtí san alt seo d'fhochuideachta a bheith ag tagairt d'fhochuideachta i ndeireadh bhliain airgeadais na cuideachta (cibé acu a bhí nó nach raibh sí ina fochuideachta ar dháta na hiasachta).

Dualgas ginearálta eolas a nochtadh chun críocha ailt 190, 191 agus 192.

193. —(1) Beidh de dhualgas ar gach stiúrthóir agus rúnaí ar chuideachta fógra i scríbhinn a thabhairt don chuideachta a luaithe is féidir maidir le cibé nithe ina thaobh féin agus i dtaobh a chéile agus a chlainne is gá chun críocha alt 190.

(2) Beidh de dhualgas ar gach stiúrthóir ar chuideachta fógra i scríbhinn a thabhairt don chuideachta maidir le cibé nithe ina thaobh féin is gá chun críocha ailt 191 agus 192 ach amháin sa mhéid go mbaineann an t-alt deiridh sin le hiasachtaí a thabharfaidh an chuideachta nó aon duine eile faoi ráthaíocht nó ar urrús a thug an chuideachta do stiúrthóir ar an gcuideachta.

(3) Mura dtabharfar aon fhógra den sórt sin ag cruinniú stiúrthóirí, déanfaidh an stiúrthóir nó an rúnaí, cibé acu é, a bheidh á thabhairt, gach beart réasúnach chun a áirithiú go dtarraingeofar anuas agus go léifear é ag an gcéad chruinniú eile de na stiúrthóirí tar éis a thugtha.

(4) Dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar aon duine a mhainneoidh an t-alt seo a chomhlíonadh.

Dualgas ar stiúrthóir a leas i gconarthaí a dhéanfar leis an gcuideachta a nochtadh.

194. —(1) Beidh de dhualgas ar stiúrthóir cuideachta a bhfuil leas aige ar dhóigh ar bith, go díreach nó go neamhdhíreach, i gconradh, nó i gconradh atá beartaithe, leis an gcuideachta, a dhearbhú cad é an leas é ag cruinniú de stiúrthóirí na cuideachta.

(2) I gcás conradh a bheith beartaithe, déanfar an dearbhú a cheanglaítear ar stiúrthóir a dhéanamh leis an alt seo ag an gcruinniú de na stiúrthóirí ag a mbreithneofar don chéad uair an cheist i dtaobh an conradh a dhéanamh, nó, mura raibh leas ag an stiúrthóir, ar dháta an chruinnithe sin, sa chonradh beartaithe, ag an gcéad chruinniú eile de na stiúrthóirí a thionólfar tar éis dó teacht chun leas a bheith aige amhlaidh, agus i gcás an stiúrthóir a theacht chun leas a bheith aige i gconradh tar éis a dhéanta, déanfar an dearbhú sin ag an gcéad chruinniú de na stiúrthóirí a thionólfar tar éis don stiúrthóir teacht chun an leas sin a bheith aige.

(3) Faoi réir fho-alt (4), má thugann stiúrthóir fógra ginearálta do stiúrthóirí cuideachta á chur in iúl gur comhalta é de chuideachta nó de ghnólacht sonraithe agus go bhfuil sé le háireamh mar dhuine a bhfuil leas aige in aon chonradh a dhéanfaí, tar éis dáta an fhógra, leis an gcuideachta sin nó leis an ngnólacht sin, measfar, chun críocha an ailt seo, gur leordhearbhú é sin ar a leas maidir le haon chonradh a dhéanfar amhlaidh.

(4) Ní bheidh éifeacht ag aon fhógra den sórt sin a dúradh mura dtabharfar é ag cruinniú de na stiúrthóirí nó mura ndéanfaidh an stiúrthóir gach beart réasúnach chun a áirithiú go dtarraingeofar anuas agus go léifear é ag an gcéad chruinniú eile de na stiúrthóirí tar éis a thugtha.

(5) (a) Déanfar cóip de gach dearbhú a dhéanfar, agus de gach fógra a thabharfar, de bhun an ailt seo a thaifeadadh, laistigh de 3 lá tar éis a dhéanta nó a thugtha, i leabhar a choimeádfar chuige sin. Beidh an leabhar sin ar oscailt chun a scrúdaithe in aisce ag aon stiúrthóir, rúnaí, iniúchóir nó comhalta de chuid na cuideachta in oifig chláraithe na cuideachta, agus tabharfar ar aird é ag gach cruinniú ginearálta den chuideachta, agus ag aon chruinniú de na stiúrthóirí má iarrann aon stiúrthóir é in am trátha chun go bhféadfar an leabhar a chur ar fáil ag an gcruinniú.

(b) Má mhainníonn cuideachta an fo-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, agus má dhiúltaítear cead a scrúdaithe nó é a thabhairt ar aird in aon chás ina n-éileofar sin faoin bhfo-alt seo, féadfaidh an chúirt, le hordú, a éigniú go gcuirfear faoi scrúdú nó go dtabharfar ar aird é láithreach.

(6) Dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar aon stiúrthóir a mhainneoidh an t-alt seo a chomhlíonadh.

(7) Ní mheasfar go ndéanann aon ní san alt seo dochar d'oibriú aon rialach dlí a choisceann ar stiúrthóirí cuideachta aon leas a bheith acu i gconarthaí leis an gcuideachta.

Clár na stiúrthóirí agus na rúnaithe.

195. —(1) Coimeádfaidh gach cuideachta clár a stiúrthóirí agus a rúnaithe ina hoifig chláraithe.

