|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VIII. An Oifig agus an Ceannasaí.) | Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL. Achtacháin a Aisghairtear.) |
ACHT NA bPAITINNÍ, 1964
[EN] | ||
[EN] |
CUID IX. Ilghnéitheach. | |
[EN] |
Gníomhairí paitinne. 1851, c. 93. |
86. —(1) Faoi réir cibé eisceachtaí a fhorordófar, nó de réir mar a ordóidh an Ceannasaí in aon chás áirithe, aon uair a bheidh gníomh le déanamh faoin Acht seo ag aon duine nó le haon duine i ndáil le paitinn nó le haon nós imeachta maidir le paitinn nó maidir le paitinn a fháil, féadfar, faoi réim agus de réir rialacha a dhéanfar faoin alt seo, an gníomh a dhéanamh ag gníomhaire (dá ngairtear gníomhaire paitinne san Acht seo) don duine sin, a bheidh údaraithe go cuí ar an modh forordaithe, nó féadfar é a dhéanamh leis an ngníomhaire sin. |
[EN] | (2) Leanfar de chlár dá ngairfear clár na ngníomhairí paitinne a choimeád san Oifig, agus ní dhéanfaidh duine a bheidh ag gníomhú ar mhaithe le brabach, ina aonar ná i gcomhpháirtíocht le haon duine eile, cleachtadh mar ghníomhaire paitinne ná é a thabhairt, ná a cheadú é a thabhairt, de thuairisc ná le fios ina thaobh féin gur gníomhaire paitinne é, mura bhfuil sé cláraithe mar ghníomhaire paitinne i gclár na ngníomhairí paitinne nó, cibé acu é, mura bhfuil sé féin agus a chomhpháirtithe uile cláraithe amhlaidh; agus ní dhéanfaidh cuideachta a bheidh ag gníomhú ar mhaithe le brabach cleachtadh mar a dúradh ná é a thabhairt, ná a cheadú é a thabhairt, de thuairisc ná le fios ina taobh féin gur den sórt a dúradh í, mura mbeidh gach stiúrthóir de chuid na cuideachta agus, i gcás bainisteoir nach stiúrthóir a bheith ag an gcuideachta, an bainisteoir sin, cláraithe mar a dúradh. | |
[EN] | Ar choinníoll, más dóigh leis an Aire in aon imthosca gur ceart é sin a dhéanamh, go bhféadfaidh sé a údarú d'aon duine is dóigh leis a bheith oiriúnach gníomhú mar ghníomhaire paitinne, i gcás áirithe nó tráth áirithe. | |
[EN] | Ar choinníoll fairis sin nach cion faoin ailt seo é má leanann an t-ionadaí pearsanta dlíthiúil do ghníomhaire paitinne éagtha de ghnó nó cleachtas an ghníomhaire paitinne éagtha sin a sheoladh ar feadh tréimhse nach faide ná trí bliana ó bhás an ghníomhaire paitinne, nó ar feadh cibé tréimhse breise (más ann) a cheadóidh an Chúirt, agus go bhfuil sé féin cláraithe mar ghníomhaire paitinne nó go bhfuil gníomhaire paitinne cláraithe, nó duine a bheidh údaraithe faoin alt seo chun gníomhú mar ghníomhaire paitinne, ar fostú aige chun an gnó nó an cleachtas a bhainistí thar a cheann. | |
[EN] | (3) Duine ar bith— | |
[EN] | (a) a chónaíonn sa Stát, | |
[EN] | (b) a bhfuil áit ghnó aige sa Stát, | |
[EN] | (c) a bhfuil na cáilíochtaí oideachasúla agus gairmiúla forordaithe aige, agus | |
[EN] | (d) a chomhlíonann na coinníollacha forordaithe, | |
[EN] | beidh sé i dteideal a chláraithe i gclár na ngníomhairí paitinne, agus beidh comhpháirtíocht i dteideal amhlaidh má bhíonn gach comhpháirtí sa ghnólacht cláraithe de réir forálacha an ailt seo, agus déanfar duine nó gnólacht a bheidh i dteideal amhlaidh a chlárú amhlaidh ar é sin a iarraidh san fhoirm agus ar an modh a bheidh forordaithe agus ar an táille fhorordaithe a íoc. | |
[EN] | (4) Aon duine a sháróidh forálacha an ailt seo, beidh sé ciontach i gcion, agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach mó ná fiche punt más é an chéad chion aige é, agus más é an dara cion nó cion ina dhiaidh sin aige é, nach mó ná céad punt. | |
[EN] | (5) D'ainneoin fho-alt (4) d'alt 10 den Petty Sessions Act (Ireland), 1851, féadfar imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo a thosú tráth ar bith laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chiona. | |
[EN] | (6) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a thoirmisceann ar aturnaetha páirt a ghlacadh in imeachtaí faoin Acht seo mar a ghlacadh aturnaetha roimhe seo i ndáil le paitinn nó le haon nós imeachta maidir le paitinn nó maidir le paitinn a fháil. | |
