15 1966


Uimhir 15 de 1966.


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (LUACHÁIL A LAGHDÚ), 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA RIALTAIS ÁITIÚIL (LUACHÁIL A LAGHDÚ GO SEALADACH, 1954 GO 1963, AGUS DO LEASÚ ALT 14 DEN VALUATION (IRELAND) ACT, 1852 [5 Iúil, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Leasú ar alt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 .

1954, Uimh. 8 .

1. —Déantar leis seo alt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 , a leasú trí “an 31ú lá de Mhárta, 1969” a chur in ionad “an 31ú lá de Mhárta, 1966” sa mhíniú ar “an tréimhse ordaithe” atá i bhfo-alt (1).

Leasú ar alt 14 den Valuation (Ireland) Act, 1852.

1852, c. 63.

2. —I gcás—

(a) ina mbeidh alt 14 den Valuation Ireland Act, 1852, le cur chun feidhme de dhroim aon tógáil foirgnimh fheirme, cró, nó oifige dá dtagraítear san alt sin, agus

(b) gur críochnaíodh an obair thógála an lú lá de Mhárta, 1959, nó dá éis sin,

beidh éifeacht ag an alt sin faoi réir “within seven years next” a scriosadh.

Aisghairm. 1960, Uimh. 38 .

3. —Aisghairtear leis seo alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1960 .

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú), 1966 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 go 1966, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 go 1963, agus d'ailt 1 agus 3 le chéile.