An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Cineachadh i gcás Báis agus Titim d'Oidhreacht i gcás Díthiomnachta) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL AISGHAIRM)

16 1964

AN tACHT UM CHLÁRÚ TEIDIL, 1964

CUID V

Forálacha Ilghnéitheacha

Neamhniú coinníollacha áirithe i gconarthaí chun talamh cláraithe a dhíol nó a chur faoi mhuirear.

115. —Gach coinníoll i gconradh chun talamh cláraithe a dhíol nó a mhuirearú, nó chun muirear cláraithe a aistriú, trína gcoisctear ar an gceannaitheoir nó ar an duine atá le bheith ina mhuirearóir nó ina aistrí (cibé acu é) foréilimh a dhéanamh maidir le hualaí i gcoitinne nó maidir le haon ualach áirithe a bheadh, de bhua alt 72, ag luí ar an talamh, beidh sé ar neamhní.

Talamh a dhíolmhú óna chlárú i gClárlann na nGníomhas.

116. —(1) Ar úinéireacht aon eastáit nó leasa i dtalamh a chlárú faoin acht seo, beidh an t-eastát nó an leas sin díolmhaithe, ar dháta an chláraithe agus dá éis, ó fhorálacha na n-achtachán a bhaineann le Clárlann na nGníomhas; agus ní gá gníomhas ná doiciméad eile a bhainfidh leis an eastát nó leis an leas sin, agus a fhorghníomhófar nó a thiocfaidh i ngníomh ar an dáta sin nó dá éis, a chlárú i gClárlann na nGníomhas, mura mbaineann sé freisin le talamh neamhchláraithe. Ní bheidh d'éifeacht, áfach, ag clárú na húinéireachta sin go ndíolmhóidh sé ó chlárú i gClárlann na nGníomhas aon ghníomhas nó doiciméad a bhaineann leis an teideal chun aon eastáit nó leasa eile sa talamh seachas gníomhas nó doiciméad ag bunú an eastáit nó an leasa sin.

(2) Nuair a chlárófar úinéireacht aon eastáit nó leasa i dtalamh faoin Acht seo, tabharfar meabhrachán ar an gclárú, san fhoirm fhorordaithe, do Chláraitheoir na nGníomhas, agus cláróidh seisean an meabhrachán láithreach i gClárlann na nGníomhas gan aon táille ná dleacht a bhaint amach as é sin a dhéanamh.

(3) Nuair is gá, de réir aon achtacháin, aon ghníomhas nó doiciméad eile a chlárú i gClárlann na nGníomhas laistigh de thréimhse áirithe nó ar dhóigh eile, is comhlíonadh ar fhorálacha an achtacháin sin an teideal faoin ngníomhas sin nó faoin doiciméad eile sin a chlárú (laistigh den tréimhse chéanna, i gcás ina gceanglaítear clárú laistigh de thréimhse áirithe).

Díolúine ó ualaí a chlárófar faoin Acht seo a chlárú in áit eile.

117. —(1) Nuair a chlárófar ualach faoin Acht seo is ionann éifeacht dó agus clárú a dhéanamh, agus bhéarfaidh sé nach gá clárú a dhéanamh, ar aon ghníomhas nó doiciméad a bhaineann leis an ualach sin, i gClárlann na nGníomhas. I gcás leasa léasaigh nach mbeidh a úinéireacht cláraithe faoin Acht seo, is leis an léas féin amháin a ghabhfaidh an díolúine sin agus ní beidh réim aici maidir le haon ghníomhas nó doiciméad eile a bhaineann leis an teideal chun an leasa léasaigh.

(2) (a) Nuair a dhéanfar ar an modh forordaithe breithiúnas, ordú, ionchoisne, cúirtbhanna nó banna Stáit a chlárú mar ualach faoin Acht seo, is ionann éifeacht dó agus clárú a dhéanamh, agus bhéarfaidh sé nach gá clárú a dhéanamh, chun aon chríche maidir leis an talamh, ar an gcéanna i gClárlann na mBreithiúnas;

