|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) | Ar Aghaidh (CUID III Clárú Úinéireachta) |
AN tACHT UM CHLÁRÚ TEIDIL, 1964
[EN] | ||
[EN] |
CUID II Clárlann na Talún, Cláir, Údaráis Chlárúcháin agus Dlínse | |
Clárlann na Talún | ||
[EN] |
An phríomhoifig agus oifigí áitiúla. |
7. —(1) Beidh príomhoifig i gcontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath (dá ngairtear “an phríomhoifig” san Acht seo) agus oifig áitiúil i ngach contae seachas Baile Átha Cliath (dá ngairtear “oifig áitiúil” san Acht seo). |
[EN] | (2) Is í an phríomhoifig an oifig le haghaidh chlárú na talún go léir sa Stát. | |
[EN] | (3) Is iad na feidhmeanna a bheidh ag na hoifigí áitiúla cibé feidhmeanna a fhorordófar dóibh. | |
[EN] | (4) Gairfear Clárlann na Talún den phríomhoifig agus de na hoifigí áitiúla i dteannta a chéile. | |
Cláir | ||
[EN] |
Cláir úinéireachta. |
8. —Cothabhálfar sa phríomhoifig— |
[EN] | (a) cláir— | |
[EN] | (i) d'úinéireacht talún ruílse, agus | |
[EN] | (ii) d'úinéireacht leasanna léasacha, cé is moite d'oidhreachtáin neamhchorpracha atá ar teachtadh i gcomhlán; | |
[EN] | (b) clár d'úinéireacht— | |
[EN] | (i) ar thalamh a chuimsíonn oidhreachtáin neamhchorpracha atá ar teachtadh i gcomhlán; | |
[EN] | (ii) ar cibé cearta eile i dtalamh a bheidh forordaithe. | |
Údaráis Chlárúcháin | ||
[EN] |
Cláraitheoir na dTeideal. |
9. —(1) Beidh an phríomhoifig faoi bhainistíocht agus urlámhas oifigigh dá ngairfear Cláraitheoir na dTeideal. |
[EN] | (2) Is é an Rialtas a cheapfaidh Cláraitheoir na dTeideal agus beidh sé i seilbh oifige fad is toil leis an Rialtas é. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfar aon duine a cheapadh ina Chláraitheoir Teideal mura mbeidh sé tráth a cheaptha ina abhcóide dlí nó ina aturnae atá tar éis a ghairm a chleachtadh ar feadh deich mbliana ar a laghad. | |
[EN] | (4) Chun críche fho-alt (3), measfar gur cleachtadh ar a ghairm é seirbhís ag abhcóide dlí nó aturnae i bpost sa Státseirbhís. | |
[EN] | (5) Faoi réir an duine a cheapfar chun na hoifige sin a bheith ina shláinte tráth a cheaptha, beidh oifig Chláraitheoir na dTeideal ina hoifig inphinsin faoi na hAchtanna Aoisliúntais a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, agus féadfar cibé aoisliúntas agus liúntais eile a dheonú do Chláraitheoir na dTeideal ar é a scor, nó dá ionadaí pearsanta ar é d'fháil bháis, a d'fhéadfaí a dheonú faoi na hAchtanna sin do Chláraitheoir sin na dTeideal dá mbeadh sé ceaptha chun poist bhunaithe sa Státseirbhís le deimhniú cáiliúcháin ó Choimisinéirí na Státseirbhíse. | |
[EN] | (6) Sealbhóidh gach Cláraitheoir Teideal a oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha, agus gheobhaidh sé, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé luach saothair, a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham. | |
[EN] | (7) Scoirfidh Cláraitheoir na dTeideal ar chúig bliana is seasca a shlánú dó, ach féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, an aois scortha sin a fhadú, i gcás aon Chláraitheoir Teideal áirithe, go dtí aois ar bith nach mó ná seachtó bliain. | |
