24 1964


Uimhir 24 de 1964.


ACHT MHIC SHUIBHNE (PINSEAN) (MÉADÚ), 1964

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT CHUN AN PINSEAN IS INÍOCTHA FAOI ACHTANNA MHIC SHUIBHNE (PINSEAN), 1950 GO 1962, A MHÉADÚ, LE hÉIFEACHT ÓN 1ú LÁ DE SHAMHAIN, 1963. [15 Iúil, 1964.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Pinsean a mhéadú.

1. —Déanfar an pinsean bliantúil is iníoctha faoi Achtanna Mhic Shuibhne (Pinsean), 1950 go 1962, a mhéadú cúig faoin gcéad le héifeacht ón 1ú lá de Shamhain, 1963 (agus an lá sin a áireamh).

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht Mhic Shuibhne (Pinsean) (Méadú), 1964 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna Mhic Shuibhne (Pinsean), 1950 go 1964, a ghairm d'Achtanna Mhic Shuibhne (Pinsean), 1950 go 1962, agus den Acht seo le chéile.