[EN] | (7) Ní bheidh gníomhaire paitinne ciontach i gcion faoi alt 58 den Acht Aturnaethe, 1954 (a thoirmisceann ar dhaoine nach bhfuil cáilithe go dlíthiúil ionstraimí áirithe a ullmhú ar luaíocht) de bhíthin amháin gur ullmhaigh sé gníomhas ag sannadh an chirt chun paitinn a iarraidh, gníomhas lena sanntar ón ngníomhaire paitinne paitinn a deonaíodh dó nó aon doiciméad eile (nach gníomhas) chun a úsáidte in imeachtaí faoin Acht seo os comhair an Cheannasaí nó na Cúirte. | |
[EN] | (8) Aon duine (dá ngairtear gníomhaire san fho-alt seo) a bheidh údaraithe go cuí ag duine ar bith faoi fho-alt (1) den alt seo chun gníomhú mar ghníomhaire dó, féadfaidh sé (faoi réir aon fhorála contrártha dó sin in aon chomhaontú idir an gníomhaire agus an duine sin) scor de ghníomhú mar ghníomhaire don duine sin, ar fhógra a thabhairt don Cheannasaí agus don duine sin. | |
[EN] | (9) Leanfar de chlár dá ngairfear clár na gcléireach a choimeád san Oifig agus féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh chun an clár a bhainistí, agus féadfaidh sé leis na rialacha sin a fhorordú cad iad na cáilíochtaí agus na coinníollacha is gá chun bheith inchláraithe sa chlár sin agus cad iad na táillí a bheidh le híoc as clárú ann. | |
[EN] | (10) Aon duine a bheidh cláraithe i gclár na ngníomhairí paitinne agus— | |
[EN] | (a) a scoirfidh de bheith inchláraithe amhlaidh, nó | |
[EN] | (b) a iarrfaidh é a bhaint den chlár, | |
[EN] | féadfaidh an Ceannasaí é a bhaint de chlár na ngníomhairí paitinne, ach ní bhainfear aon duine den chlár sin amhlaidh (ach amháin ar iarratas uaidh féin) gan caoi a thabhairt dó ar éisteacht a fháil. | |
[EN] | (11) (a) I gcás ina bhfaighidh an Ceannasaí, tar éis dó fiosrúchán a dhéanamh go cuí (lena n-áirítear an Ceannasaí d'éisteacht uiríolla, más ann, ón duine féin, go bhfuil duine atá cláraithe i gclár na ngníomhairí paitinne ciontach in iompar is cúis aithise don duine sin ó thaobh a ghairme, féadfaidh an Ceannasaí, más cuí leis é, a chinneadh gur cóir ainm an duine sin a scriosadh de chlár na ngníomhairí paitinne. | |
[EN] | (b) Ar chinneadh a dhéanamh dó faoin bhfo-alt seo, déanfaidh an Ceannasaí fógra i scríbhinn ina luafar an cinneadh a rinneadh, dáta an chinnte sin agus an fáth a bhí leis, a chur láithreach tríd an bpost chun an duine lena mbainfidh an cinneadh, go dtí a sheoladh mar a bheidh sin luaite i gclár na ngníomhairí paitinne. | |
[EN] | (c) Aon duine lena mbainfidh cinneadh ón gCeannasaí faoin bhfo-alt seo, féadfaidh sé, laistigh den tréimhse cheithre lá dhéag dar tosach dáta an chinnte, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte, ar fhógra a thabhairt don Cheannasaí ar an modh forordaithe, chun an cinneadh a chur ar ceal, agus má dhéanann sé iarratas amhlaidh— | |
[EN] | (i) féadfaidh an Chúirt, ar an iarratas a éisteacht— | |
[EN] | (I) an cinneadh a chur ar ceal, nó | |
[EN] | (II) an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Cheannasaí ainm an duine sin a scriosadh de chlár na ngníomhairí paitinne, | |
[EN] | (ii) má dheimhníonn an Ceannasaí don Chúirt tráth ar bith go ndearna an duine sin moill mhíchuí ag dul ar aghaidh leis an iarratas, déanfaidh an Chúirt, mura léir di cúis mhaith lena mhalairt, an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Cheannasaí ainm an duine sin a scriosadh den chlár, | |
[EN] | (iii) féadfaidh an Chúirt, faoi réir alt 76 den Acht seo, a ordú conas a bheidh costais an iarratais le híoc. | |
[EN] | (d) I gcás nach ndéanfaidh duine lena mbainfidh cinneadh ón gCeannasaí faoin bhfo-alt seo iarratas chun na Cúirte, laistigh den tréimhse cheithre lá dhéag dar tosach dáta an chinnte, á iarraidh an cinneadh a chur ar ceal, féadfaidh an Ceannasaí iarratas ex parte a dhéanamh chun na Cúirte á iarraidh an cinneadh a dhaingniú, agus, má dhéanann an Ceannasaí iarratas den sórt sin, déanfaidh an Chúirt, ar an iarratas a éisteacht agus mura léir di cúis mhaith lena mhalairt, an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Cheannasaí ainm an duine sin a scriosadh de chlár na ngníomhairí paitinne. | |