(2) Faoi réir fho-alt (3), beidh na sonraí seo a leanas sa chlár sin maidir le gach stiúrthóir—

(a) a ainm baiste agus a shloinne faoi láthair agus aon seanainm baiste agus seansloinne; agus

(b) seoladh a ghnátháite cónaithe; agus

(c) a náisiúntacht, mura náisiúntacht Éireannach í; agus

(d) an tslí ghnó atá aige, má tá; agus

(e) sonraí aon stiúrthóireachtaí eile atá aige ar chomhlachtaí corpraithe a corpraíodh sa Stát.

(3) Ní gá go mbeadh sa chlár sin sonraí ar stiúrthóireachtaí atá ag stiúrthóir i gcomhlachtaí corpraithe ar fochuideachta atá ar lánúinéireacht acu an chuideachta nó ar fochuideachtaí iad atá ar lánúinéireacht ag an gcuideachta nó ag comhlacht corpraithe eile ar fochuideachta atá ar lánúinéireacht aige an chuideachta, agus chun críocha an fho-ailt seo measfar comhlacht corpraithe a bheith ina fhochuideachta atá ar lánúinéireacht ag comhlacht corpraithe eile mura bhfuil de chomhaltaí aige ach an comhlacht corpraithe eile sin agus na fochuideachtaí atá ar lánúinéireacht ag an gcomhlacht corpraithe eile sin agus a ainmnithigh féin nó a n-ainmnithigh sin.

(4) Faoi réir fho-alt (5), beidh na sonraí seo a leanas sa chlár sin maidir leis an rúnaí nó, i gcás comhrúnaithe a bheith ann, maidir le gach duine acu—

(a) i gcás pearsa aonair, a ainm baiste agus a shloinne faoi láthair, aon seanainm baiste agus seansloinne, agus seoladh a ghnátháite cónaithe; agus

(b) i gcás comhlachta chorpraithe, an t-ainm corpraithe agus an oifig chláraithe.

(5) Más comhrúnaithe na compháirtithe go léir i ngnólacht, féadfar ainm agus príomhoifig an ghnólachta a thabhairt in ionad na sonraí sin.

(6) Cuirfidh an chuideachta chuig cláraitheoir na gcuideachtaí, laistigh de na tréimhsí faoi seach a luaitear i bhfo-alt (7), tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ina dtabharfar na sonraí a shonraítear sa chlár sin maraon le faisnéis san fhoirm fhorordaithe faoi aon athrú i measc a stiúrthóirí nó ar a rúnaí, nó ar aon cheann de na sonraí sa chlár, agus a shonróidh dáta an athraithe.

(7) Faoi réir fho-alt (8), is iad seo a leanas na tréimhsí dá dtagraítear i bhfo-alt (6):—

(a) is 14 lá ón dáta a cheapfar na chéad stiúrthóirí ar an gcuideachta an tréimhse ina mbeidh an tuairisceán sin le cur ar aghaidh; agus

(b) is 14 lá tar éis an dáta a tharlóidh sé an tréimhse ina mbeidh an fhaisnéis sin faoi athrú le cur ar aghaidh.

(8) I gcás tuairisceán ina mbeidh sonraí maidir le haon duine arb é rúnaí na cuideachta é ar an dáta feidhme, is 14 lá ón dáta feidhme an tréimhse.

(9) Beidh an clár a choimeádfar faoin alt seo ar fáil lena scrúdú, le linn uaire gnó (faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an chuideachta lena hairteagail nó i gcruinniú ginearálta, ionas go lamhálfar 2 uair a chloig ar a laghad gach lá chun a scrúdaithe, ag aon chomhalta den chuideachta saor in aisce, agus ag aon duine eile ar scilling nó cibé suim faoina bhun sin a fhorordóidh an chuideachta a íoc as gach scrúdú.

(10) Má dhiúltaítear aon chead scrúdaithe a éileofar faoin alt seo, nó ná mhainnítear fo-ailt (1), (2), (4) nó (6) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(11) I gcás aon diúltaithe den sórt sin, féadfaidh an chúirt, le hordú, a éigniú go gcuirfear an clár faoi scrúdú láithreach.

(12) Chun críocha an ailt seo—

(a) measfar gur stiúrthóir agus oifigeach de chuid cuideachta duine ar gnách le stiúrthóirí na cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha;

(b) folaíonn “ainm baiste” túsainm.

(c) i gcás duine a aithnítear de ghnáth faoi theideal nach ionann agus a shloinne, ciallaíonn an focal “sloinne” an teideal sin;

(d) ní fholaíonn tagairtí do sheanainm baiste nó seansloinne—

(i) i gcás duine a aithnítear de ghnáth faoi theideal nach ionann agus a shloinne, an t-ainm faoina raibh aithne air sular ghlac sé an teideal nó sular tháinig sé i gcomharbas an teidil, nó

(ii) i gcás aon duine, seanainm baiste nó seansloinne i gcás inar athraíodh nó inar ligeadh as úsáid an t-ainm nó an sloinne sin sular shlánaigh an duine ar a raibh an t-ainm 18 mbliana d'aois nó ina bhfuil sé athraithe nó ligthe as úsáid le tréimhse nach giorra ná 20 bliain; nó

(iii) i gcás bean phósta, an t-ainm nó an sloinne faoina raibh aithne uirthi roimh an bpósadh.

Sonraí a bhaineann le stiúrthóirí a bheith le taispeáint ar gach litir ghnó ón gcuideachta.

1908, c. 69.

1933, Uimh. 36 .

196. —(1) Faoi réir fho-alt (2), déanfaidh gacn cuideachta lena mbaineann an t-alt seo, i ngach litir ghnó ar a mbeidh nó ina mbeidh ainm na cuideachta agus a chuirfidh an chuideachta chuig aon duine, na sonraí seo a leanas a thabhairt i litreacha inléite maidir le gach stiúrthóir:

(a) a ainm baiste faoi láthair, nó inisileacha an ainm sin, agus a shloinne faoi láthair; agus

(b) aon seanainmneacha baiste agus seansloinnte; agus

(c) a náisiúntacht, mura náisiúntacht Éireannach í.

