An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII Neamhréireacht Dlíthe maidir le Diúscairtí Tiomnacha) Ar Aghaidh (CUID X Mífhiúntacht chun Teacht i gComharbas agus Dí-oidhriú)

27 1965

AN tACHT COMHARBAIS, 1965

CUID IX

Ceart Dlíthiúil Chéile an Tiomnóra agus Soláthar do Leanaí.

Feidhm Chuid IX.

[Nua]

109. —(1) I gcás ina bhfaighidh duine, tar éis tosach feidhme an Achta seo, bás ina thiomnóir go hiomlán nó go páirteach, agus go bhfágfaidh sé céile nó leanaí nó céile agus leanaí, beidh éifeacht ag forálacha na Coda seo.

(2) Sa Chuid seo, na tagairtí a dhéantar d'eastát an tiomnóra is tagairtí iad don eastát go léir a raibh teideal tairbhiúil aige chuige le haghaidh eastáit nó leasa nár scoir ar a bhás agus a bheidh fágtha tar éis gach caiteachas, fiach agus dliteanas (seachas dleacht eastáit) is iníoctha as go cuí a bheith íoctha.

Daoine dlisteanaithe, daoine neamhdhlisteanacha, agus daoine uchtaithe.

1931, Uimh. 13 .

1952, Uimh. 25 .

[Nua]

110. —Chun aon ghaol a dhéanamh amach chun críocha na Coda seo, beidh feidhm ag forálacha an Achta Dlisteanais, 1931 , agus alt 26 den Acht Uchtála, 1952 , faoi mar atá feidhm acu maidir le comharbas faoi dhíthiomnacht.

Ceart an chéile mharthanaigh.

[Nua]

111. —(1) Má fhágann an tiomnóir céile agus nach bhfágfaidh sé aon leanaí, beidh ceart ag an gcéile chun leath an eastáit.

(2) Má fhágann an tiomnóir céile agus leanaí, beidh ceart ag an gcéile chun trian den eastát.

Tosaiocht an chirt dhlíthiúil.

[Nua]

112. —Beidh tosach ag ceart céile faoi alt 111 (dá ngairfear ceart dlíthiúil) ar réadtiomnuithe, tiomnuithe agus scaireanna faoi dhíthiomnacht.

Tréigean cirt dhlíthiúil.

[Nua]

113. —Féadfar ceart dlíthiúil céile a thréigean i gconradh réamhphósta arna dhéanamh i scríbhinn idir na páirtithe i bpósadh beartaithe nó féadfaidh an céile é a thréigean i scríbhinn tar éis pósadh agus le linn bheo an tiomnóra.

An éifeacht a bheidh le réadtiomnú nó tiomnú don chéile.

[Nua]

114. —(1) I gcás maoin a réadtiomnú nó a thiomnú in uacht do chéile agus é a bheith sainráite san uacht gur réadtiomnú nó tiomnú é de bhreis ar scair an chéile mar cheart dlíthiúil, measfar go ndearna an tiomnóir leis an uacht bronntanas a thabhairt don chéile arb éard é—

(a) suim is ionann agus luach scair an chéile mar cheart dlíthiúil, agus

(b) an mhaoin a réadtiomnaíodh nó a tiomnaíodh amhlaidh.

(2) In aon chás eile, measfar réadtiomnú nó tiomnú in uacht do chéile a bheith déanta ag an tiomnóir le hintinn scair an chéile mar cheart dlíthiúil a shásamh.

Roghnú idir ceart dlíthiúil agus cearta faoi uacht nó faoi dhíthiomnacht pháirteach.

[Nua]

115. —(1) (a) Más rud é, faoi uacht duine éagtha a fuair bás ina thiomnóir go hiomlán, go ndéantar réadtiomnú nó tiomnú do chéile, féadfaidh an céile a roghnú an réadtiomnú nó an tiomnú sin nó an scair a bhfuil teideal aige chuige mar cheart dlíthiúil a thógáil.

(b) Mura ndéantar roghnú, beidh an céile i dteideal tógáil faoin uacht, agus ní bheidh sé i dteideal aon scair a thógáil mar cheart dlíthiúil.

(2) (a) I gcás duine d'fháil bháis ina thiomnóir go páirteach agus ina dhíthiomnóir go páirteach, féadfaidh céile a roghnú—

(i) a scair mar cheart dlíthiúil a thógáil, nó

(ii) a scair faoin díthiomnacht, maille le haon réadtiomnú nó tiomnú dó faoi uacht an éagaigh, a thógáil.

(b) Mura ndéantar roghnú, beidh an céile i dteideal a scair faoin díthiomnacht, maille le haon réadtiomnú nó tiomnú dó faoin uacht, a thógáil, agus ní bheidh sé i dteideal aon scair a thógáil mar cheart dlíthiúil.