[EN] | (8) Féadfaidh an Rialtas an duine a cheapfar faoin alt seo ina Chláraitheoir Teideal a cheapadh freisin mar Chláraitheoir na nGníomhas, agus má cheaptar amhlaidh é gairfear Cláraitheoir na nGníomhas agus na dTeideal de, ach leanfaidh na forálacha sin roimhe seo den alt seo d'fheidhm a bheith acu maidir leis ionann is dá mba rud é nár lean sé ach de bheith ina Chláraitheoir Teideal. | |
[EN] |
Cláraitheoirí áitiúla. |
10. —(1) Faoi réir stiúradh agus urlámhas an Chláraitheora, beidh gach oifig áitiúil faoi bhainistíocht an chláraitheora contae don chontae ina bhfuil an oifig áitiúil, agus déanfar gnó na hoifige áitiúla in oifig na Cúirte Cuarda don chontae sin agus lena aghaidh. |
[EN] | (2) Beidh gach cláraitheoir contae (seachas an cláraitheoir contae do chontae-bhuirg agus contae Bhaile Átha Cliath) ina chláraitheoir áitiúil. | |
[EN] | (3) Measfar gurb aon chontae amháin chun críocha alt 7 agus an ailt seo aon chontae agus contae-bhuirg a bheidh cónasctha chun críocha na Cúirte Cuarda. | |
[EN] |
Comhbhaint an Chláraitheora leis na cláraitheoirí áitiúla. |
11. —Déanfar socrú le rialacha ginearálta chun comhbhaint an Chláraitheora leis na cláraitheoirí áitiúla, faoi seach, agus chun an t-urlámhas a bheidh le feidhmiú ag an gCláraitheoir ar gach cláraitheoir áitiúil, a chinneadh. |
[EN] |
Oifigigh na príomhoifige agus oifigí áitiúla. |
12. —(1) Beidh ag gabháil leis an bpríomhoifig agus le gach oifig áitiúil cibé oifigigh agus seirbhísigh, agus cibé líon díobh, a mheasfaidh an tAire Dlí agus Cirt, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, a bheith riachtanach. |
[EN] | (2) Gach oifigeach agus seirbhíseach a bheidh ag gabháil leis an bpríomhoifig nó le haon oifig áitiúil, sealbhóidh sé a phost ar cibé téarmaí agus coinníollacha, agus gheobhaidh sé, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé luach saothair, a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham. | |
[EN] |
Oibriú cumhachtaí údarás clárúcháin. |
13. —(1) Gach ceann nó aon cheann de na cumhachtaí agus na dualgais a bhronntar nó a chuirtear ar an gCláraitheoir sa cháil sin dó, nó i gcáil Chláraitheoir na nGníomhas dó, féadfaidh cibé oifigeach nó oifigigh eile a údaróidh an tAire Dlí agus Cirt chuige sin é a oibriú agus a chomhlíonadh. |
[EN] | (2) Gach ceann nó aon cheann de na cumhachtaí agus na dualgais a bhronntar nó a chuirtear ar aon chláraitheoir áitiúil leis an Acht seo nó faoi, féadfaidh cibé oifigeach nó oifigigh eile, dá mbeidh ag gabháil leis an oifig áitiúil iomchuí, a údaróidh an tAire Dlí agus Cirt chuige sin, é a oibriú agus a chomhlíonadh. | |
[EN] |
Táillí. 1879, c. 58. |
14. —(1) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, le toiliú an Aire Airgeadais, a shocrú, le hordú, cad iad na táillí a bheidh le glacadh i gClárlann na Talún chun críocha an Achta seo agus féadfaidh sé aon ordú den sórt sin a chúlghairm nó a leasú. |
[EN] | (2) Déanfar, chomh fada agus is féidir é, na táillí a shocrú ar dhóigh go dtabharfaidh siad suim bhliantúil is leor chun na tuarastail, an luach saothair agus na caiteachais eile a ghlanadh is iníoctha faoin Acht seo agus a bhainfidh lena oibriú. | |
[EN] | (3) Aon fhoráil den Acht seo, nó de rialacha ginearálta, a cheanglaíonn nó a údaraíonn go mbeidh aon ní le déanamh nó aon deimhniú nó doiciméad eile le heisiúint, ag an gCláraitheoir nó i gClárlann na Talún nó aisti, forléireofar é mar fhoráil a cheanglaíonn nó a údaraíonn an céanna ar cibé táille a íoc a shocrófar le hordú faoin Acht seo. | |