(2) Má tá imthosca speisialta ann a fhágann, i dtuairim an Aire, go bhfuil sé fóirsteanach díolúine den sórt sin a dheonú, féadfaidh an tAire, faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis, díolúine ó na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an alt seo a dheonú.

(3) Bainfidh an t-alt seo—

(a) le gach cuideachta a bheidh cláraithe faoin Acht seo nó faoin Companies Consolidation Act, 1908, mura roimh an 23ú lá de Shamhain, 1916, a cláraíodh í, agus

(b) le gach cuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát agus a bhfuil áit ghnó bhunaithe aici sa Stát, mura raibh áit ghnó den sórt sin bunaithe aici roimh an dáta sin; agus

(c) le gach cuideachta a bheidh ceadúnaithe faoi Acht na nIasachtaithe Airgid, 1933 , cibé uair a cláraíodh í nó cibé uair a bhunaigh sí áit ghnó.

(4) Faoi réir fho-alt (5), má mhainníonn cuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £25 i leith gach ciona a chur ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain agus, chun críocha an fho-ailt seo, má bhíonn comhlacht corpraithe ina oifigeach don chuideachta, measfar gurb oifigeach don chuideachta aon oifigeach don chomhlacht corpraithe.

(5) Ní thionscnófar aon imeachtaí faoin alt seo ach amháin ag an Aire nó lena thoiliú.

(6) Chun críocha an ailt seo—

(a) folaíonn “stiúrthóir” aon duine ar gnách le stiúrthóirí na cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha, agus forléireofar “oifigeach” dá réir sin; agus

(b) folaíonn “inisileacha” giorrú aitheanta ar ainm baiste; agus beidh feidhm ag míreanna (b), (c) agus (d) d'fho-alt (12) d'alt 195 amhail mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin.

Féadfaidh cuideachta theoranta stiúrthóirí le dliteanas neamhtheoranta a bheith aici.

197. —(1) I gcuideachta theoranta, má fhoráiltear amhlaidh leis an meabhrán, féadfaidh dliteanas na stiúrthóirí, nó an stiúrthóra bainistíochta, bheith neamhtheoranta.

(2) I gcuideachta theoranta ina mbeidh dliteanas stiúrthóra neamhtheoranta, déanfaidh stiúrthóirí na cuideachta agus an comhalta a thairgfidh duine lena thoghadh nó lena cheapadh chun oifig stiúrthóra, ráiteas a chur leis an tairiscint sin go mbeidh dliteanas an duine a bheidh i seilbh na hoifige sin neamhtheoranta, agus sula nglacfaidh an duine sin leis an oifig nó sula ngníomhóidh sé inti, tabharfar dó fógra i scríbhinn go mbeidh a dhliteanas neamhtheoranta ó na daoine seo a leanas nó ó dhuine acu, eadhon, tionscnóirí na cuideachta, stiúrthóirí na cuideachta, agus rúnaí na cuideachta.

(3) Má mhainníonn aon stiúrthóir nó tairgtheoir ráiteas den sórt sin a chur leis an tairiscint, nó má mhainníonn aon tionscnóir nó stiúrthóir nó rúnaí fógra den sórt sin a thabhairt, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air agus beidh sé faoi dhliteanas freisin i leith aon damáiste a bhainfidh, de dheasca na mainneachtana, don duine a thoghfar nó a cheapfar amhlaidh, ach ní dhéanfaidh an mhainneachtain difear do dhliteanas an duine a thoghfar nó a cheapfar.

Cumhacht cuideachta teoranta chun dliteanas stiúrthóirí a dhéanamh neamhtheoranta.

198. —(1) Féadfaidh cuideachta theoranta, má údaraítear sin di lena hairteagail, a meabhrán a athrú, le rún speisialta, chun dliteanas a stiúrthóirí, nó dliteanas aon stiúrthóra bainistíochta, a dhéanamh neamhtheoranta.

(2) Ar aon rún speisialta den sórt sin a rith, beidh a fhorálacha chomh bailí is dá mbeidís sa mheabhrán i gcéaduair.

Forálacha maidir le sannadh oifige ag stiúrthóirí.

199. —Más rud é, i gcás aon chuideachta, go mbeidh foráil déanta leis na hairteagail nó le haon chomhaontú a rinneadh idir aon duine agus an chuideachta chun cumhacht a thabhairt do stiúrthóir ar an gcuideachta a oifig mar stiúrthóir a shannadh do dhuine eile, beidh aon sannadh oifige a dhéanfar de bhun na forála sin, d'ainneoin aon ní contrártha dó sin san fhoráil sin, gan éifeacht ar bith mura n-aontófar agus go dtí go n-aontófar leis le rún speisialta ón gcuideachta.

Neamhniú Forálacha in Airteagail nó i gConarthaí a shaorfadh Oifigigh ó Dhliteanas.

Neamhniú forálacha a shaorfadh oifigigh agus iniúchóirí cuideachta ó dhliteanas.