[EN] | (e) Is breith chríochnaitheach breith na Cúirte ar iarratas faoin bhfo-alt seo, ach amháin go bhféadfaidh an Ceannasaí nó an duine lena mbainfidh, le cead na Cúirte, achomharc in aghaidh na breithe a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí. | |
[EN] | (f) Ar ainm duine a scriosadh de chlár na ngníomhairí paitinne faoin bhfo-alt seo, déanfaidh an Ceannasaí fógra i scríbhinn go bhfuil a ainm scriosta de a chur láithreach tríd an bpost chun an duine sin, go dtí a sheoladh mar a bheidh sin luaite i gclár na ngníomhairí paitinne. | |
[EN] | (g) Féadfar duine a mbeifear tar éis a ainm a scriosadh de chlár na ngníomhairí paitinne faoin bhfo-alt seo a chur ar ais aon tráth ar an gclár ar ordú speisialta ón gCeannasaí, ach ní fhéadfar ar aon dóigh eile, agus nuair a chuirfear duine ar ais amhlaidh ar an gclár, féadfaidh an Ceannasaí cibé coinníollacha is cuí leis (lena n-áirítear táille a íoc nach mó ná an táille ab iníoctha ag an duine sin dá mba é sin an chéad uair aige á chlárú) a chur ag gabháil leis an gcur ar ais. | |
[EN] | (12) Féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh chun clár na ngníomhairí paitinne a bhainistí, agus féadfaidh sé leis na rialacha sin aon ní nó rud a fhorordú a dtagraítear dó san alt seo mar ní nó rud atá forordaithe, agus féadfaidh sé go háirithe na cáilíochtaí oideachasúla agus gairmiúla, agus na coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha maidir le náisiúntacht nó saoránacht) is gá chun bheith inchláraithe sa chlár sin, a fhorordú amhlaidh, agus fós na táillí uasta a fhéadfaidh aon duine a bheidh cláraithe i gclár na ngníomhairí paitinne a bhaint amach de bharr cibé seirbhísí, i ndáil le paitinní a fháil, a shonrófar sna rialacha sin. | |
[EN] | (13) Féadfar le rialacha faoin alt seo a údarú don Cheannasaí diúltú aon duine a aithint mar ghníomhaire i leith aon ghnó faoin Acht seo, ar duine é a raibh a ainm ar taifeadadh i gclár na ngníomhairí paitinne faoin Acht seo agus ar baineadh de é. | |
[EN] | (14) Féadfar le rialacha faoin alt seo a údarú don Cheannasaí diúltú cuideachta nó gnólacht a aithint mar ghníomhaire i leith aon ghnó faoin Acht seo, má tá aon stiúrthóir nó bainisteoir nó aon chomhpháirtí (cibé acu é) ina dhuine a bhféadfadh an Ceannasaí diúltú é a aithint mar ghníomhaire. | |
[EN] |
Clár a fhalsú, etc. |
87. —Má dhéanann aon duine, nó má chuireann sé faoi deara go ndéanfar, taifead bréagach in aon chlár a choimeádtar faoin Acht seo, nó scríbhinn a airbheartóidh go bréagach gur cóip í de thaifead in aon chlár den sórt sin, nó má dhéanann sé, nó má chuireann sé faoi deara go ndéanfar, aon scríbhinn den sórt sin a thabhairt ar aird nó a thairiscint i bhfianaise, agus a fhios aige an taifead nó an scríbhinn a bheith bréagach, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. |
[EN] |
Cearta paitinne a éileamh gan údarás. |
88. —Má chuireann aon duine i gcéill go bréagach gurb earra paitinnithe aon earra a bheidh á dhíol aige, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air; agus chun críocha na forála seo aon duine a dhíolfaidh earra a mbeidh an focal “paitinn” nó “paitinnithe,” nó aon fhocal eile á rá nó a thabhairt le tuiscint gurb earra paitinnithe é, stampáilte, greanta nó múnlaithe air nó curtha air ar dhóigh eile, measfar é a bheith á chur i gcéill gurb earra paitinnithe é. |
[EN] |
Inmheabhrú bréagach go mbaineann áit ghnó go hoifigiúil leis an Oifig. |
89. —Má úsáideann duine ar bith ar a áit ghnó, nó ar aon doiciméad a eiseoidh sé, nó ar dhóigh eile, aon fhocail á inmheabhrú go bhfuil baint oifigiúil ag a áit ghnó leis an Oifig, nó gurb í an Oifig í, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air. |
