|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III Teaghaisí a Sholáthar agus a Bhainistí) | Ar Aghaidh (CUID V Talamh a Fháil, etc.) |
ACHT NA dTITHE, 1966
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV Tithe Plódaithe agus Tithe Neamhoiriúnacha | |
[EN] |
An bhrí atá le “plódú”. |
63. —Measfar chun críocha an Achta seo teach a bheith plódaithe aon tráth nuair is amhlaidh don líon daoine a chodlaíonn de ghnáth sa teach agus don uimhir seomraí atá sa teach— |
[EN] | (a) go gcaitheann beirt de na daoine sin, is daoine deich mbliana d'aois nó níos mó nach den ghnéas céanna agus nach daoine a chónaíonn le chéile mar fhearchéile agus banchéile, codladh sa seomra céanna, nó | |
[EN] | (b) gur lú ná ceithre chéad troigh chiúbach d'aon duine, an t-aerspás saor in aon seomra a úsáidtear mar sheomra codlata (agus a ghlacadh, chun aerspás saor a ríomh, gur ocht dtroigh ar airde atá an seomra más mó ná ocht dtroigh ar airde é), | |
[EN] | agus forléireofar “plódú” dá réir sin. | |
[EN] |
Oibleagáid ann sonraí a thabhairt i dtaobh tí. |
64. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta, chun críocha na Coda seo den Acht seo, trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar úinéir nó ar áititheoir tí na sonraí seo a leanas a chur in iúl i scríbhinn don údarás laistigh de thréimhse a shonrófar san fhógra agus nach giorra ná ceithre lá dhéag dar tosach dáta an fhógra : |
[EN] | (a) an uimhir iomlán seomraí sa teach agus a dtoisí; | |
[EN] | (b) an chríoch chun a n-úsáidtear gach seomra acu sin de thuras na huaire; | |
[EN] | (c) an líon áititheoirí sa teach ar dháta a shonrófar san fhógra; | |
[EN] | (d) na saoráidí sláintíochta agus cócaireachta atá ar fáil do na háititheoirí sin; agus | |
[EN] | (e) cibé sonraí eile i dtaobh an tí a shonróidh an t-údarás san fhógra. | |
[EN] | (2) Aon duine a gceanglóidh fógra faoin alt seo air aon ábhar nó ní a chur in iúl i scríbhinn d'údarás tithíochta agus a mhainneoidh an t-ábhar nó an ní sin a chur in iúl laistigh den tréimhse a shonrófar san fhógra nó a dhéanfaidh, agus é ag cur an ábhair nó an ní sin in iúl amhlaidh, aon ráiteas is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air. | |
[EN] |
Tithe plódaithe. 1890, c. 70. 1919, c. 45. |
65. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta, más oiriúnach leo, fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar úinéir tí ag sonrú an líon uasta daoine agus na haicmí daoine a fhéadfaidh, ag féachaint d'alt 63 den Acht seo, a bheith ag áitiú sa teach nó in aon seomra sa teach gan plódú a bheith ann, agus féadfaidh an t-údarás, maidir le haon fhógra a sheirbheálfar faoin alt seo, a cheangal ar an úinéir ar a seirbheálfar é gach a mbeidh san fhógra a fhoilsiú ar cibé modh a shonróidh an t-údarás. |
[EN] | (2) Má bhíonn úinéir tí ina chúis leis an teach a bheith plódaithe nó má cheadaíonn sé an teach a bheith plódaithe, féadfaidh an t-údarás tithíochta, más oiriúnach leo, fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an úinéir sin á cheangal air scor de bheith ina chúis leis an bplódú sin nó d'é a cheadú agus ag sonrú tréimhse, nach giorra ná lá is fiche dar tosach dáta an fhógra, nach foláir lena linn, nó ag sonrú an teagmhais nach foláir tar éis dó tarlú, ceanglais an fhógra a chomhlíonadh. | |
[EN] | (3) Aon duine a fhailleoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir ceanglais ó údarás áitiúil á cheangal air gach a mbeidh i bhfógra faoi fho-alt (1) den alt seo a fhoilsiú beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air. | |
[EN] | (4) I gcás ina mbeifear tar éis fógra a sheirbheáil faoi fho-alt (2) den alt seo agus, aon tráth tar éis deireadh na tréimhse nó tarlú an teagmhais a bheidh sonraithe san fhógra, go mbeidh an duine ar a mbeifear tar éis an fógra a sheirbheáil, ina chúis leis an teach, nó tar éis a cheadú an teach, lena mbaineann an fógra a bheith plódaithe, beidh sé, faoi réir fho-alt (5) den alt seo, ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná mí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air. | |
[EN] | (5) I gcás teach nach mbeadh plódaithe mura mbeadh sin a theacht chun bheith plódaithe mar gheall ar leanaí an duine a bheidh ag áitiú an tí éirí níos sine nó dul i líonmhaire, ní bheidh úinéir an tí ciontach i gcion faoi fho-alt (4) den alt seo. | |
