An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Dáileadh faoi Dhíthiomnacht) Ar Aghaidh (CUID VIII Neamhréireacht Dlíthe maidir le Diúscairtí Tiomnacha)

27 1965

AN tACHT COMHARBAIS, 1965

CUID VII

Uachtanna

Maoin a fhéadfar a dhiúscairt le huacht.

[1837 (c. 26) a. 3]

76. —Féadfaidh duine lena uacht, arna forghníomhú de réir an Achta seo, an mhaoin go léir a dhiúscairt a mbeidh teideal tairbhiúil aige chuici tráth a bháis agus a chineachfaidh chun a ionadaithe pearsanta ar bhás a fháil dó.

Inniúlacht ar uacht a dhéanamh.

[1837 (c. 26) a. 7 arna leasú]

[1964 (Uimh. 7) a. 7 (7)]

77. —(1) Chun uacht a bheith bailí ní foláir an té a dhéanfaidh í a bheith ina dhuine—

(a) a bhfuil ocht mbliana déag d'aois slán aige nó atá, nó a bhí, pósta, agus

(b) atá slánmheabhrach chun diúscartha.

(2) Duine atá i dteideal caomhnóir a cheapadh do naíon féadfaidh sé an ceapachán a dhéanamh le huacht d'ainneoin nach duine lena mbaineann mír (a) d'fho-alt (1) é.

Síniú agus fianú uachta.

[1837 (c. 26) a. 9 agus 1852 (c. 24) a. 1]

78. —Chun uacht a bheith bailí ní foláir í a bheith i scríbhinn agus í a fhorghníomhú de réir na rialacha seo a leanas:

1. Déanfaidh an tiomnóir, nó duine éigin ina láthair agus faoina threorú, í a shíniú ag a bun nó ag a deireadh.

2. Déanfaidh nó admhóidh an tiomnóir an síniú sin i láthair gach duine de bheirt fhinné nó níos mó, a bheidh i láthair san am céanna, agus déanfaidh gach finné síniú an tiomnóra a fhianú lena shíniú i láthair an tiomnóra, ach ní gá aon fhoirm fhianaithe ná ní gá do na finnéithe síniú i láthair a chéile.

3. Chomh fada is a bhaineann leis an ionad do shíniú an tiomnóra nó an duine a shíneoidh dó faoi riail l, is leor an síniú a chur ag deireadh na huachta, nó i ndiaidh, nó ar lorg, nó faoi bhun, nó le hais, nó os coinne dheireadh na huachta, ar dhóigh gur léir ar éadan na huachta go raibh sé d'intinn ag an tiomnóir éifeacht a thabhairt leis an síniú don scríbhinn a síníodh mar uacht aige.

4. Ní dhéanfaidh na himthosca seo a leanas difear d'aon uacht den sórt sin—

(a) nach bhfuil an síniú ar lorg, nó go díreach i ndiaidh, bhun nó dheireadh na huachta; nó

(b) go bhfuil spás folamh idir focal deireanach na huachta agus an síniú; nó

(c) go bhfuil an síniú curtha i measc focail chlásal an testimonium nó an chlásail fhianaithe, nó go dtagann sé ar lorg, nó go bhfuil sé i ndiaidh, nó faoi bhun, an chlásail fhianaithe, agus spás folamh a bheith eatarthu nó gan a bheith, nó go dtagann sé ar lorg, nó go bhfuil sé i ndiaidh, nó faoi bhun, nó le hais ainmneacha nó ceann d'ainmneacha na bhfinnéithe a d'fhianaigh í; nó

(d) go bhfuil an síniú ar thaobh nó ar leathanach nó ar chuid eile den pháipéar nó de na páipéir ina bhfuil an uacht atá gan aon chlásal ná mír ná cuid dhiúscarthach den uacht scríofa ann os cionn an tsínithe; nó

(e) gur léir dóthain spáis don síniú a bheith ar an taobh nó an leathanach nó an chuid eile, nó in íochtar an taoibh, nó an leathanaigh nó na coda eile, roimhe sin den pháipéar céanna ar a bhfuil an uacht scríofa;

agus ní chuirfidh ríomh na n-imthosca sin thuas srian le ginearáltacht riail 1.

