An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Cineachadh Eastáit Réadaigh agus Phearsanta ar Bhás) Ar Aghaidh (CUID IV Deontais Ionadaíochta)

27 1965

AN tACHT COMHARBAIS, 1965

CUID III

Seiceadóirí agus Riarthóirí

Toghairm ar sheiceadóir chun probháid a chruthú nó a thréigean.

[1537 (c. 18)]

16. —Beidh cumhacht ag an Ard-Chúirt toghairm a chur ar aon duine a bheidh ainmnithe mar sheiceadóir in uacht chun probháid a chruthú nó a thréigean.

Ceart seiceadóra maidir le cruthú a scor.

[1857 (c. 79) a. 84;

1859 (c. 31) a. 12]

17. —Más rud é i gcás duine a bheidh ceaptha ina sheiceadóir le huacht—

(a) go mairfidh sé i ndiaidh an tiomnóra ach go bhfaighidh sé bás gan probháid a bhaint amach, nó

(b) go gcuirfear gairm air probháid a bhaint amach agus nach láithreoidh sé ag freagairt na gairme, nó

(c) go dtréigfidh sé probháid,

scoirfidh go hiomlán dá chearta maidir leis an tseiceadóireacht, agus cineachfaidh, agus cuirfear faoi chúramaí, an ionadaíocht don tiomnóir agus riarachán a eastát ionann is dá mba nár ceapadh an duine sin ina sheiceadóir.

Tréigean a tharraingt siar.

[Nua]

18. —(1) I gcás seiceadóir a thug tréigean ar phrobháid d'fháil cead, cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin é, an tréigean a tharraingt siar agus an uacht a chruthú, beidh éifeacht ag an bprobháid agus measfar éifeacht a bheith aici riamh gan dochar do na gníomhartha agus na déileálacha a bheidh déanta roimhe sin ag aon ionadaí pearsanta eile a bhain ionadaíocht amach roimhe sin ná do na fógraí a bheidh tugtha don ionadaí pearsanta sin, agus déanfar meabhrán i leith na probháide ina dhiaidh sin a fhormhuiniú ar an deontas bunaidh.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin a fuair an tiomnóir bás.

Bás seiceadóra aonair nó an tseiceadóra is déanaí a mhairfidh.

[Nua]

19. —(1) I gcás seiceadóir aonair tiomnóra nó an seiceadóir dó is déanaí a mhairfidh d'fháil bháis tar éis tosach feidhme an Achta seo, ní bheidh seiceadóir an tseiceadóra sin ina sheiceadóir don tiomnóir sin.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó ina dhiaidh sin a fuair an tiomnóir bás.

Ceart seiceadóirí a bhain probháid amach chun cumhachtaí a fheidhmiú.

[cf. 1959 (Uimh. 8) a. 18 (2)]

20. —(1) I gcás probháid a dheonú do dhuine nó do roinnt daoine as beirt nó níos mó a ainmníodh mar sheiceadóirí, cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar cumhacht a fhorcoimeád don duine nó do na daoine eile probháid a bhaint amach, féadfaidh an seiceadóir nó na seiceadóirí a bhain probháid amach, nó an marthanóir nó na marthanóirí díobh, na cumhachtaí uile a thugtar leis an Acht seo nó ar dhóigh eile le dlí don ionadaí pearsanta a fheidmiú, agus beidh an feidhmiú chomh héifeachtúil is dá mbeadh na daoine go léir a ainmníodh mar sheiceadóirí tar éis comhthoiliú leis.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó ina dhiaidh sin a fuair an tiomnóir bás.

Seiceadóir a bheith gan gníomhú le linn riarachán a bheith i bhfeidhm.

[1857 (c. 79) a. 80]

21. —I gcás riarachán a dheonú i leith eastát duine éagtha, nó aon chuid dá eastát, ní bheidh de chumhacht ag duine ar bith aon chaingean a thionscnamh ná gníomhú ar dhóigh eile mar sheiceadóir don duine éagtha i leith an eastáit a chuimsítear sa deontas nó lena mbaineann an deontas go dtí go mbeidh an deontas aisghairthe nó cúlghairthe nó dulta in éag.