[EN] | (6) D'ainneoin fo-alt (1) d'alt 121 den Acht seo, aon fhodhlíthe a rinneadh faoi alt 62 den Housing of the Working Classes Act, 1890, nó faoi alt 20 den Housing (Ireland) Act, 1919, scoirfidh siad, ar thosach feidhme an ailt seo, d'éifeacht a bheith acu a mhéid a baineann siad le plódú. | |
[EN] |
Tithe neamhoiriúnacha. |
66. —(1) I gcás inarb é tuairim údaráis tithíochta go bhfuil teach ar aon slí neamhoiriúnach chun daoine conaí ann seirbheálfaidh an t-údarás, murab é a dtuairim freisin nach féidir an teach a dhéanamh oiriúnach sa tslí sin ar chostas réasúnach, ar úinéir an tí agus, chomh fada agus is féidir le réasún an duine sin a fháil amach, ar aon duine eile a bhfuil leas aige sa teach mar mhorgáistí, tionónta nó eile fógra i scríbhinn (dá ngairtear fógra deisiúcháin san Acht seo) ag sonrú na n-ábhar a líomhnaítear ina leith go bhfuil an teach neamhoiriúnach chun daoine cónaí ann agus á cheangal ar an úinéir cibé oibreacha is gá chun an teach, maidir leis na hábhair a shonrófar san fhógra, a dhéanamh oiriúnach chun daoine cónaí ann a dhéanamh laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra agus nach giorra ná ocht lá is fiche dar tosach dáta an fhógra, agus, go háirithe, féadfaidh fógra deisiúchán, más oiriúnach leis an údarás, na hoibreacha a shonrú is gá, i dtuairim an údaráis, chun an teach a dhéanamh oiriúnach chun daoine conaí ann nó creatlach an tí a chosc ó mheath agus déanfaidh an t-úinéir sin, a sheirbhísigh nó a ghníomhairí na hoibreacha is gá chun ceanglais an fhógra a chomhlíonadh agus féadfaidh sé agus siad dul isteach ar aon talamh chun na críche sin. |
[EN] | (2) Nuair a bheidh an t-údarás tithíochta á bhreithniú an bhfuil teach neamhoiriúnach chun daoine cónaí ann beidh aird acu ar a mhéid atá an teach easnamhach (má tá) maidir le gach ceann de na hábhair atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. | |
[EN] | (3) Nuair a bheidh an t-údarás tithíochta á chinneadh, chun críocha an ailt seo, an féidir ar aon slí teach a dhéanamh oiriúnach, ar chostas réasúnach, chun daoine cónaí ann, beidh aird acu ar an gcostas a mheastar a bhainfidh leis an teach a dhéanamh oiriúnach amhlaidh agus ar an méadú a mheasfaidh an t-údarás a thiocfaidh ar luach an tí dá bharr sin. | |
[EN] | (4) I gcás inarb é tuairim an údaráis tithíochta go bhfuil teach ar aon slí neamhoiriúnach chun daoine cónaí ann agus nach féidir é a dhéanamh oiriúnach amhlaidh sa tslí sin ar chostas réasúnach, seirbhéalfaidh siad ar úinéir an tí agus, chomh fada agus is féidir le réasún na daoine sin a fháil amach, ar aon duine eile a bhfuil leas aige sa teach mar mhorgáistí, tionónta nó eile, fógra i dtaobh an trátha (is tráth éigin lá is fiche ar a laghad tar éis an fógra a sheirbheáil) agus na háite a mbreithneoidh an t-údarás staid an tí agus aon tairiscint, maidir le hoibreacha a dhéanamh nó maidir le húsáid an tí san am le teacht, is mian leis an úinéir a chur faoina mbráid agus beidh gach duine den sórt sin i dteideal a éisteachta nuair a bhreithneofar amhlaidh an t-ábhar. | |
[EN] | (5) I gcás ina mbeidh údarás tithíochta tar éis fógra a sheirbheáil faoi fho-alt (4) den alt seo, féadfaidh siad, más oiriúnach leo, tar éis dul i gcomhairle le húinéir an tí, nó le haon duine a bhfuil leas aige sa teach, lena mbaineann an fógra, glacadh le gealltanas uaidh go ndéanfaidh sé, laistigh de thréimhse a shonrófar sa ghealltanas, cibé oibreacha a dhéanfaidh, i dtuairim an údaráis, an teach oiriúnach chun daoine cónaí ann, nó nach n-úsáidfear an teach chun daoine cónaí ann go dtí go ndéanfaidh an t-údarás, ar bheith deimhnitheach dóibh é a bheith déanta oiriúnach chuige sin, an gealltanas a chealú. | |
[EN] | (6) I gcás nach nglacfaidh an t-údarás tithíochta le haon ghealltanas faoi fho-alt (5) den alt seo, nó ina mbeifear tar éis glacadh le gealltanas agus nach ndéanfar aon obair lena mbaineann an gealltanas laistigh den tréimhse a shonrófar sa ghealltanas, nó i gcás ina n-úsáidfear aon tráth an teach contrártha do théarmaí an ghealltanais, déanfaidh an t-údarás láithreach ceann acu seo a leanas: | |
[EN] | (a) ordú (dá ngairtear ordú dúnaidh san Acht seo) á thoirmeasc an teach nó aon chuid den teach a úsáid chun aon chríche a shonróidh an t-údarás tithíochta san ordú; nó | |
