An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Seiceadóirí agus Riarthóirí) Ar Aghaidh (CUID V Riarachán Sócmhainní)

27 1965

AN tACHT COMHARBAIS, 1965

CUID IV

Deontais Ionadaíochta

Deontais phrobháide.

[1857 (c. 79) a. 6]

26. —(1) Beidh de chumhacht ag an Ard-Chúirt probháid a dheonú do dhuine amháin nó níos mó de sheiceadóirí duine éagtha, agus féadfar deontas a theorannú ar aon dóigh is cuí leis an gCúirt.

(2) Beidh de chumhacht ag an Ard-Chúirt aon deontas probháide a chúlghairm, a chealú nó a aisghairm.

Deontais riaracháin.

[1357 (st. 1. c. 11);

1537 (c. 18);

1959 (Uimh. 8) a. 12]

[1857 (c. 79) a. 75, 76, 77]

27. —(1) Beidh de chumhacht ag an Ard-Chúirt riarachán (maille le huacht nó gan uacht maille leis) ar eastát duine éagtha a dheonú, agus féadfar deontas a theorannú ar aon dóigh is cuí leis an gCúirt.

(2) Beidh de chumhacht ag an Ard-Chúirt aon deontas riaracháin a chúlghairm, a chealú nó a aisghairm.

(3) Faoi réir fho-alt (4), déanfar an duine nó na daoine dá ndeonófar riarachán a chinneadh de réir rialacha na hArd-Chúirte.

(4) Más rud é, mar gheall ar aon imthosca speisialta, gur léir don Ard-Chúirt (nó, i gcás faoi dhlínse na Cúirte Cuarda, don Chúirt sin) gur gá nó gur fóirsteanach déanamh amhlaidh, féadfaidh an Chúirt a ordú go ndeónófar riarachán do cibé duine is cuí léi.

(5) Ar riarachán a dheonú, ní bheidh, ná ní thiocfaidh, duine ar bith i dteideal, gan deontas, aon eastát lena mbaineann an riarachán sin a riaradh.

(6) Gach duine dá ndeonófar riarachán beidh cearta aige agus dliteanais air, agus beidh sé intugtha chun cuntais, faoi réir aon teorainneacha a bheidh sa deontas, ionann is dá mba é seiceadóir an éagaigh é.

(7) Má bhíonn aon imeachtaí dlíthiúla ar feitheamh maidir le bailíocht uacht duine éagtha, nó chun aon deontas a fháil nó a aisghairm nó a chúlghairm, féadfaidh an Ard-Chúirt riarachán ar eastát an éagaigh a dheonú do riarthóir, ag a mbeidh cearta agus cumhachtaí uile riarthóra ghinearálta, ach amháin an ceart chun eastát an éagaigh a dháileadh agus gach duine dá ndeonófar an riarachán sin beidh sé faoi urláimh dhíreach na Cúirte agus gníomhóidh sé faoi stiúradh na Cúirte.

(8) Féadfaidh an Chúirt cibé luach saothair réasúnach is cuí leis an gCúirt a shannadh, as eastát an duine éagtha, do riarthóir a cheapfar faoi fho-alt (7).

(9) Beidh feidhm ag an alt seo cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin a fuair an t-éagach bás.

Ionadaíocht eastáit réadaigh agus phearsanta a dheonú ar leithligh ó chéile nó i dteannta a chéile.

[1959 (Uimh. 8) a. 15]

28. —(1) Féadfar ionadaíocht a dheonú i leith eastáit réadaigh agus i leith eastáit phearsanta ar leithligh ó chéile, nó i leith eastáit réadaigh agus eastáit phearsanta i dteannta a chéile, agus féadfar í a dheonú i leith eastáit réadaigh cé nach bhfuil aon eastát pearsanta ann, nó i leith eastáit phearsanta cé nach bhfuil aon eastát réadach ann.

(2) Más feasach eastát an duine éagtha a bheith dócmhainneach, ní théarbfar an deontas ach amháin maidir le heastát iontaobhais.