5. Ní oibreoidh síniú chun éifeacht a thabhairt d'aon diúscairt nó treoir a chuirfear isteach tar éis an síniú a dhéanamh.

Ceapacháin le huacht.

[1837 (c. 26) a. 10]

79. —(1) Ní bheidh ceapachán a dhéanfar le huacht, i bhfeidhmiú cumhachta ar bith, bailí mura bhforghníomhaítear é de réir an Achta seo.

(2) Gach uacht a fhorghníomhófar amhlaidh, beidh sí, chomh fada is a bhaineann lena forghníomhú agus lena fianú, ina forghníomhú bailí ar chumhacht cheapacháin le huacht, d'ainneoin é a bheith ceangailte go sainráite go mbeidh uacht arna déanamh i bhfeidhmiú na cumachta sin le forghníomhú le foirm éigin bhreise nó eile fhorghníomhaithe nó shollúntachta.

Gan foilsiú uachta a bheith riachtanach.

[1837 (c. 26) a. 13]

80. —Gach uacht a fhorghníomhófar de réir an Achta seo, beidh sí bailí gan a thuilleadh foilsithe uirthi.

Gan uacht a bheith ar neamhní mar gheall ar neamhinniúlacht finné.

[1837 (c. 26) a. 14]

81. —Má bhíonn duine a fhianóidh forghníomhú uachta neamhinniúil, tráth an fhorghníomhaithe nó aon uair ina dhiaidh sin, lena ghlacadh mar fhinné chun an forghníomhú a chruthú, ní bheidh an uacht neamhbhailí dá bhíthin sin.

Bronntanais d'fhinné fianaithe, nó do chéile finné, a bheith ar neamhní.

[1837 (c. 26) a. 15]

82. —(1) Má fhianaíonn duine forghníomhú uachta, agus go dtabharfar nó go ndéanfar leis an uacht sin aon réadtiomnú, tiomnú, eastát, leas, bronntanas, nó ceapachán, ar aon mhaoin nó ag baint le haon mhaoin (seachas muirir agus treoracha chun aon fhiach nó fiacha a íoc) don duine sin nó do chéile an duine sin, beidh an réadtiomnú, an tiomnú, an t-eastát, an leas, an bronntanas, nó an ceapachán sin, chomh fada is a bhaineann leis an duine a d'fhianaigh forghníomhú na huachta, nó le céile an duine sin, nó le haon duine a bheidh ag éileamh faoin duine sin nó faoin gcéile sin, agus sa mhéid sin amháin, ar neamhní go huile agus go hiomlán.

(2) Glacfar leis an duine a rinne fianú amhlaidh mar fhinné chun forghníomhú na huachta a chruthú, nó chun a bailíocht nó a neamhbhailíocht a chruthú, d'ainneoin an réadtiomnaithe, an tiomnaithe, an eastáit, an leasa, an bhronntanais, nó an cheapacháin sin.

Creidiúnaí a d'fhianaigh uacht a chuir fiacha de mhuirear ar eastát a bheith inghlactha mar fhinné.

[1837 (c. 26) a. 16]

83. —Má dhéantar le huacht aon fhiach nó fiacha a mhuirearú ar aon eastát, agus go ndéanfaidh creidiúnaí, nó céile creidiúnaí, a muirearófar a fhiach amhlaidh, fianú ar fhorghníomhú na huachta, déanfar, d'ainneoin an mhuirearaithe sin, an creidiúnaí a ghlacadh ina fhinné chun forghníomhú na huachta a chruthú, nó chun a bailíocht nó a neamhbhailíocht a chruthú.

Seiceadóir inghlactha mar fhinné.

[1837 (c. 26) a. 17]

84. —Ní bheidh duine, de bhíthin amháin é a bheith ina sheiceadóir uachta, neamhinniúil lena ghlacadh ina fhinné chun forghníomhú na huachta a chruthú, nó ina fhinné chun a bailíocht nó a neamhbhailíocht a chruthú.

