|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Caomhnoireacht) | Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Aisghairm) |
AN tACHT UM CHAOMHNÓIREACHT NAÍON, 1964
[EN] | ||
[EN] |
CUID III Ceart Coimeádta a chur i bhFeidhm | |
[EN] |
Mínithe do Chuid III. |
13. —Sa Chuid seo— |
[EN] | ciallaíonn “an chúirt” an Ard-Chúirt; | |
[EN] | tá ag “údarás sláinte” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Sláinte, 1947 , arna leasú le halt 9 den Acht um Údaráis Sláinte, 1960 ; | |
[EN] | folaíonn “tuismitheoir” caomhnóir ar an bpearsa agus aon duine a dhlíonn de réir dlí naíon a chothabháil nó atá i dteideal é a bheith ina choimeád aige; | |
[EN] | folaíonn “duine” aon scoil nó foras. | |
[EN] |
Cumhacht na cúirte maidir le naíon a thabhairt ar aird. |
14. —I gcás ina ndéanfaidh tuismitheoir naín iarratas chun na cúirte ar ordú chun an naíon a thabhairt ar aird agus gurb é tuairim na cúirte gur thréig an tuismitheoir sin an naíon nó d'eile, gur iompair sé é féin ar dhóigh gur chóir don Chúirt diúltú a cheart a chur i bhfeidhm chun coimeád an naín a bheith aige, féadfaidh an chúirt, dá rogha féin, diúltú an t-ordú a dhéanamh. |
[EN] |
Cumhacht don chúirt ordú a thabhairt go n-aisíocfar costais tógála naín. |
15. —Má chinneann an chúirt, ar iarratas ó thuismitheoir chun naíon a thabhairt ar aird— |
[EN] | (a) go bhfuil an naíon á thógáil ar chostas duine eile, nó | |
[EN] | (b) gur sholáthraigh údarás sláinte cúnamh don naíon aon uair faoi alt 55 den Acht Sláinte, 1953 , | |
[EN] | féadfaidh an chúirt, dá rogha féin, má ordaíonn sí an naíon a thabhairt suas don tuismitheoir, ordú eile a dhéanamh go n-íocfaidh an tuismitheoir leis an duine sin nó leis an údarás sláinte sin iomlán na gcostas faoina ndeachaigh an duine nó an t-údarás sláinte sin go cuí ag tógáil an naín nó ag soláthar cúnaimh dó nó cibé cion de na costais sin a mheasann an chúirt a bheith réasúnach ag féachaint d'imthosca uile an cháis, lena n-áirítear, go sonrach, acmhainn an tuismitheora. | |
[EN] |
Tabharfaidh an chúirt aird ar iompar tuismitheora nuair a bheidh ordú á dhéanamh aioi. |
16. —I gcás— |
[EN] | (a) inar thréig tuismitheoir naíon, nó | |
[EN] | (b) inar cheadaigh tuismitheoir naíon a thógáil ag duine eile ar chostas an duine sin, nó cúnamh a sholáthar dó ag údarás sláinte faoi alt 55 den Acht Sláinte, 1953 , ar feadh an fhad sin ama agus in imthosca gur deimhin leis an gcúirt gur neamhshuim leis an tuismitheoir sin a dhualgais mar thuismitheoir, | |
[EN] | ní dhéanfaidh an chúirt ordú chun an naíon a thabhairt suas don tuismitheoir murar dheimhnigh an tuismitheoir don chúirt gur duine oiriúnach é chun coimeád an naín a bheith aige. | |
[EN] |
Cumhacht na cúirte maidir le hoideachas creidimh naín. |
17. —(1) I gcás aon iarratas ó thuismitheoir á iarraidh naíon a thabhairt ar aird nó a chur ina choimeád, beidh cumhacht ag an gcúirt, más é a tuairim nach ceart go mbeadh coimeád an naín ag an tuismitheoir sin, cibé ordú a dhéanamh is oiriúnach léi chun a áirithiú go dtogfar an naíon leis an gcreideamh a bhfuil ceart dlíthiúil ag na tuismitheoirí nó ag tuismitheoir a cheangal go dtógfar an naíon leis. |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo díth ná difear do chumhacht na cúirte chun a fháil amach cad is mian leis an naíon nuair a bheidh sí ag breithniú cad é an t-ordú ba chóir a dhéanamh ná laghdú ar an gceart atá ag aon naíon anois. | |
[EN] |
Coimeád i gcás na tuismitheoirí a bheith scartha ó chéile. |
18. —(1) In aon chás ina ndéanfar foraithne idirscartha a mensa et thoro a fhógairt, féadfaidh an chúirt a dhearbhú leis an bhforaithne sin gur duine atá neamhoiriúnach chun na leanaí (más ann) den phósadh nó aon leanaí a d'uchtaigh na tuismitheoirí i gcomhpháirt faoin Acht Uchtála, 1952 , a bheith ina choimeád ag tuismitheoir arbh é a mhí-iompar ba chúis leis an bhforaithne a dhéanamh; agus i gcás den sórt sin, ní bheidh an tuismitheoir a dhearbhófar a bheith neamhoiriúnach i dteideal, de cheart, coimeád na leanaí a bheith aige, ar bhás an tuismitheora. |
[EN] | (2) Ní bheidh foráil a bheidh in aon chomhaontú idirscartha a dhéanfaidh athair agus máthair naín neamhbhailí de bhíthin amháin go bhforálann sí go dtabharfaidh duine acu coimeád nó urlámh an naín don duine eile. |