Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

16 1965


Uimhir 16 de 1965.


AN tACHT D'FHORCHUR DLEACHTANNA (ORDUITHE A DHAINGNIÚ), 1965

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHAINGNIÚ ORDÚ A RINNEADH FAOIN ACHT D'FHORCHUR DLEACHT, 1957 , AGUS ORDUITHE ÁIRITHE A RINNEADH FAOIN ACHT SIN AGUS FAOIN ACHT AIRGEADAIS, 1962 . [13 Iúil, 1965.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Orduithe a dhaingniú.

1957, Uimh. 7 .

1962, Uimh. 15 .

1957, Uimh. 7 .

1. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe ar leithligh a luaitear sa dara colún de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus a rinneadh faoin Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 , agus faoin Acht Airgeadais, 1962 .

(2) Daingnítear leis seo an tOrdú a luaitear sa dara colún de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus a rinneadh faoin Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 .

(3) Na sonraí a luaitear sa chéad cholún agus sa tríú colún, faoi seach, den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir leis na hOrduithe a luaitear sa dara colún den Sceideal sin, is chuige amháin a cuireadh isteach sa Sceideal sin iad chun gur fusaide tagairt do na hOrduithe sin agus iad a aithint, agus, dá réir sin, ní dhéanfaidh aon ní sa chéad cholún sin ná sa tríú colún sin difear d'fhorléiriú, ná teorannú ná rialú ar oibriú, an ailt seo agus an dara colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht d'Fhorchur Dleachtanna (Orduithe a Dhaingniú), 1965 , a ghairm den Acht seo.