Cúlghairm uachta.

[Nua. Cf. 1837 (c. 26) a. 18]

[1837 (c. 26) a. 19, 20]

85. —(1) Cúlghairfear uacht trí phósadh an tiomnóra ina dhiaidh sin, ach amháin uacht a rinneadh agus an pósadh sin á bheartú, cibé acu a bhí sin sainráite san uacht nó nach raibh.

(2) Faoi réir fho-alt (1), ní chúlghairfear aon uacht, ná aon chuid di, ach amháin le huacht eile nó le codaisíl arna fhorghníomhú go cuí, nó le scríbhinn éigin a dhearbhaíonn intinn a cúlghairthe agus a forghníomhaíodh ar an dóigh a gceanglaítear uacht a fhorghníomhú, nó trína dó, trína stróiceadh, nó trína díothú ag an tiomnóir, nó ag duine éigin ina láthair agus faoi threorú uaidh, le hintinn í a chúlghairm.

Athruithe in uacht tar éis a forghníomhaithe.

[1837 (c. 26) a. 21]

86. —Má dhéantar scriosadh, idirlíniú, nó athrú eile in uacht tar éis a forghníomhaithe, ní bheidh sin bailí ná ní bheidh éifeacht ar bith leis, mura bhforghníomhaítear an t-athrú sin mar a cheanglaítear an uacht a fhorghníomhú; ach measfar an uacht, agus an t-athrú sin ina chuid di, a bheith forghníomhaithe go cuí má bhíonn síniú an tiomnóra agus síniú gach finné déanta ar imeall na huachta nó ar chuid éigin eile di os coinne nó in aice an athraithe sin, nó ag bun nó ag deireadh nó os coinne meabhráin a thagraíonn don athrú sin, agus a bheidh scríofa ag deireadh chuid éigin eile den uacht.

Gan uacht chúlghairthe a athbheochan ach amháin trína hathfhorghníomhú nó le codaisíl.

[1837 (c. 26) a. 22]

87. —Ní dhéanfar aon uacht ná aon chuid di, a bheidh cúlghairthe ar dhóigh ar bith, a athbheochan ach amháin trína hathfhorghníomhú nó le codaisíl arna forghníomhú go cuí a léireoidh intinn a hathbheoite; agus nuair a dhéanfar aon uacht nó codaisíl a bhí cúlghairthe go páirteach, agus a cúlghaireadh go hiomlán ina dhiaidh sin, a athbheochan, ní bheidh réim ag an athbheochan sin maidir leis an méid di a bhí cúlghairthe sular cúlghaireadh í go hiomlán, mura léirítear a mhalairt d'intinn.

Gan tíolacas nó gníomh eile ina dhiaidh sin a bheith ina chosc ar oibriú uachta.

[1837 (c. 26) a. 23]

88. —Más rud é, tar éis uacht a fhorghníomhú, go ndéanfar tíolacas nó gníomh eile maidir le haon eastát a bhí ar áireamh san uacht, ach amháin gníomh lena gcúlghairfear an uacht, ní chuirfidh an tíolacas nó an gníomh cosc le hoibriú na huachta maidir le haon eastát nó leas sa mhaoin a mbeidh cumhacht a dhiúscartha le huacht ag an tiomnóir tráth a bháis.

Uacht a labhairt ó bhás an tiomnóra.

[1837 (c. 26) a. 24 arna leathnú chun gabháil thar Wild's Case (1599) 6 Co. Rep. 16b]

89. —Déanfar gach uacht, maidir leis an eastát go léir a bheidh ar áireamh san uacht agus le gach réadtiomnú nó tiomnú inti, a fhorléiriú chun labhairt agus chun éifeacht a bheith aici ionann is dá mba díreach roimh bhás an tiomnóra a forghníomhaíodh í, mura léir a mhalairt d'intinn ón uacht.

Fianaise eistreach maidir le huacht.