Cumhacht chun ionadaíocht a dheonú gan aon eastát a bheith ann.

[1959 (Uimh. 8) a. 16]

29. —Beidh dlínse ag an Ard-Chúirt chun deontas ionadaíochta a thabhairt i leith duine éagtha, d'ainneoin nár fhág an t-éagach aon eastát sa Stát, agus chun deontas de bonis non nó deontas i bhfoirm eile a thabhairt i leith eastáit neamhriartha, d'ainneoin gan aon eastát neamhriartha leis an éagach a bheith sa Stát.

Cumhacht chun ionadaíocht a dheonú do chorparáid iontaobhais.

[Nua. Cf. 1928 (Uimh. 9)]

1942, Uimh. 22 .

1963, Uimh. 33 .

1928, Uimh. 9 .

30. —(1) Féadfaidh an Ard-Chúirt—

(a) i gcás corparáid iontaobhais a bheith ainmnithe in uacht mar sheiceadóir, cibé acu ina haonar nó i gcomhpháirt le duine eile é, probháid a dheonú don chorparáid ina haonar nó i gcomhpháirt le duine eile, de réir mar is gá sa chás, agus

(b) riarachán a dheonú do chorparáid iontaobhais, ina haonar nó i gcomhpháirt le duine eile,

agus féadfaidh an chorparáid gníomhú dá réir mar sheiceadóir nó riarthóir, cibé acu é.

(2) Ní dheonófar ionadaíocht do dhuine ar bith thar ceann corparáide iontaobhais.

(3) Féadfaidh aon oifigeach a bheidh údaraithe chuige sin ag corparáid iontaobhais, nó féadfaidh a stiúrthóirí nó a comhlacht ceannais, thar ceann na corparáide, mionnscríbhinní a mhionnú, urrús a thabhairt agus aon ghníomh nó ní eile a dhéanamh a theastóidh ón gCúirt d'fhonn ionadaíocht a dheonú don chorparáid, agus beidh gníomhartha oifigigh a bheidh údaraithe amhlaidh ina gceangal ar an gcorparáid.

(4) San Acht seo, ciallaíonn “corparáid iontaobhais”—

(a) corparáid a bheidh ceaptha ag an Ard-Chúirt in aon chás áirithe le bheith ina hiontaobhaí;

(b) corparáid dá gcumhachtaítear lena bunreacht gnó iontaobhais a ghabháil de láimh, agus ag a bhfuil áit ghnó sa Stát nó i dTuaisceart Éireann, agus arb éard í—

(i) cuideachta a bunaíodh le hAcht nó le cairt, nó

(ii) Banc Comhpháirteach faoi Acht an Bhainc Ceannais, 1942, nó

(iii) cuideachta (cibé acu le dliteanas teoranta nó gan dliteanas teoranta a cláraíodh í) de réir an mhínithe atá in Acht na gCuideachtaí, 1963 , nó de réir bhrí an dlí chomhréire i dTuaisceart Éireann, ag a bhfuil caipiteal eisithe (ina stoc nó ina scaireanna) de thuras na huaire nach lú ná £250,000, agus £100,000 ar a laghad de íoctha in airgead, nó

(iv) cuideachta (a cláraíodh gan dliteanas teoranta) de réir an mhínithe in Acht na gCuideachtaí sin nó de réir bhrí an dlí sin i dTuaisceart Éireann, a bhfuil ceann dá comhaltaí ina chorparáid de bhrí aon fhorála acu sin roimhe seo den mhír seo; nó

(c) corparáid a shásóidh Uachtarán na hArd-Chúirte go ngabhann sí de láimh aon iontaobhas carthanúil, eaglaiseach nó poiblí a riaradh gan luach saothair, nó go bhfuil de cheangal uirthi de réir a bunreachta iomlán a glan-ioncaim a úsáid chun críocha carthanúla, eaglaiseacha nó poiblí, agus go bhfuil toirmeasc uirthi aon chuid de a dháileadh, go díreach nó go neamhdhíreach, mar bhrabhúis, agus a n-údaróidh Uachtarán na hArd-Chúirte di gníomhú mar chorparáid iontaobhais i leith na n-iontaobhas sin.