(b) Ní dhéanfaidh aon bhreithiúnas, ordú, ionchoisne, cúirtbhanna ná banna den sórt sin difear d'aon talamh cláraithe maidir le ceannaitheoirí, morgáistithe nó creidiúnaithe, tar éis cúig bliana a bheith caite ó dháta an chláraithe sin, mura ndéanfar ná go dtí go ndéanfar é a athchlárú ar an modh forordaithe faoin Acht seo laistigh de chúig bliana roimh fhorghníomhú an tíolacais, na socraíochta, an mhorgáiste, an léasa, nó na hionstraime eile a dhéanann an ceart dlíthiúil nó an ceart cothromasach chun an eastáit nó an leasa a dhílsiú d'aon cheannaitheoir nó morgáistí den sórt sin nó a aistriú chuige ar chomaoin luachmhar, ná maidir le creidiúnaithe laistigh de chúig bliana sular fhaibhrigh ceart an chreidiúnaí sin, agus é a athchlárú amhlaidh ag deireadh gach cúig bliana ina dhiaidh sin.

Díolúine an údaráis chlárúcháin.

118. —Ní bheidh údarás clárúcháin, ná ní bheidh aon duine a bheidh ag gníomhú faoina údarás nó faoi aon ordú nó riail ghinearálta a dhéanfar de bhun an Achta seo, faoi dhliteanas ó thaobh aon chaingne, agra nó imeachta i gcás nó i leith aon ghnímh nó ní a rinneadh nó a fágadh gan déanamh bona fide i bhfeidhmiú, nó á cheapadh go rabhthas ag feidhmiú, cumhachtaí an Achta seo nó aon ordaithe nó rialach ginearálta a dhéanfar de bhun an Achta seo.

Pionóis mar gheall ar chalaois.

119. —(1) Má dhéanann duine ar bith aon chion acu seo a leanas, is é sin le rá—

(a) má fholaíonn sé aon doiciméad nó fíoras, nó má thugann sé iarracht é a fholú, nó má bhíonn sé ionpháirteach ina fholú, i gcúrsa aon imeachtaí os comhair an Chláraitheora nó na cúirte de bhun an Achta seo, le hintinn teideal nó éileamh aon duine a cheilt, nó éileamh falsa a shuíomh, nó

(b) má thugann sé chun críche go calaoiseach nó má dhéanann sé iarracht ar a thabhairt chun críche go calaoiseach, nó má bhíonn sé ionpháirteach ina thabhairt chun críche go calaoiseach, go ndéanfar aon taifeadadh, scriosadh nó athrú sa chlár, nó

(c) má dhéanann sé go toiliúil ráiteas a bheidh bréagach in aon phonc ábhartha in aon mhionnscríbhinn a cheanglaítear nó a údaraítear a dhéanamh chun aon chríche faoin Acht seo, nó faoi aon ordú nó aon rialacha ginearálta a dhéanfar de bhun an Achta seo,

beidh sé ciontach in oilghníomh, agus má chiontaítear é ar díotáil dlífear príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá bhliain a chur air, nó fineáil nach mó ná cúig chéad punt.

(2) Ní dhéanfaidh aon imeacht ná ciontú i leith aon chiona a dhearbhaítear leis an Acht seo a bheith ina oilghníomh difear d'aon leigheas a mbeadh teideal chuige ag aon duine a bheadh éagóirithe ag an gcion.

(3) Ní thabharfaidh aon ní san Acht seo teideal d'aon duine diúltú follasú iomlán a dhéanamh in aon imeacht dhlíthiúil ná diúltú aon cheist nó agarcheist a fhreagairt in aon imeacht shibhialta; ach ní bheidh aon fhollasú ná freagra den sórt sin inghlactha i bhfianaise i gcoinne an duine sin in aon imeacht choiriúil faoin Acht seo.

Cúiteamh in earráid, brionnú nó calaois maidir le clárú.

120. —(1) Baineann an t-alt seo le caillteanas a bhainfidh d'aon duine—

(a) mar gheall ar cheartú ag an gcúirt ar aon earráid i gclárú de shórt is féidir a cheartú faoi fho-alt (1) d'alt 32, nó

(b) mar gheall ar aon earráid a thúsaigh i gClárlann na Talún (cibé acu trí mhíráiteas, míthuairisc, ligean ar lár nó eile é, agus cibé acu i gclár nó i léarscáil chlárlainne di) agus a tharla i gclárú agus nach mbeidh ceartaithe faoin bhfo-alt sin (1), nó

(c) mar gheall ar aon taifead i gclár nó i léarscáil chlárlainne, nó aon ní a ligeadh ar lár as an gcéanna, agus ar brionnú nó calaois a chúisigh nó a thug i gcrích é, nó

(d) mar gheall ar aon earráid i gcuardach oifigiúil a rinne údarás clárúcháin nó aon oifigeach dá chuid, nó

(e) mar gheall ar neamhchruinneas aon chóipe oifige de chlár nó de léarscáil chlárlainne, nó aon sleachta as an gcéanna, nó aon chóipe oifige d'aon doiciméad nó plean a comhdaíodh i gClárlann na Talún, nó aon sleachta as an gcéanna.