Cosaint daoine a ghníomhóidh ar phrobháid nó ar riarachán.

[1857 (c. 79) a. 82, 83]

22. —(1) Gach duine a dhéanfaidh nó a cheadóidh aon íocaíocht nó diúscairt de mheon macánta faoi ionadaíocht, beidh sé slánaithe agus cosanta á dhéanamh sin, d'ainneoin locht nó imthoisc r bith a dhéanann difear do bhailíocht na hionadaíochta.

(2) I gcás ionadaíocht a chúlghairm, is urscaoileadh dleathach don duine a rinne iad gach íocaíocht le hionadaí pearsanta agus gach diúscairt chuige a rinneadh de mheon macánta faoin ionadaíocht sular cúlghaireadh í; agus aon íocaíochtaí nó diúscairtí a rinne sé agus a bhféadfadh an duine dá ndeonófar ionadaíocht ina dhiaidh sin iad a dhéanamh go cuí féadfaidh an t-ionadaí pearsanta a ghníomhaigh faoin ionadaíocht chúlghairthe iad a choinneáil agus é féin a chúiteamh ina leith.

Dliteanas duine a gheobhaidh nó a choinneoidh go calaoiseach eastát éagaigh.

[1634 (seis. 3. c. 10)]

23. —(1) Más rud é, chun calaoise ar chreidiúnaithe nó gan lánchomhaoin luachmar, go bhfaighidh nó go nglacfaidh nó go dteachtfaidh duine ar bith aon chuid d'eastát duine éagtha nó go gcuirfidh sé i gcrích fuascailt aon fhéich nó dliteanais a bheidh dlite d'eastát an éagaigh, cuirfear faoi mhuirear é mar sheiceadóir de son tort go feadh méid an eastáit a ghlac sé nó a tháinig ar a láimh, nó méid an fhéich nó an dliteanais a fuasclaíodh, tar éis iad seo a leanas a bhaint de—

(a) aon fhiach ar chomaoin luachmhar agus gan chalaois a hí dlite dó ón duine éagtha tráth a bháis; agus

(b) aon íocaíocht a rinne sé agus a bheadh indéanta go cuí ag ionadaí pearsanta.

(2) San alt seo ciallaíonn “lánchomaoin luachmhar” an chomaoin luachmhar atá comhionann nó geall le bheith comhionann le luach an ruda a dtugtar ina leith é.

Dliteanas eastát an ionadaí phearsanta.

[1695 (c. 6) a. 11]

24. —Má dhéanann duine, mar ionadaí pearsanta duine éagtha (lena n-áirítear seiceadóir de son tort), diomailt nó comhshó chun a úsáide féin ar aon chuid d'eastát an éagaigh, agus go bhfaighidh sé bás, beidh a ionadaí pearsanta, go feadh a mbeidh ar fáil de shócmhainní an mhainnitheora, faoi dhliteanas agus incurtha faoi mhuirear i leith na diomailte nó an chomhshóite sin ar an dóigh chéanna leis an mainnitheoir dá mba bheo don mhainnitheoir.

Bailíocht tíolacais d'ainneoin ionadaíocht a chúlghairm.

[Nua]

25. —(1) Gach tíolacas ar aon eastát de chuid duine éagtha nó ar aon leas ina eastát, a bheidh déanta roimh thosach feidhme an Achta seo nó ina dhiaidh sin chun ceannaitheora ag duine dar deonaíodh ionadaíocht, is tíolacas bailí é d'ainneoin aon chúlghairm nó athrú a dhéanamh ina dhiaidh sin, cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin é, ar an deontas.

(2) Beidh éifeacht ag an alt seo gan dochar d'aon ordú ón gcúirt a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo, agus beidh feidhm aige cibé acu roimh an tosach feidhme sin nó ina dhiaidh a fuair an t-éagach bás.