[EN] | (b) ordú (dá ngairtear ordú scartála san Acht seo) á cheangal, i gcás ina nglacfar amhlaidh le gealltanas den sórt sin, ar an duine a thabharfaidh an gealltanas, nó, in aon chás eile, ar úinéir an tí, an méid seo a leanas a dhéanamh: | |
[EN] | (i) laistigh de thréimhse a shonrófar san ordú, nach giorra ná ocht lá is fiche dar tosach dáta an ordaithe, an teach a fhágáil nó a chur faoi deara go bhfágfar an teach, agus ar an teach a bheith fágtha amhlaidh, é a dhaingniú in aghaidh a atháitithe; agus | |
[EN] | (ii) laistigh de shé sheachtain tar éis deireadh na tréimhse a shonrófar amhlaidh, nó, mura bhfágfar an teach laistigh den tréimhse sin, laistigh de shé sheachtain tar éis an dáta a fhágfar é, nó i gceachtar cás laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a mheasfaidh an t-údarás tithíochta, sna himthosca áirithe, a bheith réasúnach a shonrú, an teach a scartáil agus láithreán an tí a ghlanadh agus a chothromú agus aon bhruscar a bheidh ann a aistriú as agus, más oiriúnach leis an údarás, balla nó fál a thógáil idir aon bhóthar oscailte, sráid nó áit phoiblí, | |
[EN] | agus féadfaidh aon duine, a sheirbhísigh nó a ghníomhairí dul, chun ceanglais an ordaithe scartála a chomhlíonadh, isteach ar aon talamh. | |
[EN] | (7) Féadfaidh ordú scartála, maidir le haon oibreacha is gá a dhéanamh chun ceanglais an ordaithe a chomhlíonadh, a cheangal go ndéanfar na hoibreacha de réir na gcoinníollacha sin, más ann, a shonrófar san ordú agus a mheasfaidh an t-údarás is iomchuí agus i cibé slí a shonrófar san ordú. | |
[EN] | (8) I gcás ina mbeidh údarás tithíochta tar éis ordú scartála a dhéanamh i leith tí, féadfaidh an t-údarás, más oiriúnach leo, glacadh le gealltanas ó úinéir an tí nó ó aon duine eile a mbeidh leas aige sa teach á gheallúint go ndéanfar an teach nó aon chuid de a úsáid go haonarach feasta chun críche seachas mar áit chónaithe duine agus a shonrófar sa ghealltanas. | |
[EN] | (9) I gcás ina nglacfaidh údarás tithíochta le gealltanas faoi fho-alt (8) den alt seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas: | |
[EN] | (a) déanfaidh an t-údarás air sin, maidir leis an teach nó leis an gcuid de lena mbainfidh an gealltanas, ordú dúnaidh faoi fho-alt (6) den alt seo; | |
[EN] | (b) ar an ordú dúnaidh a dhéanamh, ansin an t-ordú scartála a luaitear san fho-alt sin (8)— | |
[EN] | (i) má bhíonn sé i ngníomh cheana féin, scoirfidh sé de bheith i ngníomh, | |
[EN] | (ii) mura mbeidh sé i ngníomh leanfaidh sé gan bheith i ngníomh, | |
[EN] | an fad, agus amháin an fad, a leanfaidh an t-ordú dúnaidh de bheith i ngníomh; agus | |
[EN] | (c) má dhéantar an teach nó aon chuid de a úsáid aon tráth contrártha do théarmaí an ghealltanais, déanfaidh an t-údarás, d'ainneoin fo-alt (10) den alt seo, an t-ordú dúnaidh a fhoirceannadh. | |
[EN] | (10) I gcás ina mbeidh údarás tithíochta tar éis ordú dúnaidh a dhéanamh maidir le teach, féadfaidh an t-údarás, aon tráth nach luaithe ná sé mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh, an t-ordú a fhoirceannadh agus ordú scartála a dhéanamh maidir leis an teach. | |
[EN] | (11) Más deimhin le húdarás tithíochta go bhfuiltear tar éis an t-áitreabh lena mbaineann ordú dúnaidh nó cuid den áitreabh sin a dhéanamh oiriúnach chun daoine cónaí ann— | |
[EN] | (a) i gcás inar deimhin sin leis an údarás maidir leis an áitreabh sin, foirceannfaidh siad an t-ordú, nó | |
[EN] | (b) i gcás inar deimhin sin leis an údarás maidir le cuid den áitreabh féadfaidh siad, más oiriúnach leo, an t-ordú a fhoirceannadh a mhéid a bhaineann sé leis an gcuid sin, | |
[EN] | agus, d'ainneoin mír (b) d'fho-alt (9) den alt seo, ní thiocfaidh ordú scartála i ngníomh de dhroim agus amháin de dhroim an t-údarás d'fhoirceannadh ordú dúnaidh faoin bhfo-alt seo. | |
[EN] | (12) Déanfaidh údarás tithíochta, a luaithe is féidir tar éis ordú dúnaidh nó ordú scartála a dhéanamh nó ordú dúnaidh a fhoirceannadh go hiomlán nó go páirteach, cóip den ordú nó den fhógra i dtaobh an fhoirceannta a sheirbheáil i scríbhinn ar úinéir an tí agus, chomh fada agus is féidir le réasún an duine sin a fháil amach, ar aon duine eile a bhfuil leas aige sa teach. | |
[EN] | (13) Chun críocha na Coda seo den Acht seo, tiocfaidh ordú deisiúchán, ordú scartála nó ordú dúnaidh i ngníomh; | |