(2) Má tharlaíonn caillteanas lena mbaineann an t-alt seo d'aon duine agus nach é is cúis leis an gcaillteanas, nó nach cuidiú substaintiúil leis, gníomh, faillí nó mainneachtain a rinne sé féin nó a ghníomhaire, beidh an duine sin agus aon duine a ghabhann teideal uaidh i dteideal cúitimh i leith an chaillteanais sin de réir an ailt seo.

(3) I gcás earráid a cheartú ag an gcúirt faoi fho-alt (1) d'alt 32, measfar gur caillteanas lena mbaineann an t-alt seo na costais agus na caiteachais faoina ndeachaigh an t-iarratasóir ag fáil an cheartaithe.

(4) Déanfar an cúiteamh go léir is iníoctha faoin alt seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(5) Bainfidh na forálacha seo a leanas le gach éileamh ar chúiteamh faoin alt seo:

(a) déanfar an t-éileamh ar an modh forordaithe chun an Chláraitheora agus tabharfar fógra ina thaobh don Aire Airgeadais;

(b) cinnfidh an Cláraitheoir an t-éileamh agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh ann mura rud é go mbeidh an tAire Airgeadais nó an t-éilitheoir míshásta leis an gcinneadh sin, agus sa chás sin féadfaidh ceachtar páirtí achomharc a dhéanamh chun na cúirte;

(c) ní ghéillfidh an Cláraitheoir d'aon éileamh tar éis tréimhse sé bliana a bheith caite ón am a d'fhaibhrigh an ceart chun cúitimh mura rud é, ar bheith caite don tréimhse sin, go raibh an duine a bhí i dteideal an t-éileamh a dhéanamh faoi mhíchumas, agus sa chás sin ní ghéillfear don éileamh tar éis dhá bhliain a bheith caite ó tháinig deireadh leis an míchumas, ach beidh cinneadh an Chláraitheora ag diúltú nó ag ceadú éilimh faoin mír seo faoi réir achomhairc chun na cúirte;

(d) chun críocha mhír (c), measfar an ceart chun cúitimh a fhaibhriú—

(i) maidir le haon eastát nó leas i seilbh, ar dháta an chláraithe ba chúis leis an gcaillteanas a bhfuil an cúiteamh á éileamh ina leith, nó

(ii) maidir le haon eastát nó leas i bhfuíoll nó i bhfrithdhílse, ar an dáta a bheadh an t-eastát nó an leas sin tar éis titim i seilbh mura mbeadh an clárú sin a dúradh;

(e) áireofar sa chúiteamh na costais faoina ndeachaigh an t-éilitheoir chun a éileamh a shuíomh.

(6) I gcás ina n-íocfar cúiteamh faoin alt seo le duine ar bith—

(a) beidh an cúiteamh (seachas na costais) inchurtha chun feidhme chun aon eirí a ghlanadh a luíonn ar eastát nó leas an duine sin sa talamh nó sa mhuirear a bhfuil an cúiteamh iníoctha ina leith;

(b) beidh an ceart céanna ag an Aire Airgeadais chun méid an chúitimh sin a ghnóthú ó aon duine ba chúis leis an gcaillteanas, nó a fuair buntáiste as, agus a bheadh ag an duine dar bhain an caillteanas dá mba é a bhí ann díobháil a rinne an duine céadluaite dó.

Toirmeasc de dhroim earráid a aimsiú.

121. —(1) Aon uair a fheicfear don Chláraitheoir go ndearnadh i gclárú aon earráid is féidir a cheartú, féadfaidh an Cláraitheoir cibé toirmeasc is cuí leis ar dhéileálacha leis an talamh, nó leis an ualach, lena mbaineann an earráid sin a thaifeadadh sa chlár chun an Príomh-Chiste a chosaint in aghaidh éileamh ar chúiteamh i leith caillteanas a thiocfaidh as cláruithe a dhéanfar tar éis an earráid sin a aimsiú agus roimh í a cheartú.