[EN] |
Aireagáin a bhaineann le córacha cogaidh nó le muinisin chogaidh. |
90. —(1) Féadfaidh ceapadóir aon fheabhsaithe ar chóracha cogaidh nó muinisin chogaidh sochar uile an aireagáin agus aon phaitinne a fuarthas nó atá le fáil don aireagán a shannadh (ar chomaoin luachmhar nó dá éagmais) don Aire Cosanta thar ceann an Stáit. |
[EN] | (2) Déanfaidh an sannadh sochar an aireagáin agus na paitinne a dhílsiú go héifeachtúil don Aire Cosanta thar ceann an Stáit, agus gach cúnant agus comhaontú a bheidh ann chun an t-aireagán a choimeád faoi rún agus i gcomhair nithe eile beidh siad bailí agus éifeachtúil (d'ainneoin aon easpa comaoine luachmhaire), agus féadfaidh an tAire Cosanta iad a chur i bhfeidhm dá réir sin. | |
[EN] | (3) I gcás ina mbeifear tar éis aon sannadh mar a dúradh a dhéanamh, féadfaidh an tAire Cosanta, aon uair roimh fhoilsiú na sonraíochta iomláine, a dheimhniú don Cheannasaí nach foláir, ar mhaithe leis an tseirbhís phoiblí, sonraí an aireagáin agus an mhodha ina bhfuil sé le gníomhú a choimeád faoi rún. | |
[EN] | (4) Má dheimhníonn an tAire Cosanta amhlaidh, ansin, in ionad an t-iarratas agus na sonraíochtaí, maraon leis na líníochtaí (más ann) agus le haon leasú ar an tsonraíocht iomlán, agus aon chóipeanna de na doiciméid agus de na líníochtaí sin a fhágáil san oifig sa ghnáthshlí, seachadfar iad don Cheannasaí i bpaicéad a bheidh séalaithe le húdarás ón Aire Cosanta. | |
[EN] | (5) Coimeádfaidh an Ceannasaí an paicéad a dúradh faoi shéala, agus ní osclófar é ach le húdarás faoi ordú ón Aire Cosanta nó ón Ard-Aighne, go dtí deireadh an téarma a bheidh paitinn don aireagán i bhfeidhm. | |
[EN] | (6) Déanfar an paicéad séalaithe a dúradh a sheachadadh, aon uair le linn an phaitinn a bheith i bhfeidhm, d'aon duine a mbeidh údarás aige ón Aire Cosanta í a ghlacadh, agus má thugtar ar ais don Cheannasaí é, coimeádfaidh seisean faoi shéala é arís. | |
[EN] | (7) Ar bheith caite do théarma na paitinne, seachadfar an paicéad séalaithe don Aire Cosanta. | |
[EN] | (8) Má dheimhníonn an tAire Cosanta mar a dúradh tar éis iarratas ar phaitinn a fhágáil san Oifig, ach roimh fhoilsiú na sonraíochta iomláine, déanfar láithreach an t-iarratas agus na sonraíochtaí, maraon leis na liníochtaí (más ann), a chur i bpaicéad a shéalófar le húdarás an Cheannasaí, agus beidh an paicéad faoi réir na bhfórálacha sin roimhe seo maidir le paicéad a bheidh séalaithe le húdarás ón Aire Cosanta. | |
[EN] | (9) Ní fhéadfar aon imeacht a thionscnamh, trí achainí ná eile, chun paitinn a chúlghairm a deonaíodh d'aireagán a mbeidh an tAire Cosanta tar éis deimhniú mar a dúradh a thabhairt ina leith. | |
[EN] | (10) Ní dhéanfar ar dhóigh ar bith aon chóip d'aon sonraíocht ná d'aon doiciméad eile ná d'aon líníochtaí, is gá de réir an ailt seo a chur i bpaicéad séalaithe, a fhoilsiú ná a chur ar fáil lena scrúdú ag an bpobal, ach, amach ó chás ina n-ordaítear a mhalairt san alt seo, bainfidh forálacha an Achta seo le haon aireagán agus paitinn den sórt a dúradh. | |
[EN] | (11) Féadfaidh an tAire Cosanta tráth ar bith sochar an ailt seo a tharscaoileadh i leith aon aireagáin áirithe agus air sin déanfar na sonraíochtaí, na doiciméid agus na líníochtaí maidir leis an aireagán sin a choimeád sa ghnáthshlí, agus déileálfar leo sa ghnáthshlí, uaidh sin amach. | |
[EN] | (12) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Cosanta, rialacha a dhéanamh faoin alt seo chun a áirithiú go gcoimeádfar rún maidir le paitinní lena mbaineann an t-alt seo, agus féadfar, leis na rialacha sin, modhnú a dhéanamh ar aon fhoráil dá bhfuil san Acht seo maidir lena bhfeidhm i gcás paitinní den sórt a dúradh sa mhéid go ndealróidh sé gur gá sin chun na críche a dúradh. | |
[EN] |
Aireagán nó paitinn a shannadh d'Aire Stáit. |