200. —Faoi réir a bhforáiltear anseo ina dhiaidh seo, má dhéantar aon fhoráil, cibé acu in airteagail chuideachta nó in aon chonradh le cuideachta nó ar dhóigh eile é, chun aon oifigeach don chuideachta nó aon duine eile a bheidh ar fostú ag an gcuideachta mar iniúchóir a dhíolmhú ó aon dliteanas, nó a shlánú in aghaidh aon dliteanais, a bheadh de bhua aon rialach dlí ag baint leis murach sin mar gheall ar aon fhaillí, mainneachtain, sárú dualgais nó sárú iontaobhais a mbeadh sé ciontach ann maidir leis an gcuideachta, beidh an fhoráil sin ar neamhní, sa dóigh, áfach—

(a) nach n-oibreoidh aon ní san alt seo chun aon díolúine nó ceart a bhaint d'aon duine chun a shlánaithe i leith aon ní a rinne sé nó nach ndearna sé fad a bhí aon fhoráil den sórt sin i bhfeidhm; agus

(b) d'ainneoin aon ní san alt seo, go bhféadfaidh cuideachta, de bhun aon fhorála mar a dúradh, aon oifigeach nó iniúchóir den sórt sin a shlánú in aghaidh aon dliteanais faoina rachaidh sé ag cosaint imeachtaí, cibé acu sibhialta nó coiriúil iad, ina dtabharfar breithiúnas ina fhabhar nó ina n-éigiontófar é, nó i ndáil le haon iarratas faoi alt 391 ina ndeonóidh an chúirt faoiseamh dó.

Comhshocraiochtai agus Athchóiriú.

Comhréiteach idir cuideachta agus a comhaltaí no a creidiúnaithe.

201. —(1) Má bheartaítear ar chomhréiteach nó comhsocraíocht idir cuideachta agus a creidiúnaithe nó aon aicme dá creidiúnaithe, nó idir an chuideachta agus a comhaltaí nó aon aicme dá comhaltaí, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón gcuideachta nó ó aon chreidiúnaí nó comhalta de chuid na cuideachta, nó, i gcás cuideachta a bheith á foirceannadh, ón leachtaitheoir, a ordú go ndéanfar cruinniú de na creidiúnaithe nó den aicme creidiúnaithe, nó de chomhaltaí na cuideachta nó den aicme comhaltaí, cibé acu é, a ghairm ar an modh a ordóidh an chúirt.

(2) Aon uair a dhéanfar iarratas mar a luaitear i bhfo-alt (1), féadfaidh an chúirt, ar cibé téarmaí a fheicfear di a bheith cóir, bac a chur ar gach imeacht, nó srian a chur lena thuilleadh imeachtaí, i gcoinne na cuideachta go ceann cibé tréimhse is cuí leis an gcúirt.

(3) Má thugann tromlach a ionannóidh trí cheathrú, de réir luacha, de na creidiúnaithe nó den aicme creidiúnaithe nó de na comhaltaí nó den aicme comhaltaí, cibé acu é, a bheidh i láthair agus a vótálfaidh go pearsanta nó trí sheachvótálaithe ag an gcruinniú, vóta i bhfabhar rúin ag comhaontú le haon chomhréiteach nó comhshocraíocht, beidh an comhréiteach nó an chomhshocraíocht, má cheadaíonn an chúirt an céanna, ina cheangal ar na creidiúnaithe go léir nó ar an aicme creidiúnaithe nó ar na comhaltaí nó ar an aicme comhaltaí, cibé acu é, agus fós ar an gcuideachta nó, i gcás cuideachta a bheidh i gcúrsa a foirceanta, ar an leachtaitheoir agus ar ranníocóirí na cuideachta.

(4) Bainfidh alt 144 le haon rún den sórt a luaitear i bhfo-alt (3) a rithfear ag aon chruinniú atrátha a thionólfar faoin alt seo.

(5) Ní bheidh aon éifeacht ag ordú faoi fho-alt (3) go dtí go mbeidh cóip oifige den ordú seachadta do chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú, agus cuirfear cóip de gach ordú den sórt sin i gceangal le gach cóip de mheabhrán na cuideachta a eiseofar tar éis an t-ordú a dhéanamh, nó, i gcás cuideachta gan mheabhrán, le gach cóip a eiseofar amhlaidh den ionstraim trínar comhdhéanadh an chuideachta nó a mhíníonn a comhdhéanamh.

(6) Má mhainníonn cuideachta fo-alt (5) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £20 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(7) San alt seo agus in alt 202, ciallaíonn “cuideachta” aon chuideachta is infhoirceanta faoin Acht seo, agus folaíonn “comhshocraíocht” atheagrú ar scairchaipiteal na cuideachta trí scaireanna de chineálacha éagsúla a chomhdhlúthú nó trí scaireanna a roinnt ina scaireanna de chineálacha éagsúla nó ar an dá mhodh sin.

Eolas faoi chomhréiteach le comhaltaí agus le creidiúnaithe.

202. —(1) Nuair a dhéanfar cruinniú de chreidiúnaithe nó d'aon aicme creidiúnaithe nó de chomhaltaí nó d'aon aicme comhaltaí a ghairm faoi alt 201, déanfar—

(a) le gach fógra ag gairm an chruinnithe a chuirfear chuig creidiúnaí nó comhalta, ráiteas a chur chuige freisin ina míneofar éifeacht an chomhréitigh nó na comhshocraíochta agus ina luafar go háirithe aon leasanna ábhartha atá ag stiúrthóirí na cuideachta, cibé acu mar stiúrthírí nó mar chomhaltaí nó mar chreidiúnaithe de chuid na cuideachta nó eile é, agus éifeacht an chomhréitigh nó na comhshocraíochta orthu, sa mhéid nach ionann í agus an éifeacht ar a samhail de leasanna ag daoine eile; agus

(b) i ngach fógra ag gairm an chruinnithe a thabharfar trí fhógrán, ráiteas den sórt a dúradh a chur ann nó faisnéis faoin áit agus an am a bhféadfaidh creidiúnaithe nó comhaltaí atá i dteideal bheith i láthair ag an gcruinniú cóipeanna de ráiteas mar a dúradh a fháil.

