|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHAOMHNÓIREACHT NAÍON, 1964) | Ar Aghaidh (CUID II Caomhnoireacht) |
AN tACHT UM CHAOMHNÓIREACHT NAÍON, 1964
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar an tAcht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
[EN] | ciallaíonn “ordú uchtála” ordú uchtála arna dhéanamh faoin Acht Uchtála, 1952 , agus atá i bhfeidhm de thuras na huaire; | |
[EN] | folaíonn “athair” fear-uchtaitheoir faoi ordú uchtála ach ní fholaíonn sé athair nádúrtha naín neamhdhlisteanaigh; | |
[EN] | ní fholaíonn “naíon neamhdhlisteanach” aon naíon a uchtaíodh faoi ordú uchtála; | |
[EN] | ciallaíonn “naíon” duine faoi bhun bliain is fiche d'aois; | |
[EN] | folaíonn “cothabháil” oideachas; | |
[EN] | folaíonn “máthair” ban-uchtaitheoir faoi ordú uchtála; | |
[EN] | ciallaíonn “tuismitheoir” athair nó máthair mar a mhínítear leis an alt seo; | |
[EN] | ciallaíonn “caomhnóir tiomnach” caomhnóir a ceapadh trí ghníomhas nó uacht; | |
[EN] | folaíonn “leas”, maidir le naíon, leas creidimh, leas morálta, leas intleachta, leas coirp agus leas sóisialach an naín. | |
[EN] |
Tosaíocht ag leas naín. |
3. —I gcás ina mbeadh, in aon imeachtaí os comhair aon chúirte, coimeád, caomhnóireacht nó tógáil naín, nó riaradh aon mhaoine leis an naíon nó a bheidh ar teachtadh don naíon nó úsáid ioncam na maoine sin, i gceist, is é leas an naín an chéad ní agus an ní is tábhachtaí ar a dtabharfaidh an chúirt aird nuair a bheidh an cheist sin á cinneadh aici. |
[EN] |
Aisghairm. |
4. —Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear sa Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal. |