[EN] | (a) i gcás ina ndéanfar achomharc faoi alt 72 den Acht seo i gcoinne an fhógra nó an ordaithe agus go ndéanfaidh an chúirt, ar an achomharc sin, an fógra nó an t-ordú a dhaingniú i dteannta nó d'éagmais modhnuithe, athruithe nó breisithe—ar an gcúirt do chinneadh an achomhairc nó ar cibé dáta eile a chinnfidh an chúirt, | |
[EN] | (b) in aon chás eile—ar dheireadh a bheith leis an tréimhse dar críoch lá is fiche tar éis dáta an fógra nó an chóip den ordú a sheirbheáil. | |
[EN] | (14) Aon uair a bheidh ordú scartála i ngníomh, seirbheálfaidh an t-údarás tithíochta ar áititheoir an tí lena mbainfidh an t-ordú fógra i scríbhinn ag insint éifeacht an ordaithe agus ag sonrú an dáta a cheanglaíonn an t-ordú an teach a bheith fágtha agus á cheangal air an teach a fhágáil roimh an dáta sin nó sula mbeidh ocht lá is fiche caite ó dháta an fógra a sheirbheáil, cibé acu is déanaí, agus má tharlaíonn, aon tráth tar éis an dáta a gceanglóidh an fógra an teach a bheith fágtha, go mbeidh aon duine ag áitiú an tí, nó aon choda de, féadfaidh an t-údarás nó úinéir an tí iarratas a dhéanamh chun an bhreitheamh den Chúirt Dúiche ag a mbeidh dlínse sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil an teach chun barántas a eisiúint faoin alt seo. | |
[EN] | (15) Ar iarratas a rinneadh go cuí faoi fho-alt (14) den alt seo a éisteacht, déanfaidh an breitheamh den Chúirt Dúiche a éistfidh an t-iarratas, más deimhin leis gur tugadh go cuí an fógra a cheanglaítear leis an alt seo agus nár comhlíonadh ceanglas an fhógra, an barántas a eisiúint. | |
[EN] | (16) Beidh feidhm ag forálacha ailt 86, 87 agus 88 d'Acht 1860 maidir le barántas a eisiúint faoin alt seo agus nuair a eiseofar an barántas sin amhlaidh beidh an éifeacht chéanna aige a bheadh ag barántas faoin alt sin 86. | |
[EN] | (17) Maidir le háitreabh lena mbaineann fógra deisiúchán, ordú dúnaidh, ordú scartála nó gealltanas lenar glacadh faoin alt seo, ní choiscfidh aon ní sna hAchta um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1931 agus 1958, nó san Acht Srianta Cíosa, 1960 — | |
[EN] | (a) úinéir an áitribh, | |
[EN] | (b) an duine ónar glacadh leis an ngealltanas, nó | |
[EN] | (c) an t-údarás tithíochta, | |
ó sheilbh a fháil ar an áitreabh sin. | ||
[EN] |
Féadfaidh údarás tithíochta fógra a chur suas i dtaobh fógra deisiúcháin a sheirbheáil, ordú dúnaidh nó ordú scartála a dhéanamh nó glacadh le gealltanas. |
67. —(1) Aon uair a bheidh fógra deisiúchán, ordú dúnaidh nó ordú scartála tagtha i ngníomh nó a bheidh údarás tithíochta tar éis glacadh le gealltanas faoi fho-alt (5) nó (8) d'alt 66 den Acht seo, féadfaidh an t-údarás fógra a chomhlíonfaidh ceanglais fho-alt (2) den alt seo a dhaingniú den áitreabh, nó in aice an áitribh, lena mbainfidh an fógra, an t-ordú nó an gealltanas. |
[EN] | (2) Déarfaidh fógra a dhaingneofar faoin bhfo-alt sin roimhe seo go bhfuil an fógra deisiúchán, an t-ordú dúnaidh nó an t-ordú scartála tagtha i ngníomh, nó go bhfuil glactha leis an ngealltanas ag an údarás tithíochta, de réir mar a bheidh, sonróidh sé an t-áitreabh lena mbaineann an t-ordú nó an gealltanas agus luafar ann na pionóis is féidir a ghearradh faoi fho-alt (1) nó (2) d'alt 68 den Acht seo i leith úsáid nó úsáid cheadaithe a dhéanamh den áitreabh contrártha don alt sin 68, mar aon le bríthin fho-alt (3) den alt seo. | |
[EN] | (3) Aon duine a aghloitfidh fógra a dhaingneofar faoin alt seo, nó a aistreoidh an fógra gan údarás dleathach, beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air. | |
[EN] |
Srian le húsáid áitribh lena mbainfidh fógra deisiúchán, ordú dúnaidh, ordú scartála nó gealltanas. |
68. —(1) Aon duine arb eol dó fógra deisiúchán a bheith seirbheáilte agus go mbaineann sé le teach agus nach ndearnadh de réir an fhógra agus a úsáidfidh an teach chun daoine cónaí ann tráth díreach roimh an teach a bheith fágtha nó a cheadóidh é a úsáid amhlaidh beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná mí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air. |
[EN] | (2) Aon duine arb eol dó fógra dúnaidh nó fógra scartála a bheith tagtha i ngníomh agus go mbaineann sé le háitreabh, nó go bhfuil glactha faoin gCuid seo den Acht seo le gealltanas nach n-úsáidfear an t-áitreabh nó nach n-úsáidfear é ach amháin chun críocha áirithe a bheidh sonraithe sa ghealltanas, agus a úsáidfidh an t-áitreabh contrártha do théarmaí an ordaithe nó an ghealltanais, nó a cheadóidh é a úsáid amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná mí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air. | |