[EN] | (4) Ní bheidh aon táille iníoctha— | |
[EN] | (a) ag Coimisiún na Talún as aon chlárú nó iarratas ar chlárú faoin Acht seo, | |
[EN] | (b) ar aon iarratas chun úinéireacht a chlárú i gcás aon duine a ndearna Coimisiún na Talún talamh cláraithe a aistriú chuige nó a dhílsiú dó, má tá dualgas reachtúil ar Choimisiún na Talún an clárú sin a thabhairt i gcrích. | |
[EN] | (5) Déanfar na táillí go léir is iníoctha faoin Acht seo a bhailiú agus a ghlacadh ar cibé modh a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe dó iad de réir mar a ordóidh an Aire sin. | |
[EN] | (6) Ní bhainfidh an Public Offices Fees Act, 1879, le táillí is iníoctha faoin Acht seo. | |
[EN] |
Séalaí oifigiúla. |
15. —(1) Beidh séala oifigiúil ar leithligh ag an gCláraitheoir agus ag gach cláraitheoir áitiúil. |
[EN] | (2) Tabharfar aird bhreithiúnach ar na séalaí oifigiúla sin, agus aon ionstraim a airbheartóidh a bheith séalaithe le haon séala den sórt sin beidh sí inghlactha i bhfianaise, agus, más cóip í, beidh sí inghlactha ar an dóigh chéanna leis an ionstraim bhunaidh. | |
[EN] |
Cumhachtaí an Chláraitheora. |
16. —(1) Faoi réir rialacha ginearálta, féadfaidh an Cláraitheoir, le toghairm faoina shéala, a cheangal ar gach duine is cuí leis teacht ina láthair maidir le clárú aon teidil. |
[EN] | (2) Féadfaidh sé, le toghairm dá samhail, a cheangal ar aon duine a bhfuil ina choimeád aon léarscáil, suirbhéireacht nó leabhar a rinneadh nó a choimeádtar de bhun aon achtacháin, an léarscáil, an tsuirbhéireacht nó an leabhar a thabhairt ar aird lena scrúdú. | |
[EN] | (3) Féadfaidh sé aon duine a láithreoidh os a chomhair a cheistiú faoi mhionn agus é a chur faoi mhionn dá réir sin. | |
[EN] | (4) Féadfaidh sé na caiteachais réasúnacha a bhain lena theacht i láthair a cheadú d'aon duine a chuir sé faoi thoghairm. | |
[EN] | (5) Aon chaiteachais a cheadófar de bhun an ailt seo measfar gur muirir iad a ndeachthas fúthú in imeachtaí le haghaidh clárú, nó ina dtaobh, agus féadfar déileáil leo ar cibé modh a fhorordófar. | |
[EN] | (6) Má dhéanann duine ar bith, tar éis toghairm faoin alt seo, nó cóip di, a sheachadadh dó, agus na caiteachais, más ann, a mbeidh teideal aige chucu, a thairiscint dó, faillí nó diúltú go toiliúil teacht i láthair de bhun na toghairme, nó cibé léarscáileanna, suirbhéireachtaí, leabhair nó doiciméid eile a thabhairt ar aird a gceanglófar air faoin Acht seo iad a thabhairt ar aird, nó freagra a thabhairt faoi mhionn nó ar dhóigh eile ar cibé ceisteanna a chuirfidh an Cláraitheoir air go dleathach faoi chumhachtaí an Achta seo, beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air. | |
[EN] |
Imeachtaí ag an gCláraitheoir agus ina aghaidh. |
17. —Féadfaidh Cláraitheoir na dTeideal agairt a dhéanamh agus beidh sé inagartha faoin ainm sin. |
Dlínse na Cúirte | ||
[EN] |
An chúirt. |
18. —(1) Beidh dlínse chun críocha an Achta seo, ag an Ard-Chúirt agus, faoi réir forálacha an Achta seo, ag an gCúirt Chuarda agus déanfar “an chúirt” a fhorléiriú dá réir sin san Acht seo. |