(2) Ní bhainfidh toirmeasc a thaifeadfar sa chlár faoin alt seo le haon chlárú a bheidh ar feitheamh iarbhír sa phríomhoifig nuair a thaifeadfar an toirmeasc sin ná ní choiscfidh sé comhlánú an chláraithe sin.

(3) Aon uair a thaifeadfaidh an Cláraitheoir toirmeasc faoin alt seo, cuirfidh sé fógra i dtaobh an toirmisc sin, agus i dtaobh na hearráide ar mar gheall uirthi a taifeadadh é, chun na ndaoine go léir a ndealraíonn sé ón gclár go ndéanann an earráid sin difear dóibh agus chun cibé daoine eile (más ann) a fhorordófar.

Gan úinéir talún le teideal scalbhach a bheith ina iontaobhaí faoi Reacht na dTréimhsí, 1957 .

1957, Uimh. 6 .

122. —(1) Nuair a chlárófar duine mar úinéir talún le teideal atá, nó a mheastar a bheith, ina theideal sealbhach, ní bheidh seisean ná aon duine a bheidh ag éileamh tríd ina iontaobhaí i leith na talún sin chun críocha Reacht na dTréimhsí, 1957 , de bhíthin an chláraithe agus dá bhíthin sin amháin.

(2) Gabhann fo-alt (1) ionad mhír (c) d'fho-alt (2) d'alt 2 de Reacht na dTréimhsí, 1957 , a aisghairtear leis an Acht seo.

Éifeacht focal aistrithe.

123. —(1) Aistreoidh ionstraim aistrithe talún ruílse cláraithe gan focail chinnteachta, ná aon abairt chomhionann, an feo simplí nó d'eile an leas iomlán a raibh cumhacht ag an aistreoir é a aistriú sa talamh, mura léir a mhalairt d'intinn san ionstraim.

(2) Déanfaidh ionstraim aistrithe talún ruílse cláraithe chuig corparáid aonair faoina teideal corpraithe gan an focal “comharbaí” an feo simplí nó d'eile an leas iomlán a raibh cumhacht ag an aistreoir é a aistriú sa talamh a aistriú chun na corpráide, mura léir a mhalairt d'intinn san ionstraim.

(3) In ionstraim aistrithe talún cláraithe ní bheidh úsáid ná iontaobhas fillteach don aistreoir intuigthe de bhíthin amháin nach bhfuil sé sainráite go bhfuil an mhaoin á haistriú chun úsáide nó tairbhe an aistrí.

(4) Ní bhaineann an t-alt seo ach amháin le hionstraimí aistrithe a fhorghníomhófar tar éis tosach feidhme an Achta seo.

Cumhacht Feidhmeannach Síochána chun mionnscríbhinní a ghlacadh.

124. —Féadfar mionnscríbhinn a bheidh le déanamh nó le húsáid in aon imeachtaí os comhair an Chláraitheora a mhionnú os comhair Feidhmeannaigh Shíochána agus beidh cumhacht aigesean duine a chur faoi mhionn chuige sin.

Talamh faoin marc uachtar láin a chlárú.

1933, Uimh. 12 .

1865, a. 88.

125. —I gcás ina ndéanfar iarratas chun úinéir talún a chlárú agus go bhfeicfear don Chláraitheoir go bhfuil imeall trá, de réir bhrí an Achta Imeall Trágha, 1933 , sa talamh, cuirfidh an Cláraitheoir fógra i scríbhinn ina thaobh sin chun an Aire Iompair agus Cumhachta.

Cumhacht chun rialacha agus orduithe a dhéanamh.

1936, Uimh. 48 .

1883, c. 20.

126. —(1) Leanfar de Choiste na Rialacha um Chlárú Teidil a thabhairt ar an gcoiste a bunaíodh le halt 73 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 .