[EN] | (3) Más rud é— | |
[EN] | (a) go mbeidh duine arna chiontú i gcion faoi fho-alt (1) den alt seo i ndáil le fógra deisiúchán nó faoi fho-alt (2) den alt seo i ndáil le hordú dúnaidh, le hordú scartála nó le gealltanas, | |
[EN] | (b) tar éis dáta an chiontaithe, go ndéanfaidh an duine, i gcás é a bheith arna chiontú faoi fho-alt (1) den alt seo, úsáid, nó cead a thabhairt úsáid a dhéanamh, chun daoine cónaí ann, d'áitreabh lena mbaineann an fógra, nó i gcás é a bheith arna chiontú faoi fho-alt (2) den alt seo, úsáid, nó cead a thabhairt úsáid a dhéanamh, d'áitreabh lena mbaineann an t-ordú nó an gealltanas contrártha do théarmaí an ordaithe nó an ghealltanais, | |
[EN] | (c) tráth na húsáide sin, nach ndearnadh de réir an fhógra nó go bhfuil, maidir leis an áitreabh a úsáidfear nó a cheadófar a úsáid amhlaidh, an t-ordú nó an gealltanas i bhfeidhm fós, | |
[EN] | beidh an duine sin ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig chéad punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide na sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air. | |
[EN] | (4) Is cion leanunach cion faoi fho-alt (3) den alt seo agus dá réir sin féadfar imeachtaí nua a bhunú ina leith ó am go ham. | |
[EN] | (5) In aon imeachtaí faoin alt seo i gcoinne duine mar gheall ar chead a thabhairt áitreabh lena mbaineann fógra deisiúchán, ordú dúnaidh, ordú scartála nó gealltanas a úsáid chun daoine cónaí ann, toimhdeofar gur cheadaigh an duine sin an úsáid sin mura rud é, gan dochar d'aon chosaint eile, go suífidh sé nach bhfuair sé, go díreach ná go neamhdhíreach, aon íocaíocht ná comaoin luachmhar eile i leith na húsáide agus go ndearna sé gníomh iomchuí chun deireadh a chur leis an úsáid. | |
[EN] | (6) I gcás ina mbeidh ordú dúnaidh nó ordú scartála tagtha i ngníomh i leith áitribh nó ina mbeidh glactha le gealltanas mar a dúradh nach n-úsáidfear áitreabh chun críocha áirithe a shonraítear sa ghealltanas, ní dleathach do dhuine ar bith a cheangal go n-íocfar aon suim nó go dtabharfar aon chomaoin luachmhar i leith úsaid an áitribh contrártha do théarmaí an ordaithe nó an ghealltanais, agus i gcás ina ndéanfar nó ina dtabharfar íocaíocht nó comaoin den sórt sin i leith aon úsáide den sórt sin féadfar a mhéid nó a luach a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla. | |
[EN] |
Fógra deisiúcháin nó ordú scartála a chur i bhfeidhm. |
69. —(1) Má bhíonn fógra deisiúchán nó ordú scartála gan chomhlíonadh in aon slí, ansin, tar éis deireadh na tréimhse chun comhlíonta a shonraítear san fhógra nó san ordú, nó má bhíonn achomharc déanta faoi alt 72 den Acht seo i gcoinne an fhógra nó an ordaithe agus go mbeifear tar éis an fógra nó an t-ordú a dhaingniú, le hathrú nó gan athrú, ar achomharc, tar éis lá is fiche ó dháta an t-achomharc a chinneadh go críochnaitheach nó tar éis cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an chúirt ag cinneadh an achomhairc di, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas: |
[EN] | (a) beidh úinéir an tí lena mbainfidh an fógra nó an t-ordú ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná dhá chéad punt a chur air, agus | |
[EN] | (b) féadfaidh an t-údarás tithíochta aon ní a dhéanamh a cheanglóidh an fógra nó an t-ordú, nó an fógra nó an t-ordú arna athrú ag an gcúirt, agus féadfaidh an t-údarás, a seirbhísigh nó a ngníomhairí dul isteach ar aon talamh chun na críche sin. | |
[EN] | (2) Nuair a bheidh údarás tithíochta ar tí dul isteach i dteach chun aon oibreacha a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an t-údarás fógra i dtaobh iad a bheith chun sin a dhéanamh a thabhairt d'úinéir an tí agus, mar is rogha leo, d'aon duine eile a bhfuil leas aige sa teach mar mhorgháistí, tionónta nó eile, agus má tharlaíonn, aon tráth tar éis seacht lá ó dháta an fógra sin a sheirbheáil air agus le linn aon oibrí nó conraitheoir a bheidh fostaithe ag an údarás a bheith ag déanamh oibreacha sa teach, go mbeidh aon duine ar ar seirbheáladh an fógra nó aon oibrí a bheidh fostaithe aige nó ag aon chonraitheoir a bheidh fostaithe aige, sa teach chun aon oibreacha a dhéanamh, beidh an duine ar ar seirbhéaladh an fógra ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air mura gcruthóidh sé chun sástacht na cúirte a mbeidh sé ar cúiseamh os a comhair go raibh dian-ghá leis na hoibreacha sin a dhéanamh chun áititheoirí an tí a chur ó chontúirt. | |