(5) I gcás comhlacht corpraithe, mar a mhínítear sin le halt 4 den Acht Cóluchtaí Corporáideacha (Seiceadúirí agus Riarthóirí) 1928, a bheith ainmnithe mar sheiceadóir in uacht a forghníomhaíodh roimh thosach feidhme an Achta seo, féadfar probháid a dheonú don chomhlacht corpraithe sin faoin alt seo, d'ainneoin nach corparáid iontaobhais í mar a mhínítear sin i bhfo-alt (4).

Riarachán speisialta a dheonú i gcás ionadaí pearsanta a bheith lasmuigh den dlínse.

[1857 (c. 79) a. 79;

1859 (c. 31) a. 14]

31. —(1) Más rud é, tar éis dhá mhí dhéag ó bhás duine, go mbeidh aon ionadaí pearsanta don duine éagtha, ar tugadh deontas dó, ina chónaí lasmuigh de dhlínse na hArd-Chúirte, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas ó aon chreidiúnaí nó duine ag a bhfuil leas in eastát an duine éagtha, riarachán speisialta ar eastát an duine éagtha a dheonú dó i cibé foirm is cuí leis an Ard-Chúirt.

(2) Féadfaidh an Ard-Chúirt, chun críche aon imeachtaí dlíthiúla a mbeidh an riarthóir faoin riarachán speisialta ina pháirtí iontu, a ordú go n-aistreofar isteach sa chúirt aon airgead nó urrúis is le heastát an duine éagtha, agus géillfidh gach uile dhuine d'aon ordú den sórt sin.

(3) I gcás an t-ionadaí pearsanta agus é inniúil ar ghníomhú sa cháil sin a fhilleadh ar dhlínse na hArd-Chúirte agus a bheith ina chónaí laistigh di le linn aon imeachtaí dlíthiúla a mbeidh riarthóir speisialta ina pháirtí iontu a bheith ar feitheamh, déanfar páirtí sna himeachtaí dlíthiúla den ionadaí pearsanta sin, agus déanfaidh an duine sin na costais a bhainfidh agus a ghabhfaidh leis an riarachán speisialta agus leis na himeachtaí dlíthiúla a íoc as cibé ciste a ordóidh an chúirt ina bhfuil na himeachtaí ar feitheamh.

Riarachán le linn seiceadóir a bheith ina naíon.

[1818 (c. 81);

1857 (c. 79) a. 79;

1859 (c. 31) a. 14]

32. —(1) Má bhíonn naíon ina sheiceadóir aonair uachta, déanfar riarachán maille leis an uacht a dheonú dá chaomhnóir, nó do cibé duine eile is cuí leis an Ard-Chúirt, go dtí go slánóidh an naíon bliain is fiche d'aois agus go n-iarrfaidh sé agus go bhfaighidh sé deontas probháide nó litreacha riaracháin maille leis an uacht, agus féadfar, ar an aois sin a shlánú dó, agus ní fhéadfar roimhe sin, probháid na huachta a dheonú dó.

(2) Má dhéanann tiomnóir lena uacht naíon a cheapadh ina sheiceadóir, ní oibreoidh an ceapachán chun aon leas i maoin an éagaigh a aistriú chun an naín ná chun ionadaí pearsanta a dhéanamh de chun críche ar bith mura ndéantar ná go dtí go ndéanfar probháid a dheonú dó faoin alt seo.

Leanúint d'imeachtaí dlíthiúla tar éis riarachán sealadach a chúlghairm.

