An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1965)

6 1965

AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1965

AN SCEIDEAL.

COINBHINSIÚN,

I Bhforlíonadh ar Choinbhinsiún Warsaw, um Aontú Rialacha Áirithe Maidir le hIompar Idirnáisiúnta d'Aer a Dhéanfaidh Duine Seachas an tIompróir Conarthach.

TÁ NA STÁIT A SHÍNIGH AN COINBHINSIÚN SEO

AR A THABHAIRT d'UÍDH nach bhfuil i gCoinbhinsiún Warsaw rialacha áirithe maidir le hiompar idirnáisiúnta d'aer a dhéanfaidh duine nach páirtí sa chomhaontú um iompar

Á MHEAS gurb inmhianaithe ar an ábhar sin rialacha a leagan amach a mbeidh feidhm acu sna himthosca sin

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal I.

Sa Choinbhinsiún seo:

(a) Ciallaíonn “Coinbhinsiún Warsaw” an Coinbhinsiún um Aontú Rialacha Áirithe maidir le hIompar Idirnáisiúnta d'Aer a síníodh i Warsaw an 12 Deireadh Fómhair, 1929, nó Coinbhinsiún Warsaw mar a leasaíodh é sa Hág, 1955, de réir mar a bheidh an t-iompar faoin gcomhaontú dá dtagraítear i mír (b) faoi rialú ag ceann acu nó ag an gceann eile;

(b) ciallaíonn “iompróir conarthach” duine a dhéanfaidh mar phríomhaí comhaontú um iompar faoi rialú Choinbhinsiún Warsaw le paisinéir nó coinsíneoir nó duine a bheidh ag gníomhú thar ceann an phaisinéara nó an choinsíneora;

(c) ciallaíonn “iompróir iarbhír” duine, seachas an t-iompróir conarthach, a dhéanfaidh, de bhua údaráis ón iompróir conarthach, an t-iomlán nó cuid den iompar atá faoi thrácht i mír (b) ach nach iompróir i ndiaidh a chéile de réir bhrí Choinbinsiún Warsaw maidir leis an gcuid sin. Toimhdítear an t-údarás sin a bheith aige mura mbeidh cruthúnas ann ar a mhalairt.

Airteagal II.

Má dhéanann iompróir iarbhír an t-iomlán nó cuid den iompar atá, de réir an chomhaontaithe dá dtagraítear in Airteagal I, mír (b), faoi rialú Choinbhinsiún Warsaw, beidh an t-iompróir conarthach agus an t-iompróir iarbhír, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sa Choinbhinsiún seo, faoi réir rialacha Choinbhinsiún Warsaw, an t-iompróir conarthach i leith iomlán an iompair a bheidh faoi thrácht sa chomhaontú, an t-iompróir iarbhír i leith an iompar sin amháin a dhéanfaidh sé.

Airteagal III.

1. Measfar, maidir leis an iompar a dhéanfaidh an t-iompróir iarbhír, gur gníomhartha agus neamhghníomhartha an iompróra chonarthaigh freisin gníomhartha agus neamhghníomhartha an iompróra iarbhír agus a sheirbhíseach agus a ghníomhairí ag gníomhú dóibh faoi chuimsiú a bhfostaíochta.

2. Measfar, maidir leis an iompar a dhéanfaidh an t-iompróir iarbhír, gur gníomhartha agus neamhghníomhartha an iompróra iarbhír freisin gníomhartha agus neamhghníomhartha an iompróra chonarthaigh agus a sheirbhíseach agus a ghníomhairí ag gníomhú dóibh faoi chuimsiú a bhfostaíochta. Ar a shon sin, ní chuirfidh aon ghníomh nó neamhghníomh den sórt sin an t-iompróir iarbhír faoi dhliteanas is mó ná na teorainneacha a shonraítear in Airteagal 22 de Choinbhinsiún Warsaw. Ní bheidh éifeacht ar an iompróir iarbhír, mura mbeidh sé tar éis comhaontú leis, ag aon chomhaontú speisialta faoina nglacfaidh an t-iompróir conarthach oibleagáidí air féin nach bhforchuirtear le Coinbhinsiún Warsaw ná ag aon tarscaoileadh ar chearta a thugtar leis an gCoinbhinsiún sin, ná ag aon dearbhú speisialta leasa maidir le seachadadh ag ceann scríbe atá faoi thrácht in Airteagal 22 den Choinbhinsiún sin.

Airteagal IV.

Aon ghearán a dhéanfar leis an iompróir nó aon ordú a thabharfar dó, faoi Choinbhinsiún Warsaw, beidh an éifeacht chéanna leis cibé acu chun an iompróra chonarthaigh nó chun an iompróra iarbhír a dhíreofar é. Ar a shon sin, ní bheidh éifeacht le horduithe dá dtagraítear in Airteagal 12 de Choinbhinsiún Warsaw ach amháin nuair is chun an iompróra chonarthaigh a dhíreofar iad.

Airteagal V.