[EN] |
Fodhlíthe maidir le tithe ar cíos. |
70. —(1) Déanfaidh údarás tithíochta, maidir le tithe a bheidh ligthe ar cíos nó ar comaoin luachmhar eile, fodhlíthe chun na gcríocha seo a leanas: |
[EN] | (a) chun a áirithiú go bhfuil siltean, aerúchán agus soilseachán cuí arna sholáthar maidir leis an teach; | |
[EN] | (b) chun a áirithiú go ndéanfar aon deisiúcháin is gá chun creatlach an tí a chothabháil; | |
[EN] | (c) chun a áirithiú go mbeidh ar soláthar sa teach cibé cóiríocht clóiséid, soláthairtí uisce, cóiríocht níocháin, agus cóiríocht stórála, ullmhúcháin agus cócaireachta bia is leor le haghaidh úsáide gach líon tí, agus a bheidh sorochtana ag gach líon tí, a bheidh ag áitiú sa teach; | |
[EN] | (d) chun a áirithiú go gcloítear le leor-chaighdeán glaineachta maidir leis an teach. | |
[EN] | (2) Aon duine a sháróidh fodhlí faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion a chur air. | |
[EN] | (3) Má bhíonn, maidir le teach, ceanglais aon fhodhlí a rinneadh faoin alt seo gan chomhlíonadh in aon slí, féadfaidh an t-údarás tithíochta, aon tráth tar éis fógra nach giorra ná lá is fiche a thabhairt, i scríbhinn, d'úinéir an tí, aon ní a dhéanamh is gá chun ceanglais an fhodhlí a chomhlíonadh agus féadfaidh an t-údarás, a seirbhísigh nó a ngníomhairí dul isteach ar aon talamh chun na críche sin. | |
[EN] | (4) Bainfidh forálacha ailt 221 agus 223 den Public Health (Ireland) Act, 1878, le fodhlíthe a dhéanfar faoin alt seo mar a bhaineann siad le fodhlíthe arna ndéanamh faoin Acht sin. | |
[EN] | (5) Má bhíonn fodhlíthe faoi alt 20 den Housing (Ireland) Act, 1919, i bhfeidhm i limistéar údaráis tithíochta maidir le haon ábhar a luaitear i mír (a), (b), (c) nó (d) d'fho-alt (1) den alt seo, ní bheidh éifeacht, an fad a leanfaidh na fodhlíthe sin i bhfeidhm, ag oibleagáid an údaráis faoin bhfo-alt sin (1). | |
[EN] |
Caiteachais deisiúcháin agus scartála, etc., a ghnóthú. |
71. —(1) I gcás ina mbeidh údarás tithíochta tar éis aon chaiteachais a thabhú faoi fho-alt (14) d'alt 66, faoi alt 69 nó faoi alt 70 den Acht seo maidir le teach, féadfaidh an t-údarás éileamh i scríbhinn a dhéanamh ar úinéir an tí ag éileamh air iad a íoc agus má tharlaíonn, tar éis ceithre lá dhéag ó dháta an éilimh, go mbeidh na caiteachais nó aon chuid díobh gan íoc nó nach mbeidh glactha ag an údarás le tairiscint ón úinéir ar na caiteachais a íoc ina dtráthchodanna nó ar shlí eile, féadfaidh an t-údarás an méid a bheidh gan íoc mar aon le hús, de réir an ráta úis ar dá réir a fhéadfaidh an t-údarás, ar dháta an éilimh, airgead a fháil ar iasacht as ciste na n-iasachtaí áitiúla, a ghnóthú go hiomlán nó go páirteach, gan docbar d'aon mhodh gnóthaithe eile, ar mhodh amháin nó níos mó acu seo a leanas: |
[EN] | (a) tríd an údarás do dhíol aon ábhar a tháinig de na hoibreacha a rinne an t-údarás maidir leis an teach agus iad do choimeád an méid sin de shochair an díola is comhionann le méid na gcaiteachas sin mar aon le hús; | |
[EN] | (b) trína cheangal ar áititheoir an tí (cibé acu roimh nó tar éis an dáta a thabhaigh an t-údarás na caiteachais a thosaigh an áitíocht) go n-íocfaidh sé leis an údarás aon chíos nó íocaíocht in ionad cíosa a bheidh dlite an tráth sin nó a thiocfaidh chun bheith dlite ina dhiaidh sin de go dtí go mbeidh méid na gcaiteachas mar aon le haon ús a bheidh dlite orthu íoctha leis an údarás, nó, má bhíonn an teach folamh nó má thagann sé chun bheith folamh, é a ligean, go dtí go mbeidh an méid sin íoctha, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis an údarás, ar choinníoll go ndéanfaidh an t-údarás fógra lá is fiche ar a laghad a sheirbheáil ar úinéir an tí go bhfuil siad, de réir mar is iomchuí, chun a cheangal ar an úinéir go n-íocfaidh sé leo aon chíos nó íocaíocht eile a bheidh dlite amhlaidh, nó ag insint na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar a mbeartaíonn siad an teach a ligean amhlaidh nó aon athrú a bheartaíonn siad a dhéanamh ar na téarmaí agus ar na coinníollacha sin; | |