91. —(1) Gan dochar d'fhorálacha an ailt deiridh roimhe seo, féadfaidh aon cheapadóir nó paitinní (ar chomaoin luachmhar nó dá héagmais) sannadh a dhéanamh chun Aire Stáit thar ceann an Stáit, agus féadfaidh an tAire sin an sannadh a ghlacadh thar ceann an Stáit, ar shochar iomlán, nó ar aon scair nó léas i sochar aon aireagáin agus aon phaitinne a fuarthas nó atá le fáil don aireagán sin, agus má ghlacann Aire Stáit aon sannadh den sórt sin, féadfaidh an tAire sin (de réir mar a bheidh) gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh, nó páirt a ghlacadh ina dhéanamh, thar ceann an Stáit, is é sin le rá:— |
[EN] | (a) an t-aireagán sin a fhorbairt agus a fhoirbhiú, | |
[EN] | (b) cuideachta chorpraithe nó comhlachas neamhchorpraithe daoine a fhoirmiú nó a thionscnamh chun an t-aireagán sin a fhorbairt agus a fhoirbhiú, | |
[EN] | (c) sannadh a ghlacadh ar aon phaitinn, nó ar scair nó leas in aon phaitinn, a fuarthas roimhe sin nó a gheobhfar ina dhiaidh sin don aireagán sin, | |
[EN] | (d) aon phaitinn den sórt sin a dhíol nó a ligean ar léas, nó ceadúnais a dheonú faoi aon phaitinn den sórt sin, ar cibé téarmaí is cuí leis, le ceadú an Aire Airgeadais, | |
[EN] | (e) cuideachta chorpraithe nó comhlachas neamhchorpraithe daoine a fhoirmiú nó a thionscnamh chun aon phaitinn den sórt sin a oibriú go trádálach, | |
[EN] | (f) gach ní a dhéanamh is gá chun aon phaitinn den sórt sin a chothabháil nó a chaomhnú nó a bheidh ar dhóigh eile ag fo-ghabháil lena húinéireacht. | |
[EN] | (2) Déanfaidh gach Aire Stáit, roimh an lú lá d'Aibreán gach bliain, tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ar gach cás (más aon chás é) inar fheidhmigh sé an bhliain díreach roimhe sin na cumhachtaí uile agus faoi seach a thugtar le míreanna (d) agus (e) d'fho-alt (1) den alt seo, agus freisin, más fóirsteanach leis é agus sa mhéid is fóirsteanach leis é ar mhaithe le leas an phobail, na cumhachtaí uile agus faoi seach a thugtar le míreanna (a) (b), (c) agus (f) den fho-alt sin. | |
[EN] | (3) Déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, na costais uile faoina rachaidh Aire Stáit faoin alt seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
[EN] |
Úsáid aireagán paitinnithe chun seirbhíse an Stáit. |
92. —(1) Is ionann, chun gach intinne, an éifeacht a bheidh ag paitinn amhail in aghaidh Stáit agus amhail in aghaidh saoránaigh: |
[EN] | Ar choinníoll go bhféadfaidh aon Aire Stáit, uaidh féin nó trí cibé gníomhairí nó conraitheoirí dó nó cibé daoine eile a údaróidh sé i scríbhinn tráth ar bith tar éis an phaitinn a iarraidh, an t-aireagán a dhéanamh, a úsáid, a fheidhmiú nó a dhíol chun seirbhíse an Stáit ar cibé téarmaí ar a gcomhaontófar, roimh é a úsáid nó ina dhiaidh sin, le haontú an Aire Airgeadais, ag an Aire sin agus ag an iarratasóir nó ag an dílseánach, nó, cheal comhaontaithe, a shocrófar ar an modh a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, agus ní oibreoidh téarmaí aon chomhaontaithe nó ceadúnais a chuirfear i gcrích idir an t-iarratasóir nó an dílseánach agus aon duine seachas Aire Stáit chun déanamh, úsáid, feidhmiú nó díol an aireagáin chun seirbhíse an Stáit a chosc nó a rialú: | |
[EN] | Ar choinníoll fairis sin, i gcás aireagáin is ábhar d'aon phaitinn nó d'aon iarratas ar phaitinn a bheith, roimh dháta tosaíochta an éilimh iomchuí sa tsonraíocht iomlán, taifeadta go cuí i ndoiciméad ag aon Aire den sórt sin, nó tástáilte go cuí aige nó thar a cheann (gan an t-aireagán sin a bheith curtha in iúl go díreach ná go hindíreach ag an iarratasóir nó an dílseánach) go bhféadfaidh aon Aire Stáit, nó cibé gníomhairí nó conraitheoirí dó nó cibé daoine eile a bheidh údaraithe i scríbhinn aige, an t-aireagán a taifeadadh nó a tástáladh amhlaidh a dhéanamh, a úsáid, a fheidhmiú nó a dhíol chun seirbhíse an Stáit saor ó aon ríchíos nó íocaíocht eile le haghaidh an iarratasóra nó an dílseánaigh, d'ainneoin an t-iarratas nó an phaitinn a bheith ar