[EN] | (2) Mura rud é go síneoidh na páirtithe riachtanacha sna himeachtaí, roimh an éisteacht nó aon uair lena linn, an fhoirm thoilithe a fhorordaítear le rialacha cúirte, ní bheidh dlínse ag an gCúirt Chuarda maidir le talamh ar mó ná £60 a luacháil inrátaithe. | |
[EN] | (3) Is é an breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh, nó aon chuid de, a oibreoidh dlínse na Cúirte Cuarda chun aon ábhar maidir le talamh a éisteacht agus a chinneadh faoin Acht seo. | |
[EN] |
Achomharc chun na cúirte agus ceist a chur faoina bráid. |
19. —(1) Féadfaidh aon duine a bheidh éagóraithe le hordú nó cinneadh a rinne an Cláraitheoir achomharc a dhéanamh chun na cúirte agus féadfaidh an chúirt an t-ordú nó an cinneadh a neamhniú nó a dhaingniú, le modhnú nó gan mhodhnú. |
[EN] | (2) Aon uair a bheidh amhras ar an gCláraitheoir faoi aon cheist dlí nó fíorais a éireoidh i gcúrsa aon chláraithe faoin Acht seo, féadfaidh sé ordú a dhéanamh ag cur na ceiste faoi bhráid na cúirte. | |
[EN] | (3) In aon imeacht faoin alt seo, déanfaidh an chúirt, má iarrann an Cláraitheoir uirthi é, agus féadfaidh sí in aon chás, más gá sin, caomhnóir nó duine eile a cheapadh chun bheith ina ionadaí d'aon naíon, duine mímheabhrach, duine atá as láthair ón Stát, duine nár saolaíodh fós nó duine nach fios cé acu beo nó marbh dó; agus, más deimhin léi go bhfuil leasanna aon duine a gceapfar ionadaí dó amhlaidh á leorchosaint tríd an ionadaíocht, féadfaidh sí ordú a dhéanamh á dhearbhú go mbeidh an duine sin faoi cheangal dochloíte ag cinneadh na cúirte agus air sin beidh sé, faoi réir an chirt faoin Acht seo chun achomhairc le cead speisialta, faoi cheangal dá réir sin ionann is dá mba pháirtí é. | |
[EN] |
Ordú ón gCláraitheoir a chur i bhfeidhm ag an Ard-Chúirt. |
20. —Má bhíonn duine ar bith easumhal d'ordú ón gCláraitheoir a rinneadh de bhun an Achta seo, féadfaidh an Cláraitheoir an easumhlaíocht a dheimhniú don Ard-Chúirt, agus air sin féadfar an duine a bhí ciontach san easumhlaíocht, faoi réir a chirt achomhairc chun na Cúirte sin in aghaidh an ordaithe sin, a phionósú ag an gCúirt sin amhail is dá mba é ordú na Cúirte é ordú an Chláraitheora. |
[EN] |
Údarás clárúcháin a bheith umhal d'ordú ón gcúirt. |
21. —(1) Déanfaidh údarás clárúcháin de réir ordú cúirte dlínse inniúla maidir le talamh cláraithe. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Cláraitheoir, nuair is gá leis é, a iarraidh ar an gcúirt a rinne an t-ordú sin é a athrú nó treoracha a thabhairt maidir leis an modh ina ndéanfar dá réir; agus air sin féadfaidh an chúirt, tar éis cibé fógra, más ann, a ordóidh sí, an t-ordú sin a athrú ar cibé modh, nó cibé ordú nua a dhéanamh, is cuí léi. | |
[EN] |
Cumhacht na cúirte i gcaingean chun conradh a shainchomhlíonadh. |
22. —Nuair a thionscnófar caingean chun conradh maidir le talamh cláraithe nó muirear cláraithe a shainchomhlíonadh, féadfaidh an chúirt a mbeidh an chaingean ar feitheamh os a comhair a chur faoi deara do gach páirtí nó d'aon pháirtí ag a bhfuil cearta cláraithe sa talamh nó sa mhuirear, nó a thaifid rabhaidh nó toirmisc in aghaidh an chéanna, láithriú sa chaingean agus cúis a shuíomh le nach ndéanfaí an conradh a shainchomhlíonadh, agus beidh ordú na cúirte sa chaingean ina cheangal ar na pairtithe sin nó ar aon pháirtí acu. |