|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V Riarachán Sócmhainní) | Ar Aghaidh (CUID VII Uachtanna) |
AN tACHT COMHARBAIS, 1965
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI Dáileadh faoi Dhíthiomnacht | |
[EN] |
Rialacha an dáilte faoi dhíthiomnacht. |
66. —Déanfar an t-eastát go léir a raibh teideal tairbhiúil chuige ag duine éagtha le haghaidh eastáit nó leasa nár scoir ar a bhás, agus is eastát a bhfaighidh sé bás ina dhíthiomnóir ina leith tar éis tosach feidhme an Acht seo, a dháileadh de réir an Achta seo tar éis na caiteachais, na fiacha agus na dliteanais uile agus aon cheart dlíthiúil ab iníoctha go cuí as a íoc. |
[EN] |
Scaireanna chéile mharthanaigh agus an tsleachta. [Nua. Féach 1695 (c. 6) a. 1, 2, 3] |
67. —(1) Má fhaigheann díthiomnóir bás agus go bhfágfaidh sé céile ach nach bhfágfaidh sé aon sliocht, tógfaidh an céile an t-eastát go léir. |
[EN] | (2) Má fhaigheann díthiomnóir bás agus go bhfágfaidh sé céile agus sliocht— | |
[EN] | (a) tógfaidh an céile dhá thrian den eastát, agus | |
[EN] | (b) dáilfear an fuíoll ar an sliocht de réir fho-alt (4). | |
[EN] | (3) Má fhaigheann díthiomnóir bás agus go bhfágfaidh sé sliocht ach nach bhfágfaidh sé aon chéile, dáilfear a eastát ar an sliocht de réir fho-alt (4). | |
[EN] | (4) Más ionann an ghlúin ghaoil leis an éagach atá ag gach duine den sliocht, is ina scaireanna comhionanna a dhéanfar an dáileadh orthu; murb ionann, is per stirpes a dhéanfar é. | |
[EN] |
Scaireanna tuismitheoirí. [Nua. Féach 1695 (c. 6) a. 3, 8] |
68. —Má fhaigheann díthiomnóir bás gan céile ná sliocht a fhágáil, dáilfear a eastát ar a thuismitheoirí ina scaireanna comhionanna má mhaireann siad beirt i ndiaidh an díthiomnóra, ach, mura maireann ina dhiaidh ach tuismitheoir amháin, tógfaidh an tuismitheoir sin an t-eastát go léir. |
[EN] |
Scaireanna deartháireacha agus deirféaracha agus a leanaí. [Féach 1695 (c. 6) a. 2, 3] |
69. —(1) Má fhaigheann díthiomnóir bás gan céile ná sliocht ná tuismitheoir a fhágáil, dáilfear a eastát ar a dheartháireacha agus a dheirfiúracha ina scaireanna comhionanna, agus, má bhíonn aon deartháir nó deirfiúr gan maireachtáil i ndiaidh an díthiomnóra, tógfaidh leanaí marthanacha an dearthár nó na deirféar éagtha, má mhaireann aon deartháir nó deirfiúr eile leis an éagach i ndiaidh an éagaigh, ina scaireanna comhionanna an scair a thógfadh a dtuismitheoir dá maireadh sé nó sí i ndiaidh an díthiomnóra. |
[EN] | (2) Má fhaigheann díthiomnóir bás gan céile ná sliocht ná tuismitheoir ná deartháir ná deirfiúr a fhágáil, dáilfear a eastát ina scaireanna comhionanna ar leanaí a dheartháireacha agus a dheirfiúracha. | |
[EN] |
Scaireanna neasghaolta. [Féach 1695 (c. 6) a. 2, 3] |
70. —(1) Má fhaigheann díthiomnóir bás gan céile ná sliocht ná tuismitheoir ná deartháir ná deirfiúr ná leanaí le haon deartháir nó deirfiúr éagtha a fhágáil, déanfar, faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Chuid seo, a eastát a dháileadh ina scaireanna comhionanna ar a neasghaolta. |
[EN] | (2) Ní ghlacfar ionadaíocht neasghaolta i measc taobhghaolta ach amháin i gcás leanaí le deartháireacha agus deirfiúracha an díthiomnóra má mhaireann aon deartháir nó deirfiúr eile leis an díthiomnóir i ndiaidh an díthiomnóra. | |