marthain, agus más rud é, i dtuairim an Aire sin, gur dochar do leas an phobail é an doiciméad ar ar taifeadadh an t-aireagán nó fianaise ar a thástáil a nochtadh don iarratasóir nó don dílseánach, cibé acu é, go bhféadfar é sin a nochtadh faoi rún d'abhcóide thar ceann an iarratasóra nó an dílseánaigh nó d'aon saineolaí neamhspleách ar a gcomhaontófar go frithpháirteach. | |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfaidh Aire Stáit, nó ina ndéanfar le húdarás uaidh, aon úsáid d'aireagán faoin alt seo, ansin, mura bhfeictear don Aire sin go mbeadh sé contrártha do leas an phobail é sin a dhéanamh, cuirfidh an tAire in iúl don iarratasóir nó don dílseánach é a luaithe is féidir tar éis tosú ar an úsáid, agus tabharfaidh sé dó cibé eolas a theastóidh uaidh ó am go ham maidir le réim na húsáide. | |
[EN] | (3) I gcás aon díospóide maidir le, nó i ndáil le, haireagán a dhéanamh, a úsáid, a fheidhmiú nó a dhíol, faoin alt seo, nó i dtaobh na dtéarmaí chuige sin, nó maidir le marthain nó réim aon taifid nó trialach mar a dúradh, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid na Cúirte lena chinneadh, agus beidh sé de chumhacht ag an gCúirt an t-ábhar uile, nó aon cheist nó saincheist fíorais a éireoidh as, a tharchur lena thriail os comhair eadránaí ar cibé coinníollacha a ordóidh sí. Beidh an chúirt nó an t-eadranaí, nuair a bheidh na téarmaí á socrú mar a dúradh, i dteideal aon sochar nó cúiteamh a chur san áireamh a bheidh faighte ag an iarratasóir nó ag an dílseánach nó ag aon duine eile a bhfuil leas aige san iarratas nó sa phaitinn go díreach nó go hindíreach ón Stát nó ó aon Aire nó ó aon Roinn Rialtais i leith an iarratais nó na paitinne sin. | |
[EN] | (4) In aon imeachtaí faoin alt seo a mbeidh Aire Stáit ina pháirtí iontu, féadfaidh an tAire sin— | |
[EN] | (a) má tá an paitinní ina pháirtí sna himeachtaí, iarratas a dhéanamh chun an phaitinn a chúlghairm ar aon fhoras ar a bhféadfaí paitinn a chúlghairm faoi alt 34 den Acht seo; | |
[EN] | (b) in aon chás, bailíocht na paitinne a chur faoi shaincheist gan iarratas a dhéanamh chun í a chúlghairm. | |
[EN] | (5) Folóidh an ceart chun aireagán a úsáid chun seirbhíse an Stáit faoi fhorálacha an ailt seo an chumhacht chun aon earraí a dhíol a rinneadh de bhun an chirt sin agus nach bhfuil ag teastáil a thuilleadh le haghaidh seirbhís an Stáit. | |
[EN] | (6) Beidh cumhacht ag ceannaitheoir aon earraí a díoladh i bhfeidhmiú cumhachtaí a thugtar leis an alt seo, agus ag aon duine a bheidh ag éileamh tríd, chun déileáil leis na hearraí sin ionann is dá mba de bhun paitinne a bhí ar teachtadh thar ceann an Stáit a rinneadh iad. | |
[EN] | (7) I rith aon tréimhse a bheidh ordú faoi mhír (a) d'fho-alt (8) den alt seo i bhfeidhm, folóidh an chumhacht is infheidhmithe maidir le haireagán ag Aire Stáit, nó ag duine a bheidh údaraithe ag Aire Stáit faoi fho-alt (1) den alt seo, cumhacht chun an t-aireagán a dhéanamh, a úsáid, a fheidhmiú agus a dhíol chun aon chríche is dóigh leis an Aire sin a bheith riachtanach nó fóirsteanach— | |
[EN] | (a) chun soláthairtí agus seirbhísí atá riachtanach do bheatha an phobail; | |
[EN] | (b) chun a áirithiú go gcuirfear ar fáil leordhóthain soláthairtí agus seirbhísí atá riachtanach do dhea-bhail an phobail; | |
[EN] | (c) chun cur le táirgiúlacht an tionscail, na tráchtála agus na talmhaíochta; | |
[EN] | (d) chun onnmhairí a chothú agus a stiúradh agus allmhairí nó allmhairí d'aon chineálacha, ó gach tír nó ó aon tír, a laghdú, agus chun comhardú na trádála a cheartú; | |
[EN] | (e) i gcoitinne chun a áirithiú go mbeidh acmhainn iomlán an phobail ar fáil chun a húsáidte, agus go n-úsáidfear í, mar is fearr a fhónfaidh do leasanna an phobail; | |
[EN] | (f) chun cabhrú le fóirithint ar chruatan, agus le soláthairtí agus seirbhísí riachtanacha a athchur ar fáil agus a dháileadh, in aon tíortha coigríche atá i ngéarchall de dheasca cogaidh; nó | |