(3) Nuair a bheidh céile á roghnú a scair mar cheart dlíthiúil a thógáil, féadfaidh sé a roghnú freisin aon réadtiomnú nó tiomnú dó is lú luach ná an scair a thógáil mar pháirt-sásamh ar an scair.

(4) Beidh de dhualgas ar na hionadaithe pearsanta fógra a thabhairt don chéile i scríbhinn faoin gceart roghnaithe a thugtar leis an alt seo. Ní bheidh an ceart infheidhmithe tar éis sé mhí ó fuair an céile an fógra sin nó tar éis bliana ó baineadh amach i gcéaduair ionadaíocht eastát an éagaigh, cibé acu sin is déanaí.

(5) Más rud é gur duine mímheabhrach an céile marthanach, ansin, má tá cúramaí ar eastát an chéile, féadfaidh an cúramaí, le cead na cúirte a cheap an cúramaí, an ceart roghnaithe a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú thar ceann an chéile, nó, mura bhfuil aon chúramaí ann, féadfaidh an Ard-Chúirt nó, i gcás atá faoi dhlínse na Cúirte Cuarda, an Chúirt sin, é a fheidhmiú.

(6) San alt seo, ach sa mhéid amháin go bhfuil feidhm aige ar chás lena mbaineann fo-alt (1) d'alt 114, ciallaíonn “réadtiomnú nó tiomnú” bronntanas a mheastar faoin bhfo-alt sin a bheith déanta le huacht an tiomnóra.

Soláthar chun ceart dlíthiúil a shásamh.

116. —(1) I gcás ina ndearna tiomnóir, le linn a bheo, buansoláthar dá chéile, cibé acu faoi chonradh nó ar dhóigh eile é, measfar an mhaoin go léir is ábhar don soláthar sin (seachas íocaíochtaí tréimhsiúla a tugadh lena cothabhail le linn a bheo) a bheith tugtha mar shásamh, nó i leith sásaimh, ar scair an chéile mharthanaigh mar cheart dlíthiúil.

(2) Déanfar luach na maoine a áireamh amhail ar dháta an tsoláthair a dhéanamh.

(3) Má bhíonn luach na maoine comhionann le scair an chéile mar cheart dlíthiúil nó níos mó ná é, ní bheidh an céile i dteideal aon scair a thógáil mar cheart dlíthiúil.

(4) Má bhíonn luach na maoine níos lú ná scair an chéile mar cheart dlíthiúil, ní bheidh an céile i dteideal a fháil mar shásamh ar an scair sin ach an méid den eastát a bheidh, ar é a chur le luach na maoine, leordhóthanach, chomh gar dó agus is féidir a mheas, chun lánmhéid na scaire sin a dhéanamh suas.

(5) Ní bhainfidh an t-alt seo ach le soláthar a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo.

Soláthar do leanaí.

[Nua]

117. —(1) Más rud é, ar iarratas ó leanbh le tiomnóir nó thar a cheann, gurb é tuairim na cúirte gur loic an tiomnóir ina dhualgas morálta soláthar cuí a dhéanamh don leanbh de réir a acmhainne, cibé acu lena uacht nó ar dhóigh eile é, féadfaidh an chúirt a ordú go ndéanfar cibé soláthar is cóir leis an gcúirt don leanbh as an eastát.

(2) Breithneoidh an chúirt an t-iarratas de réir dearcadh tuismitheora chríonna chóir, ag cur staid gach duine de leanaí an tiomnóra san áireamh maille le haon imthosca eile is dóigh leis an gcúirt ba chabhair chun teacht ar bhreith a thabharfaidh an cothrom is fearr is féidir don leanbh lena mbaineann an t-iarratas agus do na leanaí eile.

(3) Ní dhéanfaidh ordú faoin alt seo difear do cheart dlíthiúil céile mharthanaigh ná, más í máthair an linbh nó más é athair an linbh an céile marthanach, d'aon réadtiomnú nó tiomnú don chéile ná d'aon scair a mbeidh teideal chuici ag an gcéile faoi dhíthiomnacht.

(4) Déanfaidh rialacha cúirte foráil maidir le stiúradh imeachtaí faoin alt seo ar mhodh achomair.

(5) Beidh na costais sna himeachtaí faoi rogha na cúirte

(6) Ní dhéanfar ordú faoin alt seo ach amháin ar iarratas a dhéanamh laistigh de dhá mhí dhéag ó baineadh amach i gcéaduair ionadaíocht eastát an éagaigh.

Dleacht eastáit.

[Nua]

118. —Beidh maoin is ionann agus scair dhuine mar cheart dlíthiúil, agus maoin is ábhar d'ordú faoi alt 117, faoi mhuirear na gcionúireachtaí is cuí dóibh den dleacht eastáit is iníoctha ar eastát an éagaigh.

Imeachtaí a bheith i ndlísheomra.

119. —Is í ndlísheomra a éistfear na himeachtaí uile maidir leis an gCuid seo.