An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM EISEACHADADH, 1965) Ar Aghaidh (CUID II Eiseachadadh i gCoitinne)

17 1965

AN tACHT UM EISEACHADADH, 1965

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Eiseachadadh, 1965 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Léiriú.

1960, Uimh. 27 .

3. —(1) San Acht seo—

folaíonn “gníomh” neamhghníomh;

ciallaíonn “ordú coinneála”, maidir le tír eile, aon ordú a bhéarfadh cailleadh saoirse a bheidh déanta ag cúirt choiriúil sa tír sin i dteannta nó in ionad pianbhreithe príosúnachta;

ciallaíonn “gníomhaire taidhleoireachta” ambasadóir urghnách agus lánchumhachtach, toscaire urghnách agus aire lánchumhachtach nó chargé d'affaires;

ciallaíonn “eiseachadadh” duine a thabhairt suas faoi fhorálacha Chuid II do thír lena mbaineann an Chuid sin;

tá le “comhaontú um eiseachadadh” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (1) d'alt 8;

ciallaíonn “forálacha um eiseachadadh” na forálacha i gcomhaontú um eiseachadadh nó in ordú faoi alt 8 a chuireann Cuid II chun feidhme ar dhóigh seachas de bhun comhaontú um eiseachadadh;

ciallaíonn “imeachtaí habeas corpus” imeachtaí (lena n-áirítear imeachtaí ar achomharc) faoi alt 4.2° d'Airteagal 40 den Bhunreacht;

folaíonn “príosúnacht”, maidir leis an Stát, pianseirbhís agus coinneáil i bhForas Naomh Pádraig agus, maidir le haon tír eile, folaíonn sé cailleadh saoirse faoi ordú coinneála;

folaíonn “breitheamh den Chúirt Dúiche” Uachtarán na Cúirte Dúiche;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ciallaíonn “duine a éilítear” duine a n-iarrtar a eiseachadadh;

ní fholaíonn “cion polaitiúil” Ceann Stáit nó duine dá theaghlach a mharú nó tabhairt faoina mharú;

ciallaíonn “foras athchuir” foras (seachas príosún) de réir bhrí an Achta um Dhlínse Choiriúil, 1960 ;

ciallaíonn “tír iarrtha” tír a n-iarrtar uirthi duine a thabhairt suas don Stát lena ionchúiseamh nó lena phionósú i gcion;

ciallaíonn “tír iarrthach” tír a iarrann eiseachadadh;

ciallaíonn “cion ioncaim”, maidir le haon tír nó áit lasmuigh den Stát, cion i ndáil le cánacha, dleachtanna nó rialú malairte, ach ní fholaíonn sé cion ina ndéantar forneart a úsáid nó a bhagairt, ná mionnú éithigh ná brionnú doiciméid a eisíodh faoi údarás reachtúil ná cion a líomhnaítear é a bheith déanta ag oifigeach ioncaim de chuid na tíre nó na háite sin ina cháil mar oifigeach den sórt sin;

tá le “Foras Naomh Pádraig” an bhrí a thugtar dó san Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960 ;

folaíonn “pianbhreith” ordú coinneála.

(2) Baineann an tAcht seo, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt, le cion cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis a rinneadh nó a líomhnaítear a rinneadh é.

Orduithe a leagan faoi bhráid Tithe an Oireachtais.

4. —Gach ordú a dhéanfaidh an Rialtas faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Caiteachas.

5. —Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.

Aisghairm.

R. & O.R.

Uimh. 431 de 1947.

6. —(1) Déantar leis seo gach ceann de na hachtacháin a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm sa mhéid atá leagtha amach sa tríú colún den Sceideal sin.

(2) Scoirfidh riail 74 (3) de na Rialacha Cúirte Dúiche, 1948, d'éifeacht a bheith aici.

Forálacha sealadacha.

1870, c. 52.

7. —(1) Aon ordú a rinneadh faoi alt 2 den Extradition Act, 1870, agus a bhí i bhfeidhm roimh thosach feidhme an Achta seo, leanfaidh sé d'fheidhm a bheith aige agus measfar gurb ordú é a rinneadh faoi fho-alt (1) d'alt 8 agus measfar gur comhaontú um eiseachadadh an chomhshocraíocht lena mbaineann sé.

(2) Rachaidh ordú lena mbaineann fo-alt (1), mura mbeidh sé cúlghairthe roimhe sin faoi alt 8, in éag an 1ú lá d'Eanáir, 1972.