|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 9 de 1965. | ||
[EN] |
AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1965 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA FORBARTHA MÓNA, 1946 GO 1961. [29 Meitheamh, 1965.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
Airleacain don Bhord as an bPríomh-Chiste. |
1. —(1) Déantar leis seo alt 53 den Acht Forbartha Móna, 1946 , a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach ann le fo-alt (1) d'alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1961 ): |
[EN] | “(1) Chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, faoin alt seo agus ar mholadh an Aire, cibé suimeanna (nach mó san iomlán ná fiche is ocht milliún punt) a iarrfaidh an Bord ó am go ham a airleacan don Bhord ó am go ham as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.” | |
[EN] | (2) Aisghairtear leis seo alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1961 . | |
[EN] |
Leasú ar alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1957 . |
2. —Déantar leis seo alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1957 (a bhaineann le cumhachtaí áirithe de chuid an Bhoird chun airgead a fháil ar iasacht) a leasú trí “fiche is ocht milliún punt” a chur in ionad “ceithre mhilliún is fiche punt” (a cuireadh isteach ann le halt 2 den Acht Forbartha Móna, 1961 ). |
[EN] |
Aisghairm ar at 14 den Acht Forbartha Móna, 1953 . |
3. —Aisghairtear leis seo alt 4 den Acht Forbartha Móna, 1953 . |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1965 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Déanfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1961, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1965, a ghairm díobh le chéile. |