[1857 (c. 79) a. 81]

33. —Más rud é, le linn aon imeachtaí dlíthiúla a bheith ar feitheamh in aon chúirt ag riarthóir, nó i gcoinne riarthóra, dar deonaíodh riarachán sealadach, go gcúlghairfear an riarachán sin, féadfaidh an chúirt sin a ordú go leanfaidh an t-ionadaí pearsanta nua de na himeachtaí, nó go leanfar díobh ina choinne, ionann is dá mba é a thionscain iad, nó gur ina choinne a tionscnaíodh iad, i gcéaduair, ach faoi réir cibé coinníollacha agus athruithe, más ann, a ordóidh an chúirt sin.

Bannaí riaracháin.

[1959 (Uimh. 8) a. 14]

[Nua]

[Nua]

34. —(1) Gach duine dá dtabharfar deontas riaracháin, tabharfaidh sé banna (dá ngairtear banna riaracháin san alt seo) d'Uachtarán na hArd-Chúirte a bheidh le dul i dtairbhe d'Uachtarán na hArd-Chúirte de thuras na huaire agus, má cheanglaíonn an Ard-Chúirt nó an tOifigeach Probháide nó (i gcás deontais ó chlárlann phrobháide cheantair) an cláraitheoir probháide ceantair air é, le hurra nó le hurraí faoi choinníoll go ndéanfar go cuí eastát an éagaigh a bhailiú, a chruinniú agus a riaradh.

(2) (a) Beidh banna riaracháin faoi bhrí pionóis is ionann agus dhá oiread na suime a mhionnófar i leith eastát an éagaigh, mura n-ordóidh an Ard-Chúirt nó an tOifigeach Probháide nó (i gcás deontais ó chlárlann phrobháide cheantair) an cláraitheoir probháide ceantair in aon chás áirithe é a laghdú, agus sa chás sin féadfaidh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide nó an cláraitheoir probháide ceantair é sin a dhéanamh.

(b) Féadfaidh an Ard-Chúirt, an tOifigeach Probháide nó (i gcás deontais ó chlárlann phrobháide cheantair) an cláraitheoir probháide ceantair, a ordú freisin níos mó ná banna riaracháin amháin a thabhairt, ionas nach rachaidh dliteanas aon urra thar an méid is réasúnach leis an gCúirt, leis an Oifigeach Probháide nó leis an gcláraitheoir probháide ceantair, cibé acu é.

(3) Is san fhoirm a ordóidh Uachtarán na hArd-Chúirte, le rialacha, a bheidh banna riaracháin, agus beidh sa bhanna foráil go n-íocfar na dleachtanna báis uile is iníoctha i leith eastát an éagaigh agus a bhfuil an t-ionadaí pearsanta intugtha chun cuntais iontu agus foráil eile go n-íocfar an cháin ioncaim agus an fhorcháin uile is iníoctha as eastát an éagaigh.

(4) Más léir don Ard-Chúirt gur sáraíodh coinníoll banna riaracháin, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas chuige sin, a ordú an banna a shannadh do cibé duine a shonrófar san ordú, agus beidh teideal ag an duine dá sannfar an banna de bhun an ordaithe agra a dhéanamh ina leith ina ainm féin ionann is dá mba dósan a tugadh é i gcéaduair in ionad é a thabhairt d'Uachtarán na hArd-Chúirte agus an méid iomlán is inghnóthaithe mar gheall ar shárú choinníoll an bhanna a ghnóthú ina leith mar iontaobhaí do gach duine leasmhar.

(5) Ní chuirfidh aon ní san alt seo de cheangal ar an bPríomh-Aturnae Stáit ná ar Aturnae an Ard-Aighne banna riaracháin a thabhairt agus iad ag iarraidh, nó ag fáil, riaracháin chun úsáide nó tairbhe an Stáit.

(6) Ní gá urraí le bannaí riaracháin i gcás an deontas a thabhairt do chorparáid iontaobhais.

(7) Beidh banna riaracháin arna eisiúint ag cumann ráthaíochta nó cuideachta árachais a bheidh formheasta ag Uachtarán na hArd-Chúirte inghlactha chun críocha an ailt seo cibé acu i bpearsa nó trí aturnae a iarrfar an deontas.

Iarratais ar dheontais agus cúlghairm.