[EN] | (c) trí ordú a dhéanamh (dá ngairtear ordú muirir san alt seo) ag muirearú méid na gcaiteachas, mar aon le hús orthu, ar an teach agus, de rogha an údaráis tithíochta, ar gach áitreabh eile a bheidh ar teachtadh ina theannta ar an tionacht chéanna nó faoin tionóntacht chéanna; | |
[EN] | (d) trí ghnóthú ó úinéir an tí nó ón duine a fhaigheann cíos an tí mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla, ar choinníoll, má chruthaíonn an duine gur mar ghníomhaire nó iontaobhaí do dhuine éigin eile a fhaigheann sé an cíos agus nach bhfuil, agus nach raibh ó dháta an fógra sheirbheáil air, a dhóthain airgid ar láimh aige thar ceann an duine eile sin chun éileamh uile an údaráis a shásamh, gurb é méid a dhliteanais an méid iomlán airgid atá, nó a bhí, ar láimh aige mar a dúradh. | |
[EN] | (2) Íocfaidh an t-údarás tithíochta le húinéir an tí aon bharrachais airgid a bheidh ann de bharr díola de bhun mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, nó má bhíonn níos mó ná úinéir amháin ann, le gach úinéir den sórt sin de réir cibé coibhnis ar a gcomhaontóidh na húinéirí, nó (cheal comhaontú) a dhéanfaidh an breitheamh den Chúirt Dúiche ag a mbeidh dlínse sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil an teach a chinneadh ar iarratas ó aon úinéir den sórt sin. | |
[EN] | (3) Oibreoidh seirbheáil fógra faoi mhír (b) den fho-alt sin (1) ar úinéir d'aistriú chun an údaráis tithíochta an chirt eisiataigh chun an cíos nó an íocaíocht eile is iníoctha de bhua an fho-ailt sin (1) leis an údarás a ghnóthú, a fháil agus urscaoileadh a thabhairt ina leith agus má tharlaíonn, aon tráth i rith na tréimhse a bheidh an cíos nó an íocaíocht eile infhaighte amhlaidh ag an údarás, go ndiúltóidh an t-úinéir, ar an údarás á iarraidh sin air, aon oibreacha cothabhála nó oibreacha a bhfuil sé, mar úinéir, faoi dhliteanas ina leith, a dhéanamh maidir leis an teach, féadfaidh an t-údarás na hoibreacha a dhéanamh agus beidh aon chaiteachais a thabhóidh an t-údarás ag déanamh na n-oibreacha inghnóthaithe ag an údarás ionann is dá mba chaiteachais a thabhaigh an t-údarás faoi fho-alt 14 d'alt 66, faoin alt sin 69 nó faoin alt sin 70 maidir leis an teach na caiteachais sin. | |
[EN] | (4) Measfar gur morgáiste a rinneadh trí ghníomhas de réir brí na Conveyancing Acts, 1881 to 1911, ordú muirir agus is iad an t-údarás tithíochta na morgáistithe chun críocha na nAchtanna sin agus, dá réir sin, beidh acu, maidir le gach ordú muirir, na cumhachtaí uile a thugann na hAchtanna sin do mhorgáistithe faoi mhorgáistí a rinneadh trí ghníomhas. | |
[EN] | (5) Aon uair a dhéanfaidh údarás tithíochta ordú muirir, cuirfidh siad faoi deara, a luaithe is féidir dá éis sin, go gclárófar an t-ordú i gClárlann na nGníombas nó ag an údarás cláraitheachta, de réir mar is gá sa chás. | |
[EN] | (6) Aon ordú muirir a bhaineann le talamh agus a chláróidh an t-údarás cláraitheachta beidh sé inchláraithe ag an údarás sin mar eire a bhaineann leis an talamh sin cibé acu atá nó nach bhfuil an duine a ainmnítear san ordú sin mar úinéir nó áititheoir na talún cláraithe ag an údarás sin mar úinéir na talún sin. | |
[EN] | (7) I gcás— | |
[EN] | (a) ina dtairgfidh Coimisiún na Talún talamh lena dhíol faoi aon chumhacht reachtúil atá dílsithe chuige sin dóibh, agus | |
[EN] | (b) go mbeidh an talamh sin faoi réir ordú muirir, | |
[EN] | díolfar an talamh faoi réir an mhuirir a bhunóidh an t-ordú mar aon le haon mhuirear, eire, nó dliteanas a gceanglaíonn an dlí, ar leithligh ón bhfo-alt seo, an talamh a dhíol faoina réir. | |
[EN] | (8) Nuair a bheifear ag ríomh caiteachais a thuairiscítear san alt seo áireoidh an t-údarás tithíochta aon chostais a bhainfidh le gnóthú an mhéid a bheidh dlite, lena n-áirítear costais i ndáil le himeachtaí sa Chúirt Dúiche nó i ndáil le clárú ordú muirir i gClárlann na nGníomhas nó ag an údarás cláraitheachta, agus asbhainfidh an t-údarás tithíochta méid aon deontais a tugadh faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) i leith oibreacha lena mbaineann na caiteachais, agus ina theannta sin, más oiriúnach leis an údarás tithíochta, méid aon deontais fhorlíontaigh a d'fhéadfadh an t-údaras tithíochta a thabhairt i leith na n-oibreacha. | |
[EN] |
Achomhairc. |