[EN] | (g) chun slándáil an phobail agus caomhnú an Stáit a áirithiú; | |
[EN] | agus forléireofar aon tagairt san alt seo do sheirbhísí an Stáit mar thagairt a fholaíonn tagairt do na cuspóirí a dúradh. | |
[EN] | (8) (a) Aon uair is dóigh leis an Rialtas go bhfuil sé inmhianaithe ar mhaithe le leas an phobail, toisc imthosca eisceachtúla a bheith ann, go mbeadh na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (7) den alt seo ar fáil, féadfaidh siad, le hordú, a dhearbhú go mbeidh na cumhachtaí a dúradh ar fáil. | |
[EN] | (b) Aon uair a bheidh ordú faoi mhír (a) den fho-alt seo i bhfeidhm agus gur dóigh leis an Rialtas nach ann a thuilleadh do na himthosca eisceachtúla dá dtagraítear sa mhír sin (a), déanfaidh siad, le hordú, an t-ordú faoin mír sin (a) a chúlghairm. | |
[EN] | (9) San alt seo ciallaíonn “seirbhís an Stáit” seirbhís a soláthraítear airgead di as airgead a mhuirearaítear ar an bPríomh-Chiste nó a airleactar as, nó as airgead a sholáthraíonn an tOireachtas nó údarás áitiúil. | |
[EN] |
Orduithe Rialtais maidir le tíortha coinbhinisiúin. |
93. —(1) Féadfaidh an Rialtas, d'fhonn aon chonradh, coinbhinsiún, comhshocraíocht nó gealltanas le Rialtas tíre coigríche maidir le cosaint aireagán a chomhlíonadh, dearbhú a dhéanamh, le hordú, gur tír choinbhinsiúin chun críocha an Achta seo aon tír a shonrófar san ordú, agus beidh an tír sin ina tír choinbhinsiúin chun críocha an Achta seo fad a fhanfaidh an t-ordú i bhfeidhm maidir leis an tír sin: |
[EN] | Ar choinníoll go bhféadfar dearbhú a dhéanamh mar a dúradh chun críocha forálacha uile nó aon chuid d'fhorálacha an Achta seo, agus i gcás tíre nach mbeidh dearbhú i bhfeidhm ina leith ach chun críocha cuid d'fhorálacha an Achta seo, go measfar gur tír choinbhinsiúin í chun críocha na bhforálacha sin amháin. | |
[EN] | (2) Gan dochar d'fhorálacha alt 96 den Acht seo féadfaidh an tAire, chun críocha iarratas coinbhinsiúin, rialacha a dhéanamh— | |
[EN] | (a) ag forordú teorainneacha áirithe ama chun aon ní a dhéanamh a cheanglaítear leis an Acht seo a dhéanamh i ndáil le hiarratais den sórt sin; | |
[EN] | (b) chun an nós imeachta a rialú a bheidh le comhlíonadh i ndáil leis an hiarratais sin a dhéanamh agus a thabhairt ar aghaidh. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú. | |
[EN] | (4) San alt seo folaíonn “tír choigríche” aon chríoch a measann aon stát (ar stát é atá ina pháirtí in aon chomhaontú idirnáisiúnta a bhfuil an Stát ina pháirtí ann chun aireagáin a chosaint go frithpháirteach) é féin a bheith freagrach ina chaidreamh coigríche. | |
[EN] |
Forálacha forlíontacha maidir le hiarratais choinbhinsiúin. |
94. —(1) I gcás ina mbeidh iarratas déanta ag duine ag iarraidh cosanta d'aireagán trí iarratas atá— |
[EN] | (a) de réir téarmaí conartha atá ar marthain idir aon dá thír choinbhinsiúin nó níos mó, in ionannas le hiarratas arna dhéanamh go cuí in aon cheann de na tíortha coinbhinsiúin sin, nó | |
[EN] | (b) de réir dlí aon tíre coinbhinsiúin, in ionannas le hiarratas arna dhéanamh go cuí sa tír choinbhinsiúin sin, | |
[EN] | measfar chun críocha an Achta seo iarratas a bheith arna dhéanamh aige sa tír choinbhinsiúin sin. | |
[EN] | (2) Chun críocha an Achta seo, measfar ábhar a bheith nochta in iarratas ag iarraidh cosanta i dtír choinbhinsiúin má éilíodh nó má nochtadh é (ar dhóigh seachas i modh séanta nó admhála ar ealaín tosaíochta) san iarratas sin nó i ndoiciméid a chuir an t-iarratasóir isteach mar thacaíocht, agus i gcomhthráth, leis an iarratas sin; ach ní thabharfar aird ar aon nochtadh a rinne aon doiciméad den sórt sin mura gcomhdaítear cóip den doiciméad san Oifig leis an iarratas coinbhinsiúin nó laistigh de cibé tréimhse a fhorordófar tar éis an t-iarratas sin a chomhdú. | |
[EN] |
Forálacha speisialta maidir le hárthaí, aerárthaí agus feithiclí talún. |