[1857 (c. 79) a. 50, 63]

[R.U., O. 79, r. 3;

O. 80, r. 3]

35. —(1) Féadfar iarratas ar dheontas nó ar chúlghairm ionadaíochta a dhéanamh chun na hOifige Probháide nó chun na clárlainne probháide ceantair don cheantar ina raibh áit chónaithe sheasta ag an éagach tráth a bháis.

(2) Féadfar an t-iarratas a dhéanamh i bpearsa nó trí aturnae.

(3) Más rud é, in aon ábhar cointinneach a éireoidh as iarratas chun na hOifige Probháide, gur deimhin leis an Ard-Chúirt go bhfuil dlínse ag an gCúirt Chuarda san ábhar, féadfaidh an Ard-Chúirt an t-ábhar a tharchur chun breitheamh na cuarda ina raibh áit chónaithe sheasta ag an éagach tráth a bháis, agus rachaidh an breitheamh sin ar aghaidh san ábhar ionann is dá mba chun na Cúirte Cuarda a rinneadh an t-iarratas ar an gcéad ásc.

Deontais i gclárlanna probháide ceantair.

[1857 (c. 79) a. 50, 52, 54]

[1857 (c. 79) a. 53, 55, 56;

1859 (c. 31) a. 21, 22]

36. —(1) Féadfaidh cláraitheoir probháide ceantair deontas a thabhairt i bhfoirm choiteann in ainm na hArd-Chúirte agus faoi shéala na clárlainne mar a raibh áit chónaithe sheasta ag an éagach, tráth a bháis, laistigh den cheantar ina n-iarrfar an deontas.

(2) Ní thabharfaidh cláraitheoir probháide ceantair aon deontas in aon chás ina mbeidh cointinn go dtí go réiteofar an chointinn, ná in aon chás inar léir dó nach ceart deontas a thabhairt gan ordú na Cúirte.

(3) In aon chás ina mbeidh amhras ar chláraitheoir probháide ceantair cé acu is ceart nó nach ceart deontas a thabhairt, nó ina n-éireoidh aon cheist maidir le deontas, nó le hiarratas ar dheontas, cuirfidh an cláraitheoir probháide ceantair ráiteas ina thaobh go dtí an Oifig Probháide le haghaidh orduithe breithimh den Ard-Chúirt a mbeidh dlínse phrobháide á hoibriú aige de thuras na huaire, agus féadfaidh an breitheamh a ordú don chláraitheoir probháide ceantair dul ar aghaidh leis an ábhar de réir cibé treoracha is dóigh leis an mbreitheamh is gá, nó féadfaidh sé toirmeasc a chur ar a thuilleadh imeachtaí ag an gcláraitheoir probháide ceantair maidir leis an ábhar, á fhágáil faoin bpáirtí a d'iarr an deontas iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte tríd an Oifig Phrobháide nó, más cás é atá laistigh de dhlínse na Cúirte Cuarda, chun na cúirte sin.

(4) Cuirfidh cláraitheoir probháide ceantair go dtí an Oifig Phrobháide fógra san fhoirm fhorordaithe i dtaobh gach iarratas a dhéanfar sa chlárlann ag iarraidh deontais, a luaithe is féidir tar éis an t-iarratas a dhéanamh, agus ní thabharfaidh sé aon deontas go dtí go bhfaighidh sé ón Oifig sin deimhniú go ndealraíonn sé nach ndearnadh aon iarratas eile i leith eastát an éagaigh.

(5) Cuirfear an deimhniú ar aghaidh a luaithe is féidir go dtí an cláraitheoir probháide ceantair.

(6) Gach fógra a chuirfear amhlaidh go dtí an Oifig Phrobháide, comhdófar agus coimeádfar é san Oifig sin.