72. —(1) Aon duine arb éagóir leis— |
[EN] | (a) fógra deisiúchán, ordú dúnaidh, ordú scartála nó diúltú ordú dúnaidh a fhoirceannadh, | |
[EN] | (b) ordú muirir faoi mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 71 den Acht seo, | |
[EN] | (c) éileamh ar chaiteachais a ghnóthú a thabhaigh údarás tithíochta ag déanamh aon ní a cheangail fógra deisiúchán nó ordú scartála a dhéanamh, | |
[EN] | (d) ceanglas á cheangal cíos nó íocaíocht in ionad cíosa a íoc le húdarás tithíochta, fógra nó ligean faoi réim nó de bhua mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 71 den Acht seo, | |
[EN] | féadfaidh sé, laistigh den tréimhse dar críoch lá is fiche tar éis dáta an fógra nó cóip den ordú a sheirbheáil, an t-éileamh a dhéanamh, nó tar éis an diúltaithe, de réir mar a bheidh, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda; | |
[EN] | Ar choinníoll— | |
[EN] | (i) nach ndéanfar, ar achomharc i ndáil le héileamh ar chaiteachais a ghnóthú a thabhaigh údarás tithíochta ag déanamh aon ní a cheangail fógra deisiúchán nó ordú scartála a dhéanamh, aon cheist a chur a d'fhéadfaí a chur ar achomharc i gcoinne an fhógra nó an ordaithe, agus | |
[EN] | (ii) nach mbeidh aon ábhar achomhairc ann faoi mhír (a) den fho-alt seo i ndáil le hordú dúnaidh ar thionscnamh duine a áitíonn an t-áitreabh lena mbaineann an t-ordú faoi léas nó comhaontú nach faide ná trí bliana an chuid atá gan chaitheamh dá théarma. | |
[EN] | (2) Ar aon achomharc faoin alt seo a éisteacht, féadfaidh an Chúirt Chuarda, más cuí léi— | |
[EN] | (a) an fógra, an t-éileamh, an t-ordú, an diúltadh, an ligean nó an ceanglas a dhaingniú gan choinníoll, | |
[EN] | (b) an fógra, an t-éileamh, an t-ordú, an ligean nó an ceanglas a dhaingniú faoi réir cibé modhnuithe, athruithe nó breisithe is dóigh leis an gCúirt a bheith réasúnach, | |
[EN] | (c) an fógra, an t-éileamh, an t-ordú, an ligean nó an ceanglas a neamhniú, nó | |
[EN] | (d) an t-ordú dúnaidh a fhoirceannadh. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Chúirt Chuarda glacadh le cibé gealltanas lena nglacfadh an t-údarás tithíochta, agus beidh an éifeacht chéanna ag aon ghealltanas lena nglacfaidh an Chúirt Chuarda amhlaidh agus dá mba don údarás tithíochta a tugadh an gealltanas sin agus go mbeidís tar éis glacadh leis faoin gCuid seo den Acht seo. | |
[EN] | (4) I gcás ina neamhneoidh an Chúirt Chuarda fógra deisiúchán, cuirfidh sí ina breithiúnas, má iarrann an t-údarás tithíochta uirthi sin a dhéanamh, cinneadh cé acu is féidir nó nach féidir an t-áitreabh a dhéanamh oiriúnach, ar chostas reasúnach, chun daoine cónaí ann. | |
[EN] |
Cumhacht na Cúirte Cuarda léas tí a bhfuil ordú scartála déanta ina leith a fhoirceannadh. |
73. —(1) I gcás ina mbeidh údarás tithíochta tar éis ordú scartála a dhéanamh maidir le teach agus nach mbeidh glactha ag an údarás le gealltanas faoi fho-alt (8) d'alt 66 den Acht seo agus gurb ábhar léasa an teach, féadfaidh an léasóir nó an léasaí ordú d'fhoirceannadh an léasa a iarraidh ar an gCúirt Chuarda. |
[EN] | (2) Ar aon iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Chúirt Chuarda, tar éis deis ar a éisteacht a thabhairt d'aon fholéasaí, a ordú, más cuí léi, go bhfoirceannfar an léas, gan choinníoll nó faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha maidir le haon pháirtí sna himeachtaí d'íoc airgid le haon pháirtí eile sna himeachtaí i modh cúitimh nó damáistí nó eile) is dóigh leis an gcúirt a bheith cóir agus cothrom a fhorchur, agus aird a bheith ar cheartanna, oibleagáidí agus dliteanais faoi seach na bpáirtithe faoin léas agus imthosca uile eile an cháis. | |
[EN] | (3) San alt seo, folaíonn “léas” foléas agus aon tionóntacht nó aon chomhaontú le haghaidh léasa, foléasa, nó tionóntachta, agus déanfar “léasóir”, “léasaí”, agus “foléasaí” a fhorléiriú dá réir s in, agus freisin mar fhocail a fholaíonn duine a ghabhann teideal faoi léasóir, léasaí nó foléasaí. | |
[EN] |
Gniomh faoi alt 65, 66 nó 69 den Acht neamhdhocharach do leigheasanna eile. |
74. —Ní dhéanfaidh gníomh faoi alt 65, 66 nó 69 den Acht dochar ná difear d'aon chumhachtaí eile (lena n-áirítear) cumhacht faoi Acht seo) de chuid an údaráis tithíochta ná d'aon leigheas atá ag tionónta i gcoinne tiarna talún, nó ag tiarna talún i gcoinne tionónta, faoin dlí coiteann nó eile. |