[Nua]

90. —Beidh fianaise eistreach inghlachta chun intinn an tiomnóra a thaispeáint agus chun cabhrú i bhforléiriú uachta nó chun aon chontrárthacht in uacht a mhíniú.

Eastát a áirítear i mbronntanais scaoilte nó neamhnithe a áireamh i réadtiomnú nó tiomnú iarmharach.

[1837 (c. 26) a. 25]

91. —Mura léir a mhalairt d'intinn ón uacht, aon eastát a bheidh nó a raibh d'intinn é a bheith ar áireamh in aon réadtiomnú nó tiomnú san uacht agus a theipfidh nó a bheidh ar neamhní de bhrí nár mhair an réadtiomnaí nó an leagáidí i ndiadh an tiomnóra, nó de bhrí go bhfuil an réadtiomnú nó an tiomnú contrártha don dlí nó nach féidir ar chúis eile é a theacht in éifeacht, áireofar é in aon réadtiomnú nó tiomnú iarmharach, cibé acu é, a bheidh san uacht.

Léasacht agus ruíleas a áireamh i réadtiomnú ginearálta talún.

[1837 (c. 26) a. 26]

92. —Forléireofar réadtiomnú ginearálta talún mar ní a fholaíonn leasanna léasachta chomh maith le heastáit ruílse, mura léir a mhalairt d'intinn ón uacht.

Maoin ar a bhfuil cumhacht cheapacháin ghinearálta ag an tiomnóir a áireamh i mbronntanas ginearálta réadais nó pearsantais.

[1837 (c. 26) a. 27]

93. —Forléireofar réadtiomnú ginearálta talún mar ní a fholaíonn aon talamh a mbeadh cumhacht ag an tiomnóir ceapachán a dhéanamh ina leith mar ba chuí leis, agus oibreoidh sé mar fhorghníomhú ar an gcumhacht sin, mura léir a mhalairt d'intinn ón uacht; agus ar an gcuma chéanna forléireofar tiomnú ginearálta ar eastát pearsanta (seachas talamh) an tiomnóra mar ní a fholaíonn aon eastát den sórt sin a mbeadh cumhacht aige ceapachán a dhéanamh ina leith mar ba chuí leis, agus oibreoidh sé mar fhorghníomhú ar an gcumhacht sin, mura léir a mhalairt d'intinn ón uacht.

Réadtiomnú eastáit réadaigh gan focail chinnteachta a bheith ina aistriú ar an eastát iomlán.

[1837 (c. 26) a. 28, 30, 31]

94. —I gcás eastát réadach a réadtiomnú do dhuine (lena n-áirítear iontaobhaí nó seiceadóir) gan aon fhocail chinnteachta, forléireofar an réadtiomnú mar ní a aistríonn an t-eastát nó an leas iomlán a raibh cumhacht ag an tiomnóir é a dhiúscairt le huacht san eastát réadach, mura léir a mhalairt d'intinn ón uacht.

Bunú eastát sainoidhrithe

[Nua. Gabháil thar Wild's Case (1599) 6 Co. Rep. 16b]

95. —(1) Ní fhéadfar eastát sainoidhrithe (cibé acu go ginearálta, i sainoidhreacht fhireann, i sainoidhreacht bhaineann, nó go speisialta é) in eastát réadach a bhunú le huacht ach amháin trí úsáid na bhfocal cinnteachta céanna a bheadh le húsáid chun eastát sainoidhrithe dá shamhail a bhunú le gníomhas.

(2) Focail chinnteachta a bheidh in uacht i leith eastáit réadaigh agus gan éifeacht acu chun eastát i bhfeo simplí nó eastát sainoidhrithe a bhunú, beidh an éifeacht chéanna acu, chomh gar agus is féidir sin, le focail do samhail a d'úsáidfí i ngníomhas i leith maoine pearsanta.

An bhrí atá le “bás a fháil gan sliocht”.