Maidir leis an iompar a dhéanfaidh an t-iompróir iarbhír, beidh aon seirbhíseach nó gníomhaire don iompróir sin nó don iompróir conarthach, má chruthaíonn sé gur ghníomhaigh sé faoi chuimsiú a fhostaíochta, i dteideal tairbhe a bhaint as na teorainneacha dliteanais is infheidhme faoin gCoinbhinsiún seo maidir leis an iompróir ar seirbhíseach nó gníomhaire dó é, mura gcruthófar gur ghníomhaigh sé ar dhóigh a fhágann, faoi Choinbhinsiún Warsaw, nach féidir feidhm a bhaint as na teorainneacha dliteanais.

Airteagal VI.

Maidir leis an iompar a dhéanfaidh an t-iompróir iarbhír, ní rachaidh comhiomlán na suimeanna is inghnóthaithe ón iompróir sin agus ón iompróir conarthach, agus óna seirbhísigh agus a ngníomhairí, ag gníomhú dóibh faoi chuimsiú a bhfostaíochta, thar an méid is airde a d'fhéadfaí a dhámhachtain i gcoinne an iompróra chonarthaigh nó an iompróra iarbhír faoin gCoinbhinsiún seo, ach ní bheidh aon duine acu sin a luaitear faoi dhliteanas i leith suim is mó ná an teorainn is infheidhme maidir leis.

Airteagal VII.

Maidir leis an iompar a dhéanfaidh an t-iompróir iarbhír, féadfar caingean ar dhamáistí a thionscnamh, faoi rogha an ghearánaí, i gcoinne an iompróra sin nó an iompróra chonarthaigh nó ina gcoinne araon, le chéile nó ar leithligh. Más i gcoinne duine amháin de na hiompróirí sin a thionscnófar an chaingean, beidh de cheart ag an iompróir sin a éileamh go ndéanfar an t-iompróir eile a uamadh sna himeachtaí, agus beidh an nós imeachta agus na hiarmairtí faoi rialú dhlí na cúirte a bheidh i seilbh an cháis.

Airteagal VIII.

Aon chaingean ar dhamáistí atá faoi thrácht in Airteagal VII den Choinbhinsiún seo, caithfear í a thionscnamh, faoi rogha an ghearánaí, os comhair cúirte ina bhféadfar caingean a thionscnamh i gcoinne an iompróra chonarthaigh, mar a fhoráiltear in Airteagal 28 den Choinbhinsiún Warsaw, nó os comhair na cúirte ag a mbeidh dlínse san áit a bhfuil gnáthchónaí ar an iompróir iarbhír nó a bhfuil a phríomháit ghnó aige.

Airteagal IX.

1. Aon fhoráil chonarthach a rachadh chun fuascailt a thabhairt don iompróir conarthach nó don iompróir iarbhír óna dhliteanas faoin gCoinbhinsiún seo nó chun teorainn a shocrú is ísle ná mar atá infheidhme de réir an Choinbhinsiúin seo, beidh sí ar neamhní, ach ní fhágfaidh neamhniú aon fhorála den sórt sin go mbeidh an comhaontú go léir ar neamhní, agus fanfaidh an comhaontú faoi réir forálacha an Choinbhinsiúin seo.

2. Maidir leis an iompar a dhéanfaidh an t-iompróir iarbhír, ní bhainfidh an mhír roimhe seo le forálacha conarthacha a rialaíonn caillteanas nó damáiste de dheasca lochta nó mianaigh nó fabht aiceanta an lasta a bheidh á iompar.

3. Aon chlásal a bheidh i gcomhaontú um iompar, agus gach comhaontú speisialta a rinneadh sular tharla an damáiste, lena n-airbheartóidh na páirtithe na rialacha a leagtar síos leis an gCoinbhinsiún seo a shárú, cibé acu trína chinneadh cad é an dlí a bheidh le cur i bhfeidhm, nó trí na rialacha maidir le dlínse a athrú, beidh sé ar neamhní. Ar a shon sin, i gcás lasta a iompar ceadaítear clásail eadrána, faoi réir an Choinbhinsiúin seo, más i gceann de na dlínsí dá dtagraítear in Airteagal VIII atá an eadráin le déanamh.

Airteagal X.

Ach amháin mar a fhoráiltear in Airteagal VII, ní bheidh éifeacht ag aon ní sa Choinbhinsiún seo ar chearta agus oibleagáidí an dá iompróir eatarthu féin.

Airteagal XI.

Go dtí an dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm de réir forálacha Airteagal XIII, fanfaidh sé ar oscailt chun a shínithe thar ceann aon Stáit a bheidh ar an dáta sin ina chomhalta de na Náisiúin Aontaithe nó d'aon cheann de na Sainghníomhaireachtaí.

Airteagal XII.

1. Beidh an Coinbhinsiún seo faoi réir a dhaingnithe ag na Stáit a shínigh é.

2. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le Rialtas Stáit Aontaithe Mheicsiceo.

Airteagal XIII.