(2) Má dhéanann an comhréiteach nó an chomhshocraíocht difear do chearta bintiúrach de chuid cuideachta, tabharfar sa ráiteas sin míniú maidir le hiontaobhaithe aon ghníomhais chun eisiúint na mbintiúr a urrú de shamhail an mhínithe is gá a thabhairt ann maidir le stiúrthóirí na cuideachta.

(3) Má bhíonn i bhfógra a thabharfar trí fhógrán faisnéis go bhféadfaidh creidiúnaithe nó comhaltaí atá i dteideal bheith i láthair ag an gcruinniú cóipeanna a fháil de ráiteas a mhíníonn éifeacht chomhréitigh nó chomhshocraíochta atá beartaithe, déanfaidh an chuideachta cóip den ráiteas a thabhairt in aisce do gach creidiúnaí nó comhalta den sórt sin má iarrann sé sin ar an modh a chuirfear in iúl leis an bhfógra.

(4) Faoi réir fho-alt (5), má mhainníonn cuideachta aon cheanglas dá bhfuil san alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, agus chun críche an fho-ailt seo measfar gurb oifigeach don chuideachta aon leachtaitheoir ar an gcuideachta agus aon iontaobhaí faoi ghníomhas chun eisiúint bintiúr de chuid na cuideachta a urrú.

(5) Ní bheidh duine faoi dhliteanas faoi fho-alt (4) má shuíonn an duine sin gurbh é ba chúis leis an mainneachtain diúltú ó aon duine eile, ar stiúrthóir nó iontaobhaí dó bhintiúraigh é, na sonraí ba ghá i dtaobh a leasanna a thabhairt uaidh.

(6) Beidh sé de dhualgas ar aon stiúrthóir ar an gcuideachta agus ar aon iontaobhaí do bhintiúraigh de chuid na cuideachta fógra a thabhairt don chuideachta faoi na nithe sin ina thaobh féin is gá chun críocha an ailt seo, agus dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar aon duine a mhainneoidh an fo-alt seo a chomhlíonadh.

Forálacha chun athchóiriú agus cónascadh cuideachtaí a éascú.

203. —(1) Nuair a dhéanfar iarratas chun na cúirte faoi alt 201 chun comhréiteach nó comhshocraíocht a cheadú a bheidh beartaithe idir cuideachta agus aon daoine den sórt a luaitear san alt sin, agus a shuífear don chúirt gur beartaíodh an comhréiteach nó an chomhshocraíocht chun críocha scéime, nó i ndáil le scéim, chun aon chuideachta nó cuideachtaí a athchóiriú nó chun aon dá chuideachta nó níos mó a chónascadh, agus de réir na scéime go bhfuil an t-iomlán nó aon chuid de ghnóthas nó maoin aon chuideachta atá i gceist sa scéim (dá ngairtear “cuideachta is aistreoir” san alt seo) le haistriú chuig cuideachta eile (dá ngairtear “an chuideachta is aistrí” san alt seo), féadfaidh an chúirt, leis an ordú a cheadóidh an comhréiteach nó an chomhshocraíocht nó le haon ordú ina dhiaidh sin, foráil a dhéanamh le haghaidh aon ní nó nithe acu seo a leanas—

(a) an t-iomlán nó aon chuid de ghnóthas agus de mhaoin nó dliteanais aon chuideachta is aistreoir a aistriú chuig an gcuideachta is aistrí;

(b) leithroinnt nó leithreasú ag an gcuideachta is aistrí ar aon scaireanna, bintiúir, polasaithe nó leasanna eile dá samhail sa chuideachta sin atá, faoin gcomhréiteach nó faoin gcomhshocraíocht, le leithroinnt nó le leithreasú ag an gcuideachta sin ar aon duine nó lena aghaidh;

(c) leanúint d'aon imeachtaí dlí atá ar feitheamh ag aon chuideachta is aistreoir nó ina coinne ag an gcuideachta is aistrí nó ina coinne;

(d) díscaoileadh aon chuideachta is aistreoir, gan í a fhoirceannadh;

(e) an soláthar atá le déanamh d'aon daoine a easaontóidh, laistigh de cibé tréimhse agus ar cibé modh a ordóidh an chúirt, leis an gcomhréiteach nó leis an gcomhshocraíocht;

(f) cibé nithe teagmhasacha, iarmartacha agus forlíontacha is gá chun a áirithiú go ndéanfar an t-athchóiriú nó an cónascadh a chur i gcrích go hiomlán agus go héifeachtach.

(2) Nuair a dhéanfaidh ordú faoin alt seo foráil chun maoin nó dliteanais a aistriú, ansin, de bhua an ordaithe, aistreofar an mhaoin sin chun na cuideachta is aistrí agus dílseoidh sí di, agus, de bhua an ordaithe, aistreoidh na dliteanais sin chuici agus tiocfaidh siad chun bheith ina ndliteanais uirthi, agus i gcás aon mhaoine, má ordaíonn an t-ordú amhlaidh, saor ó aon mhuirear a bheidh, de bhua an chomhréitigh nó na comhshocraíochta, le scor d'éifeacht a bheith aige.

(3) Nuair a dhéanfar ordú faoin alt seo, cuirfidh gach cuideachta a ndéanfar an t-ordú ina leith faoi deara go seachadfar cóip oifige de do chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú, laistigh de 21 lá tar éis an t-ordú a dhéanamh, agus má mhainnítear an fo-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(4) San alt seo, folaíonn “maoin” maoin, cearta agus cumhachtaí de gach saghas, agus folaíonn “dliteanais” dualgais.

(5) D'ainneoin fho-alt (7) d'alt 201, ní fholaíonn “cuideachta” san alt seo aon chuideachta seachas cuideachta de réir bhrí an Achta seo.