95. —(1) Más rud é, i gcás árthach nó aerárthach a cláraíodh i stát coigríche nó feithicil talún is le duine a bhfuil gnáthchónaí air i stát coigríche, nach dtiocfaidh an t-árthach nó an fheithicil sin isteach sa Stát ach go sealadach nó de thionóisc, ní mheasfar na cearta a thugtar le paitinn d'aireagán a bheith sáraithe tríd an aireagán a úsáid— |
[EN] | (a) i gcabhail an árthaigh nó ina innealra, ina thácla, ina ghaireas nó i ngabhálais eile dá chuid, chomh fada is nach n-úsáidtear an t-aireagán ach ar bord an árthaigh agus le haghaidh a dhearbh-riachtanas; nó | |
[EN] | (b) i ndéanamh nó in oibriú an aerárthaigh nó na feithicle talún nó a gabhálas, | |
[EN] | cibé acu é. | |
[EN] | (2) Ní bheidh réim ag an alt seo maidir le hárthaí, aerárthaí ná feithiclí talún de chuid aon stáit choigríche nach dtugann a dhlíthe cearta comhréire maidir le haireagáin a úsáid in árthaí, aerárthaí agus feithiclí talún de chuid an Stáit le linn iad a bheith sa stát coigríche sin. | |
[EN] |
Cumhacht an Aire chun rialacha a dhéanamh. |
96. —Féadfaidh an tAire cibé rialacha ginearálta is fóirsteanach leis a dhéanamh (ach amháin maidir le haon ábhar arb iomchuí é a fhoráil le rialacha cúirte) agus cibé nithe is fóirsteanach leis a dhéanamh, faoi réir forálacha an Achta seo— |
[EN] | (a) chun foirm na n-iarratas ar phaitinní agus aon sonraíochtaí, líníochtaí nó doiciméad eile a chomhdófar san Oifig a fhorordú, agus chun a cheangal go soláthrófar cóipeanna d'aon doiciméid den sórt sin; | |
[EN] | (b) chun rialú a dhéanamh ar an nós imeachta is inleanta i ndáil le haon iarratas nó iarraidh ar an gCeannasaí nó i ndáil le haon imeacht os comhair an Cheannasaí, agus chun a údarú go gceartófaí neamhrialtachtaí maidir le nós imeachta; | |
[EN] | (c) chun rialú a dhéanamh ar fhoilsiú agus díol sonraíochtaí paitinne, treoirleabhar do shonraíochtaí paitinne agus coimrí orthu, agus an Irisleabhar agus doiciméad eile a gceanglaítear ar an gCeannasaí nó a n-údaraítear dó leis an Acht seo iad a fhoilsiú, agus chun rialú a dhéanamh ar na hábhair a bheidh san Irisleabhar agus sna doiciméid eile sin; | |
[EN] | (d) chun rialú a dhéanamh ar thíolacadh cóipeanna d'fhoilseacháin faoin Acht seo do phaitinnithe agus d'údaráis phoiblí, do chomhlachtaí, agus d'institiúidí amuigh agus i mbaile; | |
[EN] | (e) chun rialú a dhéanamh ar choimeád chlár na bpaitinní atá le coimeád de bhun an Achta seo; | |
[EN] | (f) chun aon ní nó rud a fhorordú a dtagraítear dó san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe nó le forordú; | |
[EN] | (g) chun aon ní a dhéanamh a n-údaraítear nó a gceanglaítear leis an Acht seo é a dhéanamh, nó a dtagraítear dó san Acht seo mar ní atá á dhéanamh nó a bheidh le déanamh, le rialacha ginearálta faoin Acht seo; | |
[EN] | (h) go ginearálta chun gnó na hOifige, agus gach ní a chuirtear leis an Acht seo faoi stiúradh nó urláimh an Cheannasaí, nó an Aire, a rialú. | |
[EN] |
Cumhacht an Aire chun a dhualgais faoin Acht seo a tharmligean. |
97. —Gach ní a cheanglaítear nó a údaraítear faoin Acht seo a dhéanamh ag an Aire nó leis nó os a chomhair, féadfaidh Rúnaí na Roinne Tionscail agus Tráchtála nó aon duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire é a dhéanamh nó féadfar é a dhéanamh leis nó os a chomhair. |
[EN] |
Fógraí, etc., a sheirbheáil tríd an bpost. |
98. —Aon fhógra a gceanglaítear nó a n-údaraítear é a thabhairt leis an Acht seo nó faoi, agus aon iarratas nó doiciméad eile a gceanglaítear nó a n-údaraítear amhlaidh é a dhéanamh nó a chomhdú, féadfar é a thabhairt, a dhéanamh nó a chomhdú tríd an bpost. |
[EN] |
Cosaint d'earraí a forghéilleadh faoi dhlíthe a bhaineann le custaim nó mál. |
99. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear do cheart an Stáit, nó do cheart aon duine a ghabhann teideal go díreach nó go hindíreach ón Stát, chun aon earraí a forghéilleadh faoi na dlíthe a bhaineann le custaim nó mál a dhíol nó a úsáid. |