11 1965


Uimhir 11 de 1965.


AN tACHT UM BAINC THAISCE IONTAOBHAIS, 1965

[An tiontú Oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT UM BAINC THAISCE IONTAOBHAIS, 1863 GO 1958. [30 Meitheamh, 1965.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchta um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1958.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna mar aon ní amháin.

Íocaíochtaí áirithe a údarú.

2. —I gcás aon bhainc thaisce iontaobhais, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna nó sna rialacha agus sna rialacháin chun an banc a bhainistí—

(a) féadfar, ar threoracha a fháil ó thaísceoir, íocaíocht as a thaiscí a dhéanamh le duine eile,

(b) féadfar íocaíocht den sórt sin a dhéanamh gan an leabhar taisce a thabhairt ar aird i gcás ina mbeidh sí á déanamh faoi bhuan-ordú ón taisceoir,

(c) nuair a éileofar íocaíocht as taiscí ar an leabhar taisce a thabhairt ar aird, ní bheidh sé d'oibleagáid tagairt don mhórleabhar mura mó an méid a éilítear ná deich bpunt nó cibé suim eile a fhorordóidh an tAire Airgeadais le rialacháin,

(d) ar bhás taisceora, féadfar íocaíocht i leith dleachtanna báis a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim as a thaiscí agus féadfar probháid nó cruthúnas eile ar theideal a ionadaí phearsanta a ligean thar ceal i gcás aon íocaíochta den sórt sin.

Cumhacht chun gnó a ghabháil de láimh a spreagfadh an chnuaisciúin.

1863, c. 87.

3. —(1) Féadfaidh iontaobhaithe bainc thaisce iontaobhais, le toiliú an Aire Airgeadais, aon ghnó a ghabháil de láimh ar dóigh dó, i dtuairim an Aire sin, an chnuaisciúin a spreagadh agus a bheidh in acmhainn airgeadais an bhainc.

(2) Measfar gur cuid de chaiteachais riachtanacha an bhainc, de réir bhrí alt 2 den Trustee Savings Banks Act, 1863, aon chaiteachais faoina rachaidh banc go cuí ag seoladh aon ghnó den sórt sin.

Taiscí ag comhlachtaí áirithe daoine.

4. —(1) Féadfaidh iontaobhaithe nó cisteoirí aon chomhlachta daoine lena mbaineann an t-alt seo cistí an chomhlachta a infheistiú i gcistí bainc thaisce iontaobhais.

(2) Nuair a dhéanfaidh banc taisce iontaobhais íocaíocht le hiontaobhaí, cisteoir nó oifigeach eile do chomhlacht daoine lena mbaineann an t-alt seo a dhealraíonn a bheith údaraithe chun an íocaíocht sin a éileamh, beidh admháil uaidhsean ina urscaoileadh leordhóthanach agus ní bheidh an banc taisce iontaobhais agus a iontaobhaithe, a bhainisteoirí agus a oifigigh freagrach in aon mhí-úsáid ná in aon easnamh údaráis ar an duine a éileoidh nó a gheobhaidh an íocaíocht.

(3) Dearbhaítear leis seo nach bhfuil aon ní san alt seo le forléiriú mar ní a chuireann aon oibleagáid ar bhanc taisce iontaobhais maidir le haon chistí a ghlacadh.

(4) Baineann an t-alt seo—

(a) le clubanna buachaillí, clubanna spóirt agus clubanna Nollag, agus

(b) le comhlachtaí daoine dá samhail, atá neamhchorpraithe agus neamhthrádálach.

Banc tráchtála a cheapadh mar chisteoir.

5. —(1) Féadfaidh banc taisce iontaobhais banc tráchtála a cheapadh mar chisteoir dó, agus ní beidh feidhm ag alt 8 den Trustee Savings Banks Act, 1863, maidir le cisteoir a cheapfar de bhua an ailt seo.

(2) San alt seo ciallaíonn “banc tráchtála” aon bhanc acu seo a leanas:

(a) Banc na hÉireann,

(b) an Banc Ibeirneach, Teoranta,

(c) Banc na Mumhan agus Laighean, Teoranta,

(d) an Banc Náisiúnta, Teoranta,

(e) Banc Náisiúnta na Cathrach, Teoranta,

(f) Banc an Tuaiscirt, Teoranta,

(g) Banc Cúigí na hÉireann, Teoranta,

(h) Banc Ríoga na hÉireann, Teoranta,

(i) Banc Uladh, Teoranta.

Taifid, admhálacha agus doiciméid dá samhail a choinneáil.

6. —Coinneoidh banc taisce iontaobhais a chuid taifead, admhálacha agus doiciméad dá samhail go ceann tréimhse sé bliana ar a laghad.

Leasú maidir leis an urrús atá le tabhairt ag oifigeach bainc.

7. —(1) An t-urrús atá le tabhairt de bhun alt 8 den Trustee Savings Banks Act, 1863, arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin, féadfaidh sé bheith san fhoirm a ordaítear leis an alt sin arna leasú amhlaidh nó i bhfoirm bhanna shingil ó chumann ráthaíochta ag ráthú na ndaoine uile atá ar fostú ag an mbanc nó ag aon bhrainse de agus a gceanglaítear orthu urrús den sórt sin a thabhairt.

(2) Nuair a thabharfar urrús san fhoirm sin is déanaí a luaitear, is iad na hiontaobhaithe a íocfaidh an phréimh bhliantúil ar an mbanna, agus beidh teideal ag na hiontaobhaithe chun go ngnóthóidh siad ó gach duine a chumhdaítear leis an mbanna cibé cion den phréimh is ionann agus an coibhneas idir tuarastal bliantúil an duine sin agus méid iomlán thuarastail bhliantúla na ndaoine a chumhdaítear leis an mbanna.

Leasú ar mhír 7 d'alt 6 den Trustee Savings Banks Act, 1863.

8. —Leasaítear leis seo mír 7 d'alt 6 den Trustee Savings Banks Act, 1863, trí “(being a depositor making a specific request for inspection of such book)” a chur isteach i ndiaidh “every depositor”.

Leasú ar alt 11 den Trustee Savings Bank Act, 1863.

9. —(1) Leasaítear leis seo alt 11 den Trustee Savings Banks Act, 1863, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (1):

“1A. Subject to a limit of one hundred pounds, for any deficiency which may arise in the funds of such savings bank:”

(2) Aisghairtear leis seo na focail “(subject to the provision herein-after contained in respect to Savings Banks in Ireland)” in alt 11 den Trustee Savings Banks Act, 1863, agus alt 12 den Acht sin.

Leasú ar alt 41 den Trustee Savings Banks Act, 1863, agus alt 3 (2) den Savings Banks Act, 1887.

1883, c. 47.

1887, c. 40.

10. —Déantar leis seo tagairtí do chúig chéad punt a chur in ionad na dtagairtí do chéad punt—

(a) in alt 41 den Trustee Savings Banks Act, 1863, arna leasú le halt 3 den Provident Nominations and Small Intestacies Act, 1883, agus

(b) i bhfo-alt (2) d'alt 3 den Savings Banks Act, 1887.

Leasú ar alt 5 (1) den Savings Banks Act, 1904,

1904, c. 8.

11. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 5 den Savings Banks Act, 1904, trí “Minister for Finance” a chur in ionad “National Debt Commissioners, on the recommendation of the Inspection Committee.”

Gearrtheideal agus comhlua.

12. —(1) Féadfar an tAcht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1965 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965, a ghairm de na hAchtanna agus den Acht seo le chéile.