[EN] |
Fionnadh neasghaolta. [Nua] |
71. —(1) Faoi réir na gceart ionadaíochta a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 70, measfar an duine nó na daoine is gaire gaol fola don díthiomnóir ar dháta a bháis a bheith ina neasghaol nó ina neasghaolta dó. |
[EN] | (2) Ríomhfar glúine gaoil fhola sinsearaigh réimdhírigh trí chomhaireamh siar ón díthiomnóir go dtí an sinsearach sin, agus cinnfear glúine gaoil fhola aon duine gaoil eile trí chomhaireamh siar ón díthiomnóir go dtí an comhshinsearach is gaire don díthiomnóir agus don duine gaoil sin, agus ansin anuas ón sinsearach sin go dtí an duine gaoil; ach má chinntear amhlaidh go bhfuil sinsearach réimdhíreach agus aon duine gaoil eile sa ghlúin chéanna ghaoil fhola leis an díthiomnóir, tabharfar tosaíocht don duine gaoil eile agus fágfar as áireamh an sinsearach réimdhíreach. | |
[EN] |
Leasghaolta. [Nua maidir le heastát réadach] |
72. —Áireofar leasghaolta mar lánghaolta sa ghlúin ghaoil chéanna, agus tiocfaidh siad i gcomharbas go comhionann leo. |
[EN] |
An Stát mar chomharba ar deireadh thiar faoi dhíthiomnacht. [Nua. Gabhann ionad an eiséata agus bona vacantia] [Cf. 1954. (No. 25) s. 31] |
73. —(1) D'éagmais aon duine a bheith ag tógáil eastát díthiomnóra, cibé acu faoin gCuid seo nó ar dhóigh eile é, tógfaidh an Stát an t-eastát mar chomharba ar deireadh thiar faoi dhíthiomnacht. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, más cuí leis é, ceart an Stáit faoin alt seo a tharscaoileadh, go hiomlán nó go páirteach, agus i bhfabhar cibé duine agus ar cibé téarmaí (agus íoc airgid a bheith nó gan a bheith ar na téarmaí sin) is cuí leis ag féachaint d'imthosca uile an cháis. | |
[EN] | (3) Beidh réim ag alt 32 den Acht Maoine Stáit, 1954 (lena ndéantar foráil chun talamh áirithe a shéanadh a chineachfaidh chun an Stáit trí eiséatadh nó mar bona vacantia) maidir le leas an deontaí faoi dheontas feofheirme agus le leas an léasaí faoi léas, i gcás ceart chun an leasa sin a bheith ag an Stát mar chomharba ar deireadh thiar faoi dhíthiomnacht. | |
[EN] |
Páirtdíthiomnacht. [1830 (c. 40)] |
74. —Mura ndéanann uacht tiomnóra diúscairt éifeachtach ach ar chuid dá eastát, dáilfear an fuíoll ionann is dá mba ina dhíthiomnóir a fuair sé bás agus nár fhág sé aon eastát eile. |
[EN] |
Forléiriú doiciméad. [Nua] |
75. —(1) Forléireofar mar thagairtí don Chuid seo tagairtí d'aon Reachtanna Dáilte in ionstraim inter vivos a dhéanfar, nó in uacht a thiocfaidh i ngníomh, tar éis tosach feidhme an Achta seo, mura léir a mhalairt uathu; agus déanfar tagairtí in ionstraim nó uacht den sórt sin do neasghaolta reachtúla a fhorléiriú, mura léir a mhalairt uathu, mar thagairtí do na daoine a thiocfadh i gcomharbas faoi dhíthiomnacht faoi na forálacha roimhe seo den Chuid seo. |
[EN] | (2) Aon iontaobhais a dhearbhófar faoi threoir aon Reachtanna Dáilte in ionstraim inter vivos a dhéanfar, nó in uacht a thiocfaidh i ngníomh, roimh thosach feidhme an Achta seo, forléireofar iad, mura léir a mhalairt uathu, mar thagairtí do na hachtacháin (seachas an tAcht an Eastáit Dí-thiomnóirí, 1954) maidir le dáileadh earraí díthiomnóirí a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo. |