1. A luaithe a bheidh cúig cinn de na Stáit a shínigh é tar éis a n-ionstraimí ag daingniú an Choinbhinsiún seo a thaisceadh, tiocfaidh sé i bhfeidhm eatarthu ar an nóchadú lá tar éis dáta an chúigiú ionstraim dhaingniúcháin a thaisceadh. Tiocfaidh sé i bhfeidhm do gach Stát a dhaingneoidh é ina dhiaidh sin ar an nóchadú lá tar éis don Stát a ionstraim dhaingniúcháin a thaisceadh.

2. A luaithe a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm, déanfaidh Rialtas Stáit Aontaithe Mheicsiceo é a chlárú leis na Náisiúin Aontaithe agus leis an Eagras Idirnáisiúnta um Eitlíocht Shibhialta.

Airteagal XIV.

1. Tar éis don Choinbhinsiúin seo teacht i bhfeidhm, beidh sé ar oscailt chun aon Stát-Chomhalta de na Náisiúin Aontaithe nó d'aon cheann de na Sainghníomhaireachtaí a ghabháil leis.

2. Gabhfaidh Stát leis an gCoinbhinsiún seo trí ionstraim ghabhála a thaisceadh le Rialtas Stáit Aontaithe Mheicsiceo agus tiocfaidh an ghabháil sin in éifeacht amhail ón nóchadú lá tar éis an taiscithe sin.

Airteagal XV.

1. Féadfaidh aon Stát Conarthach an Coinbhinsiún seo a shéanadh trí fhógra a dhíreofar chuig Rialtas Stáit Aontaithe Mheicsiceo.

2. Tiocfaidh séanadh in éifeacht sé mhí tar éis do Rialtas Stáit Aontaithe Mheicsiceo an fógra séanta a fháil.

Airteagal XVI.

1. Féadfaidh aon Stát Conarthach, an tráth a dhaingneoidh sé an Coinbhinsiún seo nó a ghabhfaidh sé leis, nó tráth ar bith dá éis sin, a dhearbhú trí fhógra do Rialtas Stáit Aontaithe Mheicsiceo go mbeidh réim ag an gCoinbhinsiún maidir le haon cheann de na críocha a bhfuil sé freagrach ina chaidreamh coigríche.

2. Nócha lá tar éis do Rialtas Stáit Aontaithe Mheicsiceo an fógra sin a fháil, beidh réim ag an gCoinbhinsiún maidir leis na críocha a ainmneofar san fhógra.

3. Féadfaidh aon Stát Conarthach an Coinbhinsiún seo a shéanadh, de réir forálacha Airteagal XV, go leithleach maidir le haon cheann nó le gach ceann de na críocha a bhfuil an Stát sin freagrach ina chaidreamh coigríche.

Airteagal XVII.

Ní fhéadfar aon fhorcoimeádas a dhéanamh maidir leis an gCoinbhinsiún seo.

Airteagal XVIII.

Tabharfaidh Rialtas Stáit Aontaithe Mheicsiceo fógra don Eagras Idirnáisiúnta um Eitlíocht Shibhialta agus do gach Stát is comhalta de na Náisiúin Aontaithe nó d'aon cheann de na Sainghníomhaireachtaí a gcuirfear in iúl ann:

(a) aon síniú ar an gCoinbhinsiún seo agus a dháta;

(b) taisceadh aon ionstraime daingniúcháin nó gabhála agus a dáta;

(c) an dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm de réir Airteagal XIII, mír 1;

(d) fáil aon fhógra shéanta a fuarthas agus a dháta;

(e) fáil aon dearbhaithe nó fógra a rinneadh faoi Airteagal XVI agus a dháta.

MAR FHIANAISE AIR SIN shínigh na Lánchumhachtaigh a bhfuil a sínithe thíos, agus iad údaraithe go cuí, an Coinbhinsiún seo.

ARNA DHÉANAMH i Guadalajara an t-ochtú lá déag de Mheán Fómhair Míle Naoi gCéad Seasca a hAon i dtrí théacs bharántúla a tarraingíodh suas i mBéarla, i bhFraincis agus i Spáinnis. I gcás aon neamhréire, is ag an téacs san Fhraincis, an teanga inar tarraingíodh suas Coinbhinsiún Warsaw den 12 Deireadh Fómhair, 1929, a bheidh an forlámhas. Déanfaidh Rialtas Stáit Aontaithe Mheicsiceo tiontú oifigiúil ar théacs an Choinbhinsiúin a bhunú sa Rúisis.

Taiscfear an Coinbhinsiún seo le Rialtas Stáit Aontaithe Mheicsiceo lena bhfanfaidh sé, de réir Airteagal XI, ar oscailt chun a shínithe, agus cuirfidh an Rialtas sin cóipeanna deimhnithe de go dtí an tEagras Idirnáisiúnta um Eitlíocht Shibhialta agus go dtí gach Stát is Comhalta de na Náisiúin Aontaithe nó d'aon Sainghníomhaireacht.

(Tá anseo ina dhiaidh seo sínithe thar ceann Stát áirithe).