An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Seiceadóirí agus Riarthóirí)

27 1965

AN tACHT COMHARBAIS, 1965

CUID II

Cineachadh Eastáit Réadaigh agus Phearsanta ar Bhás

Cineachadh eastáit réadaigh agus phearsanta.

[1881 (c. 41) a. 30; 1959 (Uimh. 8) a. 6, 7 (1), 15 (cuid)]

10. —(1) D'ainneoin aon diúscairt thiomnach, cineachfaidh eastát réadach agus pearsanta duine éagtha chun a ionadaithe pearsanta, agus dílseofar dóibh é, ar é d'fháil bháis.

(2) Meastar de réir dlí na hionadaithe pearsanta de thuras na huaire do dhuine éagtha a bheith ina n-oidhrí air agus ina sannaithe aige de réir bhrí gach iontaobhas agus cumhacht.

(3) Beidh na hionadaithe pearsanta ina n-ionadaithe don éagach maidir lena eastát réadach agus pearsanta agus beidh a eastát ar teachtadh acu mar iontaobhaithe do na daoine a mbeidh teideal acu chuige de réir dlí.

(4) Na tagairtí atá san alt seo d'eastát réadach agus pearsanta duine éagtha, is tagairtí iad do mhaoin a raibh teideal aige chuici le haghaidh eastáit nó leasa nár scoir ar a bhás, agus folaíonn siad maoin ar fheidhmigh sé le huacht cumhacht cheapacháin ghinearálta ina leith.

(5) Bainfidh an t-alt seo le maoin a dílsíodh ar iontaobhas ar bith do dhuine éagtha ina aonar, faoi mar a bhaineann sé lena eastát réadach agus pearsanta.

Deireadh leis na rialacha atá ann maidir le titim d'oidhreacht, le heiséatadh, etc.

[Nua]

11. —(1) Gan dochar do na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo, déantar leis seo gach riail, modh agus canóin atá ar marthain maidir le titim d'oidhreacht agus le cineachadh trí áitíocht speisialta a chur ar ceal ach amháin sa mhéid go mbeadh feidhm acu maidir le heastát sainoidhrithe a thitim d'oidhreacht.

(2) Cuirtear ar ceal leis seo duar agus tionóntacht chórtais.

(3) Cuirtear ar ceal leis seo eiséatadh chun an Stáit agus eiséatadh chun meántiarna cheal oidhrí.

Tuilleadh comhshamhlaithe ar an dlí maidir le heastát réadach agus pearsanta daoine éagtha.

[1959 (Uimh. 8) a. 7 (2)]

12. —(1) Gach achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) agus riail dlí a bhaineann—

(a) le héifeacht ionadaíochta i leith eastáit phearsanta,

(b) leis an déileáil le heastát pearsanta roimh ionadaíocht,

(c) le cumhachtaí, cearta, dualgais agus dliteanais ionadaithe pearsanta i leith eastáit phearsanta,

(d) le híoc costas riaracháin, agus

(e) le gach ní eile i leith riaracháin eastáit phearsanta,

beidh feidhm acu, sa mhéid gurb infheidhme iad, maidir le heastát réadach ionann is dá mba eastát pearsanta é; agus ní dhéanfaidh forálacha ina dhiaidh seo den alt seo dochar do ghinearáltacht an fho-ailt seo.

(2) An dlínse uile atá ag aon chúirt maidir le riarthóirí a cheapadh nó ar dhóigh eile maidir leis an deontas ionadáiochta i leith eastáit phearsanta, beidh réim aici, agus beidh sí inoibrithe, maidir le heastát réadach ionann is dá mba eastát pearsanta é, agus is ionann na cearta, maidir le gairmeacha chun imeachtaí a thabhairt faoi aird, a bheidh ag daoine le leas nó ag a mbeidh leas á éileamh in eastát réadach duine éagtha agus ag daoine le leas nó ag a mbeidh leas á éileamh in eastát pearsanta an duine éagtha sin.

(3) Beidh éifeacht ag deontas ionadaíochta, mura bhfuil cinnteacht ar a mhalairt sainráite ann, ar an eastát réadach chomh maith céanna leis an eastát pearsanta.

Dílsiú eastáit idir bás agus an deontas riaracháin.

[1959 (Uimh. 8) a. 13]

13. —I gcás duine d'fháil bháis ina dhíthiomnóir, nó é d'fháil bháis ina thiomnóir ach gan aon seiceadóir a bheith ar marthain ina dhiaidh, dílseoidh a eastát réadach agus pearsanta, go dtí go ndeonófar riarachán ina leith, d'Uachtarán na hArd-Chúirte agus, chun na críche sin, beidh seisean ina chorparáid aonair.

Forléiriú tagairtí d'eastáit daoine éagtha.

[Nua]

14. —Mura léir a mhalairt d'intinn, folóidh tagairtí sna forálacha ina dhiaidh seo den Acht seo, agus in aon achtachán ina dhiaidh seo, d'eastát duine éagtha tagairtí d'eastát réadach agus d'eastát pearsanta an duine éagtha sin.

Forléiriú tagairtí d'oidhrí.

[1891 (c. 66) a. 89]

15. —(1) I gcás ina n-úsáidtear an focal “oidhre” nó “oidhrí” mar fhocal cinnteachta in aon achtachán, gníomhas nó ionstraim arna rith nó arna fhorghníomhú roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin, is ionann éifeacht dó agus dá mba nár ritheadh an tAcht seo.

(2) I gcás ina n-úsáidtear an focal “oidhre” nó “oidhrí” mar fhocal ceannaigh in aon achtachán, gníomhas nó ionstraim arna rith nó arna fhorghníomhú roimh thosach feidhme an Achta seo, is ionann brí dó agus dá mba nár ritheadh an tAcht seo.

(3) I gcás ina n-úsáidtear an focal “oidhre” nó “oidhrí” mar fhocal ceannaigh in aon achtachán, gníomhas nó ionstraim arna rith nó arna fhorghníomhú tar éis tosach feidhme an Achta seo, déanfar, mura léir a mhalairt d'intinn, é a fhorléiriú mar fhocal a chiallaíonn an duine nó na daoine, seachas creidiúnaí, a mbeadh teideal tairbhiúil aige nó acu faoi Chuid VI chun eastát an tsinsearaigh dá mba ina dhíthiomnóir a fuair an sinsearach bás.

(4) Faoi réir a bhfuil ráite, déanfar tagairtí d'oidhrí aon duine in aon achtachán, gníomhas nó ionstraim arna rith nó arna fhorghníomhú roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin a fhorléiriú mar thagairtí d'ionadaithe pearsanta an duine sin.