Cumhacht chun scaireanna a fháil ó scairshealbhóirí nár aontaigh le scéim nó conradh lenar aontaigh tromlach.

1959, Uimh. 7 .

1959, Uimh. 7 .

204. —(1) Faoi réir fho-alt (2), i gcás scéim nó conradh nó tairiscint trína bhfaigheadh cuideachta amháin, cibé acu cuideachta de réir bhrí an Achta seo í nó nach ea (dá ngairtear “an chuideachta is aistrí” san alt seo), úinéireacht thairbhiúil ar na scaireanna go léir (seachas scaireanna atá ar úinéireacht thairbhiúil cheana féin ag an gcuideachta is aistrí) i gcaipiteal cuideachta eile, is cuideachta de réir bhrí an Achta seo (dá ngairtear “an chuideachta is aistreoir” san alt seo), a theacht chun bheith ina cheangal nó a bheith aontaithe nó glactha i leith ceithre chúigiú ar a laghad de réir luacha de na scaireanna a bheidh i gceist, tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis téarmaí na scéime, an chonartha nó na tairisceana sin a fhoilsiú go ginearálta do shealbhóirí na scaireanna a bheidh i gceist, féadfaidh an chuideachta is aistrí, tráth ar bith roimh dheireadh na tréimhse 6 mhí díreach i ndiaidh an fhoilsithe sin, fógra a thabhairt san fhoirm fhorordaithe d'aon scairshealbhóir easaontach gur mian léi úinéireacht thairbhiúil a fháil ar a scaireanna, agus nuair a bheidh an fógra sin tugtha beidh an chuideachta is aistrí, mura rud é, ar iarratas ón scairshealbhóir easaontach laistigh de mhí ón dáta a tugadh an fógra, gur cuí leis an gcúirt a mhalairt a ordú, i dteideal agus faoi cheangal úinéireacht thairbhiúil na scaireanna sin a fháil ar na téarmaí ar a mbeidh, faoin scéim nó faoin gconradh nó faoin tairiscint, úinéireacht thairbhiúil na scaireanna a mbeidh an scéim, an conradh nó an tairiscint tagtha chun bheith ina cheangal nó aontaithe nó glactha ina leith le fáil ag an gcuideachta is aistrí.

(2) I gcás scaireanna sa chuideachta is aistreoir a bheith, ar dháta an fhoilsithe sin, ar úinéireacht thairbhiúil cheana féin ag an gcuideachta is aistrí go feadh luach is mó ná an cúigiú cuid de luach comhiomlán na scaireanna sin agus na scaireanna a bheidh i gceist, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) mura rud é, i dteannta iad a bheith i seilbh ceithre chúigiú ar a laghad de réir luacha de na scaireanna a bheidh i gceist, gurb ionann líon na scairshealbhóirí aontacha agus trí cheathrú ar a laghad de líon sealbhóirí na scaireanna sin.

(3) Chun críocha an ailt seo, i gcás scaireanna sa chuideachta is aistreoir a bheith ar úinéireacht thairbhiúil ag fochuideachta don chuideachta is aistrí measfar iad a bheith ar úinéireacht thairbhiúil ag an gcuideachta is aistrí, i gcás úinéireacht thairbhiúil scaireanna sa chuideachta is aistreoir a bheith faighte ag fochuideachta don chuideachta is aistrí measfar an úinéireacht thairbhiúil sin a bheith faighte ag an gcuideachta is aistrí, agus ní áireofar scaireanna mar scaireanna nach bhfuil ar úinéireacht thairbhiúil ag an gcuideachta is aistrí de bhíthin amháin go bhfuil na scaireanna sin, nó go dtiocfadh dóibh a bheith, faoi réir muirir i bhfabhar duine eile.

(4) Más rud é, de dhroim aon scéime, chonartha nó tairiscinte den sórt sin, go bhfaighidh an chuideachta is aistrí an leas tairbhiúil i scaireanna sa chuideachta is aistreoir agus de thoradh é a fháil go dtiocfaidh an chuideachta is aistrí chun bheith ina húinéir tairbhiúil ar cheithre chúigiú de réir luacha de na scaireanna uile sa chuideachta is aistreoir, ansin—

(a) déanfaidh an chuideachta is aistrí, laistigh de mhí ón dáta a fuarthas an leas sin, fógra go bhfuarthas é a thabhairt san fhoirm fhorordaithe do na sealbhóirí go léir ar scaireanna sa chuideachta is aistreoir nach bhfuil ar úinéireacht thairbhiúil ag an gcuideachta is aistrí; agus

(b) féadfaidh aon sealbhóir den sórt sin, laistigh de 3 mhí ón dáta a tugadh an fógra dó, a éileamh ar an gcuideachta is aistrí a chuid scaireanna a fháil;

agus, nuair a thabharfaidh scairshealbhóir fógra faoi mhír (b) maidir le haon scaireanna, beidh an chuideachta is aistrí i dteideal agus faoi cheangal úinéireacht thairbhiúil na scaireanna sin a fháil ar na téarmaí ar a bhfuair sí, faoin scéim nó faoin gconradh nó faoin tairiscint, úinéireacht thairbhiúil scaireanna na scairshealbhóirí aontacha, nó ar cibé téarmaí eile ar a gcomhaontófar nó is cuí leis an gcúirt a ordú ar iarratas ón gcuideachta is aistrí nó ó scairshealbhóir, agus beidh fo-ailt (5), (6) agus (7) infheidhme mutatis mutandis amhail is dá mba thagairt d'fhógra a tugadh faoi mhír (b) aon tagairt sna fo-ailt sin d'fhógra a tugadh faoi fho-alt (1).