(7) Nuair a gheofar aon fhógra den sórt sin ó aon chlárlann phrobháide cheantair, scrúdóidh an tOifigeach Probháide gach fógra i dtaobh iarratas ar dheontas a fuarthas ó na clárlanna probháide ceantair eile agus gach iarratas ar dheontas a rinneadh san Oifig Phrobháide, chomh fada agus is gá sin chun a chinntiú an ndearnadh níos mó ná iarratas amháin ar dheontas i leith eastát an duine éagtha chéanna, agus cuirfidh sé scéala go dtí an cláraitheoir probháide ceantair ina thaobh faoi mar is gá.

(8) Cuirfidh cláraitheoir probháide ceantair ar aghaidh, dhá uair sa mhí, go dtí an Oifig Phrobháide, liosta san fhoirm fhorordaithe de na deontais a bheidh tugtha aige agus nár áiríodh i dtuairisceán roimhe sin, agus freisin cóipeanna de na huachtanna lena mbaineann na deontais, faoi dheimhniú uaidh gur cóipeanna cearta iad.

(9) Comhdóidh agus caomhnóidh cláraitheoir probháide ceantair gach uacht bhunaidh a ndeonóidh sé ina leith probháid nó riarachán maille leis an uacht, faoi réir cibé rialachán a dhéanfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte ó am go ham maidir le caomhnú agus scrúdú na n-uachtanna.

(10) Féadfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte orduithe a thabhairt ó am go ham chun dísciú a dhéanamh, trína ndíothú nó ar dhóigh eile, ar cibé fógraí dá gcoimeádtar san Oifig Phrobháide de bhun an ailt seo is dóigh leis a bheith, mar gheall ar imeacht aimsire, gan fiúntas poiblí ar bith feasta.

An dara deontas agus deontais ina dhiaidh sin.

[1859 (c. 31) a. 16]

37. —Is san Oifig Phrobháide nó sa chlárlann phrobháide cheantair, cibé acu é, ónar eisíodh an deontas bunaidh a thabharfar an dara deontas agus aon deontas ina dhiaidh sin.

Caveat.

[1857 (c. 79) a. 57]

38. —(1) Féadfar caveat in aghaidh deontais a thaifeadadh san Oifig Phrobháide nó in aon chlárlann phrobháide cheantair.

(2) Nuair a thaifeadfar caveat i gclárlann phrobháide cheantair, déanfaidh an cláraitheoir probháide ceantair cóip de a chur ar aghaidh láithreach go dtí an Oifig Phrobháide lena taifeadadh i dteannta na gcaveat san Oifig sin.

Caileandair dheontas.

[1959 (Uimh. 8) a. 17]

39. —(1) Cuirfidh Uachtarán na hArd-Chúirte faoi deara ó am go ham go n-ullmhófar san Oifig Phrobháide caileandair de dheontais a tugadh san Oifig Phrobháide agus sna clárlanna probháide ceantair éagsúla in aghaidh cibé tréimhsí a ordóidh Uachtarán na hArd-Chúirte.

(2) I ngach caileandar acu sin beidh nóta maidir le gach probháid nó riarachán maille leis an uacht agus maidir le gach riarachán eile a deonaíodh sa tréimhse a shonrófar sa chaileandar, agus leagfar amach sa nóta sin—

(a) dáta an deontais;

(b) an áit (is é sin, an Oifig Phrobháide nó clárlann phrobháide cheantair) inar tugadh an deontas,

(c) ainm agus seoladh agus dáta báis an tiomnóra nó an díthiomnóra,

(d) ainmneacha agus tuairiscí na seiceadóirí nó na riarthóirí, agus

(e) luach an eastáit, má b'ann.

(3) Déanfar cóip de gach caileandar a ullmhófar amhlaidh a chur tríd an bpost nó ar dhóigh eile go dtí gach clárlann probháide cheantair, agus déanfar gach cóip a chuirfear ar aghaidh amhlaidh a choimeád sa chlárlann phrobháide cheantair chun a gcuirfear í.

(4) Féadfar caileandair agus cóipeanna a iniúchadh de réir orduithe Uachtarán na hArd-Chúirte.

Cóipeanna d'uachtanna, etc., a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim.

