|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 4 de 1965. | ||
[EN] |
AN tACHT PRÍOMH-CHISTE, 1965 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE A CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIANTA DAR CRÍOCH AN t-AONÚ LÁ IS TRÍOCHA DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD SEASCA A CÚIG AGUS MÍLE NAOI gCÉAD SEASCA A SÉ AGUS A ÚDARÚ DON AIRE AIRGEADAIS URRÚIS ÁIRITHE NEAMHÚSMHARA A BHUNÚ AGUS A EISIÚINT. [18 Márta, 1965.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
£23,188,684 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31 Márta, 1965. |
1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Trí Mhilliún is Fiche, Céad Ochtó is Ocht Míle, Sé Chéad Ochtó is Ceithre Phunt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá is tríocha de Mhárta míle naoi gcéad seasca a cúig. |
[EN] |
£75,292,400 a eisiúint as an bPríomh-Ciste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31 Márta, 1966. |
2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Seachtó is Cúig Mhilliún, Dhá Chéad Nócha is Dhá Mhíle, Ceithre Chéad Punt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá is tríocha de Mhárta míle naoi gcéad seasca a sé. |
[EN] |
Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £98,481,084 a fháil ar iasacht. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna nach mó san iomlán ná Nócha is Ocht Milliún, Ceithre Chéad Ochtó is Aon Mhíle, Ochtó is Ceithre Phunt a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is cuí leis. |
[EN] | (2) Is ar an bPríomh-chiste nó a thoradh fáis a mhuirearófar príomhshuim agus ús aon urrús a eiseofar faoin alt seo agus na costais faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint. | |
[EN] | (3) Aon airgead a chruinneofar trí urrúis a eiseofar faoin alt seo, cuirfear chun creidmheasa do chuntas an Státchiste é agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon slí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil. | |
[EN] |
Urrúis neamhúsmhara. |
4. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, chun críche aon iasachta a údaraítear dó a fháil le haon Acht nó faoi, urrúis neamhúsmhara a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh fuascailte nó eile is cuí leis, lena n-áirítear coinníollacha lena ndéanfar foráil chun cionúireacht shonraithe de na hurrúis a fhuascailt trí tharraingtí tréimhsiúla. |
[EN] | (2) Díolmhófar ó cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus ó cháin bhrabús corparáide an bhreis a bheidh ag an méid a gheofar nuair a fhuasclófar aonad urrús faoin alt seo ar an méid a íocadh as an aonad ar é a eisiúint, ach amháin i gcás ina mbeidh an bhreis le cur sa chuntas agus brabúis trádála á ríomh chun críocha cánachais. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire Airgeadais rialacháin a dhéanamh chun urrúis faoin alt seo, agus tarraingtí lena bhfuascailt, a rialú. | |
[EN] | (4) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a mhuirearófar na méideanna is gá chun urrúis a fhuascailt faoin alt seo agus na caiteachais faoina rachfar i ndáil lena n-eisiúint. | |
[EN] | (5) Aon airgead a chruinneofar trí urrúis faoin alt seo cuirfear chun creidmheasa an Státchiste é agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon slí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil. | |
[EN] | (6) Aon chostais faoina rachfar i ndáil le bainistí urrús faoin alt seo ríomhfar iad i cibé slí a chinnfidh an tAire Airgeadais agus íocfar iad as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
5. —Féadfar an tAcht Príomh-Chiste, 1965 , a ghairm den Acht seo. |