(5) Nuair a bheidh fógra tugtha ag an gcuideachta is aistrí faoi fho-alt (1) agus nach mbeidh an chúirt, ar iarratas ón scairshealbhóir easaontach, tar éis a mhalairt a ordú, déanfaidh an chuideachta is aistrí, ar mhí ón dáta a tugadh an fógra a bheith caite, nó, má bhíonn iarratas chun na cúirte ón scairshealbhóir easaontach ar feitheamh an uair sin, tar éis déileáil leis an iarratas sin, cóip den fhógra a chur chuig an gcuideachta is aistreoir maraon le hionstraim aistrithe scaireanna an scairshealbhóra easaontaigh arna forghníomhú thar ceann an scairshealbhóra easaontaigh mar aistreoir ag aon duine a bheidh ceaptha ag an gcuideachta is aistrí agus ag an aistrí (is é sin, an chuideachta is aistrí nó fochuideachta don chuideachta is aistrí nó ainmnitheach don chuideachta is aistrí nó d'fhochuideachta den sórt sin) agus an méid nó an chomaoin eile is ionann agus an praghas is iníoctha ag an gcuideachta is aistrí ar na scaireanna a mbeidh an chuideachta is aistrí i dteideal a n-úinéireacht thairbhiúil a fháil de bhua an ailt seo a íoc leis an gcuideachta is aistreoir nó a dhílsiú di, agus air sin déanfaidh an chuideachta is aistreoir an duine a d'fhorghníomhaigh an ionstraim sin mar aistrí a chlárú mar shealbhóir na scaireanna sin, sa dóigh, áfach, nach gá amhlaidh ionstraim aistrithe le haghaidh aon scaire a mbeidh barántas scaire ina leith gan teacht isteach de thuras na huaire.

(6) Déanfar aon suimeanna a gheobhaidh an chuideachta is aistreoir faoin alt seo a íoc isteach i gcuntas bainc ar leith, agus sealbhóidh an chuideachta sin aon suimeanna den sórt sin agus aon chomaoin eile a gheofar amhlaidh ar iontaobhas do na daoine éagsúla a bheidh i dteideal na scaireanna ar ina leith a fuarthas na suimeanna sin nó an chomaoin eile sin faoi seach.

(7) Ní bheidh an chuideachta is aistreoir ná ainmnitheach don chuideachta is aistreoir i dteideal aon cheart vótála a fheidhmiú a thabharfaidh aon scaireanna sa chuideachta is aistrí a eiseofar chuici nó chun a hainmnithigh mar a dúradh ach amháin faoi threoracha ón scairshealbhóir ar ina leith a eisíodh na scaireanna sin amhlaidh nó óna chomharba i dteideal agus de réir na dtreoracha sin.

(8) San alt seo, ciallaíonn “na scaireanna a bheidh i gceist” na scaireanna a mbeidh fáil úinéireacht thairbhiúil orthu ag an gcuideachta is aistrí i dtrácht sa scéim, sa chonradh nó sa tairiscint, ciallaíonn “scairshealbhóir aontach” sealbhóir aon chinn de na scaireanna a bheidh i gceist agus a mbeidh an scéim, an conradh nó an tairiscint tagtha chun bheith ina cheangal nó aontaithe nó glactha ina leith, agus ciallaíonn “scairshealbhóir easaontach” sealbhóir aon chinn de na scaireanna a bheidh i gceist nach mbeidh an scéim, an conradh nó an tairiscint tagtha chun bheith ina cheangal nó aontaithe nó glactha ina leith nó sealbhóir a d'fhailligh nó a dhiúltaigh a scaireanna a aistriú de réir na scéime, an chonartha nó na tairisceana.

(9) I gcás nach dtiocfaidh an scéim, an conradh nó an tairiscint chun bheith ina cheangal ar dhuine nó nach n-aontóidh sé nó nach nglacfaidh sé leis an gcéanna ach amháin i leith cuid de na scaireanna a shealbhaíonn sé, áireofar é mar scairshealbhóir aontach maidir leis an gcuid sin dá shealúchas agus mar scairshealbhóir easaontach maidir leis an gcuid eile dá shealúchas.

(10) I gcás ina bhforálfaidh an scéim, an conradh nó an tairiscint go bhféadfaidh scairshealbhóir aontach rogha a dhéanamh idir 2 shraith téarmaí nó níos mó chun go bhfaigheadh an chuideachta is aistrí úinéireacht thairbhiúil ar na scaireanna a bheidh i gceist, cuirfear i dteannta an fhógra a thabharfaidh an chuideachta is aistrí faoi fho-alt (1), nó corprófar ann, fógra a luafar ann na sraitheanna téarmaí comhroghnacha a bhféadfaidh scairshealbhóirí aontacha rogha a dhéanamh eatarthu agus a sonrófar ann cé acu sraith de na téarmaí sin is infheidhme maidir leis an scairshealbhóir easaontach mura gcuirfidh sé in iúl i scríbhinn don chuideachta is aistrí, roimh dheireadh 14 lá ó dháta an fhógra a thabhairt, cé acu is rogha leis de na sraitheanna téarmaí comhroghnacha sin, agus is iad na téarmaí ar a mbeidh an chuideachta is aistrí i dteideal agus faoi cheangal, faoin alt seo, an úinéireacht thairbhiúil a fháil ar scaireanna an scairshealbhóra easaontaigh ná an tsraith téarmaí a chuirfidh an scairshealbhóir easaontach in iúl amhlaidh nó, mura gcuirfidh sé é sin in iúl amhlaidh, an tsraith téarmaí a shonrófar amhlaidh a bheith infheidhme maidir leis.