[1857 (c. 79) a. 100]

40. —Faoi réir aon chomhshocruithe a dhéanfar ó am go ham idir Uachtarán na hArd-Chúirte agus na Coimisinéirí Ioncaim, déanfaidh an Oifig Phrobháide agus gach clárlann phrobháide cheantair, laistigh de cibé tréimhse i ndiaidh deontais a ordóidh Uachtarán na hArd-Chúirte, na doiciméid seo a leanas a sheachadadh do na Coimisinéirí nó dá n-oifigeach cuí—

(a) i gcás probháide nó i gcás riaracháin maille le huacht, an mhionnscríbhinn Ioncaim Intíre agus cóip den uacht (má iarrtar í);

(b) i gcás riaracháin gan uacht maille leis, an mhionnscríbhinn Ioncaim Intíre;

(c) i ngach cás riaracháin, cóip den riarachán nó sliocht as;

(d) i ngach uile chás, cibé deimhniú nó nóta a theastóidh ó na Coimisinéirí i dtaobh an deontais.

Eisiúint deontas ionadaíochta i gcás foraithne ón gCúirt Chuarda.

[1857 (c. 79) a. 59]

41. —Ar fhoraithne a bheith déanta ag an gCúirt Chuarda chun ionadaíocht a dheonú nó a chúlghairm, déanfaidh an tOifigeach Probháide nó an cláraitheoir probháide ceantair, ar iarratas ó dhuine a bheidh ina theideal sin, ionadaíocht a dheonú de réir na foraithne nó, faoi mar is gá sa chás, aon ionadaíocht a deonaíodh cheana a chúlghairm nó a athrú, de réir éifeacht na foraithne.

Taisceadh agus íniúchadh uachtanna agus doiciméad eile.

[1857 (c. 79) a. 71]

1867, c. 70.

42. —(1) Déanfar na doiciméid seo a leanas—

(a) gach uacht bhunaidh a ndeonófar ionadaíocht ina leith san Oifig Phrobháide,

(b) cóipeanna de gach uacht a mbeidh a scríbhinn bhunaidh le caomhnú i gclárlanna probháide ceantair, agus

(c) cibé doiciméid eile a ordóidh Uachtarán na hArd-Chúirte,

a thaisceadh agus a chaomhnú san Oifig Phrobháide faoi urlámhas Uachtarán na hArd-Chúirte, agus féadfar iad a iniúchadh de réir a orduithe.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) faoi réir na bhforálacha den Public Records (Ireland) Act, 1867, a fhorálann go ndéanfar i gceann aimsire taifid a aistriú go dtí an Oifig Irisí Poiblí lena gcoimeád slán.

Cóipeanna oifigiúla d'uachtanna agus de dheontais.

[1857 (c. 79) a. 74]

43. —(1) Féadfar cóip oifigiúil den iomlán nó d'aon chuid d'uacht, nó de dheontas ionadaíochta, a fháil ón Oifig Phrobháide nó ón gclárlann phrobháide cheantair i gcás inar cruthaíodh an uacht nó inar deonaíodh an ionadaíocht.

(2) Beidh cóip oifigiúil de dheontas ionadaíochta ina leorfhianaise gur deonaíodh an ionadaíocht. Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin a tugadh an deontas.

Triail ag giúiré ar cheisteanna fíorais.

[1857 (c. 79) a. 41]

44. —(1) Féadfaidh an chúirt aon cheist fíorais a éireoidh in aon imeachtaí faoin Acht seo a chur á triail ag giúiré, agus déanfar an cheist sin a thriail amhlaidh in aon chás ina dtabharfaidh na páirtithe go léir sna himeachtaí a gcomhthoiliú le hiarratas chun na cúirte ar ghiúiré.

(2) I gcás ina ndéanfaidh aon pháirtí iarratas ar ghiúiré gan comhthoiliú an pháirtí eile agus ina ndiúltóidh an chúirt an t-iarratas, beidh diúltú na cúirte faoi réir achomhairc.