[1837 (c. 36) a. 29]

96. —I réadtiomnú nó i dtiomnú eastáit réadaigh nó phearsanta, déanfar na focail “bás a fháil gan sliocht”, nó “bás a fháil gan sliocht a fhágáil”, nó “bheith gan sliocht”, nó aon fhocail eile a chuirfeadh i gcéill díth sleachta nó cliseadh sleachta ar dhuine ar bith le linn a bheo nó tráth a bháis, nó cliseadh éiginnte dá shliocht, a fhorléiriú mar fhocail a chiallaíonn díth nó cliseadh sleachta air le linn a bheo nó tráth a bháis, agus nach gciallaíonn cliseadh éiginnte dá shliocht, mura léir a mhalairt d'intinn ón uacht.

Gan réadtiomnú eastáit shainoidhrithe a scaoileadh má mhaireann sliocht a d'fhéadfadh teacht in oidhreacht.

[1837 (c. 26) a. 32]

97. —I gcás duine dá réadtiomnófar eastát réadach le haghaidh eastáit shainoidhrithe nó eastáit i samhail-sainoidhreacht d'fháil bháis le linn bheo an tiomnóra agus an duine sin d'fhágáil sleachta a d'fhéadfadh teacht in oidhreacht faoin sainoidhriú, agus aon sliocht den sórt sin a bheith beo tráth báis an tiomnóra, ní rachaidh scaoileadh ar an réadtiomnú, ach beidh éifeacht aige ionann is dá mba díreach tar éis bhás an tiomnóra a tharla bás an duine sin, mura léir a mhalairt d'intinn ón uacht.

Bronntanais do leanaí nó sliocht eile a fhágfaidh sliocht a bheidh beo ar bhás tiomnóra.

[1837 (c. 26) a. 33 arna leathnú chun go mbainfidh le ceapacháin faoi chumhachtaí speisialta agus bronntanais aicmeacha]

98. —I gcás duine, ar leanbh leis an tiomnóir nó sliocht eile air é a dtabharfar aon mhaoin dó (cibé acu trí réadtiomnú nó tiomnú é nó trí fheidhmiú le huacht ar aon chumhacht cheapacháin agus cibé acu mar bhronntanas don duine sin mar phearsa aonair nó mar chomhalta d'aicme é) le haghaidh aon eastáit nó leasa nach bhfuil infhoirceanta ar bhás, nó roimh bhás, an duine sin, d'fháil bháis le linn bheo an tiomnóra agus é d'fhágáil sleachta, agus aon sliocht den sórt sin ar an duine sin a bheith beo tráth báis an tiomnóra, ní rachaidh scaoileadh ar an mbronntanas, ach beidh éifeacht aige ionann is dá mba díreach tar éis bhás an tiomnóra a tharla bás an duine sin, mura léir a mhalairt d'intinn ón uacht.

Léiriú ar réadtiomnú nó tiomnú i gcás amhrais.

[Nua]

99. —Más féidir níos mó ná léiriú amháin a thabhairt ar airbheart aon réadtiomnaithe nó tiomnaithe, ansin, i gcás amhrais, is é an léiriú ar dá réir a bheidh an réadtiomnú nó an tiomnú inoibrithe a ghlacfar de rogha.

Srian le cinnteachtaí cinniúnacha.

[Féach 1882 (c. 39) a. 10]

100. —Má bhíonn teideal ag duine faoi uacht—

(a) chun talún le haghaidh eastáit i bhfeo simplí nó le haghaidh aon eastáit nó leasa is lú ná sin ach nach eastát sainoidhrithe, nó

(b) chun aon leasa i maoin eile,

le cinnteacht chinniúnach thairis de dhíth nó ar chliseadh aon sleachta air, cibé acu laistigh de thréimhse shonraithe é nó nach ea, beidh an chinnteacht chinniúnach sin, nó tiocfaidh sí chun bheith, ar neamhní agus ó chaoi a teachta in éifeacht, más beo agus a luaithe is beo d'aon sliocht den aicme ar dá dhíth nó ar chliseadh dó a bhí an chinnteacht thairis le teacht in éifeacht.