(11) I gcás an t-alt seo a chur chun feidhme maidir le cuideachta is aistreoir, agus a bhfuil dhá chineál scaireanna nó níos mó ina scairchaipiteal, déanfar tagairtí do na scaireanna i gcaipiteal na cuideachta is aistreoir a fhorléiriú mar thagairtí do na scaireanna ina caipiteal is scaireanna de chineál áirithe.

(12) Faoi réir fho-alt (13), ní bhainfidh an t-alt seo le scéim, conradh nó tairiscint ar foilsíodh a théarmaí go ginearálta do shealbhóirí na scaireanna a bheidh i gceist roimh an dáta feidhme agus leanfaidh alt 8 d'Acht na gCuideachtaí, 1959 , d'fheidhm a bheith aige maidir le haon scéim, conradh nó tairiscint den sórt sin, agus chun críocha aon scéime, conartha nó tairisceana den sórt sin measfar an t-alt sin d'fhanacht i lánfheidhm.

(13) I gcás inar aontaíodh nó inar glacadh le haon scéim, conradh nó tairiscint den sórt a luaitear i bhfo-alt (1), ar an modh a thuairiscítear san fho-alt sin, tráth ar bith sular ritheadh Acht na gCuideachtaí, 1959 , féadfaidh an chúirt le hordú, ar iarratas ón gcuideachta is aistrí laistigh de 6 mhí tar éis an dáta feidhme, a údarú go dtabharfar fógra faoin alt seo, laistigh de cibé tréimhse i ndiaidh an ordaithe a dhéanamh a ordóidh an chúirt, agus beidh feidhm dá réir sin ag an alt seo, ach amháin gurb iad na téarmaí ar a mbeidh scaireanna an scairshealbhóra easaontaigh le fáil cibé téarmaí a ordóidh an chúirt leis an ordú, in ionad na dtéarmaí a fhorálfar leis an scéim, leis an gconradh nó leis an tairiscint.

Mionlaigh.

Leigheas i gcásanna leatroim.

205. —(1) Aon chomhalta de chuideachta a ghearánfaidh go bhfuil cúrsaí na cuideachta á stiúradh nó go bhfuil cumhachtaí stiúrthóirí na cuideachta á bhfeidhmiú ar dhóigh atá leatromach air féin nó ar aon duine de na comhaltaí (lena n-áirítear é féin), nó gan aird a thabhairt ar a leasanna féin nó ar a leasanna sin mar chomhaltaí, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar ordú faoin alt seo.

(2) I gcás a thiocfaidh faoi fho-alt (3) d'alt 170, féadfaidh an tAire ordú a iarraidh faoin alt seo.

(3) Más rud é, i gcás aon iarratais faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2), gurb é tuairim na cúirte go bhfuil cúrsaí na cuideachta á stiúradh nó cumhachtaí na stiúrthóirí á bhfeidhmiú mar a dúradh, féadfaidh an chúirt, d'fhonn deireadh a chur leis na nithe a gearánadh, cibé ordú is cuí léi a dhéanamh, cibé acu ag ordú nó ag toirmeasc aon ghnímh nó ag cealú nó ag athrú aon idirbhirt é, nó chun stiúradh cúrsaí na cuideachta feasta a rialú, nó le haghaidh ceannach scaireanna aon chomhaltaí de chuid na cuideachta ag comhaltaí eile dá cuid nó ag an gcuideachta agus, i gcás an chuideachta á gceannach, chun caipiteal na cuideachta a laghdú dá réir sin, nó chun críche ar bith eile.

(4) Má dhéanann ordú faoin alt seo aon athrú nó breisiú ar mheabhrán nó airteagail aon chuideachta, ansin, d'ainneoin aon ní in aon fhoráil eile den Acht seo ach faoi réir forálacha an ordaithe, ní bheidh cumhacht ag an gcuideachta lena mbainfidh sé, gan cead na cúirte, aon athrú ná breisiú eile a dhéanamh ar an meabhrán nó na hairteagail a bheadh ar neamhréir le forálacha an ordaithe; ach, faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, beidh éifeacht ag na hathruithe nó na breisithe a dhéanfar leis an ordú ionann is dá mbeidís arna ndéanamh go cuí le rún ón gcuideachta, agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha an Achta seo maidir leis an meabhrán nó leis na hairteagail arna n-athrú nó arna mbreisiú amhlaidh.

(5) Déanfaidh an chuideachta cóip oifige d'aon ordú faoin alt seo a dhéanfaidh nó a cheadóidh athrú nó breisiú ar mheabhrán nó airteagail chuideachta a sheachadadh, laistigh de 21 lá tar éis a dhéanta do chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú; agus má mhainníonn cuideachta an fo-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(6) Féadfaidh ionadaí pearsanta duine a bhí, ar dháta a bháis, ina chomhalta de chuideachta, nó féadfaidh aon iontaobhaí leith scaireanna cuideachta, nó aon duine a mbeidh leas tairbhiúil aige iontu, de bhua uacht nó díthiomnacht aon duine den sórt sin, iarratas a dhéanamh chun na cúirte faoi fho-alt (1) ar ordú faoin alt seo agus, dá réir sin, déanfar aon tagairt san fho-alt sin do chomhalta de chuideachta a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon ionadaí pearsanta nó iontaobhaí den sórt sin nó d'aon duine den sórt sin a mbeidh leas tairbhiúil aige mar a duradh nó dóibh go léir.

(7) Más rud é, i dtuairim na cúirte, go dtiocfadh d'imeachtaí a éisteacht faoin alt seo go mbeadh eolas á nochtadh a rachadh a fhoilsiú chun dochair go mór do leasanna dlisteanacha na cuideachta, féadfaidh an chúirt a ordú gur i gcúirt iata a éistfear na himeachtaí nó aon chuid díobh.