(2) Féadfaidh Coiste na Rialacha um Chlárú Teidil, le comhthoiliú an Aire Dlí agus Cirt, rialacha ginearálta a dhéanamh chun cuspóirí an Achta seo a chur in éifeacht, agus go sonrach, gan an chumhacht sin roimhe seo a theorannú, maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas:

(a) an gnó sa phríomhoifig agus sna hoifigí áitiúla a stiúradh, agus cumhachtaí agus dualgais an Chláraitheora agus na gcláraitheoirí áitiúla, agus na n-oifigeach agus na ndaoine go léir a ghabhann leis an bpríomhoifig agus leis na hoifigí áitiúla;

(b) comhbhaint na príomhoifige leis na hoifigí áitiúla;

(c) aistrithe a stiúradh agus eolas a bhaineann le haistrithe a fhoilsiú;

(d) na cláir a dhéanamh agus a choimeád agus treoir a sholáthar dóibh, agus doiciméid a bhaineann le teideal a fhíordheimhniú agus a shlánchoimeád;

(e) an nós imeachta is inleanta, an réamhchúram a bheidh le glacadh, na fógraí a bheidh le tabhairt, agus an fhianaise a bheidh le tabhairt ar aird, sna himeachtaí uile maidir le clárú, agus na himthosca ina ndéanfar, agus na daoine chun a ndéanfar, ceisteanna a tharchur maidir leis an scrúdú ar aon teideal chun talún a bheartaítear a chlárú;

(f) an nós imeachta is inleanta maidir le clárú i gcás gabháltais a mhalartú;

(g) an fhoirm ina mbeidh, agus na coinníollacha faoina mbeidh, taifid le cur sa chlár agus ar dá réir a fhéadfar iad a mhodhnú nó a chealú; an t-ord ina mbeidh taifid maidir leis an talamh céanna le déanamh, agus earráidí cléireachais a cheartú sna cláir nó sna léarscáileanna clárlainne nó in aon doiciméad a bhaineann le clárú;

(h) foirm agus ábhair aon ionstraime, deimhnithe, meabhracháin, mionnscríbhinne nó doiciméid eile a gceanglaítear nó a n-údaraítear é a úsáid nó a thabhairt faoin Acht seo nó chun críocha an Achta seo;

(i) na coinníollacha faoina bhféadfar deimhniú nua talún nó deimhniú nua muirir a thabhairt in ionad deimhnithe a cailleadh, a aghloiteadh nó a díothaíodh;

(j) aon ionstraimí a thiocfaidh ó am go ham i láimh aon oifigigh do Chlárlann na Talún a choimeád;

(k) aon chlár nó doiciméad a bheidh faoi choimeád Chlárlann na Talún a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh de nó sleachta a bhaint as;

(l) na costais agus na táillí a bheidh le baint amach ag atúrnaetha nó ag daoine eile, nó a bheidh le ceadú dóibh, mar gheall ar chlárú nó nithe a ghabhann leis nó a leanann as, nó i leith aon ní eile is gá a dhéanamh chun an tAcht seo a chur i ngníomh, nó ar dhóigh eile i gcomhlíonadh na ndualgas a fhorchuirtear leis an Acht seo nó faoi, nó le haon Acht eile nó faoi, ar údarás clárúcháin, maille le cumhacht chun a cheangal go mbeidh na costais agus na táillí sin iníoctha trí choimisiún, céatadán, nó eile;

(m) costais a fhómhas agus na daoine ag a mbeidh, agus lena mbeidh, costais le fómhas agus le híoc;

(n) dul faoi urrús i leith costais achomhairc faoin Acht seo; agus

(o) aon ní a n-ordaítear nó a n-údaraítear leis an Acht seo é a fhorordú, nó a n-ordaítear nó a n-údaraítear leis an Acht seo rialacha ginearálta a dhéanamh ina leith.

(3) Déanfar foráil le rialacha ginearálta chun go gclárófar, gan costas ar na páirtithe leasmhara, na teidil go léir a taifeadadh faoin Record of Title (Ireland) Act, 1865, agus glacfar cúram sna rialacha sin chun aon chearta a chosaint a fuarthas de bhun an taifeadta sin. Go dtí go ndéanfar an clárú, beidh feidhm ag an Acht sin ina leith sin ionann is dá mba nár ritheadh an tAcht seo.

(4) (a) Gach oifig a bheidh faoi urláimh an Chláraitheora sa cháil sin dó, nó i gcáil Chláraitheoir na nGníomhas dó, beidh sí ar oscailt don phobal cibé laethanta agus ar feadh cibé uaire a chloig a cheapfaidh an tAire Dlí agus Cirt ó am go ham le hordú.

(b) Aisghairtear leis seo an Registry of Deeds Office (Ireland) Holidays Act, 1883.

(c) D'ainneoin alt 2, tiocfaidh an fo-alt seo i ngníomh ar dháta an Achta seo a rith.

Cosaint do bona vacantia.

127. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear do cheart an Stáit chun aon mhaoine mar bona vacantia.